Saothar ealaíne le Liam Holden
Is cosúil le cuisle an tsaoil í fuaimeanna mealltacha na maidí rámha sa scannán The Camino Voyage. Cuireadh tús le féile Irish Screen America leis an scannán inspéise seo in ionad Cantor, Ollscoil Nua Eabhrac, Greenwich Village NYC aréir. Scéal thar trí bliana atá ann - Oilithreacht cúigear i mbád iomartha darb ainm Naomh Gobnait, báidín den chineál Naomhóg. D'imigh Naomh Gobnait ó Bhaile Átha Cliath go dtí tuaisceart na Spáinne i 2014 le ceathrar criú. Ba iad Danny Sheehy, Liam Holden, Breanndán Ó Beaglaoich, Breanndán
Pháid Ó Muircheartaigh agus Glen Hansard criú Naoimh Ghobnait, agus is é
scéal a dturais phearsanta ar muir agus ar thalamh mór-théama an
scannáin bhreá seo déanta ag Donal Ó Céilleachair.
Pictiúr le Patricia Moriarty
Leanadar seanbhealach na farraige ag stopadh anseo agus ansiúd mar a dhéin a sinsear rompu i mbád den saghas seo de réir dealraimh. Ghlacadar trí shamhradh an turas a chríochnú le hathrú duine amháin dá criú i lár an aistir ar feadh tréimhse giorra. Is léir gur bhaineadar uilig a bhí ar Naomh Gobnait cora beaga ar a saolta de bharr a n-iomraimh le chéile - ní nach ionadh, turas timpeall 2,500 ciliméadar a bhí i gceist.
Feictear iad ag imeacht soir ó chuan Bhaile Átha Cliath amach gan mórán stró agus an Bhreatain Bheag mar cheann scríbe acu, bhí cuma gleoite ar an mbáidín - mar pháiste ag tógáil a chéad chéime! Faraor ní fada go raibh sí ag streachailt in éadan na gaoithe, ach níor chaill a criú muinín aisti, foireann cúigir a bhí iontu - an ceathrar fear agus Naomh Gobnait, dílis dá gcéile go deo. Tuigim an cion a bhíonn ag duine dá b(h)ád, bíonn cineál ghaoil acu le chéile, agus tuigim go mór mífhoighne mar scamall dorcha nuair a táthar
gafa sa chuan de dheasca drochaimsir - nó pé rud - agus cíocras ort a bheith ag seoltóireacht! Ach is í an muir an mháistreás í gcónaí, mar a cloistear sa scannán.
Leanann an turas ar aghaidh le hamanna thuas agus thíos ar nós an tsaoil, agus feictear an criú ag luascadh ó thuirse choirp, anama agus intinne go pléaráca agus faoiseamh intinne le linn a dtréimhsí le chéile. Bhraitheadar ar a chéile agus ní ró mhinic a bhí seans acu éalú óna gcéile ach an oiread! Bhí an cinneadh déanta acu a bheith fite fuaite mar seo leis an turas a chríochnú, ach ba léir ó mo shuíochán bog compordach san amharclann scannáin go raibh níos mó idir chamáin acu.
Bhogadar ar aghaidh ó lá go lá fad is a bhíodar ar a suíocháin chrua ag féachaint siar, ní hamháin ar an sruth stiúrach a bhí le feiscint taobh thiar Naomh Gobnait, ach ar a saolta feinig chomh maith. Ní rabhadar in ann an bealach ós a gcomhair a fheiscint - ach an féidir le haon duine? Déantar plean agus caitear am, airgead agus fuinneamh ag iarraidh é a chur i bhfeidhm, ach mar is eol do chách ní mar a shíltear a bítear.
Bhíodh ábhair cainte ag Danny Sheehy le gach aon duine ar bhuail leis, fíric a bhí ar eolas ag a chairde go léir i SAM; tháinig sé anseo go rialta agus do bhíodh am aige do chách. Bhí an nós le feiscint sa scannán chomh maith, sin ráite, níor theip éinne acu spraoi a bhaint as an am ar chaitheadar sna bailte beaga ar chósta na hEorpa. Ba léir go raibh fáilte Uí Cheallaigh os a gcomhair gach áit, ceol agus craic sa chomhluadar go minic.
Ach tháinig tocht orm cúpla uair aréir ag féachaint orthu ag baint súip nach beag as an saol agus as a bheith le chéile trí olc agus maith, mín agus garbh, mar do bhí an t-eolas agam gur cailleadh Danny i dtimpiste mhara ina bhád álainn, Naomh Gobnait, an bhliain dár gcionn.
Ní chloisfear cuisle a maidí rámha riamh arís.
Tá a saol ar muir críochnaithe aici, is amhlaidh atá Danny.
Fágadh sa Phortaingéil í in aice le háit na tubaiste.
Is fiú an scannán a fheiscint, agus cúis sa bhreis ná Gaeilge álainn na Mumhan a chloisint.
___________________________________________________________
Tá nóta deas anseo ó Tom Moriarty faoi Danny agus a bhean céile, Máire.
Saturday, October 20, 2018
Wednesday, October 10, 2018
Ostrais nó éinín eaglach!
Is leabhar iontach é Réilthíní Óir leis an
t-Athair Seóirse Mac Clúin, (Comhlucht OIdeachais na hÉirean, BÁC 1922). Ba
ollamh le Gaoluinn é i gColáiste Fhlannáin, in Inis Co. an Chláir. Scríobh sé
mar thiolacadh: Don Mhuíntir Dhílis a
dhein obair ar son na Gaedhilge mílse binne is a shaor ó mhúcha na Réilthíní
Óir seo.
Aon uair a osclaím an leabhar seo téim ar thuras taitneamnach ag teacht ar fhoclóir agus mínithe a chuireann áthas orm. Dé ghnáth ní dhéanaim mórán ach an leabhar a oscailt ar leathanach fánach agus ansin bím ag taisteal gan dua. Is maith liom an seanachló chomh maith, cuireann sé leis an aistear dar liom. Is éalú domsa é ó am go ham chomh maith, nuair nach mbíonn an goile agam nuachtán a léamh nó mórán a dhéanamh...Tarlaíonn é seo go minic le déanaí faraor agus an tír ag titim as a chéile dar liom. Deirtear liom nach rud as an ngnáth é a bheith míshásta nuair a athraíonn córas polaitíochta, ach tá i bhfad níos mó ag tarlú anseo sa SAM le blianta fada anuas. Ní le héirí Trump i réim, ach roimhe, i bhfad roimhe is é siúd toradh an scéil, agus ní ghligín é.
