Saturday, March 03, 2007

Who Killed the Electric Car?

Chonaic mé an scannán seo "Who Killed the Electric Car?" oíche Chéadaoin. Tháinig an gluaisteán seo chun saoil i gCalifornia ó General Motors i lár na 90s, chuireadar roinnte mhaith dóibh ar an margadh mar chúis shamplach ar léas lena custaiméirí. Bhí ar GM stáisiún na haibhléise a thógáil chomh maith timpeall an stáit tacaíocht a thabhairt don triail agus ní fada go raibh an dream, gur leo na carranna, an tógtha leis an gluaisteán beag seo an EV1. Tháinig Electric Vehicle eile ar an margadh ó Toyota (Rav EV) ansin agus ceann ó Honda chomh maith agus cuireadh tús ar ré The Electric Car, ach ré ghearr a bhí inti.
Seo scannán a thosaíonn le sochraid na ngluaisteán beaga seo, agus leanann an scéal ansin ag iarraidh teacht ar an bhfírinne, cé a mharaigh an carr seo? cén fáth? in ainneoin an suim mór a bhí ann ag an am san i bhforbairtí mar seo ón bpoiblí? cuireadh brú ar na gcomhlachtaí móra stop a chur ar an saothar agus na gluaisteáin uile a thabhairt ar ais óna custaiméirí agus iad go léir a mhilleadh, agus na stáisiúin aibhléise uilig a dhúnadh.
Cé a chur brú ar na gcomhlachtaí? Níl sé soiléir ach tagann na ceisteanna aníos, níl cruthú dearfa le fáil, eolas rúnda, leithscéalta ó na comhlachtaí móra ar ndóigh, fadhbanna le batteries srl, (a bhí réitithe tapaigh go leor) ach ceaptar go raibh lámh le comhlachtaí na h-ola agus an rialtas sa drochscéal.
Tá sé greannmhar agus brónach anois ag féachaint siar, bá le GM an chéad gluaisteán na haibhléise seo an EV1 agus anois, ocht mbliana dár gcionn, bíonn an comhlacht seo i dtrioblóid…………. Tháinig an Prius ar an margadh ó
Toyota agus fáilte mór roimhe, cé nach bhfuil sé chomh éifeachtach agus an ceann beag a bhí ag GM blianta ó shin i gCalifornia. Saghas féinmharú a bhí ann ag GM. Brónach a fheiscint arís nach bhfuil mórán cumhachta ag an caiteoir i gcúrsaí na ngnóthaí móra. Is cuma linne!!! Ní bhíonn an margadh ag tiomáint na bhforbairtí ar chor ar bith in ainneoin an bholscaireacht ……bíonn sinn faoi chaimpirín acu i gcónaí.

Bhí an scannán an-suimiúil, cé gur thit mé i mo chodladh i lár an scéil ar feadh fiche nóiméad (ní raibh an scéal leadránach ach bhí an-tuirse orm oíche Chéadaoin agus le cúpla gloine fíona dearg caite siar agam, agus guth deas an scéalaí………..agus an tine lasta ós mo chomhair……..)
Is féidir teacht ar an scannán le NetFlicks nó fiú in Amazon

3 comments:

Dubhaltach said...

cuireann do bhlag an clár sin sa Simpsons i gcuimhne dom.
An nasc thíos
http://www.youtube.com/watch?v=oexsc3CqjmI

Hilary de Bhál, bean Mhic Suibhne said...

An deas a chara, is maith liom e!

mark bodah said...

ok a hil, chonaic mé an scannán sin chomh maith, b'fhéidir mí ó shin. go bhfírinneach--bhí mé ar tí caoineadh. ní raibh fáth maith ag GM bás a thug don charr. agus an radharc in a raibh ár gchara siúd (an bhean a bi i mbun an char a chruthú)ag tabhairt cuairt ar an carr dearanach san iarrsmallan sin, agus an curator nó pé duine a bhí ann--duine bómánta ar aon nós--ní raibh tuiscint ar chor ar bith aige i dtaobh an chairr.

agus na léirsiú i gcoinne na caranna a bhrú. jaysus bhí sé sin uafásach ar fad ar fad. ní bhíonn daoine ag iarraidh rud ar bith a dhéanamh faoi stát an domhain, is dóigh. ní raibh a fhios agam faoi an conspóid ó thaobh an charr sin go dtí gur bhfaca mé an scnnán seo. molfainn go hard é do duine ar bith a bhfuil suim aige/aici i gcursaí timpeallachta nó cursaí politiochta fiú. baineann an oiread sin ábhar leis an scéal seo.

b'fhéidir liom leanúint ar aghaidh, ach is leor sin, measaim! grma!