Friday, April 28, 2006

An Mhumhain Abú!

Luaigh mé cheana an t-iontas a thagann orm le cúrsaí spóirt! Osclaítear paisean faoi leith ionainn agus sinn ag tabhairt tacaíochta dár bhfoireann féin! Ár Laochra! Bhíos ag caint faoi seo i Cothrom na Féinne 2004, (Dec 6, 2004) níos mó ná bliain ó shin, agus arís nuair a luaigh mé Christy Ring (Mar 24, 2005). Tagann na téamaí céanna aníos arís agus arís eile.

Nach iontach an cath a bhí idir Mumhain agus Laighean ag an deireadh seachtaine, iontach ar ndóigh mar d’éirigh le foireann na Mumhan! Cé nach raibh mé in ann féachaint ar an slad chuala mé trácht air agus mé ar an bhfón le mo mhuintir. Bhí cuid acu i Lansdowne Road an Satharn seo chaite agus plean anois ag cuid acu dul go Cardiff i gcomhair an cluiche ceannais. Is cosúil go bhfuil na scéalta grinn ag teacht aníos anois: Ní raibh lucht tacaíochta ar bith ag Laighean bhocht, bhíodar go léir ag imirt Ghailf, nó ag freastal ar díolacháin i Brown Thomas.

Bhíodh an cluiche seo rugbaí mór linn sa bhaile nuair a bhíos óg, ach bhíodh iománaíocht agus peil ana thábhachtach chomh maith. Bhí rugbaí againn os rud é go raibh taithí nach beag ag mo mháthair leis óna h-óige féin, níor iomaitheoir í! Is as BAC ó dhúchas i agus do bhíodh teagmháil idir a clann agus an club Bective thuas ansin. Chaith a deartháireacha a n-óigí ag imirt rugbaí ar scoil agus leis an gclub seo. Ba as iarthar Luimnigh m’athair agus suim aige sna “Fíor spóirt na hÉireann”. Trí na bliana d’éirigh suim níos mó aige i rugbaí agus d’éirigh suim níos mó aici in iománaíocht agus peil. Ar ball, d’éirigh suim acu i soccer chomh maith! Gan trácht ar Tennis, Gailf agus Cricket! Caithfidh mé a rá go raibh cúrsaí spórtúil ar an teilifís gach tráthnóna Sathairn, cuirtíní an seomra suite dúnta srl.

Cheapas féin agus mé ag fás aníos i gcathair Luimnigh gur spóirt fiáin é rugbaí. Bhí na iomaitheoirí píosa beag garbh dar liom, fearúlacht bréige amach is amach. Bhris céile mo dhruifiúr a chromán agus é fós ina dhéagóir ag imirt ar son a ardscoil. A chromán ar son Dé! Ansin nuair a chuala mé gur chaith uncail agam coicís i bhfanntais san ospidéal tar éis cluiche i mBAC agus é timpeall 23 bliana d’aois bhí mo cinneadh déanta agam faoin gcluiche seo, ró fhiáin. Ach, le imeacht na blianta d’athraigh mé m’intinn. Chonaic an ardú brí a tháinig ar mo thuismitheoirí tar éis chluiche, nó fiú nuair a bhíodar ag súil le cluiche, agus a saolta ag eirí níos lú leo le meath na seanaoise ag an am céanna. Chonaic é seo go mór mhór le teacht foireann na Mumhan in ardú i réime.

Thug sé seo chun mo chuimhne tráthnóna Sathairn amháin a chaitheas leo nuair a bhí m’athair an-tinn san hospice. Bhí an Mhumhain i gcluiche an Satharn céanna. Chuaigh chuige le mo mháthar agus cooler cóisire agam, (rogha na dí, oighear fiú! mixers, gloiní cearta! crisps, saghas smuggler a bhí ionam) Tháinig mo deirfiúracha agus a gcéilí. Bhí deoch againn roimh an cluiche ar son an t ádh agus ansin d’imigh siadsan, mo deirfiúracha agus na céilí, chuig Páirc na Mumhan. Lean an triúr againn ag féachaint ar an gcluiche ina sheomra agus m’athair mar a bhíodh sé i gcónaí, iomaitheoir ar an gclaí, ag tabhairt comhairle gach ré nóiméad chuig foireann na Mumhan. Tháinig an dream ar ais tar éis an chluiche, aoibh mhaith orainn uile. Bhaisteamar an bua! Lean na cóisire. Lig na banaltraí súile caocha orainn mar ba chóir dóibh.
An lá dar gcionn thit an tóin as an tsaoil.

