Thursday, January 12, 2006

Scoil Chois Claí

Plean agam Scoil Chois Claí a chur i mbun anseo i Westchester NY. Tá aithne agam ar dhream atá ag iarraidh teacht ar ranganna na Gaeilge. Táimse féin agus mo chara Caoimhe saor ranganna a mhúineadh ar ceithre leibhéil oícheanta Máirteanna, níl orainn ach teacht ar dhíon in áit oiriúnach. Chuireas amach APB inné ag lorg dín.

Fuaireas teachtaireacht inné ó duine den dream atá ag léamh In Inmhe le cheile. Tá an leabhar deacair go leor agus tá sí ag eirí tuirse leis, ag dul isteach sa bhfoclóir gach ré nóiméad agus ag cailliúint gluaiseacht an scéil. Táim idir dhá chomhairle le seo, ag smaoineamh go mbeadh sé níos fearr dí leabhar ar leibhéal níos simplí a léamh ar eagla go gcuirfeadh an ceann seo brú muiníne uirthi. Ach ag an am céanna nach iontach an rud é go bhfuil sí ag obair go dian mar seo?.... Chomh díograiseach sin. Cad a cheapann sibh? An bhfiú é leanúint le leabhar atá ar leibhéal níos airde ná do chuid Gaeilge? An gcabhraíonn sé leat an teanga a fháil?

Nótaí gearra a chuireas chuichi

Tosaíonn an scéal mar chur sios faoi saol an bhuachalla Caoimhín, dílleachta, a bhí ina chónaí lena a “Daideo” a sheanathair, agus a Mhamó, a sheanmháthair, áit éigin in Eirinn i lár an dara cogadh domhanda.
Cé go bhfuil an scéal bunaithe ar an bhfírinne, níl na hainmneacha cearta in úsáid ag an údar.
Alt 1.
Osclaíonn ár scéal agus Caoimhín ag féachaint ar gunna a sheanathar. Leanann an comhrá idir an bheirt acu go bhfuil sé soiléir dúinn go raibh an seanduine páirteach i rud éigin tábhachtach i stair na hÉireann, eachtra b’fhéidir nach bhfuil an fhirinne amuigh faoi. Rudaí beaga: scaití = uaireanta. I leaba rud = in ionad rud, instead of…
Alt 2. L.13
Faighimid an t-eolas go bhfuil cogadh ar siúil trasna na farraige ar an Mór Roinn. Is maith liom “Tá lasair sa bharrach anois” Things are heating up, or, it is getting worse. Is é Aindí Joe cara ár mbuachaill Caoimhín, is le Joe Aindí, athair Aindí Joe, an pub. Faigheann Aindí Joe an nuacht iomlán agus é ag éisteacht ar caint na bhfear sa phub, ansin ar ais go Caoimhín leis. Is cosúil go bhfuil tuairimí difriúla ag daoine áirithe sa bhaile bheag seo maidir leis an gcogadh.
Alt 3. L.18
Faigheann Caoimhín oideachas faoi piseoga na haite óna chara Aindí chomh maith agus níl a Dhaideo chomh sásta le sin. Ní creideann eisean sna piseoga.
Alt 4. L. 20
Anseo tá na buachaillí ag súgradh le cheile agus ceapann siad nó samhlaíonn siad go bhfuil na Gearmánaigh ag teacht ina Stukas. Feiceann siad na heitleáin sa spéir! Tuigeann na paistí nach mbeidís in ann an bhaile a chosaint ar chor ar bith le na sean gunnaí atá acu.


2 comments:

Anonymous said...

Táim ag foghlaim Gaeilge anois agus léigh mé 'An Béal Bocht', cé go raibh sé deacair. Bhí sé i bhfad níos airde ná mo chuid Gaeilge. Ba léamh mall é agus bhí an fhoclóir sa lámh agam ó thús go deireadh. Dar liomsa ba fhiú é - is leabhar iontach é. Bhain mé an-sult as. É sin ráite, níor chabhraigh sé liom an teanga a fhoghlaim. Níl gnáthteanga i gceist, dáiríre.

Hilary de Bhál, bean Mhic Suibhne said...

Is iontach an rud é gur lean tú leis an leabhair nuair a bhí sé deacair, gurb fhiú duit é sin a dhéanamh. Is leabhar breá é. Más féidir leat teacht ar seans an teanga a labhairt go rialta, áfach, i suíomh cairdiúil gan brú, thiocfadh an líofacht chugat go nádúrtha. B’fhéidir gurb iad buanna difriúla, bua na cainte agus bua léitheora? Fuair mé cuntas ó dhuine le déanaí faoi a rang agus ní bhíonn an múinteoir ann toilteanach an teanga a labhairt ar chor ar bith…...leanann siad ag léitheoireacht an t- am ar fad sa seomra ranga nó ag plé píosa gramadaí..... Ní bhíonn fiú role plays simplí nó a leithéid sa rang……….
Beatha Duine a Thoil! Ach is aoibhinn liom an teanga bheo i mbéil na ndaoine.
Ádh Mór