Wednesday, October 29, 2008

An tOireachtas 2008

Beidh mé ag imeacht i gcúpla nóiméad i dtreo cathair Chorcaí agus táim ag súil go mór le cairde a fheiscint arís ag an bhféile mhór seo.

Monday, October 27, 2008

Lá na Gaeilge, Aghaidh an Earraigh agus Cruicéad!

Bhí Lá na Gaeilge san Ionad Gael Meiriceánach (Ionad an deas ar fad) i bhFairfield Ct., Dé Sathairn, agus b’iontach an clár a bhí curtha le cheile ag foireann na Gaeilge ansin. B’é a dtarna Lá na Gaeilge ansin, bhí ceann acu san Earrach i mbliana chomh maith, ach as seo amach beidh an ceiliúradh san Fómhar. Bhí ranganna ar cúig leibhéal, léachtaí, scannáin, bia (iontach) ceol, amhránaíocht agus rince! Rinne an fhoireann an-jab agus bhain gach duine an-taitneamh as an teacht le cheile. Comhghairdeas libh a Cháit, a Phaidraigín, a Sheáin, a Rhoibín agus a Mhaittiú.
Chaitheas an tráthnóna inné ag cur lusanna an chromchinn sa ghairdín, ceithre scór dóibh…. agus cé nach bhfuil an geimhreadh buailte linn fós táim as súil go mór cheana féin lena aghaidheanna áthasacha a fheiscint san Earrach.

Leigh mé leabhar suimiúil le déanaí atá lonnaithe anseo i Nua Eabhrac. Netherland: A Novel an t-ainm atá air le Joseph O’Neill. Scéal suimiúil atá ann faoin ngaol idir fear ón Íseal Tír agus a thimpeallacht i NYC, a bhean cheile, a mhac, cara nua, an cluiche cruicéad i Nua-Eabhrac, an WTCenter agus taobh thiar gach rud agus, b’fhéidir níos mó sa deireadh thiar thall ná aon rud eile, a mháthair nach maireann.
Níor luaigh sé the crease riamh fad is a bhí sé ag déanamh cur sios faoi cruicéad…………cheapas féin gurb í the crease an píosa talún is naofa i gcúrsaí cruicéid (ach níor imir mé an cluiche,) bhíodh an nós ag mo thuismitheoirí féachaint ar na Test Matches gach bhliain ar an teilifís………...

Friday, October 17, 2008

Nuair a Bhíonn Saint Istigh Bíonn Cúram Amuigh

Tá an saol mór faoi chúram ár bpolaiteoirí, sin an fáth go dtugaimid a bpostanna dóibh trí córas na dtoghchán. Is trua go ndéanann cuid mhaith dóibh dearmad ar sin go rialta agus tá sé soiléir gur minic a bhíonn an chumhacht féin mar chuspóir acu in ionad an jab.

Ach nach mbíonn an rialtas freagrach don sochaí sa deireadh thiar thall?

Tugaimid an chumhacht dóibh cúrsaí na tíre a eagrú ar mhaitheas gach duine againn, idir óg is aosta, bocht is saibhir, agus na príomh cuspóirí? Saoirse ón bochtaineacht, seirbhísí sláintíochta, cúrsaí eacnamaíochta a cothú, oideachas den scoth dár bpáistí agus sábháilteacht ónár namhaid, pé inár dtimpeallachta féin atá siad nó iadsan atá thar lear ag bagairt orainn.

Is mó ná trua nuair a mhothaítear bagairtí ag teacht anuas orainn ó chroílár saibhris na tíre, na bainc, Wall St. srl.. Tá cothromaíocht idir saoirse agus sábháilteacht i ngach réim, cúrsaí gnó san áireamh, agus is léir anois (don mhadra fiú) go raibh an iomarca saoirse ag na bainc a n-earraí a dhíol gan cíos, cás ná cathú sa ré an rialtais seo. Ní raibh an rialtas i bhfeighil an sochaí! Tá cuid lochta ar an bpobal a bhí lán sásta na n-earraí céanna a cheannach nuair nach raibh teanna ar a gcúla acu, anois tá cuid acu i bponc as a saint féin.

Níl comhionannas in aon sochaí, agus is amaideach an smaoineamh go bhfuil… nó go mbeadh riamh. Baineann an neamhionannas atá ann le cumas, oideachas agus b’fhéidir seans nó ádh (nó fiú mí ádh)…. Tá pá ard tuillte ag daoine le cumas saibhreas na tíre a cothú, is daoine éirimiúil cliste iad siúd agus tá siad uainn, ach tar éis a chuid a ghlacadh tá orthu a bheith sásta cáin a íoc ionas go mbeadh seans ag lucht na tíre nach leo na buntáistí ceanna.

