Tuesday, January 10, 2006

Droch íde san oifig

D’éirigh cara agam as a phost roimh na Nollag. Ní raibh sé in ann cur suas leis an méid drochíde a bhí ann, dírithe chuige cuid den ama, agus chaith sé an tuáille isteach, bhí an t-atmaisféar ag cur isteach ar a shláinte. Tuigim go mór an cinneadh sin agus molaim aon duine an rud céanna a dhéanamh más féidir…tá an saol ró ghearr agus osclóidh doras eile os a chomhair gan dabht sul i bhfad. Sin rúnda na hathbhliana eile dom féin, gan am a chaitheamh ag baint le droch daoine, iad siúd atá sotalacha nó amplacha. Is fuath liom na tréithe sin.
Re: Leabhair, táim fós ag léamh In Inmhe agus tá blog ag Cailín anois faoi, féach anseo. Táim ag eirí leisciúil le The Magic Mountain, cé gur 'Classic" é tá sé ró leadránach dom agus is cuma liom faoi na carachtair uile . Cuireann sé chun codlata mé gach uair a thosaím á léamh.

2 comments:

mark bodah said...

a duirt tú--"Táim ag eirí leisciúil le The Magic Mountain, cé gur 'Classic" é tá sé ró leadránach dom agus is cuma liom faoi na carachtair uile . Cuireann sé chun codlata mé gach uair a thosaím á léamh."

bhuel, is docha go mbeidh tú abalta codladh sámh a fháil aon uair gur maith leat! Is fearr an leabhar sin ná piollaí codlata, go deimhin!

Hilary de Bhál, bean Mhic Suibhne said...

Dearfach i gcónaí!
Tá an ceart agat a Mhairc. Ní gá dom dul gan codladh ceart ag an gcéad deireadh seachtaine na Gaeilge eile in Esopus NY. (Áit a bhíonn sé an deacair dom codladh i gceart, nó codladh ar chor ar bith!) In ionad na piollaí nó an bheoir beidh an leabhar sin liom.