Monday, August 29, 2005

Iar Virginia


Bhí orainn stop i gcomhair lóin áit éigin agus os rud é go raibh an léarscáil agamsa roghnaigh mé Clifton Forge, san Allegheny Mts. Appalachia. Isteach sa bhaile beag linn ag iarraidh teacht ar siopa chaife no bialann shimplí. Ba sheanbhaile traenach é sna sléibhte i gceantar mianadóireachta, West Virginia. Dhúisigh gach duine sa charr ag súil le bia.
Is fearr liom fanacht ó na sreangshiopaí móra, más féidir, bíonn siadsan mar a gcéanna gach áit. Le sin bhíomar ar thóir áit deas áitiúil .....
Faraor, tháinig ciúnas orainn agus sinn ag tiomaint timpeall an bhaile seo. Bhí gach ré foirgneamh dúnta agus cuma bhróin ar na sráideanna. Bhí fógraí crochta ag tabhairt tacaíochta chuig “ Ár mbuachaillí in
Iraq. Ní raibh éinne le feiscint ag dul timpeall, cá rabhadar? Baile na taibhse a bhí ann. Ag deireadh an bhaile bhí caife beag agus bhí na fuinneoga chomh salach sin nach raibh suim agam gabh isteach ann ar chor ar bith. Chonaiceamar bialann iodálaigh ansin, ar oscailt, ach fógra ar an bhfuinneog “Cook wanted”. Thiománamar timpeall arís, bhraitheamar an lagar spride a bhí ann, ní raibh an baile seo beo agus sláintiúil. Bhí sé soiléir go raibh bochtanas nach beag anseo, cé go raibh Halla an Bhaile galánta go leor. B’fhéidir gur dhún cúpla sean comhlachtaí nó gur cuireadh deireadh leis an traein teacht trí an bhaile nó stopadh anseo? Ní bheadh a fhios agat.
Bhí díomá orainn, ag féachaint ar na foirgnimh. B’éigin dúinn imeacht gan $ a fhágáil inár ndiaidh.
Ar dhul ar ais dúinn thánamar ar Pizza Hut in aice an príomhbhóthar Interstate 64

Saturday, August 27, 2005

Go Charlottesville, Va.

Ní raibh an turas go Charlottesville Va. ró fhada. Deirtear gur cathair í ach níl inti ach baile beag. Tá ollscoil poiblí Virginia suite anseo, coláiste a bhunaigh Tomas Jefferson. Chuamar ar chamchuairt an tsuímh agus cheapas go raibh sé an-suimiúil.

Is cuimhin liom gur bhaineas taitneamh as féachaint ar The Waltons i lár na 70’s. Go dtí sin bhíodh dhá phictiúr agam faoi na SAM. Ceann amháin, na buachaillí bó, an tarna ceann, na cathracha móra, mar LA agus NYC. Bhí na scéalta ó na Blue Ridge Mountains of Virginia an difriúil ar fad. Bhí an sraith sin bunaithe píosa ó dheas ó Charlottesville, b‘fhiorscéal é, féin beathaisnéis Earl Hamner, agus tá iarsmalann san áit sin anois i gcuimhne an clár teilifíse (ní sí i gcuimhne Earl Hamner?) Théadh John-Boy (E.H) ar an gcorruair go Charlottesville agus sa deireadh d’fhreastal sé ar an ollscoil ann.

D’fhanamar sa Boars Head Inn, óstlann ar bhruachbhaile Charlottesville. Bhí alán le déanamh san ionad seo ach ní rabharmar páirteach. Chuaigh na h-ógfhir ag rothaíocht agus ag snámh sa tráthnóna agus chuaigh an beirt againne chuig fíonghort na clainne King. Tá suim ag Paraic i bhfíon, táim lán sásta é a ól, ach ní bhím ag léamh faoi, nó ag dul chuig “Tastings” agus a leithéid. Ní fhaca sé an scannán Sideways, áthas orm a rá, agus ní bhíonn sé chomh dona sin ag fiach an fhíona…………..Ar aon cuma bhí taighde déanta aige roimh ré agus ar aghaidh leis an mbeirt againn ar thóir an fíonghort seo. Is cosúil go bhfuil aimsir na háite seo mar a gcéanna le aimsir an ghleanna Rhone, agus anois tá timpeall fiche fíonghoirt sa cheantar seo. Ach níl sé díreach mar atá sé sa bhFrainc. Má thagann aimsir fhuar ag deireadh an Earraigh úsáidtear helicopters i rith na hoícheanta fuara, na fíniúnacha a choimeád saor ón sioc le gluaiseacht an aeir! An ndéantar é sin sa Rhone Valley?

D’éirigh go maith linn ann agus fuaireamar dhá bosca. An oíche sin thánamar ar The Downtown Grille, so-bhlasta!

Thursday, August 25, 2005

Ansin cúpla lá i Washington.

