Wednesday, February 04, 2009

Buachaillí Beaga agus a Máithreacha Bochta!!!

Bhí cara ag rá liom inniu gur chaith sí agus a fear céile tráthnóna san ER lena maicín. Bhí an buachaillín tinn le slaghdán agus thug sí spúnóg de Tylenol dó ach cad a tharla ná tháinig an mamailíneach ar an mbuidéal agus creid nó nár creid d’oscail sé é. Nuair a chonaic sise é bhí Tylenol gach aon áit agus ní raibh sí cinnte ar ól sé ana chuid de nó nár ól sé mórán Ní raibh an tarna suíochán sa bhuaile aici ach é a thabhairt go dtí an ospidéal ar eagla na heagla. Dúradar léi tar eis an scrúdaithe go raibh sé ceart go leor agus go raibh níos mó ar a gheansaí ná taobh istigh. Osna faoisimh! Bíonn buachaillí beaga lán de spraoi i gcónaí agus is minic a bhíonn sé deacair coimeád suas leo.

Is cuimhin liom uair amháin nuair a bhios torrach le Cian (agus díreach ag teacht chun an deiridh) gur chaill mé cnaipe áit éigin sa tigh, bhí Eimhín beagnach 3 bliana d'aois ag an am gan mórán cainte aige, ach fós féin bhí a fhios aige cad a bhí ag cur isteach orm. Thosnaigh sé ag gáire agus a rá ina shlí féin gur chuir sé an cnaipe i bhfolach ina shrón. Ní raibh a fhios agam an raibh sé ag magadh fúm nó nach raibh mar ní rabhas in ann aon rud a fheiscint thuas ansin ina shróinín ach, ar eagla na h eagla bhí orm dul go dtí an ER leis. Cheap Paraic go raibh mé ag dul as mo mheabhair nuair a tháinig sé abhaile óna jab agus dúirt mé leis go raibh orainn dul díreach amach go dtí an ospidéal…ar eagla go mbeadh cnaipe thuas i srón Eimhín...ar aghaidh linn chuig Crumlin Childrens Hospital, an oíche fhuar úd (agus mise ana mhór leis)…… bhí orainn fanacht cúpla uair ag feitheamh ar dochtúir san ER ansin, ach cad a tharla sa deireadh thiar thall ach fuair an dochtúir an diabhal cnaipe thuas i mbarr a shróin bhig!
Cupla lá ina dhiaidh tháinig Cian ar an saol agus é 10 punt agus 14 oz.
Samhlaigh ar an cnoc mór sin ar mo bholgsa an oiche fhuar fhada sin!! agus ní bean ró mhór mise.

Níl deireadh leis na scéalta le buachaillí beaga ach mar a dúirt cé go mbíonn ana fhuinneamh acu agus iad óg, bíonn siad simplí go leor agus iad ina dhéagóirí, bia, níos mó bia, agus spóirt, sin é.

1 comment:

Anonymous said...

An gcreideann tú i bhfealsúnacht na Sioux a deir nach féidir le éinne faoi seacht mbliana aon rud "cearr" a dhéanamh?