Thursday, December 11, 2008

Béal Tuinne


Tá scéal eile agam ó laethanta an Oireachtais. Tráthnóna amháin agus mé sa phub bhí an t-ádh liom go raibh Séamas Begley sa chomhluadar agus ní fada go rabhamar ag caint. Luaidh cara liom an tréimhse oibre a chaith Seamas le Shaun Davey anuraidh agus toradh na tréimhse ná an CD Béal Tuinne. Is duine an chairdiúil é Séamas agus thug sé cúlscéal na tréimhse sin dom; go raibh aithne aige ar an bhfile Caoimhín Ó Cinnéide ó laethanta a óige, gur mhuscail an file suim an cheoil ann agus leis sin go raibh meas nach beag aige ar an gcumadóir Shaun Davey a dhein jab iontach ag fuineadh an cheoil le filíocht Chaoimhín.
Ansin os rud é go bhfuilim i mo chónaí thar lear thug sé stair amhráin amháin ón mbailiúchán dom, Díbeartach an t-ainm atá air, Scríobh Úi Cinnéide an dán seo agus é ag smaoineamh ar a chara Pat Connor a bhí ina imirceach sna SAM blianta ó shin, ansin luaidh Séamas go raibh an Pat céanna thar n-ais i gCiarrai anois agus mar a tharla trasna an tseomra uainn sa phub céanna. (agus ansin creid nó ná creid thug sé ceacht ghearr amhranaiochta dom chomh maith go mbeinn in ann é a chanadh…...)
Leanamar ag caint tamaillín agus ag fágáil slán thug sé bronntanas gan choinne dom, cóip don CD céanna a tháinig aníos óna mhála! Caithfidh mé a rá go mbainim an taitneamh as agus ar ndóigh bím ag cleachtadh mo chuid amhranaiochta…..nuair a bhim i m aonar!
Ba bhronntanas deas é seo d’éinne aimsir na Nollag, (nó is féidir leat é a chur ar do liosta féin, nach bíonn Daidí na Nollag ana fhlaithiúlach?) Is féidir teacht air anseo.
Beal Tuinne Live at St. James Church Dingle

Thursday, December 04, 2008

Feith Grinn

Nuair a bhíonn droch scéalta ag tuargaint ort ó gach áit ní mór féith grinn a bheith agat …bíonn sé ró shimplí lagar spríde a ligint isteach. Bí dearfach agus bain sult as an saol. (nach féidir sos a ghlacadh nuair a tháthar san uaigh!)
Is maith liom an clip seo ……..


Tá sé in am anois féachaint siar ar na rúin a bhí agat ag tús na bliana, ar éirigh leat? Tá mí fágtha…

PS. 24/12...tá an clíp sin imithe!...H

Monday, December 01, 2008

Lá Altaithe: Féile Lae ... a Leanann Ceithre Lá!

Is í seo an fhéile is mó sa tír seo gan dabht. Bíonn seans ag beagnach gach éinne tamall a chaitheamh gan stró, lena chlann nó lena chairde. Bhí sé an deas anseo, tháinig cairde chugainn i gcomhair Lá Altaithe (níl aon gaol againne anseo) agus os rud é gur Sasanaigh iad ár gcairde (agus iad gan gaol ar bith sa tír seo chomh maith) tá saghas traidisiúin eadrainn anois agus tagann siad chugainn gach bhliain. Rud eile a dhéanaimid ná dul le cheile chuig scannán le cheile, gach ré bliain bíonn ceann nua sa sraith James Bond… mar sin ar aghaidh linn go Quantum of Solace. Ní raibh sé ach ceart go leor, bhaineas taitneamh as ach sílim go raibh Casino Royale i bhfad níos fearr áfach ach bhí na Milk Duds go maith. Ansin cúpla lá ciúin aige baile, laethanta na leabhar i bhfianaise na tine. Bhuail cairde eile isteach orainn ón bpub oíche Aoine agus dís eile oíche Shathairn, bhí oícheanta breátha againn leo…… bia blasta agus fíon go leor. Gan uaireadóir, gan dialann, gan liosta…. An deas.
Anois seo chugainn Féile na Nollag agus fáilte mhór roimh an sneachta.

