Thursday, January 26, 2006

“Let’s face it, the battle to save the language is lost” says WHO?

“Let’s face it, the battle to save the language is lost” Sin ainm sliocht a scríobh Robin Bury (whoisee?) san Irish Times ar an 21ú Eanáir. Cén fáth go bhfuil daoine mar é fós ag scríobh an raiméis seo?……..ós rud é nach bhfuil a teanga féin aige tá sé ag iarraidh í a choimeád faoi bhrú lena a thuairim: nach bhfuil sé ceart an teanga a bheith mar ábhar scoile éigeantacha. Táim a cheapadh go bhfuil náire de shaghas éigin air mar níl an teanga aige, ag súil gurb é sin cúis an t-alt seo. Ansin d’fhéach mé ar a shuíomh ghréasáin! Ní amháin nach bhfuil meas madra aige don teanga ach ba mhaith leis an tír a bheith páirteach sa Commonwealth! Cá bhfuil tú i do chónaí a Robin? Tú féin agus Ruth Dudley Edwards…. Bhuel, is féidir aon tuairim a bheith agat, dar liom, ach is fíor chomh maith go mbíonn na haineolaithe, iad siúd a mbraitheann bagairt ó áit áirithe, in aghaidh cúise na mbagairtí. Ní bhraitheann an dream seo go fíor Éireannaigh iad. Níl siad compordach sa chultúr Éireannach, mar níl siad compordach ina gcraiceann féin. Ní thuigeann siad, is dócha, cad é cultúr, mar sin bíonn siad ag iarraidh é a ionsaí i gcónaí.
Ní féidir leo é a fhágáil…….

Bhí ionadh orm ar maidin a fháil amach go bhfuair Hamas an bua sa toghchán. Cheapas, mise agus an domhan mór (Hamas ina measc!) a bhíonn ag féachaint ar chúrsaí ar an talamh naofa sin, go mbeadh Fatah ar ais le srianta an rialtais ina lámha acu.

Le sin tá díomá nach beag ar chairde agam i gCeanada le toradh a dtoghchán. Tá na Coimeádaigh tar éis teacht i réim thuas ansin tá cúpla lá ó shin. Tá eagla ar mo chairde, ní nach ionadh is dócha, go mbeadh an tír sin i bpóca Páirtí na gCoimeádach anseo i SAM. Ach ní cheapaim go dtarlódh é sin, níl tromlach ró mhór acu agus beidh orthu gach taobh a choimeád san áireamh an t-am ar fad.

14 comments:

Anonymous said...

as bearla?

Hilary de Bhál, bean Mhic Suibhne said...

Sa Ghaeilge anseo!

Anonymous said...

Maith thú, Hilary. Ni fhaca mé an alt sin san Irish Times ach is dócha gur lá ciúin a bhi ann!

Hilary de Bhál, bean Mhic Suibhne said...

Grma A Dhonal,
An rud a cuireann isteach go mór orm ná iad siúd a bhíonn i gcónaí toilteanach cic a thabhairt don teanga. Níl a fhios acu cad atá ar siúl léi. Bíonn siad i gcónaí ag gearán faoin méid airgid a chaitheann an rialtas ar a son agus araile. Ní féidir leo smaoineamh leo féin: is Bandwagon Brigade iad. Cén fáth nach ndíríonn siad a gcuid fuinnimh breise chuig rud cabhrach? Mar shampla : Animal Shelters, St Vincent de Paul, rud ar bith! agus an teanga a fhágáil.

Conn said...

"Táim a cheapadh go bhfuil náire de shaghas éigin air mar níl an teanga aige"

Sin í an tuairim phearsanta atá agamsa i dtaobh a leithéidí. Bíonn Kevin Myers, ach go h-áirithe, chomh nimhneach in aghaidh na teanga gur léir go bhfuil mothúcháin láidre phearsanta i gceist. Pus agus breall atá air, go bhfuil gné de shaol cultúrtha na tíre iata ina choinne - dá dheoin féin. Ní h-é nach bhfuil fáilte ag a leithéidí i bpobal na Gaeilge - ach b'fhearr leo an teanga a ruaigeadh ná páirt a ghlacadh inti. B'fhearr leo í a scrios ná géilleadh don tuairim ná tagann lena ndearcadh claonta fein: 'sé sin, go bhfuil difríocht idir Éireannachas agus Sasanachas - agus gur cuid de féiniúlacht an Éireannachais an Ghaeilge (mar aon lenár leagan féin den mBéarla).

