Monday, December 05, 2005

Maisiúcháin an Tí Déanta Agam

Táim ag éirí a bheith ullmhaithe i gcomhair na Nollag!
Tá an crann Nollaig ina sheasamh go diail sa seomra suite. Tá maisiúcháin againn ó thángamar le cheile, blianta ó shin, ansin rudaí beaga a dhein na buachaillí nuair a bhíodar óg agus a leithéid, agus bainim taitneamh as iad a crochadh suas gach bhliain. Bímid cúramach agus sinn ag glanadh ar an 6ú lá de mhí Eanáir ach i gcónaí bíonn cuid acu briste an chéad bhliain eile………. Fuair mé roinnt gcoinnle nua i mbliana agus tá siadsan ina seasamh chomh maith ag feitheamh ar a mbás. (Ba mhaith liom iad a lasadh cheana ach tá orm smacht a choimeád orm féin tamall ghearr eile)
Tá cuma an tséasúir taobh istigh anseo gan trácht ar an sneachta lasmuigh, tháinig sé ar an deireadh seachtaine agus is aoibhinn liom é.

Thursday, December 01, 2005

Ar ais.

Chuir Lá Altaithe tús le deireadh seachtaine bhreá. Bhíomar traochta oíche Dhéardaoin tar éis seacht uaire le trí dís eile, iad go léir as Sasana agus lonnaithe anseo i NY chomh maith. Ansin Dé hAoine ó thuaidh linn go North Creek agus bhí sneachta iontach ann, chaitheamar dhá lá ag sciáil agus anois tá cosa laga troma agam dá bharr, ach b’fhiú é. Thángamar ar bhialann iontach darbh ainm The Owl at Twilight in Olmstedville in aice Minerva, NY.

"When philosophy paints its gray on gray, then has a form of life grown old, and with gray on gray it cannot be rejuvenated, but only known; the Owl of Minerva first takes flight with twilight closing in." -G. W. F. Hegel, Philosophy of Right

Níor chualamar aon “nuacht” nó scéala ó maidin Aoine go dtí maidin Luain…sos ana mhaith.
Anois tá an tseachtain seo ag imeacht ró tapaigh uaim de dheasa brú oibre. Bhíos taobh thiar ón dtús ach hurá tá solas ag deireadh an tolláin le feiscint…agus seans agam cúpla focal a chur le cheile anseo.

  • Fuaireas teachtaireacht ó Aongus faoi an leabhar sin In Inmhe. Tá sé le fail ar Litríocht.com .
  • Beidh dream le Gaeilge ag teacht le cheile i Dunnes Pub i White Plains ar an gcéad Céadaoin de gach mhí as seo amach. Luaigh mé é seo cheana, Pub mór le rá i gcúrsaí ceol traidisiúnta anseo agus bíonn ceol ann gach Céadaoin ó 7:30 pm, is aoibhinn liom nuair a dtagann duail dár gcultúr le cheile i suíomh cairdiúil.



Tuesday, November 22, 2005

Lá Altaithe

Chuir Daithi é seo chugam ar maidin, táim fós ag gaíre............ grma a Dhaithí :)

Tá Lá Altaithe ag teacht. Nuair a thángamar anseo ar dtús ní raibh ceiliúradh ar bith againn ar an Lá seo, ní raibh suim againn ann. Bhíodh lá breá againn, i gcónaí rachaimis chuig scannán éigin agus d’fheicfimis roinnt eachtrannach eile san amharclann. Bhíodh dinnéar deas againn ansin tar éis an scannáin................. Le imeacht trí nó ceithre bhliain bhí suim ag na buachaillí sa lá mór, bhí turcaí uathu agus prátaí milse agus pióg pumpkin srl…mar a gcairde, agus bhí orm tús a chur ar an traidisiún ar a son. Anois bíonn ceiliúradh againn gach bliain, i mbliana beimid ag teacht le cheile le cairde againn, dhá dhís agus a gclanna ó Sasana atá lonnaithe anseo chomh maith gan muintir ar bith. Beidh dáréag againn le cheile.

Féach ar an léarscáil seo. Má tá suim agat a bheith páirteach tá sé an éasca d’ainm agus más maith leat, teachtaireacht bheag a líon isteach agus tiocfaidh sé aníos i do bholgán féin!!

