Bhí an scéal seo idir lámha ag an gClub léitheoireachta le déanaí. Gearrscéal iontach atá ann.
Rinne mé taiféad de:
Nasc chuig comhad fuaime
Bainigí sult as!
Monday, June 20, 2022
An Turas Tranach le Dáithí Ó hÓgáin
Friday, April 22, 2022
Ardfhlaith na Danmhairge - Hamlet
Hamlet - as Gaeilge
Is fear óg é Hamlet dar liom, ní fheadar cén aois a bhfuil air go beacht ach cheap mé i gcónaí go raibh sé ina dhéagóir, abair 19 nó mar sin. Níl sé soiléir sa dráma féin ach oiread. Cén fáth go bhfuilimse cinnte go bhfuil Hamlet óg? Bhuel, tá cúpla leid ann, cuireann a uncail Claudius an dallamullóg air ag tús báire, bhí scéim dhiamhair aige a dheartháir, athair Hamlet, a mharú agus teacht ar chumhacht na tíre gan cíos, cás ná cathú. Phós Claudius a dheirfiúr chéile ansin, baintreach a dhearthár agus máthair an fhir óg, ach theip air mórán ama a chaitheamh ag smaoineamh faoi Hamlet. B'fhéidir gur cheap sé nach raibh ann ach ógfhear amaideach.
Is smaointeoir domhan é Hamlet, tá sé beagáinín as a mheabhair le buairt tar éis bháis a hathair agus tá díomá nach beag air lena mháthair. Ligeann sé go bhfuil sé ina ghealt! Níl a fhios aige cad ba cheart a dhéanamh ach bhraitheann sé go bhfuil air díoltas a imirt ar a uncail. Ba bhreá leis a bheith ina laoch! Ach tá sé idir dhá thine Bhealtaine, (dhá cheann ar a laghad!) agus é ag argóint lena choinsias óg féin agus ag iarraidh cinneadh a dhéanamh le coinsias glan. Bíonn sé ag dianmhachnamh faoin saol mar atá, agus seanacheist an bháis, cad é? Cad is ifreann ann? An bhfuil teacht ar na flaithis ar chor ar bith? Ceisteanna a thosaíonn ag boilgearnach i mbeagnach gach déagóir uair éigin agus iad ag éirí ina aosaigh óga. Ceisteanna fealsúnacha an tsaoil nach bhfuil freagraí le fáil fiú ceithre céad bliana dár gcionn, nó riamh déarfainn.
Seo thíos comhad fuaime, an téacs agus gluais.
Beo nó neamhbheo? Nach í an cheist,
An fearrde é leanúint faoi bhráca,
Leanúint le céasadh intinne, le céasadh an tsaoil
Gan a fhios cén t-uafás a thitfidh amach?
Nó, an fearr dul i dtreo cogaidh, éag-ghonta,
Agus suaimhneas síoraí a fháil - má fhaightear.
Chun báis: Chun suain: Ciúnas go deo!
Saor ó achrann na buartha agus ó ualach an bhróin
Ar ghualainn na mbeo, oh - scaoil amach mé!
Guím: Ciúnas go deo: Chun báis: Chun suain
Ach fós, saor ó taibhreamh?
Ochón na taibhrimh: sin í an fhadhb;
Faoi dheireadh is faoi dhéanach
Ar shlí na fírinne, saor, mar sin? Nó,
Dromchromadh, ciaptha ag an imní.
Feallaire inár measc! Saoirse bhréagach.
Fulaingt faoi shála daonnachta,
Cad chuige aghaidh ar anró an tsaoil?
Roimh bhearta na mbaitíní agus na dronga santacha,
Ar an anás os comhair na saibhre,
Airc agus ampla faoi smacht na dtíoránach,
Is na mílte anachana eile,
Cúraimí gan cúiteamh gan faoiseamh go deo!
Ó, fáilte roimh Lá an Luan, le cabhair
Ón lann scine nó ón steallaire caol.
Rogha éasca.
Óchón - go bhfóire an bradán beatha orainn!
É a chur amach le hosna. Dea-críoch, droch chríoch.
Is ionann an cás an beo is an bás.
An bhfaightí cúnamh ón mbuille marfach.
