Monday, March 16, 2009

Droch-Scéal agus Dea-Scéal


An dea-scéal ar dtús. Tá Cara Wags beagnach thar n-ais ar a seanléim anois.

An droch-scéal: Bhuail stróc uirthi seachtain ó shin.

Tá a fhios agam go seanamhadra ceithre bliana déag d’aois í ach ní raibh sí tinn ariamh agus bhí ionadh an domhan orm seachtain ó shin nuair a bhraitheas go raibh rud éigin cearr léithe. Chuamar amach ag siúl agus tháinig cuma aisteach uirthi, ar dtús bhí siúl barrthuisleach agus beagáinín liobarnach aici. Bhí saghas mearbhaill uirthi chomh maith cheapas. Bhí a fhios agam taobh istigh an chéad céad throigh! Cheap mé go raibh cuma na mbó bochta sin le BSE blianta ó shin uirthi. Thugas go dtí an tréidlia ar an bpointe í agus tar éis féachaint ina súile bhí a fhios aige gur bhuail stróc uirthi. Bhí a súile ag bogadh i slí REM. Ansin rinne sé roinnt scrúdaithe eile uirthi a lean uair, bhí fonn air í a choimeád thar oíche ach bhí a fhios agam go gcuirfeadh sé sin ana strus uirthi, mar sin lig sé dom í a thabhairt abhaile. Dúirt sé liom go raibh seans ann go mbuailfeadh stróc eile uirthi gan mhoill agus a bheith réidh.

Bhí sí lag ar thaobh amháin mar dhuine tar éis stróc. Bhí sí in ann siúl go mall ach bhí laige ar a taobh clé. Bhí cromchinn uirthi chomh maith, ní raibh an neart aici a ceann a choimeád ard. Bhí orm í a iompar isteach sa charr agus amach uaidh agus araile.
D’éirigh go maith léi thar an deireadh seachtaine, bhí an tigh lán agus ar ndóigh bhíomar uile ag peataireacht uirthi, ag déanamh adhnua uirthi agus tá sí ag éirí i bhfad níos fearr anois. Tá sí fos lag, ní féidir lei siúl ró fhada ach níl cuma lag uirthi níos mó. Tá siúl John Wayne uirthi ar uairibh, a ceann beagáinín ar thaobh agus i ag dul díreach ar aghaidh. Is maith léi a leaba, ach tá aoibh mhaith uirthi, ach ní dóigh liom go mbeidh sí ar thoir na bhfianna nó na n-ioraí amach anseo, an spóirt ab ansa léi. Tá na laethanta sin thart.
Bíonn orm aspirin pháiste a thabhairt dí gach lá.
Tús meath na seanaoise.

3 comments:

Séamas Poncán said...

Go maire sí an céad. Nó an ndeara sí sin cheana, i mblianta na madraí?

Hilary de Bhál, bean Mhic Suibhne said...

Hmm…sin ceist, tá sé ráite gurb ionann seacht mbliana i saol mhadra agus bliain amháin i saol duine, mar sin, agus más fíor é, tá cara timpeall 98 bliana d’aois!
Ach amháin, fuaireas ón North Shore Animal Hospital í, i Long Island agus ní raibh a fhios acu siúd ansin cén aois a bhí uirthi ach bhí sí éirithe as saol an choileáin ag an am san.
B’fhéidir go bhfuil breithlá a céid bliana buailte léi cheana féin!
Tá súil agam go mbeidh cuma chomh deas orm féin agus mé 100 bliana d’aois!

Jennifer said...

Bhuel, tá sí go halainn, agus í beagnach céad bliana daois! lol

Madra bocht :( scéal bronach. Tá athas orm (agus bhí uirthi cinnte) go raibh a dothain peataireacht aici. Se sin an-tabhachtach! agus cabhrasacht, mar a chonaic sibh.
Tugann intinn sona cunamh don corp tinn - i ndaoine 's ainimhithe!