Friday, November 18, 2005

Ceol Craic Comhrá Comhluadar

Bhíos i bpub Sean Dunne i White Plains oíche Chéadaoin. Is pub mór le rá é Dunne’s i gciorcal cheoil anseo i NY. Bíonn seisiún iontach ansin gach Céadaoin idir 7.30 agus 10.30 agus ard caighdeán cheoil le cloisint ann, Brian Conway i gceannas, le cairde mar An Bheirt Noras, Paddy Shields agus Myron Bretholz ó Baltimore.
Fuaireas cuireadh ó Paddy Shields, duine des na ceoltóirí a bhíonn ag seinm sa phub go rialta, teacht an oíche úd, chuig cruinniú le Sean. Is as iarthar Luimnigh é Paddy agus is as Muineachán Seán agus suim ag an bheirt acu teagmháil a choimeád le Gaeilge i slí éigin. Mar sin tá plean againn club chomhrá nó rud éigin neamhfhoirmiúil a thosnú sa phub, go mbeadh a fhios ag cách sa ceantar seo le suim sa teanga go bhfuil sí beo ann i suíomh cairdiúil, cabhrach, ceolmhar mar seo! (amach ón seomra ranga…..) B’fhéidir uair amháin sa mhí ar dtús. Tuilleadh eolais níos déanaí.

Ma bhíonn suim ag éinne a bheith páirteach cuir fios orm anseo nó in e-phoist hilary@bluefrogstudio.com

Thursday, November 17, 2005

E-Club Leabhair

Fuaireas e-phoist ó mo chara Colleen Dollard inné faoi phlean E-club leabhair a bhunú. Is as Washington ó dhúchas í ach lonnaithe i mBAC atá sí anois le breis agus dhá bhliain anuas. Bean éirimiúil spleodrach aigeantach bíogúil amach is amach í agus i gcónaí ag teacht aníos le eachtraí nua an teanga a spreagadh iontu a bhíonn muinín in easnamh acu.
Sílim gur plean ana mhaith é seo, tá leabhair iontacha le fail le sár Ghaeilge ach is minic a bhíonn na cora cainte nó nathanna cainte deacair a thuiscint muna bhfuil foinse eolais ag an léitheoir. Ní féidir le foghlaimeoirí, ar uairibh, teacht ar an gciall sa bhfoclóir mar sin is minic a éiríonn siad bréan den jab gan tacaíocht. Mar shampla tháinig me ar ceann an deas Dé Mhairt agus mise 's Eibhlín ag léamh Aistriú le Siobhán Ní Shúilleabháin, (bíonn saibhreas na teanga ina cuid scriobhnóireachta, dar liom) : Bhí “ceangal na gcúig gcaol” ar an mbean sa scéal agus í tar éis titim anuas go talamh. An ciall atá ann ná ní raibh an seanbhean in ann bogadh ar chor ar bith. Is iad na cúig caol ná, dhá rosta, an básta, agus dhá murnán. Dá mbeadh do chorp ceangailte mar sin, dáiríre, ní fhéadfá in ann bogadh! Agus nach slí níos fearr é sin á rá ná “Bhí mé stucáilte” nó “Ní raibh mé in ann bogadh!”

Seo a leanas a scríobh Colleen, (Lean leis, nuair a tosaíonn sí is “Stream of Consciousness” a bhíonn ann! Conas a déarfá sa Ghaeilge? Ag scríobh ina tuile gan staonadh, ag bárcadh focal?)
Tá a seoladh ephoist ag an deireadh má bhíonn suim ag éinne agaibh a bheith páirteach.

Dia daoibh a chairde!

Cad a cheapeann sibh faoi e-Club Leabhair!?

Seo an smaoineamh atá agam ar maidin agus na fáthanna taobh thiar de.

Bhí mé ag seoladh leabhair ar an aoine ag caint le Tómas Mac Síomóin agus dúirt sé liom gur de réir na saineolaithe nach bhfuil ach tuairim is 200 daoine fághta a bhfuil in ann cibé leabhar a léamh as Gaeilge gan stró. Chuir an raiteas seo isteach orm agus dúirt mé leis nár chreid mé é. Dúirt sé liom, go mbíonn ana chuid daoine ag ceannacht na leabhair ar son na cuise ach léamh sin scéal eile. Bhuel, caithfidh mé a rá go n-aithnimse féin sa raiteas seo. Tá an iliomad leabhair ceannaithe agam ar son na cuise (nó ar son an gloine nó dhó fíona a bhfaigheann tú go heasca ag na seolta leabhar anseo). Bhí mé ag éisteacht le clár ar r na g chomh maith ag an deireadh seachtaine – clár faoi leabhair i nGaeilge agus cúpla club leabhar a bhfuil bunaithe anois beag ar fud na tire. Dúirt duine éigin san agallaibh go raibh fonn uirthi léamh i gcónaí ach go raibh sé de nós aici leabhair a thosnu ach gur éiri sí astu go heasca mar gheall go raibh siad ro-dheacair nó nach raibh éinne dá brú ná spreagadh chun chríoch a chuir orthu. An tríú rud a spreag mé ná bheith ag caint leis anbhfollsitheoir as Coiscéim le déanaí. Thug mé a catalogs do cuid des na daoine ag an cogail NAACLT agus dúirt mé leis go raibh ana tóir orthu. D’fhreagra sé liom, bhuel, is deas go raibhdar sásta na catalogs a glacadh ach is beag an t-ordu leabhair a bhfuair mé uathu go léir. Tá seisean convinced nach gceannaíon na Meiriceanaigh (n’fheadair faoin na daoine as Ceanada, mar níor luaigh sé ach na Meiriceanaigh) leabhair i nGaeilge ar bith. Is maith atá a fhios agam nach bhfuil sé ach ag spocadh asam, ach feicim mo dhuine seo gach Dé Lúain agus bíonn rud greanmhair (at my expense) le rá aige faoi seo i gcónaí. Mar sin. Mo smaoineamh ná ba bhreá liom e-club leabhair a thosnadh libhse. Mar an cailín san agaillibh, bíonn deacracht agamsa ná leabhair a chriochnú agus mar a luaigh Tómais Mac S., ba bhreá liom a bheith ag léamh ar son ná cúise chomh maith. Bhí mé ag smaoineamh ar a leabhar-sa -- In Inmhe (which I think means growing up or coming of age) Tá mé ar leathanach 90 agus 239 leathanach istigh ann. Tá mé á léamh gan na focail nua a chuardach sa bhfoclóir go fóíll agus tuigimse é -- níl sé ró-dheacair, sílim mar tá buachaill óg nó déagóir beag mar narrator, ach tá sé fós suimiul an treimhse seo stáire a fheiceáil ó dhearcadh an déagoir seo.