An taistealaí anaithnid gan fuacht gan faitíos
Ag bualadh isteach i dtír choimhthíoch.
Faraoir, arís eile, ina staic le heagla,
Mar mheatachán cladhartha.
Leagan Gaeilge
Irish Language Version
15 Aibreáin 2022.
Hilary Mhic Suibhne
faoi bhráca - distress
éag-ghonta - mortally wounded
ualach an bhróin - burden of sorrow
shála daonnachta - heels of humanity
bhearta na mbaitíní - shenanigans of bully-boys
dronga santacha - greedy hoards
Airc agus ampla - want and hunger
anachana - calamities or disasters
Cúraimí gan cúiteamh gan faoiseamh - relentless thankless tasks
Ón lann scinne nó ón steallaire caol. - from stiletto, a long slender dagger, or syringe
An bradán beatha - last gasp, death rattle
mbuille marfach - death blow
taistealaí anaithnid - strange traveller (on life's journey)
gan fuacht gan faitíos, - without hesitation
ina staic - paralysed
Mar mheatachán cladhartha - Like a craven coward.
Uasdátú Bealtaine : Agus féach anseo anois: The Drilling Company - an píosa idir lámha Una Clancy.
Comments? Please DM me on Twitter or FB.
I'm no longer processing comments here due to trolls.
Tuesday, April 05, 2022
Arán agus Im - Seó Bóthair le Manchán Magan
Chuaigh mé chuig an seó seo Dé Domhnaigh, san Ionad Ealaíona na nGael, in NYC (726, Ascaill 11).
Bhí sé ar fheabhas, meascán idir taispeántas, dráma, léacht agus cóisir. Tá an léiriú féin éadrom agus greannmhar ach nochtann sé idir smaointe éadroma agus smaointe doimhne Mhancháin, a chur an lucht féachana (tá súil agam!) ag meabhrú agus ag machnamh faoi chostas an chailliúint, i bhfocail, timpeallacht agus eile.
Tá an seó go hiomlán dátheangach agus oireann sé do chách, idir óg agus aosta, Béarlóirí agus Gaeilgeoirí. Seans do Gaeilgeoirí a gcéilí agus a gcairde gan Gaeilge a thabhairt in éineacht leo (má ba mhian leo, ní bheidh siad amuigh sa bhfuacht!) Beidh an seó seo le feiscint anseo is ansiúd amach anseo, Albany, Kingston NY féach thuas, Boston agus áiteanna eile féach anseo.
Tá foirgneamh nua Ionad Ealaíona na nGael díreach oscailte agus tá sé galánta ar fad, is fiú cuairt a thabhairt air. Bhí ar gach duine a chárta vacsaín a thaispeáint ag an ndoras agus aghaidh fhidil a chaitheamh an t-am ar fad taobh istigh.
Comments? Please DM me on Twitter or FB.
I'm no longer processing comments here due to trolls.
Wednesday, March 30, 2022
Táim anall thar Wordle! agus Foclach leis...
Breis agus dhá bhliain caite anois faoi scáth an víris seo, fós á seachaint! Breis agus dhá bhliain ó bhuaileas le daoine áirithe - cairde agus leathbhádóirí srl. Níl sé go dona, tá taithí agam ar ndóigh leis an saol níos ciúine agus tá sé cgl. Léim níos mó, scríobhaim níos mó, braithim go bhfuilim níos sláintiúla de bharr tuilleadh aclaíochta! Tá an t-ádh orm i go leor slite. Ní chuireann Zoom isteach ná amach orm, is breá liom ócáidí ar-líne, nach iontach an tslí ina n-oibríonn daoine le chéile chun imeachtaí a dhearadh agus teagmháil a choimeád le cairde? Bíonn an saol ar uairibh as fócas áfach; le teacht an earraigh anois déanfaidh mé iarracht athrú a dhéanamh ar sin más féidir.
Táim anall thar Wordle! agus Foclach leis (léi!) - thar n-ais le crosfhocail agus filíocht, deirfiúracha gaoil b'fhéidir.
Comments? Please DM me on Twitter or FB.
I'm no longer processing comments here due to trolls.
Wednesday, October 27, 2021
Cuireann Léamh Mé ag Smaoineamh ( - agus ag Scríobh.)