Bíonn fonn ar Chlann tSuibhne i mbia maith i gcónaí agus bhí an t-ádh linn teacht ar McCormick and Smicks lárbhaile ar ascaill a K. Ní bhíonn an cúigear againn le cheile ró mhinic le déanaí agus is aoibhinn linn bia blasta agus chomhrá cliste. Ach is minic agus sinn le cheile a leanann comhrá na bhfear ar aghaidh mar phaidir chapaill faoi innill carranna nó gluaisrothair.
Bhíomar ar lóistín in óstlann ghalánta eile…The Hilton, i bPennsylvania Ave. (Buíochas arís le na pointí arda a tá bailithe ag Paraic de bharr a chuid turais gnó.) Tá sí suite cúpla chéad slat ón Tigh Bán ach ansin ní dheachamar ar chor ar bith.
Chuamar chuig The Museum of the American Indian. Bhí an ealaíon agus an t-eolas a bhí acu ar fheabhas agus ar ndóigh cad faoi na Incas? Bhí a gcuid ailtireacht i bhfad níos fearr ná ailtireacht na Spáinnise! Bhí sé thar a bheith suimiúil dar liom, cé gur theip ar gach duine eile sa chlann fanacht leis an bhfreastalaí go dtí deireadh a camchuairt.
Ba Hopi í siúd, agus go dtí seo ní raibh a fhios agam cé chomh tábhachtach agus atá an t-eolas fola seo dóibh. Faigheann treibheanna áirithe liúntais ar leith nach bhfaigheann gach uile treibh. Bíonn na liúntais seo bunaithe ar na seana conartha. Dúirt sise go raibh cead aici mar dhuine 100% Hopi dul chuig aon ospidéal sa tír agus aire a fháil gan cheist. Ní thugann an rialtas an cead seo duit muna bhfuil 25% dod chuid fola Hopi. Ach bíonn ar an treabh féin an phróifíl ciníche (racial profiling?) nó an tomhas fola seo a dhéanamh.Faoi láthair, a dúirt sí, bíonn daoine ag iarraidh a bheith páirteach leo sa treibh Hopi nach bhfuil 25% dá gcuid fola Hopi……Good God!
Bhí brón orm é seo a chloisint, go bhfuil orthu am a chaitheamh ar cúrsaí mar seo nuair atá fadhbanna níos mo acu ar na caomhnú Indiach dar liom, easpa oideachais, nó caighdeán maireachtála ró íseal, srl agus an gus bainte as codanna móra díobh fós……. Ní hé an scéal céanna roimh na Seminoles, ní fhaigheann siadsan aire saor in aisce sna hotharlanna, níor shínigh siadsan conradh riamh!

Bhíodh breis agus 500 teanga acu uair amháin, anois níl le cloisint ach fuílleach teangan. Ní raibh ceangail ar bith idir na teangacha seo nó idir na treibheanna fiú (Ba shin fíricí nua dom chomh maith) agus mar sin le galar, gunnaí, Bíoblaí agus drochchonartha ba léir nach raibh seans acu a gcultúir éagsúla a choimeád beo.

Monday, August 22, 2005

An teas i Maryland

Ar ais aréir tar éis seachtaine ag taistil ó Nua Eabhrac go Maryland, Virginia agus West Virginia. Beidh píosa gearr agam faoi na tréimhsí a chaitheamar sna áiteanna éagsúla.

Ar dtús bhuaileamar Baltimore, Maryland, tráthnóna Dhomhnaigh agus cé go raibh “plean” againn féachaint timpeall na háite bhí se ró the a bheith lasmuigh ag siúil……105 F nó 40.5 C. Bhí ár n-óstlann The Renaissance ana ghalánta ar fad agus í os comhair an Inner Harbor ach ní raibh sé compordach dul aon áit ar an gcé leis an teas sin, bhí radharc bhreá ó m’fhuinneog ar na longa arda áfach! Ach b’fhearr linne fanacht taobh istigh agus sinn ag léamh…ach cheapas nach raibh sé sin ceart ar ár gcéad lá!…. ar ais linn sa chart agus ó dheas go
Annapolis. Chaitheamar an tráthnóna ag snámh i Chesapeake Bay in ionad féachaint timpeall Baltimore. Ansin ar aghaidh linn go dtí baile Annapolis nó cathair Annapolis is dócha.... Is í Annapolis príomhchathair Maryland cé nach bhfuil sí ro mhór, tá cuma an deas uirthi, agus níos tabhachtaí duinne ní raibh sí chomh te le Baltimore de bharr an farraige. Bhí dream mór go leor ann idir turasóirí agus daoine áitiula ag baint taitneamh as an oiche ar na sráideanna ag ithe uachtair reoite.

Saturday, August 13, 2005

An Sean Scéal Arís…

Léigh mé alt ó pheann Anna Carey san Irish Times le déanaí, bhí sé san irisleabhar Dé Sathairn seo chaite. Luaigh sí an tréimhse a chaith sí sa Ghaeltacht agus an chraic a bhí aici ann dhá bhliain déag ó shin. Bhí agallaimh aici le scoláirí sa Ghaeltacht faoi láthair faoin nós seo atá in Éirínn na déagóirí a chur ann ar feadh coicíse nó trí seachtain. Saghas rite of passage!