Nuair a d'oscail mé an leabhar ar maidin agus mé ar an traein go Manhattan ní fada go rabhas ar dhá thuras! D'aimsigh mé ar ""dallacán" ar dtús lch 148 - 1. duine a bhíonn dall. Cinnte 2. Nach mór an dallachán tú? - duine a bheadh dall i n'aigne; ar a ghnó: ná féadfadh rud a d'fheiscint. Ní bhfuighfá-sa faic , a dhallacáin, agus í féd dhá shúil" Ar ndóigh tá an focal dallamullóg ar an leathanach céanna!
Chuir na focail sin mé ag smaoineamh ar na sluaite nach dtuigeann an dochar atá ar siúl sa tír....
Leathanach eile uaim ar an bpointe - lch 211 - "fiar-sceo" oh oh, bhuel, sin rud nach bhfuil díreach, casadh ar rud éigin, fiú an fhírinne?
Ní fheadar an ostrais ceann sa ghaineamh mé nó éinín eaglach.
https://www.youtube.com/watch?v=5rEiHWGBg7I

Thursday, January 18, 2018
Oibrigh, a namhaid Obair, agus mo chluasa bochta
Is iomaí gearán a chloistear faoi fhógraí i nGaeilge timpeall na tíre nuair a bhíonn botúin chló nó ghramadaí le feiscint orthu, ar a laghad sílim go bhfuil níos mó fógraí agus comharthaí le feiscint anois i gcomparáid le 20 bliain ó shin! Ach cén fáth na botúin? Is dócha go mbíonn scríbhneoirí áirithe leisciúil? Nó b'fhéidir go gceapann siad go bhfuil Gaeilge réasúnta maith acu agus seans go bhfuil - an mbíonn siad ag brath ar an bhfoclóir gan tuairim chruinn a fháil de struchtúr, infhilleadh agus araile sa teanga,?ní fheadar. Is minic a fheictear cur síos nó samplaí dochreidte ar Facebook faoi bhotúin agus bíonn na sluaite míshásta leo, ach bíonn daoine nó comhlachtaí tuillteanach fógraí a cheartú gan náire a chur orthu go bhfios dom.
Bhaineas
sult as an bhfíseán a chonaic an tseachtain seo chaite, ag magadh faoi
chás an Ghaeilgeora mar chréatúr an-tugtha don Ghramadach! Bhuel, anois
is arís, caithfidh mé a admháil go mbíonn mo chroí istigh sa chás
céanna, ní i gcónaí, bíonn botúin agamsa go minic agus bím ag foghlaim
an t-am ar fad, ach ceann amháin a chuireann isteach go mór orm le cúpla
bhliain anuas ná mí-úsáid an fhocail "Obair".
Cloisim an botún seo in úsáid de ghnáth san aimsir chaite, "D'obair " in ionad "D'oibrigh" .......ach níos measa anois tá sé feicthe agam i scríbhneoireacht, ar líne agus fiú i CV. "D'Obair mé ......" .....An bhfuil tuiscint faoin difear idir ainmfhocal agus briathar ag dul amú anois? Cad ba cheart a dhéanamh? Focal i gcluas an duine? Agus má bhíonn Gaeilge líofa ag an duine? Cad ansin.. deoch eile?
Tá súil agam nach bhfuilim i m'aonar agus mé beagáinín corraithe faoi seo - cuireann sé isteach ar mo chluasa bochta!!!

https://vimeo.com/248301649
Friday, January 12, 2018
Deireadh ciúin
Ní ábhar ró-shuimiúil é cúrsaí pholaitíochta an lae. Uair amháin, nach bhfuil ró fhada siar, ba é tús an lae am speisialta domsa. Caife i mo lámh, an nuachtán (nó Ipad) os mo chomhair ar an mbord, radharc deas romham trí fhuinneog na cistine.......seal a chaitheamh ag léamh faoi chúrsaí reatha roimh tús an lae oibre....... Braithim anois gurb iad na focal "Fadó, fadó...." atá oiriúnach agus mé ag smaoineamh ar an tréimhse thaitneamhach sin....anois bíonn díomá orm beagnach gach maidin ag féachaint ar cinn-línte an lae! Cnaipí a thomhais, masla cainte a thabhairt......srl. srl. Is léir go bhfuil an domhan mór ina phraiseach, an iomarca gáifeachais lá tar éis lae, níl tús ná deireadh leis.
Thursday, November 30, 2017
Song of Granite (Granite, ábhar crua, láidir, buanseasmhach.)
Bhí an scannán seo ar siúl anseo i Nua Eabhrac le déanaí. Seo é an cur síos faoi in IMDb "Acclaimed filmmaker Pat Collins brings the dramatic life story of
legendary seannós singer Joe Heaney to the screen in THE SONG IN
GRANITE, an audacious exploration of the man and his music. With an
approach that marries traditional narrative episodes with documentary
footage, the film will celebrate the music Joe Heaney created while
painting an unflinching portrait of Heaney, the man."
Chonaiceamar cineál breithe le teacht an garsún óna shaol aerach
neamhbhuartha agus é ag spaisteoireacht leis féin timpeall a cheantar,
trí dhorchadas an tí go dtí an solas a bhí i ndán do, solas an cheoil i
mbaclainn a mhuintir. Tús tuisceana sa leid óg. Díol spéise atá sa
radharc sin, feic thuas, eachtrannach i lár muintir na háite ag déanamh taifid, ag
iarraidh ceol na tíre, nó anam chosmhuintir na tíre a choimeád beo.
Faraor, mar is eol do chách bhí ar Heaney imeacht óna áit dúchas sin agus thug sé an ceol leis, ceol na n-éan, ceol na sruthanna, ceol na gaoithe - fuaimeanna a thírdhreacha. Chonacthas finéid óna shaol as sin amach sa scannán, fad is a bhí sé lonnaithe in áiteanna difriúla. Deirim "lonnaithe" in ionad "ina chónaí", ní dóigh liom go raibh sé riamh aige baile arís. Níor mhair an áit sin ní ba mhó, ach amháin ina anam féin.