Tuesday, April 25, 2006

Ar Scáth a Chéile a Mhaireann na Daoine

Tá an Lá na Gaeilge 2006 i Westchester thart! Bhí sé ar fheabhas! Tháinig dream iontach, 65, agus ceapaim gur bhain gach duine acu an taitneamh as a thréimhse linn in IONA. Bhíos féin agus an fhoireann, Siobhán Shea, Máire Aine Swords, Naomi McCooe, Jane Guttman, Sean Ó Fiannai, Bernadette agus John Broderick i láthair roimh 8 30 am agus ní fada go raibh daoine ag teacht isteach chugainn ó Long Island, New Jersey, Manhattan, Connecticut, and Massachusetts gan trácht ar an dream atá ina gcónaí i Westchester County féin, agus ó thuaidh i Stáit NY.

Ba iad Caoimhe Ní Bhaoill, Úna McGillicuddy, Eibhlín Zurell, Seán Tierney, Pádraig Ó Cearúill agus Séamas Ó Neachtain na múinteoirí an lae agus chaitheadar uair go leith ar maidin le dream amháin agus an am céanna sa tráthnóna le dream eile. Sílim go bhfuil an modh seo ana mhaith, bíonn seans ag na daltaí tamall a chaitheamh ag éisteacht le múinteoirí ó áiteanna éagsúla, le blasanna éagsúla agus ard caighdeán na Gaeilge acu uilig.…………
Idir na ranganna seo bhí eachtraí suimiúla eile ar siúl.

Bhí léacht le Muiris Ó Bric, (eisean ina chónaí i NY ach ó Chorca Dhuibhne ó dhúchas.) Bhí sé ag caint faoi a shaol féin, cur sios atá déanta aige in a leabhar álainn Spotsolas na nDaoine. Ansin thug Macdara Mac Uíbh Aille seans dúinn féachaint ar a gearr scannán greannmhar Fíor Ghael. Craoladh in Éireann é ar Lá ‘le Pádraig i mbliana agus b’é seo an chéad uair a bhí sé le feiscint sna SAM os comhair pobal le Gaeilge. Is as Ard Mhacha ó dhúchas é ach bíonn Macdara lonnaithe anseo i NY le blianta anuas. Bhí léitheoireachtaí againn ó na filí, Gobnait Humphreys, (le haistriúcháin ó Donncha Ó Cúinn) agus Séamas Ó Neachtain óna saothar féin.
Tar éis an tarna rang sa tráthnóna bhí crannchur mór againn agus ansin leanamar le seisiún críoch a chur ar an lá. Tháinig triúr dár gcairde cheoil ó Dunne’s Pub, Nora, Ann agus Pat, agus ag deireadh an lae bhailigh fhéidir 25 againn leo go dtí an teach tábhairne céanna i White Plains. Lean an seisiún ar siúil go dtí go rabhamar uile leath marbh le tuirse.

Is aoibhinn liom, ní amháin go bhfuil an méad seo daoine ag iarraidh an teanga a bheith acu trí ranganna anseo sna SAM, ach go bhfuil siad toilteanach í a labhairt taobh amuigh den seomra ranga. Tá sé soiléir chomh maith go bhfuil cairdeas faoi leith idir chuid mhaith den dream ag an bpointe seo, mise ina measc, de bharr is dócha an méad ama atá curtha isteach acu ag foghlaim le cheile, agus ar ndóigh, as an craic a bhíonn eadrainn i gcónaí ag deireadh an lae.