Saturday, November 22, 2008

Cúpla Focal faoi Oireachtas na Samhna ar an gClár Míle Fáilte

Chuir Séamas de Bláca glaoch orm cúpla lá ó shin le ceisteanna faoin tréimhse ghearr sin a chaitheas ag an Oireachtas i mbliana. Ní raibh mórán ama againn chun caint ach dheineas iarracht blaiseadh den craic a bhí againn i gcathair Chorcaí a thabhairt dó. Seo dhaoibh an t-agallamh.


Ba é an tOireachtas ábhar na seachtaine ar chlár Míle Fáilte agus má theip ort teacht air maidin inniu (WFUV ó ollscoil Fordham, 90.7 FM i Nua Eabhrac) beidh an clár go léir i gcartlann WFUV i gceann seachtaine agus mar sin beidh sé le fáil ar an idirlíon aon uair.

Friday, November 14, 2008

Lón Nollag Úi Ghadhra

Ná déan dearmad go mbeidh lón i ndil chuimhne ar Nollaig Ó Gadhra maidin Dé Domhnaigh curtha le cheile ag Cairde na Teanga.
O’Lunney’s Times Square Pub in
New York City (145 West 45th Street – just east of Broadway)
Cuir glaoch ar Liam Ó Murchú (914) 760-4525 má tá suim agat a bheith i láthair.

Saturday, November 08, 2008

Aoibh Mhaith le Feiscint

Aoife, Eibhlín agus mise ag tús na hoíche.


Mairéad Ní Mhaoineadh, Peadar Ó Riada, Séamas Ó Beaglaoich agus a cháirde.....

Grianghraif eile le feiscint i Slideshow ó Flickr anseo ar dheis.......>>>>>>>>

Gheall mé go dtiocfainn thar n-ais go dtí an tOireachtas mar ábhar anseo…. Bhuel bhí an deireadh seachtaine ana mhaith ar fad. Ba é an príomh chuspóir dúinne ná leabhar Bharra Uí Dhonnabháin a sheoladh agus tharla sin ag meán lae dé hAoine. Ba é Micheal de Mordha, bainisteoir Ionad an Bhlaoscéad, a bhí ina fhear an ‘tí ag an ócáid agus rinne uachtarán an Oireachtais, Donncha ó hAodha an seoladh. Bhí aithne ana mhaith ag Micheal ar Bharra agus bíonn alán scéalta aige i gcónaí faoi na laethanta a chaitheadar le cheile. Tháinig dream ó na Stáit chun tacaíocht a thabhairt, baintreach Bharra, Delia inár measc agus bhailigh clann Bharra ó Leap in iarthar Chorcaí agus cairde eile chomh maith sa halla mór ag an am cuí. Nuair a bhí na leachta thart bhí cúpla port againn ó Maidhc Dainín Ó Sé sean chara Bharra. Díoladh ana chuid leabhar chomh maith. Bhíomar ana bhuíoch de gach duine sa láthair go hairithe iad siúd a bhí páirteach.
Chomh luath agus a bhí an leabhar seolta thosnaigh an choisir! …coisir a lean trí lá. Samhlaigh ar na mílte daoine bailithe le cheile agus aoibh mhaith orthu uile idir óg is aosta. Beidh i bhfad níos mó le rá agam amach anseo chomh maith faoi imeachtaí na deireadh seachtaine….Ceol, comhrá agus cairdeas in ainneoin na comórtais. Is féidir blaiseadh an spioraid a fháil trí féachaint ar na pictiúir, cuid acu a ghacas féin ach cuid mhaith acu a ghlac Soisear McCionnaigh. Go raibh míle maith agat a Shoisear as iad a chur ar aghaidh chugam....

Wednesday, November 05, 2008

Mo Sheacht mBeannacht Ort a Sheanadóir!




