Wednesday, April 30, 2008

Cantalach? Mise??

Bainim taitneamh as mo Irish Times gach seachtain. Tagann an t-eagrán ó Dé Satharn chugam gach Dé Máirt sa phost agus de gnáth bíonn seans agam é a leamh maidin Dé Chéadaoin le cupán caife.

Chonaic mé fógra le déanaí ón gcomhlacht Shomera in Éirinn. Ní dóigh liom go bhfuilim ag éirí níos cantalaí ach cuireann ainmneacha mar seo isteach orm. Tá siad chomh amaideach!
Shomera! Is é sin comhlacht in Éirinn a thógann seomraí breise nuair a bhíonn gá ag daoine spás níos mó a bheadh acu gan an t-airgead nó b‘fhéidir gan an dúil acu teach nua a fháil.
www.shomera.com Ach ar aon cuma níl i gceist acu ach béalghrá maidir leis an teanga, dar liom.
Ní fheadar cé acu a bhíonn níos measa. Béalghrá atá soiléir mar seo, nó béalghrá atá faoi cheilt, sé sin na daoine a ligeann go bhfuil suim acu sa teanga nuair nach bhfuil…… ach cad faoi seo www.seomra.com Tá an t-ainm ceart glactha acu agus píosa sa teanga ar an leathanach seo leis an gcuspóir (is dócha) daoine mar mise a choimeád sásta! agus ciúin… Tá shomera.ie agus seomra.ie acu chomh maith, ach is é Shomera an ceann a úsáidtear ar a bhfógraí srl. An gceapann siad go bhfuil an gnáthdhuine in Eirinn chomh dúr nach dtuigeadh siad an focal seomra? Agus go bhfuil SHOMERA níos fusa dóibh…………is truamhéalach an scéal é.
Seo ceann eile: Ishka, in ionad uisce, úsáideann Munster Soft Drinks an t ainm seo dá fíor uisce. Ní bhíonn ach an uisce seo in Aerfort na Sionna. Is dócha go mbeidh níos mo samplaí os mo chomhair nuair a bheidh mé in Éirinn i lár an tsamhraidh. ochón.

Muna bhfuil suim acu sa teanga tuige nach féidir leo í a fhágáil dóibh siúd le suim inti? In ionad an droch úsáid seo?

Cad is brí leis an bhfocal sin? Arís?…..

2 comments:

aonghus said...

Tá beirt againn ann (ar a laghad)

http://aonghus.blogspot.com/2007/04/bairlge.html

Dave Mc said...

Is é 'stira' an sampla is cáiliúla gan dabht. Cé gur branda is ea é, úsáidtear é mar téarma aicmeach as Béarla anois do aon staighre go dtí an áiléar. Is minic a chloistear "do you have a stira?" agus rudaí mar sin.