Bhí agallamh breá ag Brian Ó Conchubhair leis an scríbhneoir Pádraic Breathnach inniu faoina scéal "Na Déithe Luachmhara Deiridh." Ciorcal léitheoireachta beo ar líne atá i gceist agus tá fáilte roimh chách a bheith páirteach chun aithne a chur ar scríbhneoir an lae agus a c(h)uid saothar a phlé. Bhí breis agus daichead duine páirteach.
Is léir ón teideal "Na Déithe Luachmhara Deiridh." go mbaineann an gearrscéal seo le
hathruithe, sa chás seo athruithe i bpobal tuathúil, de dheasca eisimirce agus bás.
Tá an scéal lonnaithe áit éigin in Éirinn.
Osclaíonn an scéal le pictiúr álainn den dromchla clúdaithe le sneachta, maidin lá chinn, Nollaig na mBan, an Eipeafáine. An bhfuair Máire, an príomhcharachtar, leas tuisceana an lá sin? Fuair, dar liom, ach is leis an léitheoir an cinneadh sin a dhéanamh, níl sé soiléir. Cheapas go raibh íomhá an sneachta go haoibhinn sa scéal, bhain an seanbhean, Máire, sult as, bhí áthas uirthi, bliain tar éis bliana é a fheiscint - Chuir an brat bán gach rud i bhfolach áfach, ní raibh rian duine le fáil ach an cor lorg cos, agus, dála Mháire, ní bheidís ansin rófhada, d'imeodh an sneachta agus bheadh gach lorg cos imithe leis. Ach ag iarraidh teacht ar dóchas rith sé liom gur minic a thagann síolta beaga chun beochta tar éis dóibh a bheith fé sneachta tamaillín - an bhfuil dóchas le fáil ón sneachta mar sin? Go mbeadh seans ann amach anseo? - ní do Mháire, ach don timpeallacht - uair éigin.
Tarlaíonn an rud céanna gach áit timpeall an domhain sílim, ní hamháin in áiteanna iargúlta. Athraíonn ceantair i gcathracha chomh maith, is minic nach mbíonn fágtha ach baintreacha ina gcónaí ina n-aonar thuas thíos bóithre, na bóithre céanna a bhíodh beo le páistí agus fuinneamh tamall gearr, abair glúin nó dhó roimhe sin - Oibrí Sláinte agus Cúram ag bogadh ó theach go teach gach maidin ag tabhairt chabhrach agus cineál cairdis, glactha go drogallach -ar dtús. Seomraí thuas staighre folamh.
Chuir scéal Phádraig mé
ag smaoineamh - Is cuimhin liom tamall fada go leor ó shin, (beagnach tríocha
bliana! roimh dom bogadh go Nua Eabhrac,) nuair a thugas cuairt ar ghaolta
chleamhnais agam thuas sna Cruacha Gorma i dTír Chonaill. Tá an tigh in ard
sléibhe ansin agus tá radharc breá, dar liom, trasna an ghleanna. Ach níor
thuig mise rud ar bith. Níor mhaith le héinne an radharc, chuir sé brón orthu.
Míníodh domsa mar do bhíos chomh dúr - Bhí na crainn síorghlas ag
dreapadóireacht go mall tríd an gleann de dheasca The Forrestry. (Béarla
ina gcuid Gaeilge bhreá). Bhíodh The Forrestry ag ceannach píosaí
beaga talún de réir a chéile agus do bhí athruithe ag teacht ar dromchla a
ndomhain dá bharr. Bhí an comhluadar áitiúil brónach agus buartha ag féachaint
trasna ansin thar na blianta beaga. Ní fhacadar na seantithe a bhíodh ansin
tráth. Leanadar ag caint faoin gceantar mar a bhíodh sé, agus na daoine go léir
a bhíodh ina gcónaí ansan. Bhí sé an-deacair domsa a bheith cinnte cé áit a
mbíodh na seantithe a luadar mar chuir na crainn clúdach glas ar gach uile ní.
Agus tá dhá dán nua ag péacadh ionam....
Is é Gearrscéalta Ár Linne atá idir lámha ag an gciorcal comhrá idirnáisiúnta seo. (25 Scéal.)
