Sunday, September 30, 2007

Faire na bhFear Mór Luascadh!

Ná bí buartha, nílim ag tagairt sa theideal seo ar fhir na luascthaí le miniú nua aimseartha!

Bhí lá breá againn inné in East Haven CT. Lá na Gaeilge a bhí ann agus dream mhaith bailithe le cheile ag foghlaim agus ag baint sult as imeachtaí an lae. Tharla go rabhas féin ag múineadh ach chomh maith le sin bhíos páirteach sa tráthnóna i dtréimhse rince, Conamara Set, agus Maitiú Mac Chárthaigh mo pháirtí, ar an gcéad dul síos bíonn ana chuid luasctha sa set seo, rud eile ná is damhsóir ana mhaith é Maitiú.... “lán fuinneamh” mar a dearfá....mar sin, ag teacht chuid deireadh an damhsa, (agus mearbhall ag teacht ormsa) bhraitheas saghas “ping” in ísleacht mo dhroim! (O ho… Bhraitheas an rud céanna cúpla uair cheana, uair amháin anseo sa SAM agus uair in Éireann fadó.)

Choimeád mé smacht ar an saol….. ach taobh istigh leath uair bhraitheas an pian ag dul ó ísleacht mo dhroim síos mo chosa…….. abhaile luath liomsa le cabhair ó Chait Thopsey sa bhfoirm Aspirin agus Seacláid agus ó Johannah Mackey mo mhála a iompar go dtí mo charr.
Táim ceart go leor (le roinnt mhaith drugaí aréir agus ar maidin) ach bhí an craic “nócha” ag an lá mór inné.....Ochón agus orm íoc as an gcraic céanna....
Beidh mé ar ais ar mo sheanaléim i gceann cúpla lá.

3 comments:

Anonymous said...

Tá súil agam go mbeidh tú ar mhuin na muica go luath.
Ba bhreá liom do bhlog. Bhuailimid le chéile anuraidh ag seachtain na Gaeilge in Esopus. Bhí tú mo pháirtí ag an céilí. Bhí tusa ag rince agus bhí mé ag iarraidh a bheith san áit ceart.
Bhain mé sult mór as an céilí agus ár gcomhrá, go raibh maith agat.

Anonymous said...

Is breá liom do bhlog. Gabh mo leithscéal. Le cleachtadh...

Hilary de Bhál, bean Mhic Suibhne said...

Hi John,
Erra, táim píosa beag níos fearr inniu, beidh mé ceart go leor go luath agus, níos tábhachtaí, réidh roimh an chéad chéilí eile!