Wednesday, April 29, 2009

An Aimsir!

omg!
Bhí sé chomh te anseo thar an deireadh seachtaine seo chaite agus tús na seachtaine seo. 92 céim f, sin 33 c. Cheapfá go raibh mí Lúnasa buailte linn. Shíl mé go mbeadh sé fionnuar sna oícheanta ach ní raibh, ní anseo ach go háirithe. Ach nílim ag gearán, is aoibhinn liom an aimsir bhreá ach i mbliana bhí an t-earrach mall go leor agus bhain an teas seo geit asainn anseo i Nua Eabhrach. Bhíomar fós ag caitheamh buataisí...Chuaigh mé díreach ó hata na holla go hata na gréine.

5 comments:

Anonymous said...

Tá an aimsir fuar fós in Éireann.

Fearn said...

Más Éireannach thú, a Hil, nach bhfuil tú rósta bácáilte bruite barrloiscthe ag an beirfean?

Hilary de Bhál, bean Mhic Suibhne said...

Is Éireannach mé. Nuair a bhogás anseo go NY ar dtús bhíos ana mhór leis an ngrian. Bhíomar ana chairdiúil agus chaitheas aon am saor a raibh agam ina teannta……… Anois cé go bhfuilimid mór go leor fós bím cúramach léi agus cosnaím mé féin uaithi mar is cara guagach í ar uairibh. Baineann sí sásamh diabhalta as a cairde nó a lucht leanúna a ghortú. Ach fós féin tá ana mheas agam uirthi.......

Fearn said...

Bíonn cor i ngach cairdeas is dócha

Hilary de Bhál, bean Mhic Suibhne said...

Faraoir!