Le fáil láithreach mar é-chóip @ $10:50.
Naisc: Chun an é-leabhar a fháil: https://amzn.to/3pXFZxV
Agus an cruinniú: https://notredame.zoom.us/j/91413956954
Agus an t-am: 1900, am Éireann.
2 Samhain: Micheál Ó Conghaile, “Reilig na bhFocla,” 241-254.
9 Samhain: Biddy Jenkinson, “Consortium Mulierum,” 53-61.
16 Samhain: Pádraig Ó Cíobháin, “An tAthair, an Mac agus an Seanbhuachaill,” 141-155.
23 Samhain: Pádraig Ó Siadhail, “Meisce Breallántachta,” 299-309.
https://cic.ie/shop/leabhair/ficsean/gearrscealta-ar-linne/

Wednesday, October 13, 2021
Dianmhachnamh nó Casadh mheabhraíochta? Tóg nóiméad duit féin.
Bhínn tuirse go minic i rith an lae de dheasca easpa chodladh na hoíche agus cheapas go mbeadh dianmhacnamh cabhrach, b'fhéidir, nó ar a laghad cheapas nach ndéanfadh sé aon dochar. Bhíos amhrasach go leor ach fós féin lean mé ar aghaidh leis an bplean, ar dtús ar feadh deich nóiméad. Shuigh mé ar mo tholg compordach nach bhfuil ró bhog, cosnochta ar an urlár, mo lámha ar mo cheathrúna, mo dhroim díreach le tacaíocht ón suíochán. Rinne mé iarracht stop a chur le smaointe, le liostaí, le ceisteanna, le himní, le cuimhneamh agus araile. Cas mé m'intinn chuig mo cholainn ó logaill mo shúile go barr mo chinn agus ansin síos, síos go mall, trí gach ball dí go boinn mo choise ar an talamh. Chaitheas am ag éisteacht le gnáth fuaimeanna an tsaoil, Púca ag crónán, éanlaith na spéire lasmuigh, tictoc an chloig, agus bhí an ceart agam, ní dhéanann sé aon dochar. Taobh istigh seachtain amháin bhí mé sásta cúig nóiméad déag a chaitheamh ar an gcaitheamh aimsire seo agus anois oireann idir fiche cúig nóiméad nó leathuair a chloig dom. Plean agam na treoracha a thabhairt, as Gaeilge ar ndóigh, nuair a thagann dream againn le cheile amach anseo. Pé uair....
Ach rith sé liom nach bhfuil "dianmhachnamh" oiriúnach mar theideal mar is tréimhse gan mhachnamh atá ar thóir agamsa. Nó an bhfuil foca(i)l eile oiriúnach?
Comments? Please DM me on Twitter or FB.
I'm no longer processing comments here due to trolls.
Monday, September 27, 2021
An Chúirt Filíochta - Oireachtas na Samhna 2021
Tá na sonraí go léir anseo ag Áine. Durkin
Agus is féidir féachaint ar chlár 2020 chomh maith buí le Proinsias Mac a'Bhaird.
Tuesday, September 14, 2021
Dílseachta Bhranda agus an Sparán.
Cloistear cúlscéalta i bhfeachtais mhargaíochta go minic faoi láthair. Is breá le fabhalscéalta agus a leithéid ar ndóigh ach anois feicim go bhfuil cúlscéal ar go leor leor earraí - ar mo bhosca Muesli mar shampla, bosca uibheacha (Sicíní a bhíonn sásta lena saolta, ag foráiste leo féin, saor ó strús), sú oráiste fiú! Is cosúil go bhfuil éirí go maith leis na comhlachtaí lena bhfeachtais. Bíonn siad ag iarraidh difir a chothú idir a n-earra agus ceann eile nuair nach bhfuil ach beag eatarthu. Ach seo í an cheist sílim, an mbíonn an siopadóir toilteanach íoc sa bhreis as an scéal in ngan fhios dó/dí féin? Nó cinneadh idir dhá rud a dhéanamh bunaithe ar an gcúlscéal?