Sin é comhartha sóirt an "West Brit": "Why can't the damn natives be like us?".

Tá bunús an náisiúin seo bródúil as an bhféiniúlacht chúltúrtha atá againn, fiú mura bhfuil an teanga ar a dtoil acu go léir. Is cóir an éagsúlacht chultúrtha a cheiliúradh - agus tá an-éagsúlacht go deo againn sa tír seo anois, bail ó Dhia uirthi!

Anonymous said...

Maidir leis an tuairim "nach bhfuil sé ceart an teanga a bheith mar ábhar scoile éigeantacha"...

Bhí mé ag díospóireacht phoiblí idir an tAire Gaeltachta Éamon Ó Cuív agus Enda Kenny, T.D. an deireadh seachtaine seo caite. Bhí siad ag caint faoi riachtanas na Gaeilge san Ardteist. Dúirt an tAire go bhfuil sé sásta moladh a chur faoin Roinn Oideachais go ndéanfaí dhá ábhar den Ghaeilge san Ardteist - "An Teanga" agus "Stair/Litríocht". Bheadh cead ag an dalta Ardteiste rogha a dheanamh. Is an-smaoineamh é sin!

Hilary de Bhál, bean Mhic Suibhne said...

B’fhéidir go mbeadh sé sin níos fearr……. Níl a fhios agam conas an fhadhb seo a réitigh ar chor ar bith, an seanphort céanna arís is arís eile. Is fuath liom an méad sin d’amadán a bhíonn i gcoinne an teanga gan féachaint go géar uirthi nó ar an fhadhb, ag iarraidh teacht ar saghas scapegoat…(gabhar tiomanta?). Bíonn siad chomh toilteanach a bheith diúltach i gcónaí. Bheadh sé iontach níos mó a chur isteach sna bhunscoileanna agus na tuismitheoirí féin a mhealladh isteach snas a chur ar a gucid Gaeilge. Má bhíonn na tuismitheoirí i gcoinne rud éigin ní fada go mbeadh na paistí ag gearán.

Hilary de Bhál, bean Mhic Suibhne said...

Maidir le Kevin Myers. Ní thuigim é. Duine oilte éirimiúil é, scríbhneoir ana mhaith agus is minic a bhainim taitneamh as a sleachta, ach éiríonn sé ansmachtúil agus é ag scríobh faoin teanga. Nó b’fhéidir gur ansmachtaí é ina shaol féin agus tagann an rian sin amach aon uair a bhraitheann sé bagairt an aineolais.

Panu said...

Duine oilte éirimiúil é

Tá sé an-oilte, an-éirimiúil ar gach gné de chultúr na Breataine Móire, agus sin a bhfuil de. Is cuma sa diabhal leis faoi aon rud a bhaineann le hÉirinn. Agus cosúil leis an chuid is measa de na Sasanaigh, tá meas an mhagaidh aige ar aon teanga iasachta. Is é sin, síleann sé gurb é an magadh is fearr ar fud is ar fairsinge an domhain daoine a bheith ann ar aon nós nach bhfuil Béarla ó dhúchas acu.

Kieran O said...

I took up the study of Irish on my own last year, at the age of 43. I'm not comfortable enough posting in Irish, so please forgive my posting in English. It's sad that Irish is considered uncool, considering the circumstances that diminished the ranks of its native speakers in the first place, but there are still those interested in learning it. As a second-generation Irish-American, I am hoping to discover more about my heritage and the Irish spirit by learning Gaeilge. You provide a valuable resource in Irish for me and others. Go raibh maith agat! Ciarán

Hilary de Bhál, bean Mhic Suibhne said...