Is fiú an scannán seo a fheiscint má bhíonn suim
agat in amhránaíocht ar an sean nós, i dtírdhreach na hÉireann nó in
anamacha na n-imirceach. Bhí Colm Seoige agus Micheál Ó Chonfhaola ar
fheabhas ar fad agus an lucht féachana faoi draíocht acu aon uair a
bhíodar ag amhránaíocht. Faraor, mar is eol do chách bhí ar Heaney imeacht óna áit dúchas sin agus thug sé an ceol leis, ceol na n-éan, ceol na sruthanna, ceol na gaoithe - fuaimeanna a thírdhreacha. Chonacthas finéid óna shaol as sin amach sa scannán, fad is a bhí sé lonnaithe in áiteanna difriúla. Deirim "lonnaithe" in ionad "ina chónaí", ní dóigh liom go raibh sé riamh aige baile arís. Níor mhair an áit sin ní ba mhó, ach amháin ina anam féin.
Níl mórán caint le cloisteáil sa scannán, ní gá, léirítear an scéal gan an iomarca focal, agus ní gá an teanga a bheith agat ach an oiread, mar bíonn fotheidil ann. Sin ráite - bhí sé an-deas Gaeilge bhinn a chloisteáil ar an scáileán mór i Nua Eabhrac agus ón lucht féachana chomh maith agus sinn go léir ag imeacht ón amharclann tar éis na tréimhse giorra sin a chaitheamh le chéile lenár méiríní sínte amach ónar n-anamacha ag iarraidh..... aga aige baile, b'fhéidir?
An bhfuil an mothúchán seo ag lucht féachana in Éirinn? Bíonn ana chuid bainte amach agus caillte ag an am céanna.
Friday, September 22, 2017
Idir Bheirt Bhullaí?
Tuesday, April 25, 2017
American Conference for Irish Studies. Leabhar Taighde na Bliana.
Ar dtús ba
mhaith leis an gcoiste Brendan Kane, Ollscoil Connecticut, Caoimhín Scannell,
Ollscoil Saint Louis, agus mé féin ár mbuíochas a ghabháil le hÉamonn Wall,
Ollamh an Bhéarla ag Ollscoil Missouri as a chuid tacaíochta le hurraíocht a
chur ar fáil don gradam tábhachtach seo ó 2016 go 2020.
Hilary Mhic Suibhne, Ionadaí na Gaeilge
ACIS Comhdháil Náisiúnta. Ollscoil Missouri, Kansas City. MO
1 Aibreáin 2017
Hilary Mhic Suibhne, Ionadaí na Gaeilge
ACIS Comhdháil Náisiúnta. Ollscoil Missouri, Kansas City. MO
1 Aibreáin 2017
______________________________________________
ACIS Duais 2017
Leabhar Taighde na Bliana
ACIS Duais 2017
Leabhar Taighde na Bliana
An Ghaeilge i Maigh Nuad by Seán Ó
hÉanacháin.
Published by Cló Iar-Chonnacht (2016)
Published by Cló Iar-Chonnacht (2016)
287 pages. 12 Euro.
_____________________________________________________
_____________________________________________________
"Is saothar úr é seo - saothar stair-chróineolaíoch
agus saothar litríochta atá ann, a dhéanann plé ar dhá chéad bliain maidir le
Maigh Nuad agus an Ghaeilge" Lch 10.
Déanann an leabhar seo cíoradh agus scagadh ar áit na
Gaeilge i gColáiste agus ina dhiaidh sin, in Ollscoil, Mhaigh Nuad ó bunaíodh é
sa bhliain 1795.
Ar dtús pléitear tacaíocht na cléire don Ghaeilge sna coláistí san Eoraip ó aimsir Sheathrúin Chéitinn. Ansin pléitear réanna diúltacha nuair a bhí dímheas agus cúng-aigeantacht i réim maidir leis an teanga go dtí beagnach deireadh an naoú haoise déag. Ceapadh Eoghain Uí Ghramhnaigh sa phost mar Cathaoir na Gaeilge in 1891, post a fágadh folamh ó 1876. Ach d'ainneoin tús na hathbheochana in Éirinn, níor lean scéal na Gaeilge i Maigh Nuad gan trioblóidí; ní i gcónaí a bhí díograiseoirí i gceannas gnó! Déantar cur síos agus anailís sa leabhar seo ar shaol agus shaothar scoláirí mór le rá mar Eoghan Ó Ghramhnaigh, Mícheál Ó hIcí, Breandán Ó Doibhlin, Pól Breathnach, Tomás Ó Fiaich agus Pádraig Ó Fiannachta.
Ba iad na sagairt a chuir an Ghaeilge chun cinn ó bhunú an Stáit, dar leis an údar, nuair nach raibh mórán suime ag na húdaráis inti.

Cinneadh:
Cé go bhfuil clú agus cáil ar Ollscoil Maigh Nuad mar
fhoinse theagaisc agus thaighde na Gaeilge le fada anuas, mar aon le forbairtí i
múineadh na Gaeilge in Ionad na dTeangacha ansin, níl mórán eolais le
fáil go dtí anois faoi na sagairt ar leith taobh thiar tús an scéil agus na
deacrachtaí a bhí ag chuid acu fréamhacha doimhne na Gaeilge a chur san
ollscoil. Tá sé in am do lucht na Gaeilge saothar na bhfear seo a aithint agus
ligeann an leabhar seo seans luach a gcuid oibre agus a gcuspóirí uaisle a
thuiscint i gceart. Brendan Kane, University of Connecticut
Hilary Mhic Suibhne, New York University
Kevin Scannell, Saint Louis University
Hilary Mhic Suibhne, New York University
Kevin Scannell, Saint Louis University
________________________________________________________
The members of
the Irish language book award committee, Brendan Kane, (University of
Connecticut) Kevin Scannell, (Saint Louis University) and I would like to thank
Professor Éamonn Wall, Smurfit-Stone Professor of Irish Studies and Professor
of English at the University of Missourí, St Louis for sponsoring the ACIS
Irish Language Research Book Award 2016 until 2020 inclusive.