Bhaineas féin an taitneamh as mo sheal sa Ghaeltacht, tá na hamhráin a bhí againn fós i mo cheann. Chaithimis gach oíche a bhí tirim taobh amuigh ag spaisteoireacht timpeall na háite, théimis amach fuinneog ár seomra codlata agus bhuailimis lenár gcairde as tigh eile. D’fheicimis, leis an solas laistigh, na múinteoirí go léir sa phub ag ól. Is cuimhin liom oíche amháin ag féachaint orthu agus an dream againne taobh thiar na toir lasmuigh agus sinn ag caitheamh pot. (Bhí sé seo deireadh na 70’s agus gnáth nós ag an am sin! Agus ar ndóigh bhí an stuif ana lag ar fad.) Bhí deirfiúr duine againn ar an ollscoil i UCC agus os rud é nár bhain sise sult ar bith as a tréimhse sa Ghaeltacht bhí brón uirthi ag fágáil slán linn agus sinn ag imeacht…”You poor things” a dúirt sí, “take this“ ba ise ár bhfoinse! Cheapaimis go rabhamar chomh dána! Agus go raibh an dream óg eile ag ól ana sheanfhaiseanta ar fad. Anois an mhalairt, anseo i NY is iad an dream seanfhaiseanta a mbíonn ag caitheamh an stuif sin. Is léir go bhfuil siad uile níos mó na caoga cúig bliana d’aois agus fós ag smaoineamh ar na ‘60s. Aging Hippies mar a déarfá!

Ar ais go dtí an Ghaeltacht, bhíodh ana chraic le fáil ag na céilithe, thit gach uile duine i ngrá, an chuid is mó againn don chéad uair. Bhí mo ghrágheal rua ó Chathair Chorcaí agus theip orm anois teacht ar a ainm…….. Ach peata a bhí ann! Agus scéal Anna san Irish Times... bhí síse ag caint faoin nGaeilge, ag rá gur tháinig a cuid Gaeilge ar ais chuici gan trioblóid ach amháin níor scríobh sí fiú abairt amháin sa teanga ina halt. Dúirt sí nach mbíonn uain aici an teanga a labhairt ina gnáth saol in Éireann. Cloisim é sin go minic agus sílim nach bhfuil ann ach leithscéal, is uirthi féin atá an locht mar níl fíor suim aici sa teanga. Más féidir liomsa an teanga a labhairt i NY tuige nach féidir léi agus daoine mar í rud ar bith a dhéanamh ar a son in Éirinn? Is ar an duine aonar an uain a chruthú agus ansin í a chothú.......Bíonn daoine áirithe i gcónaí ag caint faoin teanga in ionad ag caint sa teanga.


Ag imeacht amárach ar turas seachtaine go Washington, Virginia agus W.Virginia sa charr, an cúigear againn le cheile i gcarr amháin, ní tharlaíonn é sin go minic, ach le ceathrar tiománaithe anois………fuair Cian a cheadúnas tiomaint Déardaoin agus tá sé ar neamh. Beidh Cara sa chonchró ag an tréidlia agus na cait sa bhaile leo féin, cara dom ag teacht isteach chucu gach lá.

Tuesday, August 09, 2005

RPI agus T léine

Ag dul amárach ó thuaidh go North Creek. Beidh scrúdú ag Cian ceadúnas tiomaint a fháil thuas ansin…..Bhí sé ró mí fhoighneach fanacht go dtí go raibh seans aige é a fháil anseo agus ba bhreá liom cúpla lá saor, mar sin beidh dhá lá againn le cheile i dtuaisceart an stáit, seans cuairt a thabhairt ar RPI chomh maith in Albany agus sinn ar an mbealach maidin amárach.
Trying to get the hang of this tee shirt folding.........

Monday, August 08, 2005

‘Sé mo laoch…

Labhair an leabhair The Fountainhead le Ayn Rand liom i slí ar leith. Críochnaigh mé le déanaí é agus bhí áthas orm teacht ar an laoch sin, Howard Roark. Ní féidir a rá gur fíor duine a bhí in Howard ach barrshamhail d'fhir. Sílim gur iontach an rud é greim a choimeád ar bharrshamhailteacha agus iarracht teacht gar dóibh chomh minic agus is féidir.

Ba iad ionracas, fírinneacht, agus crógacht an duine aonair, téamaí an scéil…. Agus eisean ina sheasamh in aghaidh na sluaite ar son a thuairimí féin, crógacht ann a bheith féinlárnach ach gan a bheith féinspéiseach. Bhí Howard féinlárnach ach cineálta roimh an domhan mór. Bhí a chaighdeán féin aige agus ní raibh sé i gcomórtas le éinne ach amháin é féin. Dála an scéil is fiú an leabhair a léamh ma bhíonn suim i bhfealsúnacht Oibiachtúlachta agat.

Tar éis dom an leabhar a críochnú chaitheas tamall ag machnamh ar mo chéad cinneadh bunaithe ar smaoineamh oibiachtúil. Bhíos i gcónaí amhrasach faoi reiligiún eagraithe, bhuel, ó thosnaigh mé ag smaoineamh dom féin. Is cuimhin liom agus mise 13 bliana d’aois, mo mháthair ag chur brú orm dul chuig na faoistine…. bhí aimsir na Cásca ag teacht agus bhíodh orainn dul roimh an lá mór. Dúirt mé léi go raibh mé ann síocháin a fháil uaithi, ach níor chuaigh……(Caithfidh mé a rá nach raibh drogall orm de dheasca peacaí uafásacha!)….…..An bhliain dár gcionn do bhí níos mó crógachta agam...Dúirt mé léi nach raibh suim agam dul, go raibh sé níos fearr, dar liom, labhairt díreach le Dia dá mbeadh trioblóid agat.
Cheapas ag an am go mbeinn i dtrioblóid le mo thuismitheoirí ach bhí m’argóintí agam agus ní raibh plean agam bogadh…….ach dála an scéil ní raibh trioblóid ar bith, bhí ionadh orm ach dúradar OK, is leatsa an cinneadh sin…
Ní raibh a fhios agam ag an am ach cé go raibh creideamh láidir acu bhíodar amhrasach faoin gcléir nár bhfuaras amach go dtí go raibh mé i bhfad níos sine.

