Bhí ana brón orm nuair a chuala gur bhfuair deirfiúr Aine Durkan, Ciara, bás in Afganistan anuraidh. Scriobhas píosa faoin tubaiste sin tamall ó shin. Ansin chuir Áine chugam an dán a scríobh sí. Éist leis anseo.
Inniu, níl a fhios agam cén fáth, ach bhíos ag smaoineamh ar Áine. Is dócha os rud é gur chuireas ephoist chuig cara eile againn, Claire, agus chuir an nóta sin Áine ar m’intinn. Bhuaileamar go léir le cheile an tseachtain seo in Oideas Gael anuraidh agus do bhí ana spraoi againn le cheile an tseachtain sin. Ar ndóigh ní raibh a fhios againn ag an am eadrom sin go mbeadh Áine faoi bhrón agus faoi bhuairt roimh i bhfad.
Tuesday, July 22, 2008
Ciara na Gruaige Rua
Féile Cheoil
Is féile cheoil thar aon rud eile í Féile na Catskills anseo i Nua Eabhrac. Chuala mé trácht uirthi le fada anuas ach ní raibh seans agam dul ann, bheadh rud éigin i gcónaí idir lámha agam ar an tréimhse céanna, agus ní ceoltóir mé ach oiread, agus níor thuig mé díreach go dtí i mbliana cad a bhí i gceist ansin.
Chuala chomh maith nach raibh ann ach leithscéal chun na dí í ag dream mór le leath suim sa cheol agus os rud é nach nglacaim le tuairimí daoine eile de gnáth (go mór mhór más féidir teacht ar mo thuairim féin i slí éigin) bhí orm fiosrúcháin a dhéanamh dom féin. Cheapas chomh maith i mbealach nach mbeadh mórán domsa ag an bhféile seo mar do bhíos faoi tionchar na sean scéalta sin is dócha…ach ar ndóigh bhíos mí-cheart agus áthas orm é sin a admháil.
Leanann an fhéile seo seachtain amháin, bíonn ranganna cheoil, damhsa, amhránaíocht agus Gaeilge (don chead uair i mbliana) i rith an lae, maidin agus tráthnóna. Ansin san oíche bíonn siamsa i ngach áit, idir ceol agus damhsa. Seisiúin oscailte le fáilte roimh na foghlaimeoirí uile a bheith páirteach agus seisiúin eile faoi smacht ceoltóir amháin abair agus é nó í i gceannas cé eile a bheadh páirteach. Tuigim go bhfuil an dá cineál de dhíth, seans do na foghlaimeoirí cleachtadh i slí bheo agus ansin sna cinn dúnta sin seans do na ceoltóirí proifisiúnta /múinteoirí a bheith ag seinm le cheile……Bhí ceolchoirmeacha oifigiúla ar siúil an t-am ar fad i bpailliún agus i bpobal mór chomh maith. Bhí sé thar a bheith ghnóthach! Chaitheas cúpla lá thuas ansin le cairde agus an fhadhb amháin a bhí agam ann ná teacht ar an méid eachtra a bhí uaim. Is minic a bhíos in áit amháin le fios go raibh ceol iontach in áit eile ag an am céanna …ach amháin gan fonn bogadh chomh breá is a bhí an ceol ‘s an t-atmaisféar sa chéad áit! Faraoir….. go rabhas uileláithreach! !
Bhí céilithe ann gach oíche chomh maith ach theip orm a bheith páirteach, agus is aoibhinn liom damhsa…ach arís bheadh orm a bheith uileláithreach !…ach ó ba rud é nach raibh céile damhsa liom an uair bheinn caillte sna seiteanna…D’fhanas leis an gceol.
