Thursday, January 31, 2008

Comhrac Gadhar

Luaigh mé an toghchán le déanaí anseo, na feachtais daonlathacha agus an masla cainte idir Barach Obama agus Hilary Clinton ach go háirithe. Anois níl ach an beirt acu fágtha sa rás daonlathach le imeacht John Edwards inné. D’fhéach mé ar an díospóireacht idir na hiarrthóirí choimeádacha oíche aréir agus iad i Leabharlann Reagan i CA. Bhí sé suimiúil go leor, deirtear go bhfuil an rás idir John McCain agus Mit Romney anois, ó thaobh na torthaí go dtí seo. Tá Rudy imithe as an rás, b. le D., agus fágann a imeacht Mike Huckabee agus Ron Paul fós ann. Bhuel, bhí áthas orm go raibh an beirt sin ann oíche aréir, dar liom bhí McCain agus Romney go dona suarach ag argóint faoi “Who said what when…” mar a dúirt Ron Paul nuair a bhí seans aige labhairt. Is minic a dhéanann an fear seo ciall! Tá píosa ón díospóireacht anseo. Bhí McCain agus Romney ag féachaint le dea mhéin air, mar a d’fhéachfaí ar sean madra ciúin ag iarraidh a bheith ina choileán, ach sílim go rabhadar píosa beag mí chompordach ag an am céanna mar ba choir dóibh. Ar an gcuma ceanna is minic a bhíonn teachtaireachtaí Mike Huckabee ciallmhar, agus is féidir leis déileáil le ceisteanna glice mar an ceann seo gan a bheith glic ach sa modh uasal a bhíonn aige i gcónaí, tá súil agam go leanann an bheirt seo sa rás, fiú na droch figiúirí uile atá acu, agus na díospóireachtaí a choimeád ó chomhraic gadhair idir McCain agus Romney.

Monday, January 28, 2008

Anois Teacht an Earraigh!!

Dáiríre, breathnaím síneadh sa lá inniu, tá sé píosa beag tar éis a chúig a chlog agus mé ag iarraidh críche a chur ar gach rud san oifig. Tá an ghrian ag dul ina luí, í ag imeacht taobh thiar cnoc os chomhair fuinneoige m’oifige… ach fós féin tá sé geal lasmuigh, an spéir geal ghorm, níl an clapsholas anseo fós, amhdhorchacht a tugtar air na nóiméid seo is dócha.
Is aoibhinn liom an nóiméad seo, nuair a bhreathnaím fíor tús na bliana úr, na laethanta níos faide, am machnamh ar an Earrach.

Wednesday, January 23, 2008

Cad é an Inside Joke?

Is maith liom an grianghraf seo le barach Obama, Hilary Clinton agus John Edwards. Bhí sé ar an leathanach tosaigh den NY Times inné. Glacadh é díreach roimh an díospóireacht is measa (ó thaobh masla cainte) a bhí idir an triúr acu go dtí seo san bhfeachtas.
Déarfainn go raibh Barack Obama ag baint úsáid as focal
Bonnie Raitt sa ghrianghraf agus é a rá
“Let’s give ‘em something to talk about?”

Blianta ó shin agus mé ag obair i mBAC bhí post agam, lonnaithe ar shráid Nassau. Bhí nós agam teacht le cheile le cara nó dhó ó am go ham timpeall na cúinne i mBuswells, ar shráid Cill Dara, trasna na sráide ó Tigh Laighean. Ag an am san ní raibh sé as an ngnáth polaiteoirí a fheiscint i mBuswells ag cainte is ag ól le cheile ansin cé gur naimhde iad os comhair an domhan mór.

Is ait an mac an polaiteoir ach bíonn sé níos fearr i gcónaí dar liom nuair a bhionn siad in ann déileáil le cheile i slite sibhialta in ionad cogaí fuara.

