Monday, January 16, 2006

An Ríomhaire- My Square Headed Spouse?


Bhí deireadh seachtaine agam i dtuaisceart an stáit. Ní raibh Paraic in ann teacht ag an nóiméad deireanach de dheasca brú oibre ach bhíos lán sásta dul le Cara, mo mhadra. Chuamar amach ag siúil agus ghlacas an grianghraf atá thuas, sin an abhainn bheag “The North Creek” agus téann sé thar chúl an tí isteach go dtí an abha mhór The Hudson i lár an bhaile “North Creek”, tugadh ainm an bhaile tar éis ainm na habhann. De gnáth, bainim an-sult as an áit seo, gan teilifís, gan ríomhaire agus a leithéid de rud, ach tháinig uaigneas de shaghas éigin orm tráthnóna Sathairn: gan mo chéile? (nó gan mo “chéile cinn cearnógaigh” b’fhéidir?) Isteach liom chuig an leabharlann bheag i lár North Creek agus ar a laghad bhí mé in ann dul ar líne agus m’ephoist a fháil, nótaí a chur agus tamall a chaitheamh ag léamh bloganna eile.
Phew! Sábháilte!….Ní raibh in ann cur suas leis an turcaí fuar gan mo dhá chéile!

2 comments:

Anonymous said...

Is tír álainn na Adirondacks. Is féidir leat siúil tríd na coillte agus a bheith i d'aonar glan. Ag an am sin níl aon eolas agat ar an aois. An bhfuil sí 2006 nó 1806 nó 1606? Ní mhaireann am ann. Tá an choill 's an ghaoth 's an seitheamh ann amháin.

Seán

Hilary de Bhál, bean Mhic Suibhne said...

Tá an cheart agat a Sheáin.