Bhí ceoltóirí den scoth páirteach ó gach áit sna SAM agus ó Éireann agus cuma orthu uile go rabhadar ag baint taitneamh as an tréimhse le cheile. Ní gá liosta ainmneacha a chur anseo, mar tá siad go léir ar an suíomh oifigiúil, féach, agus anseo, ach bhí na ceoltóirí mór le rá uile páirteach agus luaigh sean cara liom Jerry O’Sullivan liom gur í seo an féile is fearr anois sna SAM, dar leis, ó thaobh caighdeáin an cheoil de…
Bhaineamar, triúr againn a bhí le cheile ann, an sult as an sos gearr, cé nach raibh mórán sosa lae ná oíche dúinn! Agus deas chomh maith go raibh gaeilge le cloisint thuas ansin. Mar a dúirt Tim Collins dom, nach bhfuil siad fite fuaite le cheile? ………. Tá, agus bhí an teanga le cloisint uaidh, ó Jerry, luaite thuas, ó Gearóid O hAllmhuráin, ó
Is é Paul Keating a chuireann le cheile an fhéile mhór seo agus ní h-aon dóithín í a eagrú déarfainn, is mór an buíochas atá tuillte aige dá barr.
Thursday, July 17, 2008
Tiobraid Árann Abu: Thar n-ais i Nua Eabhrac: Fáilte roimh An Taoiseach úr: Irish Arts Week
Bhuel bhí an lá le Tiobraid Árann agus do bhí oiche bhreá againn in An tAonach,. Bhaineamar an taitneamh as an gcluiche cé go rabhamar neirbhíseach ar feadh cuid nóiméad déag ó thús an tarna leath nuair a bhí spiorad agus fuinneamh i bhfoireann Contae an Chláir ach theip orthu é a cothú agus sa deireadh ba iad Tiobraid Árann na buaiteoirí. Anois táim thar n-ais i Nua Eabhrac tar eis na tréimhse bhreá sin agus tá áthas orm an ghrian a fheiscint arís, níl an samhradh seo ró mhaith in Éireann maidir leis an aimsir, ach seans ann fós! Agus is minic a bhíonn Meán Fómhar agus Deireadh Fómhar go deas tirim ansin.
Bhíos ag fáiltiú roimh
Inniu tá plean agam cuairt a thabhairt ar an Catskill Irish Arts Week agus a fháil amach cad é a tharlaíonn thuas ansin gach samhradh, beidh an scéal agam i gceann cúpla lá.
Adios.
Sunday, July 13, 2008
An Cluiche Mór Inniu
Lá deas tirim grianmhar!!….an céad ceann, doirse agus fuinneoga an tí ar oscailt! Ach tá orm féachaint ar an gcluiche mór ar ndó ag a ceathair a clog, bheadh sé go deas áfach a bheith cois tráigh agus an t-aer úr sin a mhothú agus boladh glan na farraige a bhlaiseadh..…ní bheidh seans agam an uair seo mar beidh mé ag filleadh thar n-ais go Nua Eabhrac amárach agus ag súil go mbeadh coisir anocht i bpub mo dhruiféar i dTiobraid Árann, ach má theipeann an fhoireann is dócha go mbeimid uile inár leapacha luath. Tá sé ráite anseo i Luimneach go mbeidh an lámh uachtar ag contae an Chláir, ach chifimid ar ball.
Saturday, July 12, 2008
Corn na Mumhan!