Rud amháin atá fíor ná go bhfuil cúrsaí ghnó fíor tábhachtach saibhreas na tíre a mhéadú ní hamháin saibhreas lucht gnó féinig. Is trua chomh maith go bhfuil tionscal chomh mór sin bunaithe ar conas cáin na tíre a sheachaint go mór mhór nuair a bhíonn pá ana ard ag an lucht gnó cheana. Tuige nach bhfuileadar toilteanach cáin a íoc ar son maitheas na tíre? Is fuath liom nuair a chloisim trácht ar Tax Exiles agus a leithéid. Daoine a chaitheann cuid a mbliana i dtíortha difriúla agus gan a bheith lonnaithe go hiomlán in aon áit. Íoc as bhúr gcuid a déarfainn leo siúd, má bhíonn an méad sin airgid acu ní dóigh liom go gcuirfeadh sé isteach go mór ar chostas d’earraí sa siopa grósaera ag deireadh na seachtaine.

Tuesday, October 14, 2008

Saghas Seifte

Táim ag iarraidh cúpla rud a sheachaint le déanaí. 1) Earraí déanta sa Sín. 2) Sarah Palin.

Tá uimhir a h-aon deacair go leor; Tá sé dochreidte an mead sin earraí allmhairithe isteach ón tSín go dtí an tír seo, thosnaigh mé ag léamh na lipéid ar éadaí, bróga, bréagáin, gach rud déanta as plastic cúpla mí ó shin agus bhí ionadh orm. Chomh maith le sin chuir sé déistin orm anuraidh nuair a chualas gur chuireadar melamine i mbia mhadraí thar ansin agus anois féach atá tar éis tarlú le bia na leanaí? Gan trácht ar scannal na Cluichí Oilimpeacha. Tá a fhios agam go mbaineann droch scéalta le foinsí earraí thar lear ró mhinic ach tá orm tús a chur le áit amháin agus iarracht a dhéanamh í sin a sheachaint.

Agus uimhir a dó? Bhuel, táim an-amhrasach fúithi agus bhíos ón dtús. Táim bréan dí anois agus a cuid bladhmannaigh. Is cosúil go gceapann sí nach bhfuil sé ceart uachtarán cliste, oilte a bheith againn!!…agus bím amhrasach faoi éinne a bhíonn i gcoinne oideachas, fiú i slí indíreach mar atá sise. Is trua, mar tá roinnt buanna an pholaiteoir aici, nach rabble rouser den scoth atá inti! Ach faraor tá easpa oideachais, eolais agus taithí aici agus le sin, brón a rá, ganntanas cur le cheile in a cuid óráidí. (Cheapfá gur óinseach atá inti go minic agus tú ag éisteach lena raiméis; níos measa má léann tú an athscríbhinn!) Is léir nach raibh inti ach saghas seifte a tháinig anuas muinchille McCain, an bhfuil dís mar siad uainn?

Sunday, October 05, 2008

Comhluadar na Cistine!

Lasamar an tine sa chistin inniu den chéad uair an fómhar seo, bhí sé ag cur báistí an oíche iomlán agus bhraitheas an tais san aer, fiú amháin laistigh, chomh luath agus a d’éirios le fáinne an lae. Ní fheadar cén fáth a raibh mé i mo dhúiseacht chomh luath sin mar ní raibh rud ar bith práinneach le déanamh agam inniu ach fós féin do dhuisíos luath agus lán de fuinneamh.

Tháinig áthas mór orm agus ar Cara an tine a fheiscint arís sa chúinne!

Lasracha ag damhsa!

Sean chara thar n-ais!

Comhluadar na cistine!

Friday, October 03, 2008

An Bhaicle Chomhrá

Saolaíodh baicle beag timpeall ocht mbliana ó shin i mbruachbhaile NY, ag an am san thiocfadh ceathrar againn le cheile gach oíche Dé Céadaoin i gcomhair cupán tae nó gloine fíona, léifimis An Teanga Bheo ón Irish Times ach tar éis tamaill gearr leanfaimis ag Gaeilgeoireacht le cheile. Club 37 a bhí orainn ag an am san! Ansin le imeacht beirt go áiteanna eile lean an bheirt againn a bhí fágtha ag bualadh go rialta le cairde eile i NYC agus bronnadh Barra Ó Donnabháin an t-ainm An Bhaicle Chomhrá orainn! Bhí an cuspóir céanna againn, gnáth oíche shóisialta a bheith againn trí mheán na Gaeilge. Níor oir sé linn teacht le cheile sa chathair ach uair sa mhí, nó fiú gach sé seachtaine agus ar ndóigh theip orainn i gcónaí thar an Samhradh ach tá an bhaicle seo fós ag tarraingt anála. Chuaigh duine amháin ón gcéad dream thar n-ais go Éireann, chailleamar duine eile de dheasca imeacht suime, d’imigh beirt ar slí na firinne brón orm a rá, ach tagann fuil úr isteach anois is arís agus ar aghaidh linn.
Tháinig naonúr againn le cheile oíche aréir tar éis sosa an tsamhraidh agus ba bhreá
an tréimhse a bhí againn. Tá an-suim ag an dream seo i bhfocail agus teangacha go ginearálta go mór mhór sa teanga Gaeilge, agus is annamh a chloistear focal i dteanga ar bith eile ach an Ghaeilge nuair a bhíonn sinn (nó cuid againn) bailithe le cheile, ach amháin b’fhéidir nuair a bhíonn cleas cainte ar siúil. Mar shampla ceann amháin a chualamar aréir ná Cad a tugtar ar Viagra i gCathair Chorcaí? An Pfyzer Riser…..Rud eile a tháinig aníos ná go bhfaca duine a bhí i láthair liosta droch torthaí (side effects) ar thaobh buidéal leighis le déanaí, agus creid nó ná creid bhí ceann amháin acu Absence of Pulse. Táim fós ag gáire faoin gceann sin…….. Tá féith grinn ag gach duine sa dream seo agus iad uile deisbhéalach mar sin is minic a bhímid inár dtrithí agus sinn le cheile.