…agus amach anseo? Beidh Club an Chead Chéadaoin againn anseo i Westchester an tseachtain seo chugainn ar an 3ú lá de Mhí Bealtaine. Deireadh seachtaine na teanga in Esopus NY 12 -14 de Mhí Bealtaine. Lá na Gaeilge in Elms College, Chicopee MA ar an 17ú de Mhí Meitheamh agus Lá na Gaeilge leis an ionad cultúrtha Ár dTeanga Féin i bPetersham MA ar an 8ú Lá de Mhí Iúil.

Friday, April 21, 2006

Teas na Gréine Orainn




In Eirinn? ní hea, sna pairceanna luaite thios i NY.

Radharc na Gréine

In ainneoin obair an lae inné chaitheas uair go leith taobh amuigh timpeall am lóin ag siúl trasna na bpáirceanna le Cara. Tháinig aimsir an earraigh nuair a bhíos in Éirinn an tseachtain seo chaite … Coicís ó shin bhí orainn ár gcótaí a chaitheamh, anois déanann t-léine agus sciorta gearr an beart!
Ar dtús, cé nach bhfuil an gnaoi ag cách ar an ghrian faoi láthar agus a bhí, níl rud ar bith chomh deas, dar liom, ná teas na gréine ar mo chraiceann geal don chéad uair gach bhliain. Tuigim go mór an urraim a bhíodh ag na dúchasaigh ar a ngrian fadó, ní gá ach féachaint ar an dúiche ag teacht ina bheatha tar éis codladh an gheimhridh chun í seo a mhothú.
Is aoibhinn liom an tréimhse seo den bhliain ach bíonn sé ana ghearr, ró ghearr. Níl an gealán gréine chomh tréan sin agus ní gá an uachtar cosaint na gréine a úsáid, hata a chaitheamh, nó ní bhítear ag cur allais tar éis deich nóiméad lasmuigh.
Inné bá lá neamhaí a bhí ann! Gan tais, gan feithidí an tsamhraidh. Bhí boladh an fhásaigh ann, úr agus cumhra.
Bhí Cara fós ina coileán.

Bhí plean agam píosa a chur suas anseo faoi na h athruithe a chonaic mé in Éirinn, go mór mhór tionchar na h imircigh ar an tír agus ar meon na ndaoine, ach lá eile. Bhí mo shiúlóid inné níos tábhachtaí!

Tá an Lá na Gaeilge buailte linn,(amárach) agus sin atá idir lámha agam inniu. Beidh breis agus 65 i láthair , ó NY, Mass, Connecticut, NJ. agus sinn uilig ag ceiliúradh ár dteanga. Bunaithe in IONA college, New Rochelle, NY beidh grúpaí comhrá oiriúnach dóibh siúd le Gaeilge líofa nó beagnach líofa agus le sin beidh ranganna ar siúil ar leibhéil difriúla. Leitheoireachtaí phróis agus filíochta, ceol, amhránaíocht agus gearrscannán greannmhar nua déanta sa Ghaeilge. Beidh an lá againn.

Tuesday, April 18, 2006


Ar ais arís i NY tar éis tréimhse seachtaine in Éirinn. D’imigh an tseachtain go tapaigh, mar a tharlaíonn ar aon turas gnóthach. Bhí seans againn tamall a chaitheamh lenár muintir agus lenár gcairde agus cé go mbíonn sé i gcónaí deacair dom slán a fhágáil leo is anseo i NY atáim lonnaithe anois agus leis sin bhí áthas orm teacht ar ais chuig mo chúinne féin. Bhailigh mé Cara, mo sheanmhadra, inné. Tháinig sí amach as oifig an tréidlia, a baile nuair a bhíonn gach duine sa teaghlaigh as baile, agus bhí sí mar choileán arís nuair a chuala sí mo ghuth, níl a radharc ró mhaith. Bhí sí an bhrónach dul isteach ann seachtain ó shin ach anois cheapfá gur madra óg í arís agus í chomh sásta a bheith ar ais abhaile. Cad é an mothúchán sin ar aon nós? A bheith sa bhaile? An í an áit nó na daoine a bhíonn ann? nó meascán? Tá trua nach beag agam dóibh siúd nach bhfuil sásta a bheith ina gcúinne féin, sa bhaile. I gcás Cara bíonn sí sásta i gcónaí nuair atá sí liom, pé áit ar bith, sa charr ag siopadóireacht, faoi mo leaba, faoi mo dheasc…..
Bhí an scéal amuigh nuair a bhíos óg nach raibh spás do na madraí ar neamh, más mar sin é ceapaim go gcuirfidh mé suíochán in áirithe sa treo eile!