Bhí mé ag taispeántas na mbád blianta ó shin in Annapolis, Maryland, deireadh an tsamhraidh nó b'fhéidir tús an fhómhair a bhí ann, aimsir ghrianmhar agus mheirbh cé go rabhamar in aice na farraige. Ba dheas am a chaitheamh saor ón teas i bpobal Hendricks Gin (agus samplaí beaga a shlog siar!) Bhí cúlscéalta na dí ón 18ú haois le fáil ansin chomh maith, na oibrithe gléasta i stíl na tréimhse sin agus bronntanais bheaga saor in aisce dúinn - swag! Bhí aoibh mhaith ar chách, ní nach ionadh.
Chuala mé ionadaí ón gcomhlacht a dhéanann Gunpowder Gin i Drumshanbo i gcomhrá le Pat Kenny ar a chlár raidió le déanaí. Bhí an caint suimiúil dom mar bhlas mé an jin seo tamaill ó shin tar éis dom buidéal a thabhairt thar n-ais go Nua Eabhrac liom i ndiaidh turais go hÉirinn. (Ní fheadar go díreach cathain, roimh 2020 gan dabht, b'fhéidir trí nó ceithre bliana ó shin.) Bhí an deoch blasta más buan mo chuimhne agus is léir go bhfuil an rath leo mar bíonn sé le fáil i mórán siopaí anseo sa SAM anois, tá sé feicthe agam i Nua Eabhrac agus Maine ach go háirithe. Tá an suíomh ghréasán go deas, mar a bhíonn suíomh Hendricks, an stíl cheannann chéanna, (an raibh an dearthóir céanna acu?) Tá eolas faoi na luibheanna srl srl le fáil ansin mar aon le scéalta atá in ainm is a bheith fíor taobh thiar forbairt na dí, ach an cúlscéal cumtha acu faoin Jackalope mar cineál sonóige? Dá mbeadh sonóg acu ní fheadar cén fáth nár dheineadar nasc idir Drumshambo agus créatúr ó fabhalscéal na tíre ar a laghad? Ní thuigim Jackalope mar rogha, is fuatha liom é! Cad faoi scéal faoi seanbhó an cheantair agus a droim láidir mar shampla?Tá an samhradh beagnach thart.
Sláinte.
Saturday, January 23, 2021
An Croí Airdeallach
Tugadh aire ar leith don dán Everything is Going to be All Right de chuid Derek Mahon ag tús na paindéime.
Is dán álainn liriceach é gan chastacht, cé go bhfuil baint aige le hábhar a bhfuil an-chasta ar fad. Labhraíonn an dán linn ní amháin ag an am dúshlánach seo ach, déarfainn, aon uair. Nach i gcónaí a mhothaítear dúshláin ar shlí amháin nó slí eile agus sinn ar bhóthar an tsaoil?
Is minic a bhíonn freagraí le fáil ach, anois is arís níl dul ar bith as - Ní féidir ach leanúint ar aghaidh agus glacadh le pé fadhb atá os ár gcomhair gan strus níos mó a chur orainn féin. Tá roinnt gaoise riachtanach an cinneadh seo a dhéanamh, agus foighne a dhéanamh leis go dtí go dtagann athrú.
Is léir go raibh ómós nach beag ag an údar do thábhacht stíle i bhfilíocht shiollach, mar aon le cuma na focail ar an leathanach féin, nach prós atá ann leagtha amach i stíl filíochta ar an leathanach. Bhí mé ag iarraidh anam a dháin a bheith le mothú sa leagan Gaeilge seo. Ba mhinic a bhí argóintí agam liom féin faoina focail, an rithim, méid agus fuaimeanna na siollaí, srl. Bhíos ag iarraidh na cinn cearta a roghnú ar mhaithe le stíl simplíochta an dáin sa leagan Bhéarla.
Ba dheacair dom teacht ar teideal oiriúnach chomh maith. Bheadh sé simplí go leor úsáid a bhaint as "Beidh Gach Rud CGL" ach ceapaim go mbíonn sé sin gan fuaimint nuair a úsáidtear i nGaeilge é. Sílim go bhfuil teachtaireacht níos doimhne i dteideal an dáin, ceann a thugann dóchas agus a chuireann síocháin ar an léitheoir (nó éisteoir) atá, mar shampla, gafa idir dhá thine Bhealtaine nó gan suíochán ar bith sa bhuaile aige/aici. Bíonn áilleacht le feiscint i gcónaí in anneoin na deachrachtaí.