Anois tá orm teacht ar sampla eile ó mo shaol féin ach níl sé éasca!

Táim ag léamh Harry Potter and the Halfblood Prince anois, laoch eile agus baint níos mo aige siúd le saol an chine dhaonna ná Howard Roark, cé go asarlaí é ! Go dtí seo tá an ceann seo níos fearr ná an ceann deireannach sa sraith.

Friday, August 05, 2005

Oícheanta teo an Lúnasa

Bhí fear ag leagadh anuas crann ard i ngairdín mo chomharsa Dé Chéadaoin. Obair rúnda a bhí ar siúl mar níl cead na sean chrainn a leagadh anuas gan saghas cheadúnais ó rialtas an bhaile! Seanchrann darach a bhí i gceist. Go hobann tráthnóna Chéadaoin chailleamar ár n-aibhléis, níl sin ach tús an scéil.
Chonaic mé ó m-oifig go raibh rírá ar siúil taobh amuigh ar an mbóthar. Nuair a tháinig an crann anuas bhuail ceann dá ghéag ar líne tacaíochta an cuaille aibhléise atá ar an mbóthar idir ár dtithe. Bhris an cuaille. Bhí na línte aibhléise ag damhsa ar an mbóthar. Tháinig an briogáid dóiteáin ar dtús. Dhúnadar an bóthar.
Tháinig an comhlacht aibhléise, cúig trucail an mhór. Chuireadh ord isteach ar cuaille nua srl.
Sa deireadh bhí 31 tithe gan aibhléis ar feadh beagnach 12 uair ach bhíomar gan aibhléis beagnach 24! Níos mó ná éinne eile. Chailleamar ár ceangail idirlín agus teilifíse agus ar ndóigh ár fón chomh maith. Bhí bataire mo cellfón marbh ag an am agus anois ní raibh mé in ann aon rud a dhéanamh leis, agus ochón d’éirigh sé an te an tráthnóna sin agus bhíomar gan AC go dtí tráthnóna inné……..bhí sé idir 95 agus 100 céim F.

Monday, August 01, 2005

Féach orm! Nach bhfuil mé ar an taobh istigh?





Bhí orainn slán a fhágáil le Mailte, ar dheis, buanchara Céin maidin Sathairn, chaith séisean agus na cailíní, Becky agus Brittney oíche Aoine linne agus ansin bhí bricfeasta againn taobh amuigh diner i Katonah. Dhéanadh an ceathrar acu gach rud le cheile. Ghlac mé an pictiúr deas seo cúpla noiméad roimh na deora.............. Tá post ag athair Mhailte i Geneva anois agus ar ais leo go Eoraip inné. Bhí Mailte páirteach dár gclann mar ár gceathrú mac le tamall fada agus braithimid uainn é cheana féin. Cé nuair a bhí sé ar a laethanta saoire lena chlann féin bhíodh sé ar an nguthán le Cian gach lá, beidh sé aisteach gan é sa teach gach ré lá ar a laghad. Tá bunadh Ghearmáinise ag a chlann agus chaitheadar tréimhse ghearr i Meiriceá Theas roimh teacht anseo go NY sé nó seacht mbliana ó shin. Anois tá Géarmánis, Spáinis agus Béarla acu uile sa chlann.

Chaitheas tráthnóna Shathairn i Manhattan, bhí mo chara Úna i ndráma “The Frog Prince” sa 59E59 street theatre. Tá sí ag imeacht amárach leis an gcomhlacht go Edinburgh chuig Féile an Imill amach anseo. Is comhlacht é a bhaineann le drámaí bunaithe ar Síscéalta na hEorpa, go mór mhór ar iad scríofa le Na Deartháireacha Grimm. Is aoibhinn liom Síscéalta, fuair mé sean leabhar mar bhronntanas timpeall ceithre nó cúig bliain ó shin, Sídeóga ag Obair (Uilliam ua Riain do scríobh) curtha i gcló 1903. (..naoi bpingne!) ………..Tá orm é a léamh arís, sílim nach raibh na scéalta atá ann foilsithe riamh sa bhéarla. Bá dheas an rud é an nod a thabhairt do An Gúm nó Conradh na Gaeilge iad a chur i gcló uair éigin arís, Conradh na Gaeilge a chur amach an ceann seo atá agam.


Bhí Alt greannmhar san New York Times inné faoi na rudaí truamhéalacha a dhéanann daoine áirithe agus iad ag iarraidh a bheith “páirteach” lena dreamanna is faiseanta maidir le laethanta saoire, nó b fhéidir lena dreamanna is saibhre agus a laethanta saoire!

