Tuesday, January 31, 2006

Claon chun caife mocha

Táim ag éirí i m’andúileach. An tréith phearsantacht í seo? Le déanaí is Caifé Mocha a bhíonn uaim i gcónaí. Ní duáilce ró dhona í seo is dócha, níos fearr ná Gin……... Tá an blas chomh iontach, caife agus seacláid le cheile, nach bhfuilim in ann dul ró fhada gan ceann. Is féidir anois teacht orthu sna Starbucks agus a leithéid de siopaí ach is aoibhinn liom iad “cruthú” dom féin, le bainne, uachtar, caife an-láidir, seacláid nó cocoa agus siúcra. Ansin má bhíonn an aimsir go dona níl rud ar bith chomh iontach ná an deoch seo agus braon (nó dhó) Baileys measctha leis. Imíonn smaointí truamhéalacha ar an toirt.

Bhí díomá ar cara agam nach raibh mé in ann The Magic Mountain a críochnú. Bhuel, a Shéamais, nár inis tú dom gur ar an ollscoil agus ort an "tome" seo a léamh? Ach dá mbeadh an rogha agat ag an am sin b’fhéidir go mbeifeá ag léamh úrscéal rúndiamhaire! Is maith liom an aicme léitheoireachta seo ó am go ham. Éistim go rialta ar leabhar ar téip agus sinn ar turas fada sa charr. Bíonn na scéalta rúndiamhaire nó political thrillers ana mhaith sa suíomh seo. Scéalta Elizabeth George, Tom Clancy, Patricia Cornwell agus araile agus is féidir teacht ar na téipeanna sa leabharlann. An uair deireanach ní raibh an téip críochnaithe agus mar sin fuair mé an leabhar ón leabharlann, bhaineas taitneamh as agus ansin fuair mé “A Traitor to Memory” le Elizabeth George. Tá sé ana mhaith, casta agus suimiúil.
Hmm…caife mocha agus leabhar suimiúil, ní bhíonn mórán ag teastáil uaim lá fuar ag deireadh Mí Eanáir.

Oíche amárach beidh dream againn ag teacht le cheile sa phub i White Plains NY. Oíche bhreá cheoil agus comhrá atá i ndán dúinn. Club na Chéad Chéadaoin atá i gceist. Tá fáilte roimh gach duine teacht ar an gcéad Céadaoin i ngach mí. Is amárach an Chéad lá de mhí Feabhra, ‘sé sin Féile Bhridhid in Éirinn, tús an Earraigh, in Éirinn ach go hairithe, tá orainn anso sna SAM a bheith foighneach tamall eile.
…"Anois teacht an Earraigh beidh an lá ag dul chun síneadh!
Is tar éis na Féile Bríde ardóidh mé mo sheol "........(Golly, tá sé fós agam, is cuimhin liom Sr Miriam i gCnoc na Labhras mar fórsa tiomána orainn an dán sin a bheith de glan mheabhair againn agus sinn dhá bhliain déag d'aois)

Thursday, January 26, 2006

“Let’s face it, the battle to save the language is lost” says WHO?

“Let’s face it, the battle to save the language is lost” Sin ainm sliocht a scríobh Robin Bury (whoisee?) san Irish Times ar an 21ú Eanáir. Cén fáth go bhfuil daoine mar é fós ag scríobh an raiméis seo?……..ós rud é nach bhfuil a teanga féin aige tá sé ag iarraidh í a choimeád faoi bhrú lena a thuairim: nach bhfuil sé ceart an teanga a bheith mar ábhar scoile éigeantacha. Táim a cheapadh go bhfuil náire de shaghas éigin air mar níl an teanga aige, ag súil gurb é sin cúis an t-alt seo. Ansin d’fhéach mé ar a shuíomh ghréasáin! Ní amháin nach bhfuil meas madra aige don teanga ach ba mhaith leis an tír a bheith páirteach sa Commonwealth! Cá bhfuil tú i do chónaí a Robin? Tú féin agus Ruth Dudley Edwards…. Bhuel, is féidir aon tuairim a bheith agat, dar liom, ach is fíor chomh maith go mbíonn na haineolaithe, iad siúd a mbraitheann bagairt ó áit áirithe, in aghaidh cúise na mbagairtí. Ní bhraitheann an dream seo go fíor Éireannaigh iad. Níl siad compordach sa chultúr Éireannach, mar níl siad compordach ina gcraiceann féin. Ní thuigeann siad, is dócha, cad é cultúr, mar sin bíonn siad ag iarraidh é a ionsaí i gcónaí.
Ní féidir leo é a fhágáil…….

Bhí ionadh orm ar maidin a fháil amach go bhfuair Hamas an bua sa toghchán. Cheapas, mise agus an domhan mór (Hamas ina measc!) a bhíonn ag féachaint ar chúrsaí ar an talamh naofa sin, go mbeadh Fatah ar ais le srianta an rialtais ina lámha acu.