Seo cad atá scríobhta ar an bhrollach:

"Dílleachta atá ag iarraidh a chló ceart a aimsiú le linn an Dara Cogadh Domhanda é Caoimhin Ó Cualáin. Éire na ciondála agus na cúngaigeantachta atá i réim. Tá Caoimhín á shracadh idir a sheanathair poblachtach tíriúil agus a aintin piúratánach postúil ar feadh an ama, chomh maith le teachtaireachtaí contrártha an chreidimh. Caitheann scéal seo a bheatha solas ar ghleic chrua na linne, nach bhfuil a macallaí básaithe go fóílleach."

Sílim go mbeidh sé greanmhair saghas guide a dhéanamh leis an leabhar seo ar nós ‘cliff notes’ go mbeidh sé níos fusa ag na daoine mar mise nach bhuil sa

chatagóir leis na fabled 200 atá in ann léamh gan stró. Sílimse chomh maith go mbeidh sé níos greanmhaire fiú, dá mba rud é go raibh scata daoibhse nó duine ar bith a bhfuil suim aige nó aice a bheith páirteach in ann litir a sheoladh chuig coisceim le seic nó dollars fíú ag ordu an leabhar uaidh ionas go dtuigeadh sé faoi deara go bhfuil muid in ann léamh sa wilderness agus ionas go mbeadh sé céasta ag seoladh leabhair chugaibhse go dtí go bhfuil air a ‘fhocail a ithe’! Cad a cheapann sibh? Má tá fonn oraibh a bheith mar partners i gcrime liom sa tionscadal seo, geallaim daoibh go bhfaighaidh mé amach freagra cibé ceiste nach bhfuil ar eolais againn faoin leabhar: idir ceisteanna faoi focail nó ceisteanna faoi stair nó stile an scríobhneora. Ach mura bhfuil suim agaibhse sa tionscadal seo, tuigim, cinnte. Má tá suim ag duine ar bith páirt a ghlacadh, molaim daoibh luach an €5.00 atá scríobhta ar cúl an leabhar + postage i ndollars a sheoladh chuig Coiscéim: an seoladh Coiscéim ná Tig Bhríde, 91 Bóthar Bhinn Eadair, Páirc na bhFianna, Binn Éadair, Baile Átha Cliath 13. Agus más féidir libh an scéal a scaipeadh chuig duine ar bith nach bhfuil ar an liosta seo a mbeadh suim aige nó aici a bheith páirteach, bheinn ana sásta! (Níl mo liosta iomlán ar fáil agam mar gheall ar fabhd ríomhaire) Mar the more the merrier!

Súil agam go bhfuil sibh go léir go maith agus ag tnúth leis an e-chaint faoin leabhar a thosnadh.

Le gach dea-ghuí,

Colleen


www.dollardc@tcd.ie

353 (0) 87 258 3067

Tuesday, November 15, 2005

Pictiúir Scanrúla agus Leabhar Suimiúil

Luaigh mé timpiste bhóthar tá cúpla lá ó shin inar tháinig Mike (16), cara Céin, agus a dheartháir(11) slán. D’iarr a mháthair air pictiúir den chairr bhriste a chur chuig a chairde mar rabhadh ………... Deacair a creidiúint nár ghortaigh éinne, rinneadh fíor praiseach den charr.

