Monday, June 22, 2009

Báite i Nua Eabhrac

Táim beagnach báite anseo i Nua Eabhrac.
Táim imithe bán leis an diabhal fearthainn.
Ní tharlaíonn é seo ach amháin nuair a bhím in Éireann gach samhradh!

Tá sé ag cur go trom ó oíche dé Chéadaoin an tseachtain seo chaite, gan an ghrian a fheiscint ó shin ach an cor nóiméad agus í ag déanamh na bhfolachán.

Tá na rósanna sa ghairdín ina bpraiseach.
Thit nead mhór na seangán thíos an simléir sa chistin.
Tá planda na piobair dearga agus glasa ag snámh sa ghairdín.
Táim ag éirí leisciúil leis!
Braithim ualach na scamall dorcha ar mo ghuaillí laga.

Níl puinn fuinnimh agam!
Ochón.

2 comments:

Mise Áine said...

Ní mhairfeá in Éirinn! Bíonn sé de shíor ag báisteach na laethanta seo, feictear dom.

An méid sin ráite, bhí sé go hálainn anseo inniu, a Hilary. Súil agam go mairfidh sí!

Séamas Poncán said...

93 F, sin timpeall 34 C, dar le m'fhón póca, DAS.

Tá éad orm faoi do thuras iontach sin!