Hilary Mhic Suibhne, Ionadaí na Gaeilge
ACIS Comhdháil Náisiúnta.Ollscoil Missouri, Kansas City. MO
1 Aibreáin 2017
_________________________________________________________
Hilary Mhic Suibhne, Ionadaí na Gaeilge
ACIS Comhdháil Náisiúnta.Ollscoil Missouri, Kansas City. MO
1 Aibreáin 2017
_________________________________________________________
ACIS Duais 2017
Leabhar Taighde na Bliana
Leabhar Taighde na Bliana
An Ghaeilge i Maigh Nuad by Seán Ó
hÉanacháin.
Published by Cló Iar-Chonnacht (2016)
Published by Cló Iar-Chonnacht (2016)
287 pages. 12 Euro.
_________________________________________________________
_________________________________________________________
"This is a fresh approach, a chronological, literary work which discusses the two-hundred-year relationship of priests at the National University of Ireland, Maynooth, with the Irish language." Pg 10
This book examines the place of the Irish language in
Maynooth College, established in 1795, later known as Maynooth University.
Initially the book discusses the role of the Irish language in the lives of
clergy studying in European Colleges during the time of Geoffrey Keating.
Periods of negativity, disrespect and narrow mindedness came to the fore within
the university regarding the language in the early nineteenth century. This
continued to almost the end of the century until the appointment of Eoghan Ó
Ghramhnaigh to the Chair of Irish Language, a seat which had been left vacant
for over fifteen years. But despite the launch of the language revival in
Ireland the story of the language within Maynooth is not without troubles;
unfortunately those in charge were not always the most enthusiastic! This book
examines the life and work of the most dedicated scholars and teachers of Irish
in the university. Eoghan Ó Ghramhnaigh, Mícheál Ó hIcí, Breandán Ó Doibhlin,
Pól Breathnach, Tomás Ó Fiaich agus Pádraig Ó Fiannachta. Since the
establishment of the state, according to the author, it was the clergy who
worked for the advancement and development of the language, when the
authorities showed little interest.
Decision:
Decision:
Although Maynooth University is well known for many years
for its exemplary teaching and research in Irish, and latterly for the
developments at The Language Centre, there has been little information until
now regarding particular priests who lead the way in Irish language scholarship
at this institution notwithstanding the difficulties which some encountered in
setting those language roots. It is time to recognize the work of these men and
this book illustrates the breadth of their work and their noble aspirations.
Brendan Kane, University of Connecticut
Hilary Mhic Suibhne, New York University
Kevin Scannell, Saint Louis University
Brendan Kane, University of Connecticut
Hilary Mhic Suibhne, New York University
Kevin Scannell, Saint Louis University
Thursday, January 19, 2017
Seoladh: Tost agus Allagar le hAilbhe Ní Ghearbhuigh
Fuaireas cuireadh ó Thomas hIde an leabhar a sheoladh anuraidh ar an 18 Feabhra 2016 sa Graduate Center of the City University of New York 365 5th Ave, New York, NY
Seo thíos an aiste ghearr a scríobh mé faoin mbailiúchán.
Seo thíos an aiste ghearr a scríobh mé faoin mbailiúchán.
Tost agus Allagar Coiscéim (2016)
le hAilbhe Ní Ghearbhuigh
le hAilbhe Ní Ghearbhuigh

Nach iontach an
ócáid í, seoladh leabhar Gaeilge i Nua Eabhrac, agus ní hamháin leabhar
Gaeilge ach leabhar filíochta. Ní tharlaíonn ócáid mar seo ró mhinic anseo agus ba mhór agam an deis a bheith páirteach.
Tá sean aithne ag lucht na Gaeilge i
gCathair Nua Eabhrac ar an gCiarraíoch, Ailbhe Ní Ghearbhuigh. Chaith sí bliain
inár measc naoi mbliana ó shin buí le Fulbright. Bhí sí i lár saol na teanga an
tréimhse sin anseo i gcathair Nua Eabhrac. Tháinig sí mar mhúinteoir sinsir
chuig imeachtaí na Gaeilge le Daltaí na Gaeilge chomh maith, mar sin tá líon
mór cairde aici anseo.
Foilsíodh a céad chnuasach filíochta Péacadh i 2008 tar éis dí imeacht abhaile ó Nua Eabhrac. Bhí áthas orainn go léir ar a son. Tháinig sí thar n-ais in ár measc ar chuairt agus bhí spraoi arís againn le chéile ag seoladh an leabhair sin in Iona College, New Rochelle ag ceiliúradh na Gaeilge ansin. Ní raibh ionadh orainn gur éirigh léi le Péacadh mar ba léir ón tús gur duine thar a bheith éirimiúil atá inti - aithníodh óna céad chnuasach san gur guth úr, ciúin, láidir a bhí tagtha chun solais.

Nuair a féachann sí feiceann sí, nuair a éisteann sí chloiseann sí..... agus má leagann sí ladhar a smaointe
ar rud ar bith, mothaíonn sí.
Bhíomar go léir ag tnúth mar sin ar leabhar eile uaithi agus anois tá sé againn. Tost agus Allagar.
Bhíomar go léir ag tnúth mar sin ar leabhar eile uaithi agus anois tá sé againn. Tost agus Allagar.
Ar dtús féachaimid ar an teideal
féin, Tost agus Allagar. Eascraíonn ceisteanna spéisiúil fiú ó
theideal an leabhar seo: Cheapfaí b'fhéidir go mbeadh na coincheapa sin i
gcodarsnacht le chéile nó go mbeadh bearna ollmhór eatarthu, ach tá sé soiléir
ón mbailiúchán seo go n-oibríonn tost agus allagar le chéile agus óna chéile i
bhfoirmeacha cumarsáide bunúsacha. Cad faoin spás eatarthu agus conas an
spás seo a líonadh? An labhraíonn gach fhuaim linn? An gcloisfimid
teachtaireachtaí ó na fuaimeanna uile in ár dtimpeallacht? An bhfuil difríocht
idir torann, gleo agus ceol? An teangacha iad siúd go léir, nó an teangacha iad
ar chor ar bith muna labhraíonn siad linn?
