Tuesday, January 01, 2008

An Bhliain Úr

Ceann eile! 2008 chomh luath seo. Níl sé ró fhada ó bhíos ag smaoineamh ar mo rúin bliain ó shin… níos mó léitheoireachta, níos mó aclaíochta, níos mó bláthanna sa tigh, smacht a choimeád ar an méad ama a chaithim ag scuab na tonnta ar an ngréasán. D’éirigh go maith liom ar an iomlán leo. Anois tá orm smaoineamh ar 2008, ceann amháin gan dabht ná níos mó stuif a chaith amach sa bhruscair, bím i gcónaí ag iarraidh an spás atá agam a choimeád níos folmha, agus is fuath liom nuair a bhíonn seilf nó seomra ró líonta. (Ba mhaith liom an rud céanna a dhéanamh le m’inchinn, an bruscar atá inti a chur ar leath thaobh agus gan fuinneamh a chaitheamh amú ar smaointí gan mórán céille, beidh sé seo i bhfad níos deacra ná an tigh a fholmhú mar is minic a bhím tógtha go mór le ceisteanna gan chiall, an príomh ceann anois a thagann chugam ná conas ciall a aithint? Nach mbeadh freagra difriúil ag cách, braitheann sé ar an lá b’fhéidir?)omg. Nach mbíonn gach uile diabhal rud ciorclach?
Tiocfaidh mé aníos le mo ruin go luath.
Athbhliain faoi mhaise duit.

2 comments:

Anonymous said...

Hilary, a chara,

Athbhliain faoi mhaise dhuitse.

Bhí mise ag smaoineamh faoina rudaí céanna. Thóg mé trí mhala lán le stuif le stiall, agus thiomáin mé go estát tionsclaíoch; thug mé mo stuif do stialltoir. Ní raibh sé costasach, agus bhí comhrá deas agam leis an stialltóir... d’inis sé liom go mbíonn conradh aige le Marcal Paper i Nua-Jersey.
Déanann Marcal táirgí mar tuáillí páipéar as páipéar athchúrsáilte.
Bhain mé sult as an turas (ba saghas turas allamuigh é) agus bhí áthas orm go mbéadh mo chuid stuif athchúrsáilte.

Paul

Hilary de Bhál, bean Mhic Suibhne said...

Plean maith do chuid bhruscair a athchúrsáil, a Phóil. H