Tá málaí siopadóireachta le fáil agus cúig uimhir scríofa ar a dtaobh, muna a bhfuil tú páirteach ní bheadh a fhios agat gurb é Zip Code don áit áirithe a tá i gceist. Má théann tú chuig an áit seo bíonn an t-eolas agat, tá tu ar an taobh istigh! Ceann eile is ea an saghas fhógra a bhíonn ar chúl do charr. Mar shampla ACK. Cheap mise go soineanta gurb The Adirondack State Park a bhí i gceist. Áit choitianta le tree huggers agus a leithéid i rith an tsamhraidh. Trekkers, Iascairí, srl Ar ndóigh ní hé sin é ar chor ar bith. Is é ACK cód an Aerfoirt i Nantucket Island. Oileán mór le rá a chaitheann daoine saibhre agus cáiliúil a laethanta saoire. Cá bhfios? Soiléir nach bhfuilim ar an taobh istigh.




Friday, July 29, 2005

I gcoinne Gutenberg! mise?

Bhí caointe i mo ghlór le eirí na gréine ar maidin agus mise ag gearán faoi an méid i mo Bookmarks nach raibh eagraithe i gceart agam. “Tá “Furl”uait” a dúirt Paraic agus é sínte amach agus fós in a chodlatán, ansin “Déanfaidh sé an beart duit, tá sé ana mhaith ar fad agus ma bhíonn aon trioblóid agat le do ríomhaire beidh do chuid bookmarks slán ar a laghad”………… Chaill eisean gach rud cúpla seachtain ó shin nuair a theip a ThinkPad agus cé go raibh sé in ann ana chuid a shábháil chaill sé a bookmarks. Anois bíonn sé ag dul ar lorg gach saghas mhodha chabhraigh atá le fáil saor in aisce ar an idirlíon an cailliúint céanna a sheachaint an chéad uair eile. Le sin bíonn sé ag moladh rud nua gach oíche agus ag tabhairt comhairle gan stad faoin seod nua éigin go bhfuilim bréan de. “Is cuma liom rud mar Furl,“a dúirt leis, gan fiú dul ar an ríomhaire a fháil amach cad é……. “déanfaidh mé glantachán inniu.”

“Tá tusa cosúil leo siúd a bhí i gcoinne Gutenberg!” ar seisean agus ar ais a chodladh leis……….

MISE!


De gnáth coimeádaim cleasaí na bpolaiteoirí agus mo thuairimí fúthu amach ón leathanach seo ach tar éis na nuachta inné tá sé soiléir dom go dtiocfaidh an lá go bhfeicfimid Gerry Adams agus é ina thaoiseach. Tá sé ag iarraidh le tamall fada a bheith páirteach le cúrsaí polaitíochta i ndeisceart na hÉireann. Ní féidir an chuspóir sin a fháil agus baint ag aon córas coiriúil leis, anois tá an dream sin leo féin agus tá an doras ar oscailt roimis, píosa beag ar aon nós. Ar dtús beidh air fuinneamh a chur isteach páirt a glacadh an chumhacht a roinnt sa tuaisceart. Nuair a bhíonn sé sin socraithe, déanfaidh demographics cúis. Ansin, sa deisceart gheobhaidh sé páirt níos mó de bharr a dlisteanacht nua, tá tacaithe nach beag dó cheana i gceantair áirithe. Beidh comhrialtas idir FF agus SF agus ansin, taobh istigh deich mbliana? Cá bhfios……………. Tá an pholaitíocht mar sin, bíonn castaí agus cora ann i gcónaí.

Thursday, July 28, 2005

Oireachtas na Gaeilge 2005

Tá plean agam anois dul chuig Oireachtas na Gaeilge 2005 i gCorcaigh. Fuaireas an bhileog inné sa phost. Bhain mé an-taitneamh as an dtréimhse i dTrálí cúpla bliain ó shin, bhí plean agam a bheith i Leitir Ceannain ach theip orm de dheasca tinneas m’athar. Trócaire Dé air.
Aisteach an rud é mar de gnáth ní maith liom comórtais (amach ó gcluichí,) go háirithe nuair a bhíonn siad bunaithe ar chúrsaí na healaíne. Conas gur féidir le na breithiúna a bheith oibiachtúil ar chor ar bith? Is rud amháin í tuairim ach rud an difriúil é breithiúnas.
Ach ar shlí eile is iomaí duine ag Dia: Cuireann na comórtais cuspóir roimh daoine áirithe a ndícheall a dhéanamh agus tagann cuid mhaith acu amach óna gcúthaile agus iad ar an ardán. An rud is tábhachtaí domsa ná is aoibhinn liom éisteacht orthu, na Dreasa gCainteanna, na h Agallaimh Beirte, na Lúibíní srl. Bíonn cuid acu an-chliste agus greannmhar leis, mar sin is cuma cad í foinse an fhuinnimh a cur tús iontu.
Ar a laghad ag Oireachtas na Gaeilge ní bhíonn na damhsóirí maisithe. Is fuath go mór liom na gúnaí gréagach gairéadach a chaitheann na páistí bochta faoi láthair, gan trácht ar na bréagfhoilt, na corónacha agus an aghaidh dhath! Níl aon maitheas iontu dar liom, bíonn cuma bhreá ar na páistí gan an stuif seo anois bíonn an dreach ceanna ar na páistí uile, agus glacann na maisiúcháin an t-ionracas ón rince. (Tá na gunaí seo an-costasach chomh maith agus cuireann na páistí brú ar a dtuismitheoirí dul leis an bhfaisean seo) Ní bhíonn siad le feiscint ag an ócáid seo. B le D.