Friday, April 07, 2006

Léacht Bharra Uí Dhonnabháin i NYU

Bhí oíche bhreá againn aréir i nGlucksman Ireland House, NYU. Oíche in onóir dár gcara Barra Ó Donnabháin nach maireann. Tháinig dream mór dá chairde le cheile ómós a thabhairt dó ar an gcéad léacht sa sraith nua seo atá bunaithe ag Ireland House faoi stiúir Dr.Joe Lee.
Tháinig Barra go dtí na SAM sna ’60s agus é ina fhear óg agus tar éis tamaill i dTexas chuir sé faoi i Nua Eabhrac. Níor theip an seans air riamh cultúr na hÉireann a chur chun cinn. Ba thrí an teanga a bhuaileas leis ag deireadh seachtaine na Gaeilge i 1998 agus ba cairde ó shin amach sinn. Spreag sé mise, agus mórán do-áirithe eile, chuig an teanga. Bhí suim nach beag ag Barra sa cheoil chomh maith agus is minic a bhíodh ceoltóirí ag fanacht leis anseo i NY. Bhí an-eolas aige faoi cúrsaí cheoil agus ba bhreá leis i gcónaí deis a bheith páirteach in oíche cheoil agus cainte, ba cothrom le cheile iad ar taobhanna an bonn céanna, dar leis. Táim féin, agus tá a fhios agam go bhfuil cairde Bharra uilig, ana bhuíoch de Dr. Lee agus Scott Spencer ó Ireland House ar son na hoíche bhreá seo.

Rinne Tom Idhe an chéad óráid seo ar shaol Eoghan Ó Gramhnaigh (1863-1899). Éireannach agus sagart, ar tháinig chuig na SAM ar thóir na sláinte. Chaith cuid mhór dá shaol ghearr anseo ag múineadh na teanga agus ag scríobh leabhair na dteagasc anseo. Bhí meas nach beag ag Barra ar shaothar Eoghan Uí Gramhnaigh agus scríobh sé dhá aiste faoi a bhí foilsithe san Irish Echo roinnt mblianta ó shin.

Ghlac Donncha O Cuinn an pictiúr álainn seo, Barra ag deireadh seachtaine na Gaeilge i 2002 agus chuir Scott Spencer le cheile mar seo é i gcomhair na léachta.

Maireann an spiorad go deo.

Wednesday, April 05, 2006

Fógraí

Tá an tseachtain ag imeacht uaim go tapaigh agus tá fógraí agam:
Anocht: Club an Chéad Chéadaoin arís! (Mí eile imithe?)
Ná déan dearmad go mbeidh dream ag teacht le cheile i Dunne’s Pub, Shapham Place, White Plains anocht idir 7 – 10pm i gcóir Oíche Cheoil agus Chaint.
Oíche Amárach: Léacht i nGlucksmans House NYU i ndil chuimhne ar ár gcara uasal Barra Ó Donnabháin @ 7pm. Beidh roinnt mhaith Gaeilgeoirí i láthair.
Ar a 22ú lá de mhí Aibreáin: Lá Mór na Gaeilge, in IONA College New Rochelle NY. ná déan dearmad agus bí i dteagmháil liom má tá suim agat a bheith páirteach.
…agus beidh mé in Éirinn an tseachtain seo chugainn, chuala mé go bhfuil an aimsir go breá faoi láthair, táim ag guí go mbeadh sí mar sin an tseachtain seo chugainn. Ní bheadh a fhios agat in Aibreán, bíonn sí guagach!