Le sin tá díomá nach beag ar chairde agam i gCeanada le toradh a dtoghchán. Tá na Coimeádaigh tar éis teacht i réim thuas ansin tá cúpla lá ó shin. Tá eagla ar mo chairde, ní nach ionadh is dócha, go mbeadh an tír sin i bpóca Páirtí na gCoimeádach anseo i SAM. Ach ní cheapaim go dtarlódh é sin, níl tromlach ró mhór acu agus beidh orthu gach taobh a choimeád san áireamh an t-am ar fad.

Monday, January 23, 2006

Gan aibhléis ar feadh ceithre lá

Creid nó ná creid bhíos gan aibhléis anseo ó luath maidin Chéadaoin seo chaite go dtí tráthnóna inné.
Tháinig an stoirm sin aniar aduaidh orainn agus cé go raibh mé thíos i Yonkers NY oíche Mháirt sin ní raibh aon leid agam go raibh sé ag teacht. Bhíos ar ais abhaile timpeall mean oíche ach dhúisigh agus chuala mé torann na stoirme i rith na hoíche. Fearthainn trom agus screadaí na gaoithe.
Leagadh crainn gach áit sa cheantar seo agus ar ndóigh, mar is gnách, d’imigh an aibhléis uainn……tarlaíonn sé seo go minic mar is i lár na coille atámid inár gcónaí.
Is féidir linn leanúint gan an iomarca stró gan aibhléis áfach, i gcomparáid le cuid dár comharsana. Bíonn sorn lasta le adhmad agam gach lá ach go háirithe, agus, tá gais agam sa chistin, ach ní bhíonn aon uisce againn nuair nach bhfuil aibhléis againn agus is pian é sin. Fuaireas buidéil uisce agus oighear tirim gach lá don chuisneoir agus an freezer agus bhíomar ceart go leor. Tá an-taithí againn ag campáil agus mar sin níor thit an tóin as an tsaoil…..chuaigh chun leapa go luath gach oíche.......Ach bhí daoine áirithe eile curtha isteach go mór as an tréimhse ceithre nó cuig lá seo. Rith cuid acu chuig óstlanna, cheannaigh dhá teaghlach Power generators. Fuair teaghlach eile ceann ar chíos. (Ach ansin muna fhaigheann tú ceann mór bíonn ort iad a líon gach trí uair le petrel…agus an fhuaim uathu!....duirt duine amhain dom go raibh sí traochta tar éis a bheith ag freastal ar an generator i rith na hoícheannta uile agus nach raibh codladh ceart aici..)
Ach, bhí sé go deas nuair a tháinig an aibhléis ar ais ar siúl arís.

Tuesday, January 17, 2006

Léithóireacht a oireann an Léitheóir.

Bhí ceist agam cúpla lá ó shin faoin leabhar In Inmhe agus na deacrachtaí a bhí ag foghlaimeoir agus í ag iarraidh an scéal seo a léamh. Bhí eagla orm nach raibh sí in ann taitneamh a bhaint as an leabhair. 'S é an freagra ná "Braitheann sé" is docha.
Is cleachtadh ana mhaith é léitheóireacht de gnáth.
Seo nóta a bhfuair mé le déanaí ó David á rá :

Bhí mé ag léamh ar do blog faoi deacrachtaí do cara agus

í ag baint triall as léamh leabhair as gaeilge. Cleas a bhí

cuí go leor domsa agus mé ag athfoghlaimt an teangan,

blianta ó tráth na scoile, ná cóip amháin as gaeilge, agus

cóip eile as béarla (nó teangan éigin eile is docha), a bheith

os mó chomhair agam. Tá sé níos éasca go leor na

focail a aimsiú sa cóip as béarla, ná an síor-scagadh sa

bhfoclóir. B'é Dracula, le Bram Stoker a d'úsaid mise ag

an am. Ceapaim go bhfuil sé níos éasca taitneamh a bhaint

as an scéal sa slí sin.

Tá roinnt mhaith leabhar le fáil anois atá oiriúnach don duine fásta atá ag foghlaim na Gaeilge don chéad uair, ná b'fhéidir ag teacht ar ais chuici. Ní bhíonn na scéalta páistiúil ar chor ar bith agus bíonn foclóir ann a oireann duine fásta. Ní bhíonn aistriúchán ag gach ceann acu ach is minic a bhíonn gluais ann. Chur i gcás: Trasna na dTonnta (Micheál O Ruairc), Rósanna sa Ghairdín (Siobhán Ní Shúilleabháin) Grá Cráite, agus Rún Mná (Máirtín O Corrbuí) An Bhean úd Thall (Cliodhna Cussen) Seo linn go Tóiceo (Iarla Mac Aodha Bhuí), Trioblóid (Colmán O Drisceoil) agus araile.

