Tuesday, June 29, 2010

Oileán a'Cheo

(Glac Daithi MacLochlann an pictiúr seo atá thuas)
Cuid againn
(Brú ar an bpictúir chun teacht ar cheann níos mó.)


D’fhreastail timpeall 35 ar an gcomhdháil seo, uimhir fhiúntach dar liom agus í lonnaithe ar Oileán a’Cheo. Bhí an coláiste, Sabhail Mór Ostaig (SMO) foirfe mar ionad comhdhála agus bhí an aimsir ar fheabhas ar fad; tuige nach mbeadh tréimhse thairbheach againn agus bhí. Bhí sé soiléir ón gcéad teacht le cheile go mbeadh buntáistí le fáil, bhog gach éinne mar fhéileacáin ó dhuine go duine ag cur in aithne go cairdiúil i seomra ard síleáil an oíche sin fad is a bhí solas claonta na gréine ag nigh lár an fhoirgnimh trí na fallaí arda ghloine. Bhí drogall uirthi slán a fhágáil linn agus lean sí ag sá a gathanna solais go ceanúil orainn go dtí beagnach meán oíche!

Tá a fhios ag cách le suim sna teangacha ceilteacha go bhfuil ceangal eatarthu le fréamhacha sna cianta ó shin. Is minic a cheaptar nach bhfuil mórán a gceanglaítear inniu iad… sin le rá níl mórán idir Gaeilge na hAlban, Manannais agus ár dteanga féin agus níl sé deacair cumarsáide a dhéanamh leo le cheile. Tá difríocht i bhfad níos mó idir an teanga Ghaeilge agus teanga na Breataine Bige, Breatnais, mar shampla, ach ó thaobh struchtúir bíonn cosúlachtaí móra ann, ana shuimiúil dar liom, anois is arís tagtar ar fhocal díreach mar a atá sé i nGaeilge. Ach an í an ceangal is mó eatarthu an lá atá inniu ann ná brú an Bhéarla, teanga gnó an domhain, anseo san iarthar ar a laghad? Tagann na ceisteanna céanna aníos arís is arís eile; an bhfuil todhchaí againn dár dteangacha? An mairfidh siad ar chor ar bith taobh amuigh a bpobal cúng; oileáin teangan, scoite go maith ó cheile. An bhfuil teanga leannán mar shampla, agus teanga na máithreacha agus a mamailínigh ag laghdú? Cad í teanga an tachráin agus é ag sobaláil go sona ag an doirteal cistine? An féidir Marketing Principles a chur i bhfeidhm i gcásanna chomh gar dár gcroithe agus, ag an am céanna, cásanna atá chomh gar do chroí na teanga, an n-oibríodh ceardlanna? An fiú a bheith imníoch faoi na ceisteanna beaga seo?

1 comment:

Séamas Poncán said...

Ba bhreá liom tuairisc níos doimhne a fháil ar do thuras agus ar an gcomhdháil seo don An Gael! Aon seans? Agus grianghraif, dar ndóigh. Go luath i mí Lúnasa, má tá suim agat (sin an spriocdháta).