Faraor d'imigh an tUasal Mahon ar shlí na fírinne ag deireadh an tsamhraidh tar éis tréimhse ghearr tinnis. Méala ana mhór a bháis. Níor léigh mé go raibh suim aige sa Ghaeilge fiú, ach ar a laghad níor luaigh sé focal ina coinne ach oiread, go bhfios domsa. Scríobh mé léiriú i nGaeilge den dán seo ina onóir.
Bhain mé sásamh nach beag as an staidéar seo agus anois le teacht ar athrú mór i gcúrsaí polaitíochta na tíre is féidir liom a bheith foighneach go dtí go dtagann athruithe... 'sea...
Is Féidir Glacadh Leis
Tuige nach gliondar a bheadh orm le glanadh na spéire
thall den fhuinneog dhormánta agus scáil snáth mara
tharam ar an tsíleáil mar ábhair mhachnaimh agam?
Tiocfaidh an deireadh, tiocfaidh an deireadh,
ach ní gá é sin a bheartú.
Sruthaíonn na dánta ón lámh gan iarraidh,
an croí airdeallach ina bhfoinse cheilte acu.
Éiríonn an ghrian d'ainneoin gach uile ní
's bíonn na cathracha í gcéin geal agus gléineach.
Táim sínte anseo i bpléascadh gréine
an láchan agus na scamaill reatha á bhfaire agam.
Is féidir glacadh leis.
Léiriú i nGaeilge le Hilary Mhic Suibhne
Everything is Going to be All Right le Derek Mahon
Thursday, January 14, 2021
An Cluiche, gearrscéal
Cnámh
Bailiúchán gearrscéalta ó pheann Eoghan Mac Giolla Bhríde.
Foilsithe ag Éabhlóid
An Cluiche
Is déagóir a insíonn an scéal seo, fear óg, ar leac aois an fhir, a oibríonn i bpub beag agus é ar
a laethanta saoire ón scoil - saoire an tsamhraidh - i lár sráidbhaile réasúnta ciúin áit éigin i dTír Chonaill.
Aimsir bhrothallach atá ann, tá an pub dorcha taobh istigh, athrú mór ón saol amuigh.
Chuaigh sé chuig an phub luath an tráthnóna seo chun féachaint ar cluiche tábhachtach a bheadh le feiscint ar an teilifis ansin. B'fhéidir nach raibh TV acu sa bhaile? nó, b'fhéidir go raibh suim aige am breise a chaitheamh i ríocht na bhfear. Ní gá dó leithscéal a bheith aige dul thar leac an dorais anois agus post aige ansin le coicís anuas. Bhain sé sult as comhrá na bhfear, luaigh sé go raibh cuid acu ar aithne ag a Dhaid féin. Bhí aithne aige orthu go léir faoin taca seo seachas beirt. Chonaic sé an bheirt céanna thíos staighre nuair a bhí sé sa siléar, chuir sé ionadh air iad a fheiscint thíos ansin ag teacht amach as seomra sa chúl. Chonaic sé fear a 'tí, Proinseas, i gcomhrá go ciuin leo sa bheár ina dhiaidh sin. Ní sé cad a bhí eatarthu ach leid ní bhfuair sé. Bhuail boc isteach ar ball agus d'imir sé drochchleas ar Phroiseas.
Ba léir go raibh meas ag an scéalaí ar Phroinsias, d'fhoghlaim sé cleas beag uaidh -conas barra a bhain de bhuidéal oráiste mar fhear tart ag oscailt bhuidéal beorach. Bhí Proinsias cneasta agus flaithiúlach leis. Ach roimh deireadh na hoíche sin d'fhoghlaim an déagóir nár thuig sé gach rud a bhíonn ar siúl idir fir, go mbíonn slite ann i saolta na bhfear chun duine a bhualadh i gcluiche, nach raibh baint ar bith le comórtas peile, agus chun déileáil le deachtrachtaí anaithnid. Bhí an laid beagáinín míchompordach leis an eolas seo agus tháinig míshuaimhneas air.