Tuesday, April 04, 2006

Oilithreacht agus Fulaingt!

Táim díreach ar ais abhaile tar éis deireadh seachtaine na Gaeilge i Long Beach Island, New Jersey. Traochta, de dheasca easpa codlata, cé nach raibh mise ann ach oíche amháin….

Shroich mé an oileán amach timpeall am lóin dé Sathairn agus ar aghaidh liom le eachtraí an deireadh seachtaine ó shin. Iarradh orm díochlaonadh na haidiachta a mhíniú in ard rang agus dheineas, ach faraor is fearr liom rang bunaithe ar gníomhaíochtaí a mhúineadh. Rang ina bhfuil an bhéim ar chumarsáid trí mheán chomhrá in ionad an bhéim ar eolas agus samplaí………….ach, ar leibhéal na ndaltaí a bhí liom an tráthnóna sin, líofa nó líofa sa ghnáthchaint ar a laghad, bhí sé soiléir go raibh suim ag an cuid is mo acu i gcruinneas scríbhneoireachta na Gaeilge. D’éirigh go maith liom, sílim (níor chuala mé aon gearán ar aon nós, ach an raibh cuid acu ina gcodladh?) Tá súil agam gur éirigh liom cuid den ceo an ábhair seo a ghlanadh.

Is turas í seo, turas teanga, mar a tugtar ar an cúrsa nua na Gaeilge atá le fáil. Táimid uilig, atá tógtha leis an teanga, ar an turas seo le chéile. Níl deireadh go deo leis an aistear seo. Níl comórtas ann ach oiread, dar liom. Is féidir cabhair a thabhairt dod chomhbhádóirí agus is minic a bhíonn toradh na cabhrach céanna níos tairbheach duit féin sa deireadh thiar thall.
Bíonn daoine áirithe eile ar an turas céanna a cheapann gur leo siúd an teanga, ní bhíonn siadsan toilteanach cabhair a thabhairt ach botúin a nochtaigh….nó an iomarca léirmheasa a ghabháil chuig foghlaimeoirí…….ach is féidir iad siúd a sheachaint ar chuid mhaith den turas.
Ach an oilithreacht an turas seo? Ní fheadar….tagann fulaingt isteach san áireamh leis an bhfocal sin, chugamsa ach go háirithe, ( b’fhéidir go gceapann daoine áirithe tar éis ranga bunaithe ar díochlaonadh na haidiachta, gur ró-mhór an fhulaingt a mbaineann leis an turas teanga seo!) De gnáth nach mbíonn an t-oilithreach ag fulaingt i slí éigin agus é nó í ar oilithreacht, agus bíonn an fhulaingt páirteach den córas, comhábhar an oidis?

Tá suim nach beag ag daoine in Oilithreachtaí trí na haoiseanna ar fud na cruinne. I ngach chultúr, baineann siad, de gnáth, le reiligiún éigin na háite. Tá eolas againn ar áiteanna éagsúla mór le rá a bhíodh, agus cuid acu atá fós, ana tábhachtach i saolta iad siúd a fhaigheann sólás chroí agus coirp óna hoilithreachtaí. Is minic chomh maith an lá atá inniu ann, nach mbíonn sna háiteanna na hurraime seo ach ionaid na dturasóirí agus ionaid an “dissatisfied rich” a bhíonn ar thóir tomhais eile i saolta folmha. (Chuala mé an lipéad sin “dissatisfied rich” ar clár raidió le déanaí ina raibh trácht ar iad a thosaíonn ar “turas/ oilithreacht” amháin agus a casann chuig ceann eile, ansin ceann eile, ag iarraidh sásamh éigin. Bíonn faisean san áireamh chomh maith, creid nó ná creid. Dar leis an saineolaí seo nach fhaigheann an dream seo sásamh riamh, bíonn siad ar thoir sásamh lasmuigh dá saolta in ionad fíor machnamh a dhéanamh.)
Ceist amháin, an dtagann aon maitheas as fulaingt?
An bhfuil daoine áirithe ann ar thóir fulaingt? Fulaingt i measc daoine eile a bhíonn sa chás céanna, agus iad uilig ag iarraidh saghas sóláis as an bhfulaingt comhcheangailte sin? Tá aithne ag cách ar an saghas duine seo agus caithfidh mé a rá go ndéanaim mo dhícheall iad a sheachaint.
Tá sé i bhfad níos fearr a rá agus a chreid go dtagann daonnacht le cheile tacaíocht a thabhairt don té a bhíonn i gcruachás ………..Aithnítear cara i gcruatan.

