Monday, August 13, 2007

Coireanna sa Chiúnas!

Is baile ciúin é seo agus ní ró mhinic a tharlaíonn aon rud cearr. Bhí ionadh ar mo mhac aréir nuair a goideadh a thiachóg agus a iPod as a charr fad is a bhí sé agus a chairde sínte amach i ngort ag féachaint ar na meteorites i lár na hoíche. D’fhágadar deich charr ar thaobh an bhóthair iargúlta sin agus goideadh rudaí éagsúla ó chuid acu. (Ní rabhadar faoi ghlas!) Bhí ar Chian dul chuig oifig na ngardaí inniu tuairisc oifigiúil a thabhairt isteach dóibh agus ansin ceadúnas tiomaint nua a fháil.

Tháinig sé abhaile agus miongháire air, cé go raibh sé tromchroíoch am bhricfeasta. Ar dtús, a dúirt sé, ní raibh ach póilín amháin ag obair inniu agus ní raibh mo dhuine in ann teacht ar an gcáipéis cheart an tuairisc a ghlacadh uaidh. Bhí air glaoch a chur ar phóilín eile a bhí sa bhaile. Ansin, thug Cian faoi dheara liosta a bhí ar an mbord eolais san oifig …

1) Car 286 is missing it’s spare tire
2) A beagle is lost in town.
3) This week's password is per903


Soiléir nach i an chathair mhór atá i gceist anseo.
Beidh cur síos faoin gcoir sa nuachtán áitiúil an tseachtain seo chugainn agus faoin madra bocht atá ar iarraidh chomh maith, beidh na scéalta faoin teideal “Police Blotter”

4 comments:

Conn said...

Scéal greannmhar - cuireann sé "Alice's Restaurant" i gcuimhne dom!

"I wanna tell you 'bout the town of Stockbridge, Massachusetts, where this is happenin'. Here they got three stop signs, two police officers, and one police car, but when we got to the scene of the crime, there was five police officers and three police cars - it bein' the biggest crime of the last fifty years and everybody wanted to get in the newspaper story about it."

Anonymous said...

An mbeidh an choir mhór seo ar an nuachtán áitiúl?

Haigh, aon seans gur ghoid na dreigí an fearas?

Hilary de Bhál, bean Mhic Suibhne said...

A Fhearn,
Sílim go bhfuil an ceart agat! B’iad cuairteoirí gan choinne ó na dreigí a ghoideadh gach rud…..

Dheineas dearmad a luaigh gur chuir an póilín ceist ar Chian nuair a bhí sé ag scríobh an tuairisc “So what were you kids doing up in that field anyways at that time of night…….partying?” (partying = alcohol, pot agus gnéas)
“No” a fhreagair Cian, “We were watching meteorites!”
D’fhéach sé ar Chian agus cuma amhrasach air ”Yeah……. right…”watching meteorites” ” a dúirt sé, ansin scríobh sé, “victim and friends were “watching meteorites”.

Anonymous said...

An poilín bocht!

maith an rud gur beag an choiriúlacht sa timpeall.

nach cliste lucht na ndreigí? taispeántas a chuir ar siúl agus an ghadaíocht a dhéanamh lena linn!