Tuesday, June 22, 2010

Mo Cheann Scríbe...Oileán a ‘Cheo (cuid a h aon)




Chaith mé ceithre lá in Oileán a ‘Cheo le déanaí ag freastal ar an gcomhdháil bliantúil faoi choimirce NAACLT. Ní raibh mé riamh ar Oileán a ‘Cheo, ach chuala mé cúpla uair gan a bheith ag súil le haimsir maith, ar ndóigh… ba leid í ainm na hOileáin. Chuireas balcaisí de gach saghas sa mhála, buataisí agus cúaráin san áireamh. Ar aghaidh liom ó aerfort Bhaile Átha Cliath go Glaschú luath sa mhaidin, bhí ionadh orm ar dtús leis na sluaite san Aerfort; cá rabhadar go léir ag dul ar a sé a chlog ar maidin? Bhí sé plódaithe!! Línte fada anseo is ansiúd…Páistí beaga agus brach fós ina súile beaga acu, cuid acu i mbaclainn a dtuismitheoirí, cuid eile acu sna buggies, na créatúir....tuismitheoirí faoi bhrú, fuadar fúthu…..

D’imigh m’eitilt féin ar a seacht agus bhíos in Albain roimh a hocht. Bhí sé fuar agus fliuch ansin, gruama fiú. Bhíos réidh chun bhóthair roimh a naoi ach léarscáil uaim. Bhí mo threoracha Google agam ar ndóigh ach is duine seanaimseartha mé; is maith liom fíor léarscáil agus pictiúir ceart den turas agus gach rud ar an tslí os mo chomhair a bheith i mo lámh agam. (Níos fearr a rá b’fhéidir gur duine radharcach mé nó amharcach mé in ionad sean-nósach nó seanaimseartha... ;) Ach níor éirigh liom teacht ar léarscáil san Aerfort Glaschú. Ní raibh ceann ar fáil áit ar bith, níor cheapas go mbeadh an fhadhb seo agam ar chor ar bith. Bhailigh mé liom ar an mbóthar agus mo mhuinín i nGoogle amháin, agus an ghrian, cé go raibh síse lag go leor. D’éirigh liom teacht ar léarscáil i siopa beag agus mé cúpla uair nó mar sin ar an mbóthar ó thuaidh. Bhí gach rud faoi smacht ansin, bhíos in ann an turas a fheiscint i gceart, cinntí a dhéanamh faoi shosanna srl. Le sin glan an spéir, tháinig an ghrian ar chuairt ceart agus d’fhan sí in éineacht liom.

Rinne mé an cinneadh, tar éis teacht ar mo chara léarscáile, mo threoracha Google a thréig agus in ionad dul chuig an droichead go hOileán a ‘Cheo, roghnaíos an bád farantóireachta. Rogha iontach ab ea í, ní hamháin ó ba thráthnóna álainn a bhí ann ach nár bhuaileas le cairde ar an gcaladh i Mallaig! Donncha Ó Coinn ó NJ ar dtús, ansin John Morrissey ó CA, ansin muintir Prys ón Bhreatain Bheag. Aoibh mhaith ar gach aon duine agus sinn go léir ar eachtra eile le chéile…

7 comments:

Anonymous said...

Hilary: Ciamar a tha thú? Tá mo chroí briste nach raibh mé ann! Go raibh maith agat as do thuairisc bheomhar, agus na griangraif chomh maith. Inis dona dream NAACLT go ndúirt mé “Heigh!,” agus feicfidh mé sibh ag an gcéad comhdháil eile, le cúnamh Dé.

Paul

Hilary de Bhál, bn. Mhic Suibhne said...

Táim go breá grma. Bhí an tréimhse ghearr ar Oileán a'Cheo go hiontach ar fad.

Míshásta said...

"Oileán a'Cheo" nó " An t-Eilean Sgitheanach". Sílim go bhfuil conspóid ann fén ainm ceart.

Hilary de Bhál, bn. Mhic Suibhne said...

Bhí “an t Eilean Sgitheanach” le feiscint ar na fógraí oifigiúil timpeall na háite, ach bhíos ag caint le beirt ón gceantar, bean a bhí ag obair sa choláiste lá amháin agus fear áitiúil lá eile fad is a bhios ar turas agus d’úsáid an bheirt acusan Oileán a Cheo, (nó Eileán a’Cheo is dócha….) Téim le leagan na ndaoine... aon tuairim?

Anonymous said...

Ná déan dearúd go bhfuil tú ag caint faoin na hInsí Gall .i. bhí siad gall .i. lochlannach sular tháinig na Gaeil a ghlac leis na hainmneacha lochlannacha ar an-chuid áiteanna. Mar shampla, is dócha go raibh tú i Sabhal Mór Ostaig. Ostaig = Bá an oirthir.
Tháinig ainm an Oileáin seo ón Lochlannais : d'iarr mé ar Shualainneach, nach scoláire teanga í, ciall a bhaint as an bhunleagan dom. "Scamall" a dúirt sí. Is beag idir scamall agus ceo arsa mise liom fhéin. Mar sin, tá an dá leagan ceart : Eilean Sgiathanach, a choinníonn leagan na Lochlainnise agus Eilean a' Cheo, a thugann an bhrí leis.


Fearn

Hilary de Bhál, bean Mhic Suibhne said...

Go deas. Grma, ní gá labhairt faoi conspóid mar sin, tá an dá leagan mínithe dúinn a chairde.

Anonymous said...

"Grma"

Go ndéana a mhaith dhuitse!

Fearn