Tuesday, January 03, 2006

Athbhliain faoi mhaise daoibh.

Ar ais tar éis seachtaine ar saoire i dtuaisceart an stáit. D’imigh an t-am go tapaigh uainn agus bhíomar ar tí na hathbhliana sula raibh seans agam anáil a tharraingt!

Silim go raibh gach duine sásta lena gcuid bronntanais na Nollag. Níor chuala aon gearán ach go h-airithe. Fuaireas féin cairn iontach, ipod nua in measc. Ansin gan moill ar bith bhí orainn tamall a chaitheamh ag smaoineamh ar rúnda na hathbhliana. Bhí drogall ar mo chlann agus a gcairde teacht aníos le aon rud, tá siad go léir chomh foirfe sin cheanna féin is dócha. (I gcónaí bíonn dream déagóra breise linn nuair a táimid ar saoire. Tagann siad ina gcarranna féin ar feadh trí nó ceithre lá, níl orainn mórán a dhéanamh leo ach spás dá málaí codlata a thabhairt dóibh, greim bia agus éisteacht leo!………. bhí ochtar breise againn an uair seo, sin aon déagóir déag sa teach ag an am céanna idir fir agus mná óga……crikey, bhí eagla orm féachaint go géar ar na málaí codlata ar eagla go raibh cuid acu zipped le cheile…….. ) Is é ceann do mo rúnda 2006 féin ná gan a bheith ag gearán faoi cairde mo mhic, is rud deas é go dtagann siad agus go bhfuil siad lán sásta cur suas linne! Coimeádfaidh mé mo thuairimí dom féin…………….

Fuair m’uncail Jim bás inniu. Teip chroí. Luaigh mé é roimh na Nollag, peata a bhí ann. Bhí a fhios agam go raibh an lá seo ag teacht ach i gcónaí tagann sé ró luath. Bhí Nollaig agus an Athbhliain aige ach ansin inné d’imigh a neart uaidh.
Ba dhuine lách, gealgháireach, flaithiúil é. Tá sé sa phictiúr thíos,(san alt a scriobh mé ar an 15ú Mí na Nollag,) ina sheasamh ar an taobh deis. Bheadh a fhios agat óna aghaidh gur eisean an fear grinn, is dócha go ndúirt sé rud éigin amaideach nó deisbhéalach a chur an dream go léir ag gáire. Beidh sé i ndil chuimhne dom í gcónaí ag insint scéalta grinne dá lucht éisteachta.
Codladh síoraí ar a anam dílis.

4 comments:

Conn said...

Suaimhneas síoraí d'anamacha na marbh.

Dealraíonn sé go raibh saoire an-dheas agaibh a Hilary! Athbhliain faoi mhaise chugaibh go léir.

Anonymous said...

Comhbhrón leat, a Hilary. Go raibh sé ar dheis Dé.

Seán

Anonymous said...

Fuair mé iPod freisin. Chuir mé Buntús Cainte Vol. 2 air cheana. Déanann sé áisiúil an Ghaeilge le cloisteáil. Beidh Turas Teanga an chéad uair chugainn.

Conas raibh Dunne's aréir?

Seán

Hilary de Bhál, bean Mhic Suibhne said...

Go raibh maith agaibh.
A Sheain, Ní raibh mé in ann dul go Dunne’s an oíche sin sa deireadh. Bhí orm ullmhúchán a dhéanamh ar son mo thuras chuig sochraid m'uncail. Bhí an eitilt go luath agus bhí mé i mo shuí ag 4:45 an maidin dár gcionn…….
Táim ag súil leis an gcéad cruinniú eile ann ar an gcéad lá de Mhí Feabhra. Feicfidh mé ann tú.
Ádh mór leis an Ipod, níl ach ceol ar mo cheann go dtí seo.