Bhí rang ana mhaith againn oíche Luain agus d’iarr Máire Áine (atá páirteach) orm cúpla focal a rá faoi. Os rud é go bhfuil Gaeilge ana mhaith ag an dream seo cheapas ag tús an téarma go raibh sé in ann rud difriúil a dhéanamh sa seomra ranga leo. Bhíomar uile ag éirí tuirse ó Ról Playing agus a leithéidí. Cheapas go mbeadh úrscéal éigin oiriúnach ……ach…. nuair a chuaigh mé trí mo chuid leabhar tháinig mé ar sheanchóip a bhí agam don leabhar “Stair Litríocht na Gaeilge” le Úna Nic Éinrí. Bhí an leabhar seo againn fadó agus mise ag déanamh an Ardteist. Is ollamh í Úna Nic Éinrí faoi láthair i gColáiste Muire gan Smál in Ollscoil Luimnigh, ( nó b’fhéidir go bhfuil sí éirithe as sin anois?)
Tá cúlra litríochta na Gaeilge déanta amach sa leabhar seo i slí díreach agus bíonn an t-am againn caibidil a léamh agus í a phlé gach seachtain. Tabhairt isteach breá ar an ábhar seo sa seomra ranga nuair nach bhfuil ach seachtó cúig nóiméad againn le cheile. Tosaíonn an leabhar leis An Rúraíocht agus leanann sé go dtí Sean ÓRiordáin. Beidh orm samplaí eile a nochtaigh agus sinn ag teacht chuig deireadh an chúrsa mar tá an iliomad leabhar le fáil sa Ghaeilge ó laethanta an fhile mór le rá sin.
Anois táim ag lorg leabhar eile dá cuid “Stair na Teanga Gaeilge” ach faraoir ní raibh sé le fáil i Leabharlann Uí Riain, m’fhoinse anseo i Nua Eabhrac, áit ina bhfuil an t-ufás leabhar sa teanga le fáil buíochas le Bráthair Ó Cúinn.

Monday, November 14, 2005

Turas an Chraoibhín

Bhíos ag smaoineamh inné go raibh sé in am a bheith ag teacht ar dáta oiriúnach don Lá na Gaeilge 2006 agus aniar aduaidh tháinig ephoist chugam ó chara agam Brian ÓBroin atá lonnaithe i New Jersey. Bhí Brian páirteach mar mhúinteoir an ard ranga i mbliana ar an Lá mór. Rinne sé roinnt taifead an lá sin agus dheineas glan dearmad fúthu go dtí gur tháinig an nasc seo uaidh. Anois tá clár déanta aige faoin lá agus, ar ndóigh, cuid des na daoine a bhí ann. Is chuimhin liom Maitiú Tully, go háirithe, as Muineachán atá sé, bhí an t-ádh dearg air an lá sin, fuair sé silim dhá dhuais déag sa chrannchur an lá céanna! Bhí air dul amach go dtí an clos páirceála dhá uair lena chuid duaise, iad a chur sa charr.

Glacann sé timpeall ocht nóiméad an comhad a híoslódáil le Itunes. "Turas an Chraoibhín" an t-ainm atá ar an bpíosa. Féach ar dheis sa leathanach teacht ar an nasc.
An deas a Bhriain, grma.

Friday, November 11, 2005

Maireann an spiorad go deo

Is áiteanna aisteacha iad na reiligí, bíonn siad an suimiúil ar shlí agus is minic a chaitheas am ag siúil agus ag léamh na leac tuamaí. Cúpla bhliain ó shin nuair a bhíos i gCorca Dhuibhne le beirt cairde agam chuamar ag lorg leac na n-uaigheanna Pheig agus An t-Oileánach agus sinn inár dturasóirí, fiú ansin, cé nach raibh aithne ar bith agam ar iad siúd a bhí ina gcodladh síoraí ann tháinig brón orm, go mór mhór nuair a chonaic mé bréagáin bheaga ann ar uaigh pháiste.

Le déanaí, os rud é gur raibh orm dul go reiligí le sochraidí daoine le gaol gairid liomsa bím ag smaoineamh níos mó ar an gceist…….. chuir tús le cailliúint dhá bhliain ó shin agus ní maith liom an tréimhse nua seo i mo shaol ach níl dul as mar is eol do chách. Dá mbeadh creideamh níos láidre ionam b'fhéidir go mbeadh sé níos easca slán a fhágáil, ach faraoir ní bhíonn an creideamh ionam an t-am ar fad. Tagann agus imíonn sé, is aoibhinn liom na traidisiúnta a mbaineann le creideamh, tugann siad sólás dom, ach nílim cinnte faoi an ceist is tábhachtaí, an bhfuil saol síoraí áit éigin eile? Le déanaí bíonn freagra diúltaigh ag teacht chugam. Bíonn éad orm le daoine le creideamh láidir ar uairibh, tá an saol níos simplí gan ceisteanna.............. cé nach maith liom a bheith mar sin, intinne oscailte ab fhearr liom...............'sea, táim ceart go leor mar atáim!