Tá an scéal scriofa sa chéad pearsa agus i gcaniúnt Uladh mar chuimhne an fhir óg.
Thursday, January 07, 2021
An Chíréib i D.C. inné.
Tharla go raibh mé ag féachaint ar chruinniú an Oireachtais ar an teilifís tráthnóna inné nuair a bhí an comhaireamh sin ar siúl ag Pence agus chonaic mé an trioblóid ag tosnú agus ag leanúint ar aghaidh. Ar thaobh amháin bhain an imeacht taobh amuigh an foirgnimh geit ana mhór asam, ach caithfidh mé a rá ag an am céanna nach raibh ionadh orm - mar tán dream sin fíor "Radicalised" ag an uachtarán agus a chuid cuiditheoirí - thar cheithre bliana anois - sin toradh a gcuid geáitsí - agus a gcuid bréaga, gan stop gan staonadh. Creideann an cult seo gach a deir Trump. Agus is é seo tuairim mo chairde agus mo chomhoibrithe uile chomh maith.
Rud amháin atá ana aisteach faoi inné ná chomh simplí agus a d''éirigh leo briseadh isteach? Tá ceisteanna le fhreagairt, cá raibh na gardaí, na cosantóirí? Cé mhéad acu a bhí ar diuti inné? Bhí a fhios acu go mbeadh trioblóid, cén fáth nach raibh níos mó gardaí ansin inné. Tá ráflaí ag dul timpill maidin innui gur ligeadh isteach iad! Níl an fhírinne iomlán amuigh go fóill ach tá sé soiléir nach raibh mórán iarracht déanta inné stop a chur ar an mob sin ar chor ar bith. Agus cad anois? Tá scoilt ollmhór sa tír le blianta anuas, an ndéanfaidh na trioblóidí seo athrú ar an scéal? D'athraigh cuid Seanadóir a dtuairimí i lár na hoíche aréir agus níor chaitheadar a vótaí leis na Gríosóirí, Ted Cruz agus a leithéid. An dtiocfaidh aon athrú timpeall na tíre anois? Cad atá i ndán don GOP? An mbeidh scoilt ansin nó an leanfaidh siad ar aghaidh mar atá siad.
Cheapamar go mbeadh athrú tar éis Sandyhook, ach faraoir ní fhacamar mórán. Rud amháin atá fíor beidh jab ana dheacair ag Joe Biden agus Kamala Harris amach anseo agus tá súil agam go mbeidh lá gan trioblóidí againn ar an 20ú.
Wednesday, December 16, 2020
Taomanna agus Taom Eile - Gearrscéal

Leanamar ar aghaidh ag caint faoi ar feadh uair a chloig agus ní dóigh liom go raibh duine ar bith ar aon intinn le duine ar bith eile.
Bóthar an ógchiontóra gan amhras.
Monday, October 26, 2020
Ordú Dianglásála
Tháinig mé ar an dán seo arís le déanaí agus sílim go n-oireann sé do lucht na hÉireann faoi láthair.
Ceart Urraime
le hEithne Strong
A phráta a scamhaim,
cuirtear i bhfeidhm orm
tarraingt uait, amh,
fiú i ngan fhios nach mór,
gan í bheith maol ná garbh
mar a cheapfaí maidir le rud
eascartha ón ísealscraith;
ar shlí aisteach
cuireann tú go réidh i láthair
do cheart urraime, tusa
atá fiarshúileach, crón,
gur taca mo chlainne thú:
braithim i réim
scaoilscéim éigin
a nascann le chéile
mé féin agus tú
tusa óna mbainim craiceann
fad shuíonn
An Taoiseach i gcomhairle.
Necessity For Reverence
O potato that I peel
I am made to know
your raw appeal
insidious, oddly,
not blunt nor coarse
as might one
expect from something so
crudely sprung;
in some peculiar fashion
you quietly present
your claim for reverence,
you, cockeyed, swarth,
supporter of my family;
I feel a vague design
holds me in curious link
with you whose peel
I strip while the Taoiseach
sits in council.
(Author's translation)
Pillars of the House
An Anthology of Verse by Irish Women from 1690 to the present. Ed. AA Kelly
(Wolfhound 1988)