Thug Cormac Mac Fhionnlaoich léacht dúinn ag an deireadh seachtaine i Long Beach faoi oilithreacht mór la rá i dtuaisceart na Spáinne, téann seisean ann go rialta agus beidh sé ar ais ansin i mbliana ag coisíocht le dream ar son an Cumann MS in Éirinn. Siúlóid trasna tuaisceart na tíre atá i gceist anseo, timpeall 8ookm go dtí Santiago de Compostella, an áit ina bhfuil corp an aspail Séamas ina sheanbhaile. Tá sé ráite go bhfuair an t-aspal anbhás gruama agus go dtugadh a chorp chuig an áit seo, ba é an tuama seo an chéad oilithreacht Chríostaíochta, ón naoú haois ó shin i leith.

Spreagann fáthanna difriúla lucht na hoilithreachtaí; am a chaitheamh ar an aistear le cheile, ag smaoineamh, ag guí, ina aonar nó le comhluadar, ag tabhairt cabhrach do dhaoine eile ar an mbóthar/oilithreacht céanna, ...sos ón gnáth saol, am saor gan a bheith ag smaoineamh ar an mortgage? Costas choláiste a gcúram? Meath na seanaoise ag teacht ar an nglúin níos sine? Pé trioblóid ar bith, iad uile a fhágáil mar clocha ar thaobh an bhóthar. Nach deas an íomhá sin?
Bíonn fulaingt leis, fulaingt beag na gcos! Ní fíor fulaingt ar chor ar bith í seo ach siombail na fulaingte an gnáth saol.
Mar sin an é miocracasm den gnáth saol a bhíonn os comhair na rannpháirtithe in oilithreacht oifigiúil mar seo?

Agus nach bhfuil an deis againn tréithe iontacha na hoilithreachta a tharraingt isteach chuig ár ngnáth saolta? Gan a bheith orainn dul ar oilithreacht oifigiúil ar chor ar bith. Ní bhíonn seans nó suim ag gach duine a bheith páirteach i ngluaiseacht mar sin……. agus cad iad na tréithe....Cur suas le fulaingt an tsaoil, cabhair a thabhairt dár chomhbhádóirí, sos a ghlacadh go rialta agus cumhracht na bláthanna a bholú agus radharc dearfach a choimeád i gcónaí in ainneoin aon trioblóid a thagann gan choinne inár slí.

Tháinig rud chugam a dúirt cara liom b’fhéidir bliain ó shin agus sinn ag phlé droch athruithe saoil a tháinig aniar aduaidh uirthi. Bhíomar ag iarraidh na hathruithe a thuiscint ach ní raibh tuiscint ann. Ní raibh fágtha ach súil dearfach a choimeád nuair a bhí sé soiléir don bheirt againn nach mbíonn Cothrom na Féinne ann i gcónaí i dturas an tsaoil, seo a dúirt sí : “Dá mbeimis in ann ár gcuid trioblóidí a chur i trolley nó cairt siopadóireachta agus na cairteacha go léir a chur in aice lena gcéile i seomra mór, agus ansin seans againn dul timpeall agus féachaint ar a bhfuil ann i ngach ceann acu agus ár rogha cairte na trioblóidí a glacadh, bheimis ag rith ar ais chuig ár gcairt féin agus í a ghlacadh ar ais go tapaigh ar eagla go mbeimis fágtha le trioblóidí uafásacha duine eile.”

Agus an focal scoir …go n-éirí an bhóthair leat.