Monday, January 16, 2006

An Ríomhaire- My Square Headed Spouse?


Bhí deireadh seachtaine agam i dtuaisceart an stáit. Ní raibh Paraic in ann teacht ag an nóiméad deireanach de dheasca brú oibre ach bhíos lán sásta dul le Cara, mo mhadra. Chuamar amach ag siúil agus ghlacas an grianghraf atá thuas, sin an abhainn bheag “The North Creek” agus téann sé thar chúl an tí isteach go dtí an abha mhór The Hudson i lár an bhaile “North Creek”, tugadh ainm an bhaile tar éis ainm na habhann. De gnáth, bainim an-sult as an áit seo, gan teilifís, gan ríomhaire agus a leithéid de rud, ach tháinig uaigneas de shaghas éigin orm tráthnóna Sathairn: gan mo chéile? (nó gan mo “chéile cinn cearnógaigh” b’fhéidir?) Isteach liom chuig an leabharlann bheag i lár North Creek agus ar a laghad bhí mé in ann dul ar líne agus m’ephoist a fháil, nótaí a chur agus tamall a chaitheamh ag léamh bloganna eile.
Phew! Sábháilte!….Ní raibh in ann cur suas leis an turcaí fuar gan mo dhá chéile!

Thursday, January 12, 2006

Scoil Chois Claí

Plean agam Scoil Chois Claí a chur i mbun anseo i Westchester NY. Tá aithne agam ar dhream atá ag iarraidh teacht ar ranganna na Gaeilge. Táimse féin agus mo chara Caoimhe saor ranganna a mhúineadh ar ceithre leibhéil oícheanta Máirteanna, níl orainn ach teacht ar dhíon in áit oiriúnach. Chuireas amach APB inné ag lorg dín.

Fuaireas teachtaireacht inné ó duine den dream atá ag léamh In Inmhe le cheile. Tá an leabhar deacair go leor agus tá sí ag eirí tuirse leis, ag dul isteach sa bhfoclóir gach ré nóiméad agus ag cailliúint gluaiseacht an scéil. Táim idir dhá chomhairle le seo, ag smaoineamh go mbeadh sé níos fearr dí leabhar ar leibhéal níos simplí a léamh ar eagla go gcuirfeadh an ceann seo brú muiníne uirthi. Ach ag an am céanna nach iontach an rud é go bhfuil sí ag obair go dian mar seo?.... Chomh díograiseach sin. Cad a cheapann sibh? An bhfiú é leanúint le leabhar atá ar leibhéal níos airde ná do chuid Gaeilge? An gcabhraíonn sé leat an teanga a fháil?

Nótaí gearra a chuireas chuichi

Tosaíonn an scéal mar chur sios faoi saol an bhuachalla Caoimhín, dílleachta, a bhí ina chónaí lena a “Daideo” a sheanathair, agus a Mhamó, a sheanmháthair, áit éigin in Eirinn i lár an dara cogadh domhanda.
Cé go bhfuil an scéal bunaithe ar an bhfírinne, níl na hainmneacha cearta in úsáid ag an údar.
Alt 1.
Osclaíonn ár scéal agus Caoimhín ag féachaint ar gunna a sheanathar. Leanann an comhrá idir an bheirt acu go bhfuil sé soiléir dúinn go raibh an seanduine páirteach i rud éigin tábhachtach i stair na hÉireann, eachtra b’fhéidir nach bhfuil an fhirinne amuigh faoi. Rudaí beaga: scaití = uaireanta. I leaba rud = in ionad rud, instead of…
Alt 2. L.13
Faighimid an t-eolas go bhfuil cogadh ar siúil trasna na farraige ar an Mór Roinn. Is maith liom “Tá lasair sa bharrach anois” Things are heating up, or, it is getting worse. Is é Aindí Joe cara ár mbuachaill Caoimhín, is le Joe Aindí, athair Aindí Joe, an pub. Faigheann Aindí Joe an nuacht iomlán agus é ag éisteacht ar caint na bhfear sa phub, ansin ar ais go Caoimhín leis. Is cosúil go bhfuil tuairimí difriúla ag daoine áirithe sa bhaile bheag seo maidir leis an gcogadh.
Alt 3. L.18
Faigheann Caoimhín oideachas faoi piseoga na haite óna chara Aindí chomh maith agus níl a Dhaideo chomh sásta le sin. Ní creideann eisean sna piseoga.
Alt 4. L. 20
Anseo tá na buachaillí ag súgradh le cheile agus ceapann siad nó samhlaíonn siad go bhfuil na Gearmánaigh ag teacht ina Stukas. Feiceann siad na heitleáin sa spéir! Tuigeann na paistí nach mbeidís in ann an bhaile a chosaint ar chor ar bith le na sean gunnaí atá acu.


