Wednesday, April 15, 2009

Imeachtaí na Gaeilge i NYC an tSeachtain Seo. Bí Linn!

Imeachtaí na Gaeilge i NYC an tSeachtain Seo. Bí Linn!

Tá cúpla rud suimiúil ar siúl an tseachtain seo i NYC. Ar dtús, ócáid i ndílchuimhne ar Bharra Ó Donnabháin, ár gcara uasal. Beidh Pádhraic Ó Ciardha (TG4) ag caint linn ar a 7 a chlog: Is as Cois Fharraige i nGaeltacht na Gaillimhe ó dhúchas dó. Tá sé ina Leas cheannasaí ar TG4 le deich mbliana anuas agus tá taithí fhada, fhairsing aige ar an gcraoltóireacht agus ar an iriseoireacht chraolta, beidh an léacht seo ar siúl oíche Déardaoin @ Áras na hÉireann, NYU Tuilleadh eolais anseo

agus ansin Oíche Dé hAoine beidh oíche scannán againn! Craolfar seacht gearr scannán nua déanta (réasúnta nua déanta, ó 2001 – 2007) sa Cantor, Ionad Scannán Ollscoil Nua Eabhrac. Tuilleadh eolais anseo.

Beidh fáilte roimh chách agus ná déan dearúd go bhfuil na hócáidí seo saor in aisce (gan trácht ar seans do gach duine le suim sa teanga teacht le cheile arís.)

2 comments:

Séamas Poncán said...

I ndilchuimhne, tá súil agam...
Faraor, bíonn ranganna ar siúl againn ar an Déardaoin, agus ní féidir le daoine ó SGGT teacht aon uair a reachtáiltear ócáidí ar an Déardaoin, de ghnáth.

Hilary de Bhál, bean Mhic Suibhne said...

Grma!
Cad faoi Field Trip go dtí an tUll Mór?