Monday, February 02, 2009

Ceiliúradh Lá Fhéile Bríd ach gan an t-Earrach.

Bhí oíche bhreá againn san Ard Chonsalacht ar an 30ú lá, ceiliúradh Lá Fhéile Bríd a bhí ann. Bhí ceol, amhránaíocht, léitheoireachtaí filíochta againn ó nach mór gach ceantar in Éireann! Bhí bia blasta agus deoch go flúirseach le fáil i spiorad na hÉireann agus fáilte uí Ceallaigh roimh gach uile dhuine ó Breandán Ó Caolaí, leas-chonsal, a bhean cheile Carmel agus an t-amhránaí Susan McKeown a chur le cheile an ócáid le cabhair ó Fiona Ní Chaolaí a bhí ina giolla gealgháireach an oíche céanna. Bhí spraoi ag gach aoinne agus chuir an ócáid tús an deas ar imeachtaí na Gaeilge 2009 sa chathair seo. Bhí dream maith bailithe le cheile ag an ócáid an oíche fhuar sin…

Tá tús an earraigh buailte acu in Éireann cheanna ach táimid fós i lár an gheimhridh anso i Nua Eabhrac, ach fós féin feicim go bhfuil, i bhfocal Raifterí, na laethanta ag dul chun síneadh. Ardóidh mise mo sheolsa oíche Déardaoin seo atá ag teacht le turas ó thuaidh arís, nós atá agam beagnach gach deireadh seachtaine, ó chuir mé i mo cheann é roimh na Nollaig agus ní stopfaidh mé choíche go dtí go bhfuilim i lár na hAdirondacks (fásach i dtuaisceart an stáit seo.) gach aon seans a bheidh agam fad a mhairfidh séasúr an tsneachta

3 comments:

aonghus said...

Tá blaiseadh den gheimhreadh le sioc agus sneachta againn abhus.

Níl Earrach Éirinn ann fós!

Séamas Poncán said...

Téamh Domhanda, tá's agaibh...

Hilary de Bhál, bean Mhic Suibhne said...

Is dócha go bhfuil an ceart agat a Shéamais, ach is aoibhinn liom an sneachta!
Braithim níos fuaire in Éireann i gcónaí os rud é go mbíonn sé chomh tais ansin, i bhfad níos taise ná anseo, ní bhaineann an teocht le teas!