Is é lá geal gréine inniu é i gcúrsaí polaitíochta na tíre seo. Le teacht ar an mbua inné sa toghchán tar éis feachtais fada crua níl ach an chéad chéim faighte ag Seanadóir Obama, anois tosaíonn an fíor cath agus tá súil agam nach ndéanann an domhan mór dearúd ar sin. Ní féidir leis mórán ama a chur amú roimh teacht aníos le conas a phleananna uile a chur i bhfeidhm agus meas na ndaoine anso agus thar lear a choimeád ar a thaobh ag an am céanna. Sílim go bhfuil dóchas nach beag ag an domhan as, na fadhbanna uile atá romhainn a réitigh ach an Superman é? ("Is! is!" a chloisim, "agus tá sé an-dathuil leis... nach fior sin?"...omg, Is! is... gan dabht) Tá ana chuid sa tír ina phraiseach faoi láthair. Go mbeannaí Dia dó mar déarfainn ná fuil an bóthar os a chomhair ró dhíreach.

Tuesday, November 04, 2008

Thar n-Ais ón Oireachtas agus Fós Beo!

Bhí deireadh seachtaine iontach agam ag Féile na Samhna i gCathair Chorcaigh. Deirtear go raibh timpeall 10 míle daoine páirteach ó tús go deireadh agus ní chuireann sé sin ionadh orm...agus Gaeilge amhain idir óg is aosta.......... Tá ana chuid le scríobh agam faoi, maraon le pictiúir a chur suas anseo agus araile, déanfaidh mé píosa de gach lá.

Ceol, Amhránaíocht, Gaeilgeoireacht, Rince, Comhluadar…………ganntanas codlata…….. cuirfidh mé tús le seo a bhfuaireas ó Daithi MacLaughlin inné faoi oíche Dé Sathairn ag Club na Féile. Táimse ansin! Féach go géar agus feicfidh tú mé…. faoi draíocht asarlaí cheoil: Stephen Doherty ….(mar a dúirt cara liom cana thaobh nach raibh na fir óga chomh tarraingteach sin nuair a bhíomarna sa Ghaeltacht agus sinn inár n-deagóirí? Ochón.)

Wednesday, October 29, 2008

An tOireachtas 2008

Beidh mé ag imeacht i gcúpla nóiméad i dtreo cathair Chorcaí agus táim ag súil go mór le cairde a fheiscint arís ag an bhféile mhór seo.

Monday, October 27, 2008

Lá na Gaeilge, Aghaidh an Earraigh agus Cruicéad!

Bhí Lá na Gaeilge san Ionad Gael Meiriceánach (Ionad an deas ar fad) i bhFairfield Ct., Dé Sathairn, agus b’iontach an clár a bhí curtha le cheile ag foireann na Gaeilge ansin. B’é a dtarna Lá na Gaeilge ansin, bhí ceann acu san Earrach i mbliana chomh maith, ach as seo amach beidh an ceiliúradh san Fómhar. Bhí ranganna ar cúig leibhéal, léachtaí, scannáin, bia (iontach) ceol, amhránaíocht agus rince! Rinne an fhoireann an-jab agus bhain gach duine an-taitneamh as an teacht le cheile. Comhghairdeas libh a Cháit, a Phaidraigín, a Sheáin, a Rhoibín agus a Mhaittiú.
Chaitheas an tráthnóna inné ag cur lusanna an chromchinn sa ghairdín, ceithre scór dóibh…. agus cé nach bhfuil an geimhreadh buailte linn fós táim as súil go mór cheana féin lena aghaidheanna áthasacha a fheiscint san Earrach.

Leigh mé leabhar suimiúil le déanaí atá lonnaithe anseo i Nua Eabhrac. Netherland: A Novel an t-ainm atá air le Joseph O’Neill. Scéal suimiúil atá ann faoin ngaol idir fear ón Íseal Tír agus a thimpeallacht i NYC, a bhean cheile, a mhac, cara nua, an cluiche cruicéad i Nua-Eabhrac, an WTCenter agus taobh thiar gach rud agus, b’fhéidir níos mó sa deireadh thiar thall ná aon rud eile, a mháthair nach maireann.
Níor luaigh sé the crease riamh fad is a bhí sé ag déanamh cur sios faoi cruicéad…………cheapas féin gurb í the crease an píosa talún is naofa i gcúrsaí cruicéid (ach níor imir mé an cluiche,) bhíodh an nós ag mo thuismitheoirí féachaint ar na Test Matches gach bhliain ar an teilifís………...