Tuesday, January 10, 2006

Droch íde san oifig

D’éirigh cara agam as a phost roimh na Nollag. Ní raibh sé in ann cur suas leis an méid drochíde a bhí ann, dírithe chuige cuid den ama, agus chaith sé an tuáille isteach, bhí an t-atmaisféar ag cur isteach ar a shláinte. Tuigim go mór an cinneadh sin agus molaim aon duine an rud céanna a dhéanamh más féidir…tá an saol ró ghearr agus osclóidh doras eile os a chomhair gan dabht sul i bhfad. Sin rúnda na hathbhliana eile dom féin, gan am a chaitheamh ag baint le droch daoine, iad siúd atá sotalacha nó amplacha. Is fuath liom na tréithe sin.
Re: Leabhair, táim fós ag léamh In Inmhe agus tá blog ag Cailín anois faoi, féach anseo. Táim ag eirí leisciúil le The Magic Mountain, cé gur 'Classic" é tá sé ró leadránach dom agus is cuma liom faoi na carachtair uile . Cuireann sé chun codlata mé gach uair a thosaím á léamh.

Wednesday, January 04, 2006

Cumhacht

Tar éis scéil na hargóinte idir an Rúis agus Ukraine faoi costas na hola tá sé soiléir arís go bhfuilimid uile faoi ordóg na boic mhóra maidir le cúrsaí ola, aibhléise… foinsí na cumhachta iomlán.
Chuaigh Paraic, mise agus Eimhín chuig an scannán, Syriana oíche Luain agus bhí sé ana mhaith, suimiúil, casta go leor, ach fágadh ag mothú laig sinn! Warner Bros anseo. Beidh orm féachaint air arís na sonraí a thuiscint i gceart, nó b'fheidir an leabhar "See No Evil" le Bob Baer a léamh.
Dáiríre bheadh sé i bhfad níos fearr a bheith neamhspleách ó thaobh cumhacht de…… cuir i gcás an méid wind power sa Spáinn anois…

Anocht arís beidh dream againn ag teacht le cheile i bPub Cheoil Dunnes i White Plains. Clug an Cheád Chéadaoin...

Ag déanamh taighde ar eitiltí chuig socraid Jim.

Tuesday, January 03, 2006

Athbhliain faoi mhaise daoibh.

Ar ais tar éis seachtaine ar saoire i dtuaisceart an stáit. D’imigh an t-am go tapaigh uainn agus bhíomar ar tí na hathbhliana sula raibh seans agam anáil a tharraingt!

Silim go raibh gach duine sásta lena gcuid bronntanais na Nollag. Níor chuala aon gearán ach go h-airithe. Fuaireas féin cairn iontach, ipod nua in measc. Ansin gan moill ar bith bhí orainn tamall a chaitheamh ag smaoineamh ar rúnda na hathbhliana. Bhí drogall ar mo chlann agus a gcairde teacht aníos le aon rud, tá siad go léir chomh foirfe sin cheanna féin is dócha. (I gcónaí bíonn dream déagóra breise linn nuair a táimid ar saoire. Tagann siad ina gcarranna féin ar feadh trí nó ceithre lá, níl orainn mórán a dhéanamh leo ach spás dá málaí codlata a thabhairt dóibh, greim bia agus éisteacht leo!………. bhí ochtar breise againn an uair seo, sin aon déagóir déag sa teach ag an am céanna idir fir agus mná óga……crikey, bhí eagla orm féachaint go géar ar na málaí codlata ar eagla go raibh cuid acu zipped le cheile…….. ) Is é ceann do mo rúnda 2006 féin ná gan a bheith ag gearán faoi cairde mo mhic, is rud deas é go dtagann siad agus go bhfuil siad lán sásta cur suas linne! Coimeádfaidh mé mo thuairimí dom féin…………….

Fuair m’uncail Jim bás inniu. Teip chroí. Luaigh mé é roimh na Nollag, peata a bhí ann. Bhí a fhios agam go raibh an lá seo ag teacht ach i gcónaí tagann sé ró luath. Bhí Nollaig agus an Athbhliain aige ach ansin inné d’imigh a neart uaidh.
Ba dhuine lách, gealgháireach, flaithiúil é. Tá sé sa phictiúr thíos,(san alt a scriobh mé ar an 15ú Mí na Nollag,) ina sheasamh ar an taobh deis. Bheadh a fhios agat óna aghaidh gur eisean an fear grinn, is dócha go ndúirt sé rud éigin amaideach nó deisbhéalach a chur an dream go léir ag gáire. Beidh sé i ndil chuimhne dom í gcónaí ag insint scéalta grinne dá lucht éisteachta.
Codladh síoraí ar a anam dílis.