Bhí sé go breá i dTrálí i 2003; teacht le cheile le cairde, teacht ar chairde nua agus an teanga a cloisint go nádúrtha gach áit sa bhaile.

Monday, July 25, 2005

Bean chróga agus ceann eile a bhíos ar tí a cloigeann a bhain dí..........

D’imigh mo mháthair abhaile aréir tar éis beagnach cúig seachtaine anseo liom i NY. Tháinig sí cúpla lá ina dhiaidh sochraid Mháire, bhíos féin díreach teacht ar ais nuair a tháinig sí le mo dheirfiúr Susan ina giolla ar a eitilt, d’imigh sise ar ais abhaile tar éis cúpla lá agus d’fhan mo mháthair anseo.
Is bean cróga í dar liom, teacht anseo agus í beagnach ochtú bliana d’aois, ní amháin é sin ach tá sí faoi bhac le ocht mbliana anuas de dheasca stróc uafásach a bhuail uirthi agus í 71 bliana d’aois agus fós ag rith timpeall ina saol mar bhean i bhfad níos óige ná sin. Tá cathaoir roth aici anois agus ní féidir léi smacht a choimeád ar a taobh deas. Ach bhí an t-ádh léi nár cur an diabhail stróic isteach ar a intinn, bíonn sí chomh géar is a bhíodh sí agus cuimhníonn sí gach uile rud. Rud a bhím amhrasach a rá fum féin, is sieve-head mise le déanaí!
Nuair nach féidir gluaiseacht i gceart go bhfuil ort cathaoir roth a úsáid tagann trioblóidí eile ort. Ni amháin stuif a bhaineann le cúrsaí fhisicíula an choirp, bíonn siad ann, ach feicim na mothúcháin a bhíonn ag daoine áirithe roimh mo mháthair i siopaí, bialanna srl. Ar dtús, ceapann cuid acu go bhfuil sí bodhar nó gan thuiscint agus bíonn siad ag labhairt os ard agus go mall léi. Ansin bíonn cuid acu ann nach féidir labhairt léi ar chor ar bith agus ma chuireann sí ceist orthu casann siadsan chugam leis an bhfreagra……..!

Uair amháin eile bhí páiste óg i siopa agus suim mór aige sa chathaoir roth, bhí sé ag féachaint go géar air, innealtóir ina chroí is dócha. Rug a athair greim air agus do tharraing an buachaill bocht uainn go tapaigh agus é ag gabháil fiche leithscéal linn mar gheall ar a mhac? Ní raibh sé ach fiosrach.

Tá dream eile ann agus cuireann siad isteach go mór orm. Glacann siad an spás páirceála curtha in áirithe d’iad nach féidir gluaiseacht, (ní maith liom an focal bacach/ bacaigh, an bhfuil ceann níos fearr oiriúnach…handicapped) De gnáth ní bhím ag smaoineamh orthu siúd ach i rith na seachtaine seo chonaic mé go glacann ana chuid daoine na spásanna seo nuair nach bhfuil cúis leo nó cead acu. Is minic chomh maith a chonaic duine, fiú le fógra ar an gcarr aici/ aige, ag léim amach gan stró agus isteach sa siopa léi/leis.

Bhí an teach lán anseo ag an deireadh seachtaine, naonúir againn, tháinig mo dheartháir agus a iníon ó Texas cuairt a thabhairt ar ár máthair agus tháinig mo dheirfiúr Valerie ó Luimneach mar ghiolla an turais abhaile. Bhí suim nach beag ag mo dheirfiúr dul ag siopadóireacht mar a bhíonn ag cuid mhaith Éireannaigh a thagann (Bíonn siad uilig chomh saibhir i gcomparáid linne leis an Euro láidir!) Mar sin amach linn Dé Sathairn go Woodbury Commons, ionad siopadóireachta ana mhór ar fad. Ní raibh mé ann le seacht bliana anuas, an uair deireanach a bhí Valerieanseo mar ní bhíonn an suim i siopadóireachta céanna ionam ar chor ar bith. Chaitheamar an lá ansin, an ceathrar againn. Mise an tiománaí, mo mháthair, bean na siopadóireachta, agus mo dheartháir, Naomh Eoin. Bhí go maith agus ní raibh go h-olc go dtí go rabhamar ar tí teacht abhaile, mise traochta agus fonn na dí láidre orm .....agus Valerie fós ar thóir rud éigin, thug mé mo mháthair isteach sa seomra leithris agus cé go raibh 16 acu folamh bhí duine sa ceann mór áirithe do chathaoir roth. Silim go raibh an bhean úd ag baint triail as a h-éadaí nua nó rud éigin. Tháinig sí amach tar éis tamaill agus dúirt "Oh Sorry" Bhí dúil orm í a chnagadh ar a cloigeann le tua ar a laghad.




