Tuesday, August 04, 2009

Tae… aon duine?

Seo liom maidin inné agus mé lán sásta, mo New York Times os mo chomhair agus tae na maidine réidh..d’ardaigh mé mo chupán ach mo bhrón thugas fé deara go raibh drochchuma ar an tae. “” Damn, tán diabhal bainne géar” aduirt liom féin nuair a bhraitheas rudaí beaga ag snámh ar dhromchla an tae “is dócha gur fhág fear éigin sa tigh seo taobh amuigh ón gcuisneoir é uair éigin inné, tipiciúil…ní féidir leo fiú rud chomh simplí a dhéanamh ná an bainne a chur thar n-ais sa bhfuacht nuair a bhíonn sé breis agus 80 céim sa chistin! bloody hell, tá a fhios acu nach bhfuil mórán níos tábhachtaí sa saol ná braon bainne úir sa mhaidin don cupán tae nó don cupán chaife, go háirithe cupán na máthar” Bhíos cinnte go raibh a fhios acu faoin bhfíric seo mar is minic a chloistear olagón eile maidir le ganntanas na feola báine ”is dócha nach rabhadar sa bhaile go dtí lár na hoíche nó níos déanaí fós, na bowsies, agus bhí orthu cereal a chaith siar roimh dul chun na leapacha…” cloistear é seo nuair nach bhfuil braon bainne, úr nó géar, ann ar chor ar bith sa mhaidin cé go raibh leath galún slán ann agus mé ag dul i mo luí…

…Bhíos ar tí é a chaith sa doirteal díreach nuair a bhraitheas rud éigin eile, boladh deas úr... ciotras? ….D’fhéach mé ar an gcuntar agus chonaic go raibh sú na seadóige agam ansin in ionad an bhainne!! (Tá na cartáin beagnach mar an gcéanna …. tá cosúlacht eatarthu nach bhfuil? .. os comhair duine bocht? fós ina codlatán ag breacadh an lae? ag fulaingt ó easpa caffeine ach go háirithe... )

Bhlaiseas an tae. Hmm…go deas. Blaiseadh eile. Slog!
Bheadh sé seo an-deas abair tráthnóna te, le roinnt torthaí, sú talún b’fhéidir, a cheapas liom féin. An bhfuil blais úr aimsithe agam? Tae Seadóige? An mbeidh gnó nua agam amach anseo? Ainm branda Hilary’s Own mar shampla…nó .....

Rud amháin eile: Bhí na fir óga soineanta ….an uair seo.

7 comments:

aonghus said...

Is fearr liom fein tae luibheanna san teas - Rooibos, abair (sceach dearg?)

Ólann mo phaistí cumasc de shú úl agus tae miontais in aghaidh tart na teasa.

Is cinnte go bhfuil blas ar léith ag baint le sú deas géar mar seadóg agus tae dubh.

Fearn said...

Go maire tú do nuacht, a Hilary!

Seasn go bhfuil lab agat!

Rath said...

A Hilary,
Is breá liom do bhlag, agus rinne mé úsáid as an alt seo i rang an seachtaine seo caite, ach ní thuigim "na feola báine". Cén ciall atá air?

GRMA

Jennifer said...

ag gaire os ard ataimse.

Is brea liom an sceal seo. Aointim le Rath. :)

Ni ceapaim go bhfuil an smaoineamh tae sin ro-ait ar bith - an bhfaca tu tae Bigelow ariamh - ta cupla blas aata acu ba bhrea liom, 's iad go leir ciotras - liomoid le tae dubh agus "Constant Comment" , an ceann is fearr liom, tae dubh le oraiste 's spiosrai - is brea liom e!
Bain triall as! Ach mas e do thoil e, ma baineann tu triall as, inis dom mas maith leat e!

Agus go raibh maith agat as do scribhinni cabhrasacht agus sultmhar!
*bualadh bos* bualadh bos*

Hilary de Bhál, bn. Mhic Suibhne said...

A Rath a chara,
Brón orm faoin moill seo. Bhí mé ar turas beagnach coicíse, níos mó faoi sin ar ball sa bhlog. Maidir le feoil bhán, sin ainm a thugtaí ar cháis nó ar bhainne nuair nach raibh fíor feoil acu fadó. Ní minic a bhíodh feoil ag na bocht agus b’iad phrátaí agus feoil bhán oideas a bpríomh béile an lae acu. Chuala mé agus Eibhlín mion stuif mar seo ó Bharra blianta ó shin. Scríobh sé alt faoi chomh maith ach ní raibh an ceann sin sa bhailiúchán...…b’fhéidir sa chéad bhailiúchán eile!

Hilary

Hilary de Bhál, bn. Mhic Suibhne said...

A Jennifer a chara,
Feicim Bigelow sna siopaí ceart go leor, ach caithfidh mé a admháil nach minic a bhlaisim iad, de ghnáth glacaim tae dubh, gnáth tae na maidine aon uair a bhíonn tae uaim..sean nós is dócha.
Bíonn cuid acu sa chófra anseo i gcónaí áfach mar tá suim níos mó aige fir a’tí iontu siúd agus ceannaíonn siad iad (Is maith le mo mhac Eoghan an ceann sin a luiagh tú Constant Comment)
Sílim go bhfuil sé in am dom a bheith i m'eachtránaí tae!
GRMA as an bualadh bos.
Hilary

Hilary de Bhál, bn. Mhic Suibhne said...

Níor ól mé Roibos go fóill a Aongus , ach is maith liom atá le cloisteáil anseo faoi.
http://www.living-an-herbal-life.com/index.cgi/read/263
Ba chóir dom teacht ar an tae dearg seo agus mé ag dul i bhfiontar le tae amach anseo..
Hilary