Friday, July 02, 2010

An Gaeilgeoirín Gleoite


Féach, tá aingeal na n-aingeal inár measc! Is í an gaeilegeoirín is óige i NYC , (chomh fada agus is eol domsa.) Is í Nora, iníon Mháire Haslam agus Tom Abernathy. Tháinig sí ar an saol ceithre sheachtain ó shin agus forbhfáilte roimpi óna deartháir Liam, a tuismitheoirí agus an domhan mór. Tá sí sásta leis an saol go dtí seo, cé nach bhfuil mórán ráite aice faoi go fóill, agus tá sí ag súil go mór, a deirtear liom, lena laethanta saoire in Éirinn i gceann cúpla seachtain.
Cad atá os comhair na hainnire seo ar bhóthar an tsaoil? Gach beannacht agus breáthacht.

5 comments:

Fearn said...

Fáilte romhat, a Nóra

Cionaodh said...

Is maith liom an focal "Gaeilgeoirín" -- níor chuala mé é riamh ar bith.

Séamas Poncán said...

Chomhghairdeas leo óm chroí!

Mise Áine said...

Áiméan!

John M O Donoghue said...

Tá súil agam go mbeidh saol taithneamhach fhada ag an gcailín óg.