Sa bhailiúchán seo is ceisteanna cumarsáide atá á gcíoradh ag an bhfile, cumarsáid a tharlaíonn i slite difriúla - cuid acu a bhfuil do-aitheanta don domhan mór. Tosaíonn an cnusach le dán darb ainm "Babel", tá an dán bunaithe ar an túr Bháibíl féin as a dtagann teangacha uile na cruinne sa sean-Tiomna. Is íomhá bhunúsach í seo a spreagann ceist: an féidir cumarsáid a dhéanamh má bhíonn comórtas agus coimhlint-chatha ann? An mba choir, nó an ndéanfadh sé maitheas dul thar n-ais go dtí an tosach chun fadhbanna an saol chomhaimseartha a réiteach mar a tharla sa sean scéal?
Agus má smaoinítear ar fhuaimeanna difriúla mar theangacha an osclaítear doirse tuisceana os ár gcomhair nó an bhfuil seans ann go mbeimid caillte go hiomlán sa chlabaireacht?

Leanann an bailiúchán ar aghaidh le
modhanna cumarsáide difriúla timpeall na cruinne a iniúchadh; caint na
n-ainmhithe, cur i gcás éanlaith na spéire, na beacha ina mBeachaire, mic tíre,
con-riocht agus rosualt fiú.
Ansin díríonn Ailbhe ár n-aire chuig
cumarsáid sainiúil ag dreamanna áirithe, modhanna atá at titim i léig nó imithe
go deo anois, mar shampla cumarsáid spéisiúil na fineBhascaigh i ndeisceart na
bhFraince, darb ainm irrintzina - sin
cineál screada, scréiche nó béice a dheineadh idir na haoirí.
Agus modh cumarsáide idir aoirí sa bhFrainc fadó a bhí in úsáid acu chun na Giúdaig a chomeád slán ó na Naitsithe, slí a lig dóibh teacht slán ar teorainn na Spáinne. Teanga feadaíola a bhí ann nach maireann anois ach i gcuimhne na ndaoine.
Cloisimid ansin uaithi píosa faoi drumadóireacht sa Chongó a bhí i réim roimh theach an fónphóca.

Agus
cad faoi modhanna cumarsáide gan fhuaim ar chor ar bith - teangacha gan
fhocail, cineálacha chód cumarsáide, idir deirfiúracha cuir i gcás, nó idir
daoine ar leith eile le mór-thuiscint acu ar a chéile. Cad faoi an tslí ina
labhraíonn an chorp i gcaidreamh daonna, go háirithe i gcásanna lánúin. Tá bua
ar leith ag an bhfile seo mionscrúdú a dhéanamh ar cheo an ghrá mar bhrat a
dhéanann oileán de lánúin in uairibh, agus iad gan chíos cás na cathú orthu
féin.
Feictear
féith grinn an fhile ag spléachadh anseo is ansiúd i ndánta chomh maith mar
eiseamláir: "Manach Eile agus a Chat" (lch 29) a chuireann ár gcara Pangur bán i
gcuimhne dúinn, súil eile ar saol scríobhaí fadó - agus an dán gearr "Insha'Alla" a imríonn le
friotal agus íomhá. (lch 36)
Tá dánta anseo atá i bhfad níos
dáiríre ná mar a cheapfá óna theidil chomh maith, díol spéise atá iontu siúd, déanaimid
gáire b'fhéidir ar dtús agus sinn ag léamh "Gaeilgeoir Deireanach Bhaile Átha
Cliath" - feicimid an greann. Tá an rialtas tar éis an deireadh a chur leis
an nGaeilge a bhí ag fáil bháis le tamall. Aithnímid áthas an reacaire mar
tháinig sí slán as an ionsaí, ach anois tá frustrachas agus meath-mhisnigh uirthi
mar tá sí fágtha ina haonar in iarsmallan ag iarraidh labhairt le duine ar bith
a thagadh ina treo agus cumas na Gaeilge acu. Ach an teachtaireacht is tabhachtaí atá
ann dar liom ná nach raibh mórán Gaeilge ag an reacaire seo riamh, i ngan fhios
dí féin. Le bheith macánta ba chuma léi an teanga, bhí suim aici a bheith ar
TG4 sin an méad. Anois bíonn sí ag spalpadh a GaeilgePhigin dí féin.
Ní dhéanann Ailbhe dearmad ár n-aire a dhíriú chuig an folús a thagann in ár saolta nuair a imíonn guth áirithe go deo uainn - nuair is fearrde torann allagair ná tost.
Ní dhéanann Ailbhe dearmad ár n-aire a dhíriú chuig an folús a thagann in ár saolta nuair a imíonn guth áirithe go deo uainn - nuair is fearrde torann allagair ná tost.
Sa dán simplí i ndilchuimhne ar
Mhuiris Ó Meara cur i gcás:
Sciobadh uainn do ghuth piachánach
is fágadh an tost i d'áit
Ghéill an t-amhránaí don gciúnas;
Balbhaíodh cách
Cad é an gaol idir tost agus an bodhrán? Sa dán 'Scéala ón Oirthear" feicimid gur fágadh ina bhodhrán é fear an tigh solais de dheasca ganntanas chomhrá agus cuideachta - an é sin le rá go bhfuil gaol idir cumas éisteachta agus cumas cainte, nó b’fhéidir cumas cumarsáide? Ní féidir cumarsáid a dhéanamh gan éisteacht agus tuiscint, seachas sin blether atá ann.
Smaoineamh a tháinig chugamsa agus mé ag léamh trí na dánta seo ná fadhbanna an leath-bhodhráin nó fadhbanna an bodhráin úire le húsáid gléas áis-éisteachta don chéad uair. Tá aithne againn go léir ar an gcréatúr seo, agus seans go mbeidh cuid mhaith againn san aicme sin amach anseo. Faightear an gléas (áis-éisteachta) chun an té a chóiméad i dteagmháil le glórtha an tsaoil, ach má fhantar ródhéanach roimh an áis a fháil bíonn sé thar a bheith deacair teacht thar n-ais ó shólás agus compord an leath-chiúnais. (Sílim go bhfuil dán ag péacadh ionam féin anois - grma a Ailbhe!)
Ach cad é cuspóir filíochta nó aon
cineál litríochta ach sinn a chur ag smaoineamh, ag iniúcha agus ag iarraidh
teacht ar radhairc úra ar an saol.