Chonaic mé an scríbhneoireacht ar leac m'athair den chéad uair an tseachtain seo chaite. Dhearadh sé chroise cheilteach dá uaigh féin deich mbliana ó shin a rinneadh as granite dó agus bhí an chrios sin ina sheasamh sa reilig, (in aice a dtuismitheoirí,) ag feitheamh air ó shin. Chuireadh an scríbhneoireacht air le déanaí, an teidil atá ar an sliocht seo ag deireadh an t-eolas eile faoi. "Ana thábhachtach," a dúirt mo dheirfúir, " 's' beag in ionad 'S' mór a bheith ann.....chun go mbeadh a fhios ag cách go rabhamar ag smaoineamh ar spiorad Daid in ionad an Spiorad Naofa! " ........ag cách? Is aoibhinn liom an smaoineamh seo faoi spriorad ár n-athar ach cé h-iad na sluaite seo? Tá an reilig seo suite in áit iargúlta ar fad. Iarthar Luimnigh, in aice Abha na Sionnainne, thíos cúl bhóthar nach dtéann éinne. Ansin bíonn ort dul ar dtús trí geata príobháideach, trasna na páirce ina bhíonn na ba ag iníor, (ag tabhairt aire ar do bhróga,) go dtí sean reilig bheag chiorclach taobh thiar falla cloiche..........agus geata beag na reilige féin faoi ghlas.

Scríobh mé an píosa thuas inné. Thosnaigh mé ag machnamh ar reiligí agus creidimh tar éis teacht ar an scéal deas seo.
Ansin ar maidin inniu dhúisíos go luath agus go hobann agus Cian (16) a rá dom go raibh a cara Mike (16) i dtimpiste bhóthair agus é ag tabhairt síob abhaile dá dheartháir (11) aréir, timpeall a naoi a chloig. Chuireas glaoch díreach ar mo chara, máthair na mbuachaillí. Chaitheadar an oíche san ospidéal ach tá siad ar ais abhaile slán. Níl na buachaillí gortaithe ach pianta ón a gcrios agus óna malaí aeir, tá an Jeep scriosta amach is amach, ní bheidh sé ar an mbóthar arís, "Tá sé soiléir dom go raibh Dia leo sa charr sin" a dúirt sí liom, "agus rud eile, bhí bonn Naoimh Críostóir ina phóca ag Mike a bhfuair sé mar bronntanas óna uncail coicís ó shin nuair a thosnaigh sé ag tiomaint" Tá sí cinnte, gan dabht ar bith, gur choimeád an creideamh slán iad.

Tuesday, November 08, 2005

Smaointe ar Oireachtas na Samhna 2005

Ar ais anois i NY tar éis tréimhse bhreá in Éirinn. Seachtain le mo mhuintir agus ansin ó dheas liom go cathair Corcaí le mo chara Eibhlín, Féile na Samna ár gceann scríbe agus i lonnaithe i mbliana in óstlann Rochestown Park. Chuaigh mé ag an Oireachtas don chéad uair i 2003 nuair a bhí sé i dTrá Lí, bhí an ceann sin ar fheabhas agus bhíos ag súil go mór le cathair Corcaí an uair seo.

Bhí an óstlann an deas ar fad agus toisc go bhfuil ionad comhdhála ann bhí sí oiriúnach don fhéile mór le rá seo. Bhí cuid is mó des na heachtraí ar siúil ann agus le sin cúpla ceann eile sa Cork Opera House.

Measaim go raibh suas go 5,000 nó b’fhéidir níos mó ag an ócáid seo, bhí an óstlann plódaithe agus chuala nach raibh leaba le fáil sa ceantar oíche Aoine nó oíche Shathairn. Bhí ar chairde againn ó Indreabhán fanacht amach i gCeann tSáile lena gcúigear clainne!…… dáiríre bhí an t-ádh orm go raibh mo sheomra in áirithe agam tamall fada ó shin (bhí sé go breá i gcomhair an corr néal chodlata!)
Bhí na heachtraí ar siúil an t-am ar fad, thosnaigh siad timpeall a deich a chloig ar maidin le iomaitheoirí óga agus lean siad trí an tráthnóna go h-oíche. Bhíos féin ag dul isteach agus ag teacht amach ó chomórtais. Bhí Gaeilge chliste le cloisint gan trácht ar an féith grinn a bhí i roinnt cumadóireachta. Chaithfinn tamall ag comórtas amháin agus ansin amach liom chuig ceann éigin eile a bhí ar siúil ag an am céanna agus ós rud é nach raibh mé i mo luí go dtí a trí nó a ceathair ar maidin ní raibh mé toilteanach dul chuig aon rud ró luath sa mhaidin.