Tuesday, January 15, 2008

Mar a Dúirt an Chrotach

Bhuaileas le Frank Corcoran roimh na Nollaig. Bhí sé anseo i Nua Eabhrac ag tabhairt léachta agus cuireadh in aithne mé leis ansin. Is ceoltóir é, tá cáil nach beag idirnáisiúnta air, cumadóir san aicme clasaiceach ar a tugtar Art Music sa Bhéarla. Tá bua na dteangacha aige chomh maith, níl a fhios agam cé mhead teanga atá aige. Is as Borrisokane, Co. Tiobraid Árann é ach bhog sé go dtí an Ghearmáin blianta ó shin agus anois tá lucht éisteachta aige ar fud an domhan. Bhí Jimmy Crowley, an cantaire bailéid ó Chorcaigh sa lucht éisteachta an oíche céanna. Bíonn Jimmy ina chónaí idir Corca Dhuibhne agus Florida faoi láthair. Caitheann seisean na geimhrí i bhFlorida agus oibríonn sé ansin chomh maith. Tharla go raibh cúpla gloine fíona ag an triúr againn le cheile tar éis na léachta sín. Bhí sé suimiúil labhairt le cheile faoin teanga, faoin gceol, (an cheist sin a thagann aníos go rialta faoin ról an cheoil clasaicigh i bhféiniúlacht na hÉireannach? An bhfuil spás ann de? An ceol Éireannach é ceol U2? Agus cad faoi na seana bailéid a chanann Jimmy?) Ansin bhíomar ag plé an teagmháil lenár gcultúir pearsanta - an teagmháil inmheánach pearsanta difriúil sin a bhíonn i mbeagnach gach ionnarbthach… fiú nuair nach bhfuil gearán ar bith acu lena saolta thar lear. An t-athrú a tharlaíonn nuair nach bhfuil an príomh fhréamh ann againn níos mó, sé sin talamh na clainne nó an seana tigh nó ár dtuismitheoirí. Leanamar ansin ag caint faoi John Moriarty, a d’imigh ar shlí na fírinne anuraidh, a shaol caite aige ag cur ceisteanna agus ag iarraidh teacht ar freagraí. Bhí Frank ag léamh leabhair dá chuid ag an am san agus bhíos féin díreach tar éis éisteacht le roinnt agallamh le J.M. ar an idirlíon (ar Wiki) agus píosaí dá chuid scríbhneoireachta a léamh chomh maith (Tá a leabhar Slí na Fírinne mar shampla go hiomlán ar an suíomh anseo).

Ar theacht abhaile dom ó turas ó thuaidh tar éis na hathbhliana cad a fuaireas, agus é suite ar tairseach doras an tí ag feitheamh orm, ach bronntanas Nollaig, ach saghas comhtharlaithe a bhí ann chomh maith, leabhar dom ó chara in Éirinn, What the Curlew Said, Nostros continued… le John Moriarty. An tarna leabhar sa sraith a bheathaisnéise. Táim á léamh anois agus soiléir go bhfuil orm anois an chéad ceann a léamh chomh maith uair éigin. Rud eile ná luann sé an méid sin leabhair agus ábhair idir clúdach an leabhair seo go mbeidh orm tús a chur le m’oideachas arís mar ní thuigim cuid de… (b’fhéidir nach dtuigeann mórán gach patrún atá le feiscint ann mar is minic a bhíonn na focail mar patrún ildaite, íomhánna). Ní mór dom i mbliana teacht ar tuilleadh ama dul ar an turas suimiúil seo nó bhféidir nach turas ach casadh ar an mbóthar seo atá i gceist?

Nílim ag obair inniu de dheasca an slaghdán.

Microsoft Bob! ...Cé hé arís?

Tá an gearr scannán seo greannmhar, cé gur dhein sé é féin é! Seo atá idir lámha aige anois.

Monday, January 14, 2008

Ag íoc as an deireadh seachtaine.

Bhuail slaghdán orm i rith na hoíche. Bhí an diabhal ceann seo ag bagairt orm le seachtaine nó níos mó. Níor thugas mórán aird air. Cheapas go raibh an bhagairt ag cúlú agus bhí deireadh seachtaine bhreá agam ag sciáil thuas i dtuaisceart an stáit ar sliabh Whiteface, gar do Lake Placid, NY. Bhí an-tuirse orm aréir, tar éis an tarna lá caite agam ar na fánaí iontacha san agus faraoir an turas fada ar ais abhaile. Ansin dhúisigh mé ar maidin gafa leis an slaghdán seo. An gnáth rud, tinneas cinn, scornach tinn, súile nimhneacha …d’oibrigh mé ar maidin ar an ríomhaire ach chaitheas an tráthnóna i bhfianaise na tine, ag iarraidh snap codlata a fháil agus nuair a theip orm leis, leanas seal ag féachaint ar Ros na Run ar mo laptop! (Táim taobh thiar le gach scéal ann…) Bhí sneachta againn oíche aréir anso agus dá bharr san tá an chuma timpeall an tí tarraingteach arís agus brat bán umainn arís. Níl plean agam leigheas ar bith a ghlacadh an uair seo tar éis an droch eachtra an uair deireanach, ach amháin an sean leigheas san, luath chun leapa. (b’fhéidir fuisce té, sin an méad)

Tuesday, January 08, 2008

Teas na Gréine arís le mothú.

Táim díreach ar ais san oifig tar éis siúlóid ghearr, tá sé 65 céim taobh amuigh agus na fuinneoga go léir ar oscailt agam anseo. An bhfuil rud éigin cearr, nach inniu an 8ú lá de mhí Eanáir?