Thugas mo mháthair ar chuairt ar reilig na muintire inné, ‘sé sin muintir m’athairse…Mount Pleasant an t-ainm ata uirthi, ainm coitianta ar reiligí agus tá sí lonnaithe thíos bóthar beag uaigneach i dtreo Faing Inish in Iarthar Luimnigh, ceann ana bheag ar fad atá treasna páirce ón mbóthair cung. Is dócha go raibh sean ainm ar an séipéal beag seo atá ina fothrach anois. Feicim na hainmneacha uile ar na leaca agus an cuid is mo acu gaolta liom! De Bhál ar ndóigh mar is é sin m’ainm féin, Guerin agus Dundon chomh maith…sean ainmneacha Normannaigh uilig nach mór atá le feiscint ansin. Is maith liom an áit ciúin seo a bhfuil in aice na Sionna agus tán cinneadh déanta agam le fada a bheith curtha ansin chomh maith. (Bhuel luaith mo choirp a chur isteach ann…) Ach níl plean agam dul ar an turas sin tamaillín eile. Gach samhradh bíonn Aifreann sa reilig seo faoin aer úr na habhann agus chonaiceamar an fógra go mbeadh sé ar siúl amárach an 13ú lá de mhí Iúil ag 2:30 iarnóin. Go bhfóire Dia orainn a dúirt mé liom féin! Is léir nach bhfuil suim ag coiste na reilige i gcúrsaí iománaíochta, ní féidir linne dul go dtí an Aifreann sin mar nach mbeidh Corn na Mumhan ag tosnú ag 4 iarnóin? Beidh an sagart agus na daoine áitiúil thar n-ais abhaile gan stró…ach sinne? Beidh príomh droichead na cathrach dúnta ó 11 ar maidin! …agus na cinn eile faoi bhrú. Os rud é go bhfuilimid inár gcónaí ar bóthar na hInse, díreach treasna ó Parc na nGael, beimid gafa! Ach an rud is tábhachtaí ná sin ná go bhfuil mo nia, mac mo dhruifear is sine, ar bhfoireann Tiobraid Árann. Déarfainn go dtuigfidh m’athair go bhfuil orainn féachaint ar an gcluiche in ionad dul amach chuige in iarthar Luimnigh arís. Dá mbeadh an rogha aige bheadh sé lán sásta le bheith ag féachaint ar an gcluiche mór, ina iomaitheoir ar an gclaí, braoinín féna fiacail aige i gcomhluadar a chlann tráthnóna Dhomhnaigh in ionad dul chuig Aifreann!
Wednesday, July 09, 2008
I gCathair Luimnigh anois
Táim anseo in Eirinn nach mór seachtain anois agus tá gach rud ag éirí go geal liom! …. Chaitheas tréimhse ghearr i mBAC agus a timpeallacht… ag bualadh arís le gaolta agus cairde. D’fhreastal mé ar ceolchoirm gan choinne sa Gailearaí Náisiúnta na hÉireann, tharla go rabhas ansin am lóin dé Sathairn agus plean agam Impressionist Interiors a fheiscint, (is é sin taispeántais a bheidh ar siúl go dtí an 10ú la de mhí Lúnasa,) ach chonaic, agus mé ag ceannach mo thicéad, saghas fuadair ar siúl agus chuala go mbeadh Ana Vidovic ó Croatia ag seinm cheoil i gceolchoirm ar an bpointe, 1 i.n.. Is minic a bhíonn an bealach ciorclach níos suimiúla ná an ceann díreach a dúirt mé liom féinig mar sin isteach liom agus ba mhór an áthas a bhí orm seans éisteacht le ceol (guitar clasaiceach) na mná éirimiúla seo. Nuair a bhí an ceolchoirm sin thart bhí orm imeacht chuig cruinniú le cara ach chuaigh mé thar n-ais an lá dár gcionn agus chonaic an taispeántais ealaíona… Nuair a d’éirigh suim ionam i gcúrsaí ealaíona agus mé i mo dhéagóir bhíodh ana teagmháil agam le ealaíon Impressionism. Ba mhór an suim agam sna pictiúr a bhain le saol daoine taobh istigh in ionad “en plein aer” mar a déarfá…. Tá cóipeanna na bpictiúr agam fós as féilirí AIB na tréimhse seo, go háirithe Berthe Morrisot, Degas agus araile. Bhíos ag eirí short sighted ag an am céanna an í sin cúis na suime? Ar aon nós bhaineas an-taitneamh as an taispeántais seo a fheiscint agus molaim go mór féachaint ar chlár an ghailearaí, is minic a bhíonn rudaí an spéisiúil ar siúl ansin. Bhí brón orm nach raibh an t-am agam cuairt a thabhairt ar
Tá an aimsir aisteach, idir teas agus fearthainne ag an am céanna, ach nílim anseo ag lorg aimsir te tirim, má bhíonn lá nó dhó bhreá agam beidh mé sásta go leor ………agus go dtí seo níl an trácht go dona ach oiread!