Friday, December 23, 2005

Leabhair

Le tamall anuas anois bím ag ceapadh go mbeadh sé suimiúil giota a scríobh anseo faoi leabhair.
Nuair a bhíos óg thosnaigh mé ag léamh na leabhair a bhí ag mo dheirfiúracha, iad ar scoil agus mise fós sa bhaile. Nuair a bhíos féin ar scoil bhíodh na leabhair léitheoireachta nua agam léite roimh dul ar ais ar scoil i mean fómhair…ansin thosnaigh mé ag dul chuig an leabharlann poiblí i gcathair Luimnigh ach ní raibh mo mháthair ró shásta le sin. Bhíodh na leabhar ón leabharlann sin salach go leor, dar léi, agus bhí sí cinnte go mbeadh galar éigin ag teacht isteach chugainn uathu! Go bhfoire Dia orainn!! Rud eile ná ní raibh sí sásta liom a bheith sa cheantar sin den chathair liom féin.

Ansin lean mé ag freastal ar Leabharlann Chontae Luimnigh ar Sráid Uí Chonnaill, …. Bhí orm a rá dóibh go raibh mé i mo chónaí in iarthar Luimnigh in ionad sa chathair. Ní raibh cead ag daoine ón gcathair leabhair a fháil san áit seo. Chuireas isteach seoladh mo sheanmháthair ar an bhfoirm, agus shínigh mo mháthair í, (Plean mo mháthair é seo mar chonaic sí go raibh díomá orm nuair nach raibh cead agam dul ar ais chuig an leabharlann phoiblí.) …..bhí ionadh orm ag an am… Peaca! Ach bhíodh sé an éasca dom rith isteach sa leabharlann chontae agus mise ag teacht anuas sráid Uí Chonnaill ón scoil um thráthnóna. Leabharlann bheag a bhí inti agus na leabhair uile glan agus clúdaithe le plastic. Ach bhíodar ardnósach go leor agus ní raibh aon rud ó pheann Enid Blyton ann…an rud céanna ar scoil. Le mo chuid bím lán sásta nuair a fheicim go bhfuil siad ag léamh, pé sort leabhar a bhíonn acu…… fantasy nó science fiction an cuid is mó den am.

Faoi láthair bíonn dhá leabhar idir láimhe agam de gnáth. Ceann amháin sa Bhéarla agus ceann eile sa Ghaeilge. Tá "Aistriú le Siobhán Ní Shúilleabhánbeagnach críochnaithe agam, trácht ar aistriú líonta tí go Contae na Mí ó Corca Dhuibhne atá ann, trí súile seanmhná agus í ag féachaint siar ar an tréimhse sin nuair a bhí sí in a cailín óg agus ag aistriú lena clann. Is aoibhinn liom an leabhar ó thaobh na Gaeilge de, saibhreas na teanga le ana chomhrá agus nathanna cainte le fáil ann. Foilsithe ag Cló Iar Chonnachta, molaim go mór é.
(Ní maith liom an slí in a cuireadh le cheile an leabhar ag na clódóirí áfach, clódóirí Lurgan in Indreabhán. Cé go bhfuil mo leabhar nua tá na leathanaigh ag titim amach cheana féin?)

Sa bhéarla táim i lár The Magic Mountain le Thomas Mann, bhuel nílim i lár fós, is fíor Mighty Tome atá ann, (agus trom leis! Tá clúdach chrua ar mo chóip ón leabharlann áitiúil anseo agus deacair é a léamh sa leaba.) Aistriúchán ón Gearmáinis faoi fear óg, meánaicmeach agus saibhir go leor, compordach, gan taithí mhór an tsaoil aige. Tá sé in ospidéal /Sanatorium TB, áit a chaitheann sé seacht mbliana roimh WW2. Osclaítear a súile agus faigheann sé saghas oideachais ann nach raibh le fáil ina dhomhan mór cé go raibh sé níos saoire "thios ansin" bhí sé i bpríosún a aicme féin.

Tosnóidh mé ar “In Inmhe” le Tomás Mac Síomóin go luath. Luaigh mé é cúpla seachtain ó shin. Ní bhfuair mé aon eolas eile ó Chailín faoi a club leabhar ach leanfaimid ar aghaidh anseo! Cuirfidh mé nasc ar an taobh deis sa bhlag anseo faoi.

Rud eile, fuair mé roinnt mhaith emails ó léitheoirí le déanaí, go mór mhór tar éis an píosa sin faoi clann m’athair. Go raibh maith agaibh. I bhfad uaibh an anachain.
Mar sin chuir mé nasc “Email me” ar an taobh deis inniu. Níos éasca ná dul ar thóir mo sheoladh ríomhphoist trí Próifíl.

Beidh mé críochnaithe san oifig inniu ar feadh deich lá!
Inniu plean agam gach rud a chur in ord don Athbhliain, na chomhaid nua agus araile. Beidh tús maith agam i 2006!