Friday, January 04, 2008

Tattoos

Táim ag éirí bréin den bhriogáid tattoo. Seo a tharlaíonn go rialta: Faighim ephost nó glaoch fóin ó dhuine éigin ag iarraidh aistriúchán ó Bhéarla go Gaeilge ar son Tattoo. Nil mórán suime acu siúd sa teanga dar liom, níl plean acu í a fhoghlaim nó aon rud a dhéanamh ar a son ach b’fhéidir an focal “Sláinte” a rá sa phub, nó “póg mo thóin” nó leagan cainte ciallmhair mar sin a rá. Ar aon cuma is maith leo tattoos sa teanga. Is cuma leo an teanga, sílim, ach ar leibhéal éigin ba mhaith leo úsáid a bhaint aisti a bhféiniúlacht a chur in iúl.
An é ábhar cainte sa phub nó sa leaba atá i gceist?
An bhfuil seans ann go spreagfadh na tattoos seo fíor suim sa teanga sa té a fheiceann iad?!
Bím cabhrach le daoine teacht ar an teanga in aon slí agus bím dóchasach i gcónaí go bhfuil siad dáiríre ach inné fuaireas glaoch ó bhean, Irish Chick an t-ainm atá uirthi, (níor thug sí a fíor ainm dom) bhí sí mífhoighneach go leor agus í ag iarraidh an Ghaeilge ar Never Forget agus Trust No One ar son tattoos. Bím amhrasach faoi daoine mar seo ach dúirt mé lei go gcuirfeadh mé ephost chuici ar ball. (Bíonn scríbhneoireacht níos fearr ar eagla na h eagla, deacair síneadh fada a mhíniú do dhuine ar an bhfón nuair nach bhfuil focal sa teanga acu).
Nílim i gcoinne na tattoos per se, ach nár gceapfá go mbeadh mothúcháin níos doimhne ag an té agus fonn tattoo a bheith air nó uirthi?
OK, tá a fhios agam go bhfuil gach seans ann go bhfuil sise i bhfad níos óige ná mise ach, go bhfóire Dia ar a ciall, is smál buan é!
An féidir leat é a chur chugam díreach anois nó chomh luath agus is féidir” a dúirt sí, (gan “le do thoil” fiú !!!! ochón) “mar ba mhaith liom na tattoos a fháil ag an deireadh seachtaine”.

Táim ag smaoineamh anois ar cúpla rud oiriúnach a chur chuig an giodróg!

OK, táim críochnaithe ar mo bhosca gallúnaí




The Bucket List

Chonaic mé a scannán seo le déanaí. Ní raibh sé go dona, agus is maith liom na haisteoirí sin chomh maith, cé nach raibh cuma ró tinn orthu agus ailse ar an mbeirt acu, mar dhea, Smaoineamh maith é liosta sin a bheith déanta i bhfad roimh an pionós báis a fháil de dheasca tinneas éigin.
Ach nach bhfuil pionós báis againn uile ach go háirithe?
Anois ní hamháin go bhfuil orm teacht aníos le mo rúin na h athbhliana ach tá orm teacht aníos le mo liosta.
Deireadh m’athair agus é ag teacht ina sheanfhear tinn, ná bí buartha, bí sona. Bhaineadh sé taitneamh as an amhrán sin ó Bob Marley.

Tuesday, January 01, 2008

An Bhliain Úr

Ceann eile! 2008 chomh luath seo. Níl sé ró fhada ó bhíos ag smaoineamh ar mo rúin bliain ó shin… níos mó léitheoireachta, níos mó aclaíochta, níos mó bláthanna sa tigh, smacht a choimeád ar an méad ama a chaithim ag scuab na tonnta ar an ngréasán. D’éirigh go maith liom ar an iomlán leo. Anois tá orm smaoineamh ar 2008, ceann amháin gan dabht ná níos mó stuif a chaith amach sa bhruscair, bím i gcónaí ag iarraidh an spás atá agam a choimeád níos folmha, agus is fuath liom nuair a bhíonn seilf nó seomra ró líonta. (Ba mhaith liom an rud céanna a dhéanamh le m’inchinn, an bruscar atá inti a chur ar leath thaobh agus gan fuinneamh a chaitheamh amú ar smaointí gan mórán céille, beidh sé seo i bhfad níos deacra ná an tigh a fholmhú mar is minic a bhím tógtha go mór le ceisteanna gan chiall, an príomh ceann anois a thagann chugam ná conas ciall a aithint? Nach mbeadh freagra difriúil ag cách, braitheann sé ar an lá b’fhéidir?)omg. Nach mbíonn gach uile diabhal rud ciorclach?
Tiocfaidh mé aníos le mo ruin go luath.
Athbhliain faoi mhaise duit.