Tuesday, July 01, 2008
Go BAC amarach
Friday, June 27, 2008
Gnéas agus an Chathair
Tháinig an ceathrar againn (mná ar ndóigh) le cheile in Otto agus bhí cúpla deoch againn, bhíomar ag baint an-sásamh as an tréimhse seo sa phub gur imigh an t-am go tapaigh uainn agus theip orainn dul chuig an ceann luath sa tráthnóna. Is cuma a cheapamar, agus sinn ag cur isteach ord ar bhuidéal eile, beidh sé ar siúil arís i gcionn uair. Ach OMG d’imigh an uair sin chomh tapaigh go raibh orainn rith amach sa deireadh. Ar aghaidh linn chuig an amharclann atá gar do
Bhuel, bhí an scannán ana ghreannmhar in amanna ach déarfainn go mbeadh ort a bheith mór le na carachtair cheana féin ón sraith teilifíse….. gan an cúlra sin a bheith agat bheadh sé amaideach go leor. Bhí cuma níos sine ar na haisteoirí go léir (in ainneoin an botox srl) agus an téama céanna, Cinderella ag iarraidh teacht ar a prionsa, ach ní raibh díomá orainn faoi sin, bíonn an téama sin sna chickflix de gnáth…is maith liom na príomh carachtair ach amháin Miranda, agus ní maith liom an t-aisteoir seo (Cynthia Nixon) ach oiread, fiú aon uair a fheicim mé í sa sraith ní maith liom í ná a geáitsí …nó an tslí ina labhraínn sí nuair a bhíonn sí ag ithe? Forc nó scian san aer agus a béal lán… Ugh. …Cuireann stuif mar sin déistin orm.
Agus sinn ag siúil i dtreo
Ní raibh seans againn Post Mortem ceart a bheith againn go fóill mar bhí orm rith chun traein a fháil beagnach díreach ansin. Níl rud ar bith le déanamh ach teacht le cheile arís ……..b’fhéidir in Otto arís?
Is aoibhinn liom an samhradh.
”This is the life” mar a deireadh m’athair blianta ó shin agus é ina suí i gcathaoir ina chúl gairdín na cathrach, faoi solas na gréine, deoch fhionnuar ina lámh aige agus sinn uile ina mhórthimpeall; mo dheirfiúracha, mo dhearthár, mise, agus ár bpáistí uile ar chuairt air sa samhradh. Ba mhaith leis comhluadar a chlainne ach ag an am céanna bheadh sé sásta go leor tráthnóna breá samhraigh a chaitheamh ina shuí sa conservatory le mo mháthair, eisean ag léamh páipéar nó irisleabhar ghailf nó ag gearán faoi polaiteoirí an lae agus í ag léamh a h-úrscéal….
Inniu bhraitheas an rud céanna. Ghlacas lá saor, ní raibh mórán le déanamh agam…. seachas rith go dtí an banc (airgead a chur isteach! hurray), go dtí oifig an phoist, go dtí an clothing drop (torthaí glanadh amach na deireadh seachtaine seo chaite a chur ar aghaidh.) Ansin thar n-ais liom go dtí mo shuíochán sa chúl gairdín, teas na gréine ag spalpadh anuas orm, na h-éin ag canadh, gloine fíona deas agus …na páipéir. An NY Times agus an Irish Times (Dé Sathairn seo chaite)
Ar Neamh!....Agus chomh simplí sin teacht uirthi!
Monday, June 23, 2008
Trén bhFearann Breac
Ní labhraíonn sí a thuilleadh liom, an áit seo,
Is níl aon bhuanaíocht ag mo theanga níos mó inti.
Níor chuaigh mo phréamhacha síos ach fad áirithe
is táid ag dreo anois cheal taca uaithi.
Caitheadh salann ar an scraith uachtair
is treabhadh síos é go dtí an t-íochtar.
Ní féidir léi tál a thuilleadh ar a muirín
ar mo thalamh féin is fás coimhthíoch mé.
II
Ar an mbóthar idir dhá chathair
go bhfuil dhá ainm ar gach ceann acu
léim na focail ar na comharthaí.