I bhfocal Nuala Ní Dhomhnaill: “ Is
leabhar iontach é seo. Labhrann intleacht chomh gear agus chomh gléineach tríd
síos gur cúis bróid dom é gur i nGaeilge a labhrann sí. An tuiscint atá ann ar
chás an duine, ar chomh deacair is atá sé teanga a chur ar eispéireas an chine,
gan trachtar an duine aonair… Tá an fhírinne shearbh again anseo, ach mar a
thug Emily Dickinson comhairle dúinn fadó, í ar sceabhadh.”
Agus cuir Mairín Nic Eoin deireadh iontach ar bhrollach an leabhair seo agus ba mhaith liom an píosa san a roinnt libh:
Agus cuir Mairín Nic Eoin deireadh iontach ar bhrollach an leabhair seo agus ba mhaith liom an píosa san a roinnt libh:
"Tá
lón machnaimh agus féasta filíochta sa chnuasach álainn seo, ní hamháin go
léiríonn na dánta samhlaíocht agus éirim thar an gcoitiantacht, ach bainfidh
léiritheoirí pléisiúr as cuimse, as an bhfriotal ceolmhair agus as na híomhánna
beoga a chuirtear ag rince os ár gcomhair iontu."
Mar
sin, a chairde,
Bígí ag léamh.
Bígí ag smaoineamh.
Bígí ag ceannach!
Bígí ag léamh.
Bígí ag smaoineamh.
Bígí ag ceannach!
Monday, April 04, 2016
Gradam: Leabhar Taighde na Bliana 2016
An Chomhdháil Mheiriceánach do Léann na hÉireann - Comhdháil Náisiúnta
Seo thíos an t-adhmholadh a thug mé ag an gcomhdháil náisiúnta in ollscoil Notre Dame, Dé hAoine seo chaite. Bígí ag léamh a chairde!
"Ar dtús ba mhaith leis an
gcoiste Brendan Kane, Ollscoil Connecticut, Caoimhín Scannell, Ollscoil Saint
Louis, agus mé féin ár mbuíochas a ghabháil le hÉamonn Wall, Ollamh an Bhéarla
ag Ollscoil Missouri as a chuid tacaíochta le hurraíocht a chur ar fáil don gradam bliantúil tábhachtach seo, go dtí 2020.
Tá áthas ar an gcoiste
gradam 2016 a bhronnadh ar Chormac Ó Comhraí i mbliana, de bharr a leabhar Sa Bhearna Bhaoil, Gaillimh 1913 -1923,
foilsithe ag Cló Iar-Chonnacht (2015). 412 leathanaigh.
Ba thréimhse corraithe na blianta
ó 1913 go 1923 do mhuintir na Gaillimhe idir chathair agus chontae. Tharla
athruithe ar shaol polaitiúil, eacnamaíoch agus sóisialta an cheantair díreach
mar a tharla timpeall na tíre sa thréimhse céanna. Tháinig meath ar an bPáirtí
Dúchais agus fágadh spás ansin d’fhorbairt Shinn Féin agus an IRA. Chuir Éirí
Amach na Cásca, Cogadh na Saoirse agus Cogadh Cathartha athruithe eile ar an
réigiún de réir a chéile. Cíortar sa leabhar seo an tslí ina ndeachaigh na hathruithe
seo i bhfeidhm ar mhuintir na Gaillimhe; an dream a thacaigh leo agus iad a
chuir ina n-aghaidh agus, cuirtear príomhcharachtair na coimhlintí ar gach
taobh inár láthair.
Baineann an chéad chuid den leabhair leis an
gcomhthéacs agus le hÉirí Amach na Cásca, baineann an tarna chuid leis an
réabhlóid pholaitiúil agus le fás Shinn Féin, pléann an tríú cuid le príomhimeachtaí
a bhain le Cogadh na Saoirse i nGaillimh agus pléitear an Cogadh Cathartha ag
an deireadh.
Ní
theipeann an leabhar scéalta
na tréimhse seo a thabhairt dúinn díreach ó phobal na Gaillimhe, pé
chúlra a
bhí acu. Tá fonótaí iontacha ar fáil agus bailiúchán ghrianghraf den
scoth sa
lár. Scríobh an t-údar ón tús sa Ghaeilge, agus mar a luaigh sé is le
muintir dheisceart Chonamara an stair seo, mar sin ba chóir dó an
leabhar a bheith scríofa ina dteanga
féin, ‘sé sin ár dteanga. Comhghairdeas leat arís a Chormaic. "
-------------------------------------------------
Mícheál Ó Chonghaile ag ghlacadh an gradam mar ionadaí an údair, Cormac Ó Comhraí
-------------------------------------------------
Hilary Mhic Suibhne
Ionadaí na Gaeilge
An Chomhdháil Mheiriceánach do Léann na hÉireann
American Conference for Irish Studies
Ollscoil Notre Dame
1 Aibreáin 2016
Ionadaí na Gaeilge
An Chomhdháil Mheiriceánach do Léann na hÉireann
American Conference for Irish Studies
Ollscoil Notre Dame
1 Aibreáin 2016
Saturday, September 26, 2015
Báid an Bháis ag Seoltóireacht Arís
Chonaic
mé an dealbh seo i músaem an Ghórta Mhóir in Ollscoil Quinnipiac bliain
go leith ó shin. Ní cuimhin liom ainm an dealbhóra, b'fhéidir John Behan? ach gheobhaidh mé é
agus cuirfidh mé anseo é amach anseo. Nochtann an dealbh an tslí ina
gcoimeádtar na glúin trioblóidí a sinsir iontu, fad is ar éigean atá
siad ag bogadh ar aghaidh.
Imíonn an t-am ach fágann sé a lorg i slite difriúla. Braitear go
gcoimeádann sé ár rúnda ach ní i gcónaí - ba mhinic a cheaptar nach
mbíonn a loirg le feiscint ach muna bhfuil is amhlaidh a bhíonn siad
ann, ina mbealaí inmheánacha, mar lorg dóite nó tatú ar chraiceann
atá clúdaithe. Aithnítear é seo - ach ní i gcónaí a thuigtear; is cuid
dár n-oidhreacht iad fulaingthe ár sinsir. B'fhearr linn dearmad a
dhéanamh, b'fhearr linn gan labhairt fúthu, b'fhearr linn go n-imeoidís
san aer. Ach iompaítear linn lorg a streachailte i ngan fhios dúinn
féin.