Tuesday, December 20, 2005

Dlí amháin dúinn, dlí eile dóibh siúd?

Nó b’fhéidir an fotheidil: Clúdach Gorm na Fírinne

Garda won't be tried for crash into pensioner

Irish Independant Saturday December 17th 2005

The garda who was driving a patrol car that struck a pensioner as she waited at a bus stop will not face any criminal proceedings, an inquest has heard.
The Director of Public Prosecutions has decided not to proceed with a criminal prosecution against the female garda who was driving the patrol car that mowed down 74-year-old Mary Seavers in
Dublin on May 22.
Mrs Seavers, from Goatstown in south
Dublin, died from her injuries three weeks later.

Insp Martin McGonnell of Donnybrook garda station told Dublin City Coroner's Court yesterday that, as no proceedings will be taken against the garda, a date for the inquest into Mrs Seavers' death can now be set.
Mrs Seavers' four children were in court to hear that their mother's inquest will open on March 9 next year.

Mrs Seavers had been waiting at a bus shelter when she was struck by the patrol car on the Clonskeagh Road.
A post mortem found she died of acute respiratory distress syndrome due to multi-organ failure caused by head and leg trauma.

The Garda Press Office claimed that the patrol car was not involved in a chase nor was it rushing to an incident when the crash occured.
However witnesses reported at the time that it had its siren on.

Breda Heffernan

© Irish Independent
http://www.unison.ie/irish_independent/

Bhí an bangharda sin ag tiomaint ró tapaigh agus an siren ar súil aice. Ní raibh aon emergency ann. D’imigh an carr as smacht ar an cúinne. Sin a tharla.
Tá alán scéalta ann: Tá sé ráite
1) nach raibh an ceadúnas ceart aice a bheith ag tiomaint le siren, nach raibh an cúrsa sin déanta aici.
2) go raibh sí ar cell fón ag an am.

Tá fios na fírinne aici.

Ar dtúis bhí an sceál amuigh go raibh Mary ag dul trasna an bhóthair sin agus bá ise cúis na timpiste. Ní raibh sé sin fíor, bhí sí ina suí sa bheith istigh bhus.
Bhíodar ag iarraidh eolais faoin siren sin a mhúchadh nó a cheistiú ach lean na fianaisí a rá go raibh sé le cloisint. agus, cá bhfuil an cell fón sin? An scéal deireanach ná go raibh an tarna bangharda ar an bhfón, ach fón an tiománaí a bhí ann……..nach féidir fiosrú níos doimhne a dhéanamh? Ach is dócha nach ndéanann an coiste fiosraithe aon scrúdú ró doimhne ar duine dá gcuid féin, nó má dhéanann coimeádann siad toradh an fhiosrúcháin dóibh féin.

Dá mbeinn i mo thiománaí i dtimpiste mar seo níl aon amhras ach go mbeadh cúiseamh de shaghas éigin, manslaughter, dangerous driving ar a laghad, os mo chomhair. Ach mar a dúirt daoine áirithe ón dtús “Cuirfidh siad moill agus deacrachtaí os comhair muintir Mary go dtí go bhfuil an méad sin ama thart nach mbeidh an fuinneamh acu leanúint leis……”

Ach, tá an locht ar an mbeanghárda sin agus is brónach an lá é agus í in ann is a bheith i bhfolach ón locht faoi éide ghorm.


Thursday, December 15, 2005

Go hobann, gan choinne, gan fáilte.



Ní imíonn brón. Téann sé áit éigin i bhfolach taobh thiar dod chroí agus ansin nuair nach bhfuil tú ag smaoineamh air, fiú agus tú ag baint súp as an saol, tagann sé ar ais ort gan choinne gan fáilte. Ansin ar ais sa chófra leis tamall eile leis go dtí go bhfaigheann sé seans eile teacht i láthair. Is gnáthstaid amach is amach í seo a n-insítear dom.

Tá grianghraif agam, muintir m’athair atá ann. Eisean i lár, mar ba cheart don té is sine! deartháir amháin ar a dhá sciatháin aige, John agus Jim, agus deartháir eile, Paddy, agus a deirfiúr, Mary, ina suí os a gcomhair amach. Saghas portráide a ghlacadh in iarthar Luimnigh dhá bhliain go leith ó shin nó mar sin, sílim an Samhradh 2003. Is léir ón bpictiúr go dream gealgháireach, dathúil (dar liom!) ab ea iad agus bhaineadar taitneamh as a bheith le cheile i gcónaí. Ba í seo an uair deireanach a bhí an clann le cheile.