A Phanu, a chara,
Is mór an trua do féin a bheith chomh aineolach sin.
H

Kayo Kid, A chara,
Is iontach an rud é go bhfuil tú ag foghlaim na Gaeilge. Buailim le daoine go rialta atá ag teacht chuici anseo sa SAM. Glac gach seans í a labhairt, an mbíonn tú páirteach sna deireadh seachtainí curtha le cheile ag Daltaí na Gaeilge sa Tri State Area? Tá ceann ar siúl an deireadh seachtaine seo ag teacht in Esopus NY, 17 ú 18ú 19ú Feabhra.

Panu said...

Is mór an trua do féin a bheith chomh aineolach sin.

Is mó go mór is trua liom féin na páistí scoile, abair, a tholgfaidh víreas an aineolais uaidh. Bheadh sé níos fusa agam trua a ghlacadh leis ach go bé gur cúis bhróid leis bheith chomh haineolach sin. Samhlaigh duit daoine óga, daltaí scoile, a chreidfidh uaidh nach bhfuil gá le Gaeilge a fhoghlaim, nach bhfuil gá le haon teanga eile a fhoghlaim, nach bhfuil i dteangacha an tsaoil mhóir ach seafóid bharrúil na strainséirí neamhshibhialta nach bhfuil léann agus Béarla acu. An dochar atá Myers a dhéanamh do shochaí na hÉireann, téann sé i bhfad thar cheist na Gaeilge féin. Is é an rud atá sé a mhúineadh do na daoine ná nach bhfuil gá le foghlaim, agus is deacair dochar is mó ná sin a dhéanamh do scoileanna agus do shaol léinn an náisiúin ná méim (meme) den chineál seo a shíolchur agus a chraobhscaoileadh.

Hilary de Bhál, bean Mhic Suibhne said...

An bhfuil an méad sin tionchair aige? ‘Sea bíonn daoine mar é páirteach ach is fadhb níos mó í seo ná iad siúd agus a ndrochthionchar…. Nach dtéann na mothúcháin sin go doimhne i gcuid mhór Éireannaigh faoi láthair agus roimhe seo, gan cabhair uaidh? …………...”What use is it?” Agus a leithead de léirithe. Tá an fhadhb chéanna le feiscint anseo sna SAM, maidir le teangacha iasachta (agus ardnósacha chomh maith) go mór mhór roimh an Spáinnis.
Ach aontaím leat, nuair nach bhfuil meas ag na tuismitheoirí ar rud ní bhíonn meas ar bith ag na paistí agus tosaíonn sé seo nuair a bhíonn na páistí an óg ar fad. Tá fíor suim in oideachas ar a son féin ag imeacht… “nach bhfuil gá le foghlaim” …. An fhadhb na cine daonna í seo ar shlí? Timpeall an t-iarthar, an méim diúltach ag taisteal timpeall agus caighdeán oideachais in ábhair áirithe ag ísliú….. polarization ag fás.
H

Panu said...

An bhfuil an méad sin tionchair aige?

Sílim go bhfuil, nó mura racha' a chuid seafóide i bhfeidhm ar na páistí scoile go díreach, sroicfidh an drochthoradh iad óna dtuismitheoirí.

Tá fíor suim in oideachas ar a son féin ag imeacht...

Tá. Agus b'é an bharúil a bhí fir ní b'fhearr ná mé féin riamh ná gur éirigh leis na Giúdaigh sna Stáit agus i dtíortha eile chomh maith agus a d'éirigh, i gcomparáid leis na haicmí eile den daonra, ar an t-aon chúis amháin gurb é an traidisiún atá acu an Torah agus an Talmud a staidéar agus a phlé le chéile, ar mhaith leis an staidéar féin, nó ar mhaithe leis an reiligiún. Tholg siadsan a mhalairt de mhéim - d'éirigh siad tugtha don fhoghlaim mar luach ann féin, mar chuspóir ann féin.