Cloistear scéalta gach ré lá faoi na Siriaigh agus iad ag bogadh ó thuaidh gan faic óna dtír dúchas. Tugtar "imircigh" orthu in ionad "dídeanaithe" faoi mar a tugadh "imircigh" ar na hÉireannaigh i lár an naoú haois déag. Sainmhínítear "dídeanaí" dar liom ná duine a theitheann óna thír féin de dheasca cogaidh, géarleanúna, ocrais nó tubaiste. Bíonn báid an bháis ag seoltóireacht arís.
Nach dídeanaithe iad siúd?

Saturday, September 19, 2015
Google Anseo, Google Ansin
Táim ag éirí míshásta le Google: Google anseo, Google ansin.
Google gach áit. Fiú an suíomh seo - is le Google an comhlacht Blogspot
le tamaillín anois, rinneadar iarracht Blogspot agus Google + a chur le
chéile agus thit an tóin as an tsaoil, i mo chás ar aon nós, agus feicim go bhfuil scríbhneoirí eile a bhí ar Blogspot tar éis
éirí as de dheasca na deacrachtaí go léir. Bhí sé beagnach dodhéanta
domsa nóta a chur suas ar an mblag seo le breis agus bliain anuas! Bhí
fadhbanna agam ann le síniú isteach i gcónaí agus nuair a bhí na
fadhbanna sin réitithe agam ansin chaill mé teagmháil le cairde trí
Google Voice, agus bhí Google Hangouts trína chéile ...osna....Bhí an tsá gránach agam de! Tarlaíonn cac
mar seo go minic nuair a bhíonn comhlachtaí móra i gcónaí ag iarraidh cumaisc a dhéanamh le bogearraí ó fhoinsí éagsúla.
Tá athruithe le déanamh agam anseo, smaointí nua agam faoin suíomh seo.....agus beidh mé sásta le Google arís nuair a bheidh gach rud i bhfeidhm i gceart arís, déarfainn. An éiríonn aon duine eile bréan agus leamh de na comhlachtaí móra?Monday, April 13, 2015
Fáilte ar ais a chara dhil.
Tháinig an ghrian thar n-ais go Nua Eabhrac inné tar éis saoire rófhada sa leathchruinne ó dheas. Chaitheas leath an lae taobh amuigh agus í ag spalpadh anuas orm. Is iontach í a bhraistint inár dtimpeallacht arís, tá sí cúthail fós áfach agus mar sin is aoibhinn linn í ag an am seo den bhliain. Rinne mé leath iarracht obair ghairdín a dhéanamh ach theip orm, ní raibh mo chroí san obair - ba chuma liom duilleoga briosca agus fuílleach phlanda an tsamhraidh seo chaite anseo is ansiúd, glanfaidh mé amach iad lá éigin! Scaoil mé amach an fraoch amháin a bhí faoi charn duilleog agus tháinig na beacha gan mhoill. (Féach thuas) Anois níl le déanamh ach an tEarrach a cheiliúradh -Súp a bhaint as an ngrian agus as saoirse na méar-chosa atá bánlag ó bheith i ngéibheann na stocaí le tamall fada.
Wednesday, February 04, 2015
Timpistí agus Luach Ama
Bhí timpiste uafásach ar mo líne thraenach aréir. Tá
crosbhóthar ag an bpointe sin i Valhalla, NY, idir an t-iarnród agus
gnáth-bhóthar, agus bhí gluaisteáin ar an líne ag iarraidh dul trasna an
iarnróid. Ní fheadar cad a tharla go beacht go fóill, ach is cosúil go raibh na
geataí thíos - taobh thiar agus os comhair an ghluaisteáin sin, agus é gafa ar
an líne. Tháinig an traein ar luas seasca míle an uair.
Tá an scéal amuigh anois go raibh an tiománaí ghluaisteáin ag iarraidh dul trasna an iarnróid go tapaigh nuair a bhí na soilse gealánacha ag obair - díreach roimh ísliú na geataí, ach níor éirigh léi.
Fuair sise agus seisear sa chéad charr bás. Bíonn breis agus 600 ar an traein sin.
Is minic a chuireann daoine brú orthu féin ag an am sin den lá sa bhuaic-uaireanta, bíonn gach éinne ag iarraidh nóiméad nó dhó a ghearradh ón turas abhaile i slite difriúla - nóiméad eile sa bhaile b'fhéidir atá uathu - nóiméad níos fearr ná nóiméad nó dhó eile ar an turas chuig a gceann scríbe?
Bhínn ar an traein ag an am sin go rialta agus bhínn sa chéad charr i gcónaí - go dtí le déanaí. Ach an seimeastar seo athraíodh m'uaireanta oibre - mar sin ní raibh mé ar an traein aréir. D'imigh mé liom ón oifig níos luaithe sa lá agus bhíos i dtraein eile ar an líne céanna - sa chéad charr mar is gnách dom.
Ritheann sé liom arís ar maidin nár cheart dúinn an saol a ghearradh mar sin; idir amanna tábhachtacha agus amanna gan mhaitheas, mar shampla turais sa bhuaic-uaireanta. Níl dul astu anois is arís, saol amháin atá ann.

Sunday, December 14, 2014
I ndilchuimhne ar 20 páiste idir 5 agus 6 bliana d'aois a fuair bás: 14 Nollaig, 2012
Sléacht na Soineantachta
Brionglóid:
Feicim iad faoi ghealsholas na
maidine.
‘S iad dreapadóireacht anuas
Céimeanna arda óna mbus mór buí
Ar chosa beaga tanaí.
Málaí ollmhóra ar a ndromanna caola;
Bándearg cuid acu, dearg agus
dúghorm cuid eile,
Maisithe le capaillíní ‘s laochra
an lae.
Gan mórán iontu ach cóip leabhar,
Leabhairín léitheoireachta,
Bosca lóin agus pinn ildathacha.
Leabhairín léitheoireachta,
Bosca lóin agus pinn ildathacha.