Bhí an sean nós ag m’athair agus a deartháir Paddy tráthnóna a chaitheamh le cheile roimh na Nollag bronntanais a mhalartú. Rachadh m’athair go iarthar Luimnigh go dtí an sean tigh, an áit ina raibh Paddy fós ina chónaí. B’é uisce beatha “Paddy” an deoch ab ansa don bheirt acu, mar sin thug m’athair buidéal dá dheartháir agus thugadh Paddy, an buidéal den tsaghas céanna do m’athair. (saghas joke dúinne é) “When are they having the bottle exchange?” Ach rinneadar é seo gach bhliain, agus chuiridís páipéar deas na Nollag ar na mbronntanais i gcónaí, bíodh is go raibh a fhios ag cách cad a bhí taobh istigh! Ansin d’oscailóidís na bronntanais agus bhíodh bréag ionadh orthu i gcónaí agus iad a choimeád an greann beo le cheile, “Well, isn’t that great, just what I wanted this year.“ ansin ar ndóigh, cúpla dram. An uair deireanach, aimsir na Nollag 2003, bhí mo chol ceathrar Rose, ag crochadh suas maisiúcháin ar an gcrann Nollag dá h-athair agus bhí an beirt acu lán sásta in a gcathaoireacha uilleann, ag tabhairt na dtreorach dí agus iad ag choimeád a ngoba fliucha. Go hobann, fuair Paddy bás dhá lá ina dhiaidh sin.

Ag an sochraid ar an 22ú Nollag níor bhraith m’athair ró mhaith. Bhíos ar a thaobh agus mo dheirfiúr ar a thaobh eile agus soiléir dúinn nach raibh fuinneamh ar bith aige. D’éirigh sé tinn tar éis na Nollag agus cuireadh, gar dá dheartháir, ar Lá na Mairbhe, an chéad lá de mhí na Samhna 2004.

Ag sochraid m’athair rinne m’aintín Mary an cinneadh, cé gur chaith sí a saol i mBAC, go mba mhaith léi a bheith ina codladh síoraí san áit álainn seo lena muintir uile..…..amach ansin ar ndó, nuair a dtiocfadh an lá. Scríobh sí nóta beag faoi seo agus chuir sí ar sheilf ina teach i mBAC é. Seacht mí ina dhiaidh, fé mar a bheadh an nimh ar an aithne, cuireadh ar shlí na firinne í de dheasca timpiste uafásach i mBAC. (Timpiste a luaigh mé níos luaithe i mbliana sa bhlag.) Tháinig a mac ar an nóta.

An tseachtain seo chuala mé an droch scéal go bhfuil m’uncail, an duine is óige den ál seo, ag fáil bháis le teip chroí. Ní fheadar a bhfeicfidh sé Lá Nollag i mbliana. Chuir an drochscéala seo mé ag smaoineamh ar iad atá imithe uainn sa dhá bhliain seo chaite.

Ni scéal as an ngnáth é seo, tharlaíonn an stuif seo i ngach clann uair éigin. Tagann an lá go bhfuil orainn slán a fhágáil lenár muintir ionúine, ach go dtí go tosaíonn an tréimhse, ní thuigtear chomh deacair is atá sé. Ansin bíonn gach rud ag déanamh go diail agus gan choinne gan fáilte ní féidir éalú le tamall gearr ó smaointe fúthu.

Le déanaí nuair a bhím ag smaoineamh orthu tagann smaointe faoin gcraic a bhí againn agus an féith grinn a bhíodh iontu agus iad le cheile, an caint deisbhéalach (…go mór mhór agus an braon fén bhfiacail acu) agus an fhlaithiúlacht, i gcónaí an fhlaithiúlacht.

Cuirim críoch ar an bpíosa seo leis an dea-smaoineamh sin. Súil agam nach raibh an t-alt ró leadránach, (deacair do mhuintir féin a mholadh nuair nach bhfuil aithne ag éinne orthu) ar aon cuma, mothaímse níos fearr anois!
Tá an brón ar ais sa chófra.

Wednesday, December 14, 2005

Sult i NY

Rinne mé dearmad cur síos a dhéanamh faoin oíche sa phubcheoil, Dunnes of White Plains, an tseachtain seo chaite. Oíche fhíor fhuar a bhí ann agus cheapas agus mise ag imeacht nach mbeadh ach an corr duine ann…….(Deir cara agam go bhfuil lucht na teanga i NY “ana chorr” ar fad!) Sa deireadh tháinig dream mhaith le cheile, tháinig mise agus mo chara Seán ón dtuaisceart, tháinig dream ón gcathair agus ón gceantar sin, White Plains, agus fiú duine amháin, Eibhlín, ó Long Island. Bhí craic againn, bia bhreá, cúpla deoch, ceol iontach ó Brian Conway agus a chairde, dáréag acu! Ní éiríonn na ceoltóirí seo tuirse ar chor ar bith de réir dealraimh! (“Bord na Gaeilge” a thugadh orainn agus iad ag tiomaint píosa cheoil dúinn.) Bhí sé go deas an teanga a chloisteáil go nádúrtha mar seo agus sinn uile ag baint taitnimh as an gcomhluadar, ceol agus caint. Tá aithne againn anois ar na custaiméirí seasta, agus iad siúd orainne, ní fada go mbeidh cúpla focal acu uilig.
Plean againn teacht le cheile arís sa phub seo ar an gCéad Céadaoin eile, an 4ú Lá de Mhí Eanáir agus faire, beidh mo ceamara agam.