Ach ní h-iad amháin na comórtais a mheallann na sluaite chuig an Fhéile Mhór seo. Luaigh cuid mhaith domsa nach mbíonn an deis acu a bheith le cheile aon uair eile sa bhliain, ach amháin ag an Oireachtas, de dheasca brú oibre agus brú na gcúraimí eile a bhíonn orthu. B’aoibhinn an seans é do lucht na teanga in Éireann, nó ó pé áit sa domhain, teacht le cheile. Tagann daoine ó fud na tíre a bheith i gcomhluadar a seanachairde thar an deireadh seachtaine ar a laghad agus, ar ndóigh, teacht ar chairde nua le fíor suim sa teanga. Mar gheall ar sin rith sé liom gur ócáid ana mhór í seo do gach uile duine a bhí páirteach, pé sná comórtais, sna lucht féachana nó fiú dá gcaitheadar a gcuid ama sa bheár nó sna bialanna. Maireann an ceol, an comhrá, an amhránaíocht, an chraic, an rince agus an comhluadar ar scáth a cheile.

Rud eile a chuir gliondar orm ná an meascán a bhí ann idir óg, mean aosta agus sean, iad uilig ag baint súp as an saol ó maidin go hoíche le ceol, craic agus comhrá. Is fíor féile an chultúir atá ann gan aon éirí in airde chomh fada agus is eol domsa.

Is minic a theip orm nuair a bhíos ag iarraidh freastal ar chomórtais, bhuailfinn le cara éigin ar mo bhealach nó i halla Fáilte na hóstlainne agus ansin lean an comhrá go dtí nach bhfiú dul chuig an comórtas áirithe ar chor ar bith! Bheadh orainn dul ar thoir cupán tae nó gloine rud éigin sa bheár. Is minic chomh maith a tharlódh rudaí beaga gan choinne, mar shampla ag seoladh leabhar Mhaidhc Dainín Ó Sé thosnaigh mac an údar, Caoimhín, ag seinm ceoil ar an bhflute, bhí sé go h-iontach, agus bhí an lucht éisteachta lán sásta cé nach rabhadar ag súil le ceol ag an eachtra seo…

Chonaic mé na ceamaraí ag roinnt comórtais, sa bheár agus in áiteanna éagsúla eile agus chuala go raibh na “réaltaí teilifíse” ó TG4 ag fánaíocht timpill, faraoir níl súil aithne agamsa orthu siúd agus mar sin dá mbeinn ag caint le ceann acu ní bheadh a fhios agam!
Ach ba í an réalta is mó a bhí ann, dar liom, ná Cianaire Nic Reamoinn. Níl ach dhá bliana d’aois aici agus í lán sásta a bheith ag an Oireachtas. Ó mhaidin go hoíche chonachthas í i dteannta a athair Seán nó a máthair Sorcha. Bhí Cianaire i gcónaí gealgháireach agus ag baint sult as na heachtraí ina timpeallacht. Ag caint go fíneálta sa ghaeilge mar ba cheart do aingeal agus ag éisteacht go géar nuair ba choir dí a bheith ciúin. ….Bhí an t-ádh orm gur bhuaileas léi ar uairibh, aimsir bhricfeasta, ag seoladh leabhair …ag spaisteoireacht timpill na h-áite nó ag comórtas éigin. Is léir dom gurb ise (agus a mhacasamhail,) a bhí gceist ag Nuala Ní Dhomhnaill nuair a luaigh sí iníon Fharó le sin nílim amhrasach go leanfaidh an Fhéile iontach seo don glúin nár saolaíodh go fóill.

Ní gá dom a rá nár chuala mé ach an teanga ó luath maidin Déardaoin go oíche Shathairn nuair a bhí orm filleadh go Luimneach, tugtha traochta a bhíos ach ag súil le Doire 2005, idir an dá linn tá orm teacht ar mhúinteoir damhsa ar an sean nós. An féidir feabhas a chur ar an bhFéile? b’fhéidir ionad níos mo go mbeadh gach uile duine agus gach uile eachtra ar siúil san áit céanna, nó ar a laghad go mbeimis in ann siúl gach áit, mar a bhí i dTrá Lí. Ach an bhfuil áit mar sin ann? Is fuath liom busanna mar ní bhím in am dóibh de gnáth, agus is maith liom slán a fhágáil le mo charrsa díreach nuair a shroichim…….rud eile ná is rud deacair é do dhaoine dul chuig óstlann eile nuair a bhíonn cúrsaí na hoíche faoi lán tseoil sa phríomh suíomh. Bíonn fonn orainn uile fanacht san áit céanna.

Cheapas go mbeadh na buaiteoirí liostaithe anseo ach níl go fóill.






Monday, October 31, 2005

Oiche Shamhna

Anseo ataim i Luimneach in Internet Cafe ag iarraigh mo mhear a choimead ar mo chuid ephoist srl. Nil an aimsir go dona, tais go leor ach nil se fuair mar a bhionn se de gnath ag an am seo den bhliain. Dorcha go luath sa trathnona anois agus ar ndoigh beidh na paisti fiain anocht....ta an chathair ag feachaint go brea ach amhain an tracht, ach ni sceal nua e sin...........