Ansin iad ag rith isteach,
Nuair nach gceadaítear rith.
Nuair nach gceadaítear rith.
Gáirí agus cabaireacht le cloisint,
Aghaidheanna beaga nite.
Fiacla diúile
Miongháirí mantacha.
Gealfhiachlach
Gealgháireach.
Gealfhiachlach
Gealgháireach.
Réidh le Síog na Fiacaile.
Réidh le Daidí na Nollag.
Réidh le gnáth lá eile.Friday, September 19, 2014
Ainm Eile ar Náisiúnachas
Is mó a chloistear le déanaí faoi deireadh náisiúnachais, gur bhain an
coincheap sin leis an naoú haois déag ar an gcéad dul síos, go nóisean
seanfhaiseanta é, agus níos tábhachtaí fós ná go gcothaíonn sé easaontas
agus achrann idir pobail. Táimid thar náisiúnachas is cosúil.
Ní bhaineann féiniúlacht le náisiúnachas níos mó ach an oiread, ach le cultúr amháin. Téann féiniúlacht agus cultúr le chéile agus ba cheart náisiúnachais a fhágáil taobh amuigh. Tá tírghrá ceart go leor áfach - chomh fada nach bhfuil puinn náisiúnachais ann!!
Ní fheadar a dtagann náisiúnachas as neamhionannas agus leithcheala nó as a mhalairt; ach cinnte téarma atá ann a cheanglaíonn daoine le chéile in áit áirithe nó ar son áite áirithe, téarma a chothaíonn mothúcháin láidre agus doimhneacha.
Bíonn féiniúlacht agus cultúr bunaithe ar an saol a roinnt in áit áirithe nó ar ndóigh ar an saol a roinnt le daoine áirithe; meonta atá iontu a cheanglaíonn dreamanna le chéile. An é go bhfuil an focal "Náisiúnachas" in-ghlactha anois mar fhréamh ar chúrsaí agus gluaiseachtaí pholaitíochta, agus go nglactar le córas cónaidhmeachta nó feidearálachas mar chóras comhaimseartha? An leanfaidh náisiúnachas faoi thalamh mar sin - ní imíonn mothúcháin faoi thalamh fiú muna bhfuil focal ceart ann iad a chur in iúl, fíric atá le feiscint timpeall na cruinne.

Friday, May 23, 2014
Injustice for the sake of the Law
ciontach1, m. (gs. & npl. -aigh, gpl. ~). Offender, transgressor; guilty person. Cion an chiontaigh ar an neamhchiontach, the innocent suffers for the crimes of the wicked. Ó Dónaill, 1977
In a leabhar On Reason: Rationality in a World of Cultural Conflict and Racism
luann Emmanuel Chukwudi Eze coincheap an mhaithiúnais ar son
an daonlathais, go háirithe i réiteach coinbhleachta ón dara cogadh domhanda i
leith, éagóir ar son an dlí. Tugann sé samplaí ó chogaidh difriúla agus na
réitigh a baineadh leo le babhta idirbheartaíochta. Fadhbanna crua le réiteach
i ngach cás acu, cuid acu fiú dodhéanta a réiteach. Pléann sé an córas
cine dheilte san Afraic Theas mar shampla, agus coipigh cogaí ón Ghearmáin tar
éis an chogaidh. Osclaíonn sé an sean cheist, an bhfuil maithiúnas ná pardún ar
son caidreamh idirnáisiúnta ceart nó coir? agus cad é tionchar chóras mhaithiúnais
ar an té a bhí faoi mhursantacht duine, dream nó réim?
Bhí scéal Jean McConville, a dúnmharaíodh i 1972, ar
leathanach tosaigh an New York Times inné. Where‘Say Nothing’ Is Gospel, I.R.A. Victim’s Daughter Is Talkin. Fágadh a
dúnmharú deichniúr idir 6 agus 16 ina ndílleachtaí agus ina mbalbháin de
dheasca faitíos agus bitheagla. Deir iníon an íobartaigh, Helen, 56 anois, gur
lean an polasaí maidir le bulaíocht agus ciapadh ar aghaidh orthu sa bhaile i
mBéal Feirste, fad is a bhí a fhios ag cách sa cheantar beag inar mhaireadar
cérbh iad na dúnmharfóirí. Anois daichead bliain dár gcionn tá sí bréan de,
agus ní féidir léi a bheith ciúin níos mó. An labhraíonn sí ar son daoine
fuadaithe timpeall an domhain?
Cén cineál duine a mharaigh an bhean seo agus cé hiad a bhí
leis nó léi? Cé mhéad atá ciontach? Cúigear? Deichniúr? Níos
mó? An dtuigeann siad nach rabhadar ach mar Dhúchrónaigh an droch lá sin
daichead bliain ó shin? An bhfuil sé ceart nó coir go bhfuil polasaí i réim ó shin atá
caoch ar an dúnmharú seo óir go mbeadh sé ródheacair, nó róchasta b’fhéidir,
daoine a fháil ciontach – agus go mbeadh ciúnas ní ba fhusa go dtí go mbeadh an
clár dúnta ar an té a scaoil léi?
Wednesday, April 30, 2014
Peann lándúch agam ach gob!
Is balbhán mé le déanaí!
Bhuel, ní féidir a rá go bhfuilim im fhíor-bhalbhán ach níor scríobh mé anseo le tamall anuas.
D'imigh
an t-am isteach níos tapúla le déanaí ba chúis leis! - Amaideach, tá a
fhios againn nach imíonn an t-am isteach níos tapúla! Bhuel, ní féidir a rá go bhfuilim im fhíor-bhalbhán ach níor scríobh mé anseo le tamall anuas.
Ní hé nach rabhas ag smaoineamh! Bíonn an iomarca smaointe ag rith tríom ó lá go lá ach cad é an bac seo a bhíonn sa dtreo?
Colaistéaról an scríbhneora - Conas é a ghlanadh amach as na féitheacha?
- Cosc ar an snámh an bhrachta. - Díomá, brón nó áthas, aoibhneas, gliondar, lúcháir nó, faraor níos measa, gnóthaí an tsaoil, agus.....leisce.
Ach saol iontach suimiúil gnóthach ríméadach!
Peann lándúch agam ach gob!
Subscribe to:
Posts (Atom)