Friday, July 15, 2005

Bearna Tuisceana

Chonaic mé bean i ngrianghraf ar an New York Times inné, leathanach a trí. Ba é a mac (18 bliana d’aois) an buama daonna ar an mBruach Iarthair, i Gaza, Dé Mháirt. Dúirt an bhean bhocht go raibh bród uirthi as an eachtra agus eisean in a ghaiscíoch agus go raibh súil aici go mbeadh a mac eile (14) ina mhairtíreach chomh maith lá éigin.

Cloisimid an tuairim seo go minic faoi láthair agus cuireann sé faitíos orm, ní hí an tuairim amhain ach níos measa fós an bhearna thuisceana a mhaireann idir meonta an iarthair agus meonta an oirthir, pé áit sa domhain a chónaítear. Is dócha go mbeidh gaiscígh agus a máithreacha bródúla ann i gcónaí ach ní thuigim tuismitheoir a bheadh in oirchill ar íobairt a mhic.

Wednesday, July 13, 2005

Lá na Gaeilge i bPetersham, Massachusetts

Chaitheas an deireadh seachtaine i bPetersham Massachusetts ag Lá na Gaeilge faoi choimirce Siobhán Gallivan agus Siobhán Ott ó ionad chultúrtha Ár dTeanga Féin, bunaithe i Worcester.
Bhíomar ar an mbóthar ag 6:3o maidin Sathairn agus shroicheamar, mé féin agus mo chara Eibhlín, tigh galánta Shiobháin Ott timpeall a deich, tar éis turais compordaigh trí New England. Chuir fuaimeanna ceolmhara fáilte romhainn agus sinn ag dul thar an tairseach; bhí ceardlann amhránaíochta ar siúl le Kate Chadbourne agus soiléir dúinn go raibh an dream ag baint suilt as. Ní nach ionadh le Kate curtha i mbun, bean éirimiúil, lách, álainn atá inti.

Ansin gach duine le cheile agus tar éis tamaill ghearr ag cur in aithne le caife, lean obair an lae le ceachtanna na Gaeilge. Bhí ceithre leibhéal le fáil ann agus timpeall caoga páirteach. Is iontach an rud é a fheiscint, sílim, dream ag foghlaim na Gaeilge agus ag baint suilt as ár gcultúr agus iad uilig chomh díograiseach seo, ag iarraidh an teanga a úsáid idir na heachtraí chomh maith agus í príomhtheanga an lae.

Tar éis lóin, leanamar le scéal cois tine ón “scéalaí” Mark Lamoureux faoi Balor agus cuid dá eachtraí, ansin scannán maidir le mná i stair cheoil na hÉireann faoi stiúradh Gearóid Ó hAllmhuráin: De réir dealraimh tháinig uirlisí de gach saghas chuig an pobal i dtuaisceart Chiarraí agus Luimnigh agus deisceart Contae an Chláir ar na loinge a bhíodh ag teacht aníos an Sionnainn go Faing Inis agus cathair Luimnigh. Bhíodh orthu píolótaí na habhann áitiúil a fháil an turas seo a dhéanamh agus le sin, fuair cuid mhaith des na daoine áitiúla obair laethúil ag bogadh earraí srl. agus ar ndóigh fuaireadar seans teacht ar ana chuid uirlisí nach raibh le fáil riamh sa cheantar sin nó aon áit eile sa Tír. Bá é an concertina ceann des na huirlisí seo, agus is cosúil gur éirigh an concertina coitianta ag na mná ón t-am seo amach.

Chuir an t-eolas seo mise ag smaoineamh ar mo chúlra in iarthar Luimnigh arís, is cuimhin liom go raibh concertina ag mo sheanmháthair cé nár chlois mé í ag seinm ach b‘fhéidir trí uair ar a mhéad. Níl sé ach trí seachtaine anois ó bhíos amach ansin in aice Aughinish, an oileán beag seo ar rugadh m’athair, mo shean tuismitheoirí agus mo shinseantuismitheoirí uilig. Bhraitheadar a bheagán nó a mhórán ar an abhainn. Is cuimhin liom m’athair a rá go raibh uncail aige ina choimeádaí solais ar Charraig an Eich, carraig mhór go leor, suite i lár na Sionna. Ba mhór an onóir dó siúd an cúram seo, théadh sé amach ina bháidín rámhaíochta gach maidin le éirí na gréine an solas a mhúch agus, ar ais leis gach uile tráthnóna é a lasadh arís! Bhíodh air ola a fháil ó Faing Inis agus í a thabhairt amach go rialta i mbairille, rinne sé an jab seo a shaol iomlán idir Shamhradh agus Gheimhreadh, aimsir bhreá agus, ar ndóigh níos tábhachtaí, in aimsir anróiteach……….Ach táim ag scinneadh glan ó scéal an lae.

Ar ais go Petersham, Mass. Bhí ranganna na Gaeilge sa thráthnóna, ansin léacht shuimiúil le Gearóid faoin bhliain cheilteach fadó in Éirinn agus na nósanna ársa a bhíodh acu agus cuid acu fós beo in iarthar na tíre.