Friday, October 17, 2008

Nuair a Bhíonn Saint Istigh Bíonn Cúram Amuigh

Tá an saol mór faoi chúram ár bpolaiteoirí, sin an fáth go dtugaimid a bpostanna dóibh trí córas na dtoghchán. Is trua go ndéanann cuid mhaith dóibh dearmad ar sin go rialta agus tá sé soiléir gur minic a bhíonn an chumhacht féin mar chuspóir acu in ionad an jab.

Ach nach mbíonn an rialtas freagrach don sochaí sa deireadh thiar thall?

Tugaimid an chumhacht dóibh cúrsaí na tíre a eagrú ar mhaitheas gach duine againn, idir óg is aosta, bocht is saibhir, agus na príomh cuspóirí? Saoirse ón bochtaineacht, seirbhísí sláintíochta, cúrsaí eacnamaíochta a cothú, oideachas den scoth dár bpáistí agus sábháilteacht ónár namhaid, pé inár dtimpeallachta féin atá siad nó iadsan atá thar lear ag bagairt orainn.

Is mó ná trua nuair a mhothaítear bagairtí ag teacht anuas orainn ó chroílár saibhris na tíre, na bainc, Wall St. srl.. Tá cothromaíocht idir saoirse agus sábháilteacht i ngach réim, cúrsaí gnó san áireamh, agus is léir anois (don mhadra fiú) go raibh an iomarca saoirse ag na bainc a n-earraí a dhíol gan cíos, cás ná cathú sa ré an rialtais seo. Ní raibh an rialtas i bhfeighil an sochaí! Tá cuid lochta ar an bpobal a bhí lán sásta na n-earraí céanna a cheannach nuair nach raibh teanna ar a gcúla acu, anois tá cuid acu i bponc as a saint féin.

Níl comhionannas in aon sochaí, agus is amaideach an smaoineamh go bhfuil… nó go mbeadh riamh. Baineann an neamhionannas atá ann le cumas, oideachas agus b’fhéidir seans nó ádh (nó fiú mí ádh)…. Tá pá ard tuillte ag daoine le cumas saibhreas na tíre a cothú, is daoine éirimiúil cliste iad siúd agus tá siad uainn, ach tar éis a chuid a ghlacadh tá orthu a bheith sásta cáin a íoc ionas go mbeadh seans ag lucht na tíre nach leo na buntáistí ceanna.

Rud amháin atá fíor ná go bhfuil cúrsaí ghnó fíor tábhachtach saibhreas na tíre a mhéadú ní hamháin saibhreas lucht gnó féinig. Is trua chomh maith go bhfuil tionscal chomh mór sin bunaithe ar conas cáin na tíre a sheachaint go mór mhór nuair a bhíonn pá ana ard ag an lucht gnó cheana. Tuige nach bhfuileadar toilteanach cáin a íoc ar son maitheas na tíre? Is fuath liom nuair a chloisim trácht ar Tax Exiles agus a leithéid. Daoine a chaitheann cuid a mbliana i dtíortha difriúla agus gan a bheith lonnaithe go hiomlán in aon áit. Íoc as bhúr gcuid a déarfainn leo siúd, má bhíonn an méad sin airgid acu ní dóigh liom go gcuirfeadh sé isteach go mór ar chostas d’earraí sa siopa grósaera ag deireadh na seachtaine.

Tuesday, October 14, 2008

Saghas Seifte

Táim ag iarraidh cúpla rud a sheachaint le déanaí. 1) Earraí déanta sa Sín. 2) Sarah Palin.

Tá uimhir a h-aon deacair go leor; Tá sé dochreidte an mead sin earraí allmhairithe isteach ón tSín go dtí an tír seo, thosnaigh mé ag léamh na lipéid ar éadaí, bróga, bréagáin, gach rud déanta as plastic cúpla mí ó shin agus bhí ionadh orm. Chomh maith le sin chuir sé déistin orm anuraidh nuair a chualas gur chuireadar melamine i mbia mhadraí thar ansin agus anois féach atá tar éis tarlú le bia na leanaí? Gan trácht ar scannal na Cluichí Oilimpeacha. Tá a fhios agam go mbaineann droch scéalta le foinsí earraí thar lear ró mhinic ach tá orm tús a chur le áit amháin agus iarracht a dhéanamh í sin a sheachaint.