Wednesday, December 07, 2005

Aimsir Sealgaireachta

Thosnaigh aimsir sealgaireachta na mBéar in New Jersey an tseachtain seo agus chuir sé isteach orm féachaint ar an NY Times inné agus na sealgairí chomh bródúil sin as a gcuid barbarthachta.
Bhí ceann des na béar breis agus 700 lbs. Is cosúil go bhfuil sé níos éasca iad a mharú i mbliana toisc an sneachta ar an talamh.
Tá sé ráite gurb é an bruscair an príomh fhadhb…dá mbeadh iad atá ina gcónaí i lár na coille i NJ níos cúraimí lena gcuid bruscair ní bheadh an fhadhb seo ann.

I mo thimpeallacht anseo i NY bíonn cead ag sealgairí na fia a mharú é le boghanna gcroiseanna. Ach, bíonn na fia anseo beagnach ceansa...…ní ritheann siad uaim agus mise ag tiomáint isteach chuig mo theach. Bíonn siad ag féachaint orm……agus ansin leanann siad ag iníor. Cén saghas sealgaire a cuireadh chun báis iad siúd? ‘Sea sealgaire cróga oilte go maith ar ghnóthaí sealgaireachta!
Cén fáth nach féidir le cine daonna an chruinne a roinn le na hainmhithe eile…..nach bhfuil slí níos fearr ann ná iad a mharú?

Monday, December 05, 2005

Maisiúcháin an Tí Déanta Agam

Táim ag éirí a bheith ullmhaithe i gcomhair na Nollag!
Tá an crann Nollaig ina sheasamh go diail sa seomra suite. Tá maisiúcháin againn ó thángamar le cheile, blianta ó shin, ansin rudaí beaga a dhein na buachaillí nuair a bhíodar óg agus a leithéid, agus bainim taitneamh as iad a crochadh suas gach bhliain. Bímid cúramach agus sinn ag glanadh ar an 6ú lá de mhí Eanáir ach i gcónaí bíonn cuid acu briste an chéad bhliain eile………. Fuair mé roinnt gcoinnle nua i mbliana agus tá siadsan ina seasamh chomh maith ag feitheamh ar a mbás. (Ba mhaith liom iad a lasadh cheana ach tá orm smacht a choimeád orm féin tamall ghearr eile)
Tá cuma an tséasúir taobh istigh anseo gan trácht ar an sneachta lasmuigh, tháinig sé ar an deireadh seachtaine agus is aoibhinn liom é.

Thursday, December 01, 2005

Ar ais.

Chuir Lá Altaithe tús le deireadh seachtaine bhreá. Bhíomar traochta oíche Dhéardaoin tar éis seacht uaire le trí dís eile, iad go léir as Sasana agus lonnaithe anseo i NY chomh maith. Ansin Dé hAoine ó thuaidh linn go North Creek agus bhí sneachta iontach ann, chaitheamar dhá lá ag sciáil agus anois tá cosa laga troma agam dá bharr, ach b’fhiú é. Thángamar ar bhialann iontach darbh ainm The Owl at Twilight in Olmstedville in aice Minerva, NY.

"When philosophy paints its gray on gray, then has a form of life grown old, and with gray on gray it cannot be rejuvenated, but only known; the Owl of Minerva first takes flight with twilight closing in." -G. W. F. Hegel, Philosophy of Right

Níor chualamar aon “nuacht” nó scéala ó maidin Aoine go dtí maidin Luain…sos ana mhaith.
Anois tá an tseachtain seo ag imeacht ró tapaigh uaim de dheasa brú oibre. Bhíos taobh thiar ón dtús ach hurá tá solas ag deireadh an tolláin le feiscint…agus seans agam cúpla focal a chur le cheile anseo.

  • Fuaireas teachtaireacht ó Aongus faoi an leabhar sin In Inmhe. Tá sé le fail ar Litríocht.com .
  • Beidh dream le Gaeilge ag teacht le cheile i Dunnes Pub i White Plains ar an gcéad Céadaoin de gach mhí as seo amach. Luaigh mé é seo cheana, Pub mór le rá i gcúrsaí ceol traidisiúnta anseo agus bíonn ceol ann gach Céadaoin ó 7:30 pm, is aoibhinn liom nuair a dtagann duail dár gcultúr le cheile i suíomh cairdiúil.