Tar éis dinnéir bhlasta agus roinnt dí bhí an t-ádh dearg orainn! Tháinig ceoltóir ab ainm Randal Bays, cara le Shiobháin Ott agus le Gearóid Ó hAllmhuráin, agus cuireadh ar siúl ceolchoirm den scoth. Randal ar a fhidil agus ar ndóigh a chomhbhádóir, Gearóid, ar a choncertina. Tháinig dream eile isteach chugainn chuig an cheolchoirm nach raibh ann i rith an lae agus bhí oíche dar saol againn. Bhí Randal agus Gearóid chomh compordach ag seinm lena gcois go gceapfá go gcaithfidís gach oíche i gcomhluadar le cheile ….. Bhí Lizzy Burch ag damhsa dúinn, Siobhán Ott agus Kate Chadbourne ag canadh dúinn, agus bhain dream beag triail as an gCaledonian Seit fiú. Rith sé liom arís go dtéann an teanga, an ceol, an amhránaíocht, agus an béaloideas le cheile go foirfe, méadaíonn gach ceann acu ár lúcháir i suíomh mar seo, roinnt daoine tagtha le cheile gan chomórtas, i dtigh clainne flaithiúla, ár gcultúr a cheiliúradh. Bhí Gaeilge le cloisint beagnach go maidin agus sinn ag iarraidh fadhbanna an domhain a réitigh!

Friday, July 08, 2005

Cleití a ghearra

Dhúisigh go hobann ar maidin, roimh a ceathair. Is dócha go raibh tubaiste inné i London ar m’intinn agus gan choinne bhíos a rá dom féin, omg! Thugas cead do Chian (16) dul go Manhattan ar an 4ú Lá lena cairde. Chuaigh ceathrar acu le cheile ar an dtraein go Grand Central. Chaitheadar cúpla uair ag spaisteoireacht timpeall lárbhaile . Ansin amach leo ar an dtraein fothalamh go Queens féachaint ar na fireworks in iarthar Manhattan ón dtaobh sin den abhainn. Radharc breá a bhí acu, tráthnóna breá…………... Thugas cead do? Ar an lá sin agus an chathair plódaithe? An ceiliúradh is mó sa bhliain. Bhí sé ar an subway faoin abha iarthar!!!! An rabhas as mo mheabhair? Ní raibh mé ag smaoineamh ar sceimhlitheoirí ar chur ar bith. (Thugas comhairle dó a Ipod a fhágáil sa bhaile ach bhí a fhios aige cheanna nach rud ró mhaith é Ipod a bheith agat ar an Subway.)

Ag an am, bhí saghas áthais orm a fheiscint go raibh sé ag éirí píosa beag neamhspleách, anois, cé nach bhfuil an rogha agam, ba mhaith liom a chleití a ghearra agus é a choimeád slán sa nead tamall eile.
Is féidir leo a bheith san Arm @ 16, sílim, nó pósta fiú? Nó b’fhéidir go bhfuil sé 18 anseo agus 16 in Eirinn?
Crikey. Tá súil agam nach mbeidh mé i mo mháthair chéile ó Ifreann lá éigin!

Thursday, July 07, 2005

London

Tháinig tinneas orm ar maidin ag smaoineamh ar na pléascanna i London. Beidh an dáta seo 7/7 i gcroíthe na Briotanaigh cosúil le 9/11 dúinne anseo sa SAM, go háirithe anseo i NEabhrac. Is cladhairí iad siúd a dhein an tubaiste seo, fiú mar féinmharfóirí a dhein, níl fiú lúidín Dé ina gcuid oibre in ainneoin a gcreideamh. Níl siadsan ach ceithearnaigh i gcath i bhfad níos mó ná a cheapann siad, ag iarraidh bonn a bhaint ó dhaonlathas ar fud an domhain.

Wednesday, July 06, 2005

Ciste Filíochta


Nuair a bhíos in Éirinn le déanaí bhuaileas le colceathrar m’athair, Micheál Uí Riain as Eas Géitine. Bhí seans againn an uair seo tamall gearr a chaitheamh ag labhairt le cheile i nGaeilge. Is file é agus an-suim chomh maith aige i gcúrsaí stairiúla a áit dúchais féin. Ní raibh mé ar ais ach seachtain nuair a tháinig leabhar deas sa phost chugam uaidh. Leabhar beag filíochta le Máire Ní Shúilleabháin, cara Mhichíl, ó Chill Churnáin, Co Luimní. An Solas Laistigh a tugtar ar an leabhar seo agus bhaineas taitneamh as, meascán atá ann, idir filíocht bunaithe i gcúrsaí a saol féin, sa dúlra agus sa Chríostaíocht, nó b’fhéidir sa chreideamh, in ionad Críostaíocht amháin.

Ar aon cuma seo sampla:

Muireann 1980-1984

Dhá phointe ama, i saol
A thús is a dheireadh;
Gan aon mhórghaisce eatarthu
Ach line á gceangailt.
Marc, nár shéimhigh an fhulaingt;
An chailliúint, ná líonfaí,
Ach le baisteadh iomlán an ghrá,
A d’fhág sí ‘nar gcoimhdeacht.

Cuirfidh mé sampla eile thuas anseo lá eile.
Anois tá orm roinnt stuife a chur le cheile don Lá na Gaeilge thuas i Petersham, Mass. faoi choimirce an ionad chultúrtha Ar dTeanga Féin bunaithe i Worcester Mass. Beidh dream ó Nua Eabhrac ag dul tacaíocht a thabhairt agus gan amhras beidh craic againn.