Ar aon cuma oíche aréir in ionad teacht le cheile i bpub agus a bheith ag screadaíl thar fuaimeanna na nglórtha eile an oíche iomlán, rinneamar iarracht blas úr a chur ar ár n-imeacht le cruinniú i seomra deas compordach, an seomra coitinn, i Tigh na hÉireann, thíos bhaile i NYC. Nílim a rá nach bhfuilimid claon chun am a chaitheamh sa phub, mar níl se sin fíor ar chor ar bith agus ar ndó sin a tharla ag deireadh na h-oíche aréir, (agus a tharlaíonn gach uair ) ach do bhí cuspóir eile againn an tréimhse seo chomh maith. Bhí sé ar intinn againn tamall a chaitheamh ag ceiliúradh scríbhneoirí na Gaeilge agus cad é an tslí is fearr é sin a dhéanamh ach ag cur beocht arís ina bhfocail in ionad iad a fhágáil tréigthe ar leathanaigh, i leabhair, ar ár seilfeanna uilig. Mar sin oíche aréir bhí léitheoireachtaí ón dtuaisceart agus ón deisceart, gearr scéalta, filíocht ón 18ú 19ú agus ón 20ú aoiseanna agus do bhí léitheoireacht dhráma Lasair Choille le Caitlin Maud agus Micheal Hartnett againn chomh maith, Oíche bhreá agus comhluadar iontach!

Wednesday, October 01, 2008

Sruth na Smaointe

Tá difríocht mhór idir na hÉireannaigh agus na Meiriceánaigh!
Bhuel, go mór mhór déarfainn, idir mná na hÉireann agus mná an Mheiriceá…(Ní mise i m’eolaí cáilithe maidir le fir na hÉireann,) nó an é lucht na teanga agus lucht an Bhéarla?.......ach feicim go mbíonn sé an-deacair dúinne, mná mo ghlúinsa ar aon cuma, (mise ach go h-airithe!) moladh a ghlacadh, ní fheadar cén fáth, tá sé inmheánach i gcuid againn is dócha, inár bpaiteolaíocht? Mhol cara mé le déanaí, bhí sé dáiríre ach in ionad an moladh san a ghlacadh cheapas nach raibh i gceist ach plámás. Bhíos mícheart áfach. Bíonn sé níos nádúrthaí dúinne moltaí a chaith uainn le greann, in ionad iad a ghlacadh le buíochas. Cén fáth? An é go gceapaimid nach bhfuil moltaí tuillte againn ariamh? Sinn ag ceapadh go bhfuil cuspóir ceilte in ionad ionracas ag baint leo?…….. Nó an gceapaimid nach gceart é moltaí a ghlacadh ar chor ar bith, go mbíonn an dochair ann i gcónaí go mbaineadh sé sin le mórchúis?..... Agus nach peaca an uabhair é sin? Fiú nach mbímid ag smaoineamh ar na seacht gcinnpheacaí marfacha ró mhinic……(cad iad arís?)

Tarlaíonn rud cosúil le sin nuair a bhíonn buíochas féinig i gceist. Bíonn sé deacair dúinne buíochas a ghlacadh chomh maith, mar, nach ceart é a bheith cabhrach? mar sin níl rud as an gnáth é cabhair a thabhairt do dhuine mar bhíonn sé uaidh nó uaithi. Níl dul as, níl rogha againn ann. Is rud inmheánach é………..

Tagann an meon amach i gcaint ansin, fiú i slite simplí, mar shampla an nós seo:
”GRMMA”
“Ná h Abair é”
“Ach ba mhaith liom a rá : “GRMA” duit”….
”Ní gá”

I mBéarla.

“Thank you very much”
”You’re welcome” ag glacadh an buíochas, gan stró!

B‘fhéidir go bhfuilim i m’aonar. Ach is minic a cheapaim go noctaíonn teanga carachtair an phobail a labhraínn í.