Wednesday, October 26, 2005

Ar Chipíní

Níl scéal fós ó oifig Patrick Fitzgerald. Is cosúil go bhfuil lucht an rialtais i Washington ar chipíní!
Beidh mé ag imeacht go Boston sa thráthnóna agus ansin go Sionainn, (i bhfad níos saoire ná díreach ó NYC go Sionainn.) Ba ghearr, is dócha, go ligfidh an scéal chun dearmaid. Nuair a thagaim ar ais beidh scannal nua ann.
…..Seachtain i gcathair Luimnigh agus trí lá i gcathair Corcaigh ag Féile na Samhna.

Monday, October 24, 2005

Plamegate

Nó, mar a chonaic ar maidin, “Plame Name Blame Game “

Dáiríre, tá an cheist seo casta ach ní thuigim rud amháin. Ba é Robert Novak an iriseoir a scríobh an t-alt ar dtús i 2003 ach ní chloistear a ainm ró mhinic le déanaí. Tuige nár chuireadh ceist a fhoinse eolais díreach air? Fháil amach cé hiad na daoine atá orthu an locht? Anois tá Judith Millar ar ais faoin spotsolas agus soléir nach bhfuil a iar chairde sa NY Times ró shásta léi. Níl a smaointí ró shoiléir mar dhea, agus ar ndóigh tá an scéal níos doimhne ná a gceapfá. Tá sé ráite go mbeidh níos mó eolais againn an tseachtain seo, toradh scrúdú Patrick Fitzgerald, ach an mbeidh an fhírinne ghlan riamh againn?

Sunday, October 23, 2005

Ré an Riomhaire i Saolta na nÓg

Leigh mé alt sa NY Times inniu faoi páistí a gcaitheann an iomarca ama ar an ríomhaire agus chuireann sé seo isteach ar a dtuismitheoirí.
Tuigim ar thaobh amháin, tá athrú tagtha ar saolta na bpáistí, feicim nach bhfuil suim ag mo chuid sa teilifís ar chor ar bith mar shampla, agus ba é an trioblóid a bhí ag tuismitheoirí roimhe an ré seo, ré an ríomhaire. Sílimse gur rud ana mhaith é nach bhfuil suim acu sa teilifís mar is annamh, dar liom, a bhíonn aon rud ab fhiú dóibh am a chaitheamh ag féachaint air.
De réir dealraimh, an lá atá inniu ann, bíonn páistí ó seacht mbliana d’aois ina suí cúpla uair roimh scoil seans IM lena gcairde, cé go mbuailfidh siad le cheile i gcionn cúpla uair. Seo an tslí ina iompaíonn siad faoi láthair. Fanann siad ina seomra leo féin ach bíonn siad i dteagmháil lena gcairde an t-am ar fad, páirteach i gcluiche timpeall an domhan, (warcraft srl), tá siad thar tréimhse an cellfón fiu, níl siadsan úsáideach ach amháin nuair nach bhfuil siad os chomhair an ríomhaire, agus is fánach an uair sin!……….. Dar le David Levy, ollamh in Ollscoil Washington, go bhfuil an athrú seo le feiceáil sa chultúr iomlán, ag tagairt ar machnamh, dúirt sé “That’s true for the whole culture, most adults have a hard time doing that too. What we are losing is the contemplative dimension of life.”
Má bhíonn sé sin fíor níl sé ceart an locht a chur ar na ríomhairí nó ar an saol nua aimseartha seo. Athraíonn sibhialtachtaí i gcónaí, maraon teanga, chomh fada is a bhíonn siad beo, deacair an locht a chur ar aon rud áirithe.

Aisteach, ach aon uair a bhím ar tí dul ar saoire tagann tonnta oibre isteach chugam. Is maith an rud é, íocann an méid seo obair breise as mo thuras go Éireann...........As seo amach nuair nach bhfuilim ró ghnóthach ba choir dom an focal a scaipeadh go mbeidh mé ag imeacht ar feadh coicíse nó mar sin, ansin gan amhras beidh mo clients i dteagmháil.

Thursday, October 20, 2005

Níl Cothrom na Féinne ann!

