Tuesday, October 02, 2007

Ciara na Gruaige Rua

Scríobh Áine Durkin, file, an dán brónach seo in ómós agus i ndíchuimhne ar a dheirfiúr Ciara.

Ciara na Gruaige Rua

Is brónach é an focal slán
Focal tiubh le mothúcháin
Ach tháinig míniú iomlán nua
Nuair a chaill muid Ciara na gruaige rua

Séasúr le séasúr fágann slán
Nádúr sa ngluaiseacht ó am go ham
Ach cail an nádúr sa gcogadh crua
A sciob uainn Ciara na gruaige rua

A corp ar leac i dtír gan suan
A béilín álainn socair ciúin
Slán ní bhfuair muid seans le lua
Nuair a d’imigh Ciara na gruaige rua

Níl radharc sna súile gorma geala
A chonaic áilleacht sa saol in iomlán a seala
Cineáltas ‘s cairdeas an rud ba dhual
Do Chiara álainn na gruaige rua

Níl preab níos mó ón gcroí mór fial
A thug grá ‘gus gáire isteach sa saol
Níl gile sa lá, tá an domhan gan bua
Ó bhásaigh Ciara na gruaige rua

Is brónach é an focal slán
Focal tiubh le mothúcháin
Ach tháinig míniú iomlán nua
Nuair a chaill muid Ciara na gruaige rua

7 comments:

Conn said...

Filíocht álainn ... is trua an scéal é. Comhbhrón leo.

Unknown said...
This comment has been removed by the author.
Unknown said...
This comment has been removed by the author.
Unknown said...

A Dhia na Glóirthe, an neart atá ar an dán seo -- fíorchaoineadh an lae atá inniú ann. Go ndéana Dia trócaire ar a hanam.

Anonymous said...
This comment has been removed by a blog administrator.
Unknown said...

Tháinig mé ar an dán aríst inniú, agus thug mé faoi deara go bhfuiltear in ann dhá chasadh go maith leis an fonn ó 'Lone Shankyle.' Rinne me taifeadadh, agus seo dhaoibhse.

Unknown said...

Rinne mé botúin -- níl 'Lone Shankyle' atá i gceist ach 'Peace in Éireann.'