Táim ag taisteal trén bhfearann breac
is tá dhá ainm ar gach baile ann
Claonadh – Clane
Cill Dara – Kildare
Baile Dháith – Littleton
Cúil an tSúdaire – Portarlington
an t-ainm dúchais
sa chló iodálach
claoninsint ar stair na háite,
an t-ainm dúchais
sa chló is lú
faoninsint ag dul ó chlos . . .
III
Ag taisteal dom trén bhfearann breac
téim ón dubh go dtí an geal
ag gluaiseacht ar m’aistear claon
is fiar é an bealach a théim.
Is mé an ridire a ghabhann an timpeall
d’fhonn teacht de ruathar aniar aduaidh
ach tá caisleáin ann nach n-ionsód
is cléirigh romham gur mór a mbród
mo ríon féin is baolach nach gcosnód,
táim teanntaithe ag ceithearnaigh sa ród.
IV
Idir dhá dhath
idir dhá fhocal
idir dhá ainm
idir dhá aigne
idir dhá áit
idir dhá theanga
a chaithim mo shaol
idir dhá shaol.
Comórtas
Comórtas Blagadoireachta!
Tá gach eolas le fáil ar www.antoireachtas.ie
Duais: €1000 Maoinithe ag Oifig na Gaeilge, Institiúid Teicneolaíochta Bhaile Átha Cliath
Táille Iomaíochta: €15
Bígí ag scriobh!
Friday, June 20, 2008
Tús na Cumarsáide
Thugas faoi deara gur inniu an lá deireanach don Blag a cuireadh thuas tar éis na comhdhála. Rith na seachtainí ón deireadh seachtaine bhreá sin uaim.
Rud iontach a tháinig amach ón gComhdháil seo, dar liom, ná gur n-admhaítear go coitianta anois an méad a tá ar siúl timpeall na tíre seo le tamall fada anuas maidir leis an teanga.
Is í an difríocht is mó idir ár gcuid oibre anseo agus an ghluaiseacht in Éireann déarfainn ná gur obair deonach ar an iomlán atá i gceist anseo. Tagann na “himreoirí” ó na cumainn difriúla le cheile go minic cabhair a thabhairt le imeachtaí agus ranganna srl; déanann gach duine a dhícheall agus bíonn craic nach beag againn le cheile chomh maith. Ní bhíonn comórtas ann agus is neart faoi leith é sin. Is cúis alltachta domsa i gcónaí torthaí na hoibre seo a fheiscint.
Is féidir a bheith ag caint go deo ach d’éirigh leis an comhdháil seo cúpla ceist (simplí go leor dar liom!)a chur os ár gcomhair agus is léir go bhfuil dea-mhéin thaobh thiar na ceisteanna seo.
1) An bhfuil cabhair uainn uathu?
2) Má tá, cén saghas?
Conas gur féidir leo siúd cabhair a thabhairt dúinne spiorad an chomhoibrithe a cothú agus as sin suim sa teanga a mhéadú as lámha a cheile…... Ní neart go cur le cheile agus má bhíonn freagra dearfach le tabhairt ar uimhir a haon anseo, nach bhfuil dualgas orainn sa tír seo teacht aníos le freagra na ceiste a dó thuas? Le sonraí !………..Tá Glór na nGael agus a chomh bhádóirí ag fanacht linn, an bhfuilimid toilteanach an cheist a fhreagairt le cheile ?
Thursday, June 19, 2008
Pillow Talk
Saturday, June 14, 2008
Lisbon
Monday, June 09, 2008
Is Beannaithe é idir Mhná!
Seo triúr againn ón Freestaters (scéal anseo) le cheile i
Wednesday, June 04, 2008
An t-Ainmnitheach is fearr.
Tá sé soiléir anois go mbeidh bua sa rás ag Barrack Obama. Is é an t-ainmnitheach is fearr dar liom. Bhíos lán sásta le Hilary Clinton ar feadh tamaill ach thar an tréimhse fada seo bhogas go Seanadóir Obama. Ní rabhas ró shásta léi agus a cur sios faoin turas go
Thursday, May 29, 2008
Cara eile ag imeacht.
Tá na sonraí uile ar www.daltai.com forums.