Bhí sé in am scrúdú súile a bheith agam agus bhíos ag smaoineamh ar lionsaí a fháil. Is cuma liom na spéaclaí ach cheapas go mbeadh sé níos éasca ó thaobh an sciáil de…(agus tá aimsir na sciála ag teacht Deo Gratias)…….Bhaineas triail astu blianta ó shin ach caithfidh mé a rá go raibh mé ró leisciúil an méid sin glantachán a dhéanamh gach oíche leo srl. Rud eile ná níor cheap mé go raibh mo radhairc chomh maith leo agus a bhí sé le mo spéaclaí. Ar aon cuma chuaigh mé go dtí an radharceolaí agus fuaireas amach go bhfuil na lionsaí i bhfad níos fearr an lá atá inniu ann ná ocht mbliana ó shin agus go bhfuil siad saor go leor anois…. Fuaireas iad. Ní raibh mo radhairc ró mhaith, rinneadh iarracht é a réitigh le péire eile. No go. Bhí scrúdú eile agam agus is toradh an scrúdú sin ná go bhfuil cruth as an gnáth ag mo mheallta súile…..Ní féidir le na lionsaí greim maith a choimeád ar mo mheallta, tá cuar aisteach ag mo chuid? Bheadh orm Custom Made lionsaí a fháil ar phraghas nach beag, ní fheadar an fiú é.

Tuesday, October 18, 2005

Stir Crazy / Bhíos imithe bán!

Fuair mé na nathanna cainte seo ó Aoife Ní Chonchúir, grma a Aoife.

"Táim imithe le gealaigh / tá sé i mo chur le gealaigh
Táim imithe bán / tá sé i mo thiomáint bán
Táim ag braistint corrathónach (má bhíonn tú just restless)"

Dáiríre, bhíos imithe bán leis an bhfearthainne an tseachtain seo chaite, ach bhí deireadh seachtaine bhreá againn sa Adirondacks, Old Forge.
Bhí an Moose River fiáin de bharr an méid sin báistí agus uisce breise ó na lochanna (os rud é go raibh na dambaí ar oscailt acu leibhéal uisce sna lochanna a ísliú roimh teacht an sneachta) mar sin bhí na kayakers ar neamh.
Is olc an ghaoth nach séidfidh go maith do dhuine éigin. Bhí sé tirim buíochas le Dia…..

Friday, October 14, 2005

Ag Greadadh Báistí...

Tá sé fós ag greadadh báistí, is mór an lán uisce atá caite aige. Seo é an t-ochtú lá gan stad! Ní bhíonn sé mar seo de gnáth, cheapas go raibh mé slán ón drochaimsir seo, b’fhearr liom an sneachta aon uair.
Faighim tuisceanach ach, faraor ní fhaighim comhbhrón ar bith ó mo chairde in Éirinn. “…..ná déan dearmad ar an saol atá againne” a smaoinítear sílim……(b’fhéidir gurb í cúis paranáia í an fhearthainne sheasta throm seo … go mór mhór i nduine a cheapann go bhfuil sí éalaithe uaithi go deo …...oh well, is móra iad na fadhbanna atá agam)
Tá cabin fever ag na cait fiú, tá siad ag éirí stir crazy! Bhí Púca ina phúca an lá iomlán inné, a deirfiúr bocht á ciapadh aige gan faoiseamh, leis sin bhí sé ag chur isteach ormsa ag rith suas na cuirtíní mar ghealt srl. Bhí orm é a chaith amach uair amháin síocháin a thabhairt di siúd agus domsa………

Táimid ag dul anocht ó thuaidh go dtí an Moose River Festival. Tá sé níos tirime i dtuaisceart an Stáit.

Tá an galar éin i Turkey anois…………
Fuarthas amach seachtain no mar sin ó shin go raibh nasc díreach idir an ‘flu ag tús na haoise seo chaite agus galar éin. Ghlacfadh sé b’fhéidir cúpla bliain ach, tá sé ráite go bhfuil seans ann go gclaochlódh an galar éin seo go galar daonna.

Wednesday, October 12, 2005

Fimíneacht

Tá níos mo ar an NY Times inniu faoin gcléir Chaitliceach i California agus drochíde na bpáistí. Scaoileadh na comhaid faoi 126 sagart in LA inniu agus is léir go raibh an trioblóid seo ar siúl breis agus 75 bliana. Bíonn sos againn ón nuacht seo ar feadh míosa nó dhó agus ansin tagann eolas breise chugainn. Gach uair bíonn an t-eolas níos measa, tá sé níos measa ná ‘scannal’ dar liom, cé go dtugtar ‘Scannal na hEaglaise” air. Bhíodh tuismitheoirí ag cur a bpáistí faoi cúram na mic mallachtain seo trí na glúine agus dáiríre ní raibh cuid des na páistí seo ach uain i lámha na mbúistéirí. Is cosúil go raibh cúrsaí i LA chomh measa le Boston. Is í an fhimíneacht a chuireann isteach go mór ormsa, ag smaoineamh ar an méid sin páistí i lámha na millteoirí. Nílim in inniu fiú léamh na sleachta.

Dhá uair ó shin bhí sliocht ar Reuters Alert-Net a rá nach bhfuil an Avian ‘flu i Romania, is nuacht bhreá í sin, má bhíonn sí fíor! Beidh toradh scrúdaithe againn faoi Turkey amárach………….