Agus uimhir a dó? Bhuel, táim an-amhrasach fúithi agus bhíos ón dtús. Táim bréan dí anois agus a cuid bladhmannaigh. Is cosúil go gceapann sí nach bhfuil sé ceart uachtarán cliste, oilte a bheith againn!!…agus bím amhrasach faoi éinne a bhíonn i gcoinne oideachas, fiú i slí indíreach mar atá sise. Is trua, mar tá roinnt buanna an pholaiteoir aici, nach rabble rouser den scoth atá inti! Ach faraor tá easpa oideachais, eolais agus taithí aici agus le sin, brón a rá, ganntanas cur le cheile in a cuid óráidí. (Cheapfá gur óinseach atá inti go minic agus tú ag éisteach lena raiméis; níos measa má léann tú an athscríbhinn!) Is léir nach raibh inti ach saghas seifte a tháinig anuas muinchille McCain, an bhfuil dís mar siad uainn?

Sunday, October 05, 2008

Comhluadar na Cistine!

Lasamar an tine sa chistin inniu den chéad uair an fómhar seo, bhí sé ag cur báistí an oíche iomlán agus bhraitheas an tais san aer, fiú amháin laistigh, chomh luath agus a d’éirios le fáinne an lae. Ní fheadar cén fáth a raibh mé i mo dhúiseacht chomh luath sin mar ní raibh rud ar bith práinneach le déanamh agam inniu ach fós féin do dhuisíos luath agus lán de fuinneamh.

Tháinig áthas mór orm agus ar Cara an tine a fheiscint arís sa chúinne!

Lasracha ag damhsa!

Sean chara thar n-ais!

Comhluadar na cistine!

Friday, October 03, 2008

An Bhaicle Chomhrá

Saolaíodh baicle beag timpeall ocht mbliana ó shin i mbruachbhaile NY, ag an am san thiocfadh ceathrar againn le cheile gach oíche Dé Céadaoin i gcomhair cupán tae nó gloine fíona, léifimis An Teanga Bheo ón Irish Times ach tar éis tamaill gearr leanfaimis ag Gaeilgeoireacht le cheile. Club 37 a bhí orainn ag an am san! Ansin le imeacht beirt go áiteanna eile lean an bheirt againn a bhí fágtha ag bualadh go rialta le cairde eile i NYC agus bronnadh Barra Ó Donnabháin an t-ainm An Bhaicle Chomhrá orainn! Bhí an cuspóir céanna againn, gnáth oíche shóisialta a bheith againn trí mheán na Gaeilge. Níor oir sé linn teacht le cheile sa chathair ach uair sa mhí, nó fiú gach sé seachtaine agus ar ndóigh theip orainn i gcónaí thar an Samhradh ach tá an bhaicle seo fós ag tarraingt anála. Chuaigh duine amháin ón gcéad dream thar n-ais go Éireann, chailleamar duine eile de dheasca imeacht suime, d’imigh beirt ar slí na firinne brón orm a rá, ach tagann fuil úr isteach anois is arís agus ar aghaidh linn.
Tháinig naonúr againn le cheile oíche aréir tar éis sosa an tsamhraidh agus ba bhreá
an tréimhse a bhí againn. Tá an-suim ag an dream seo i bhfocail agus teangacha go ginearálta go mór mhór sa teanga Gaeilge, agus is annamh a chloistear focal i dteanga ar bith eile ach an Ghaeilge nuair a bhíonn sinn (nó cuid againn) bailithe le cheile, ach amháin b’fhéidir nuair a bhíonn cleas cainte ar siúil. Mar shampla ceann amháin a chualamar aréir ná Cad a tugtar ar Viagra i gCathair Chorcaí? An Pfyzer Riser…..Rud eile a tháinig aníos ná go bhfaca duine a bhí i láthair liosta droch torthaí (side effects) ar thaobh buidéal leighis le déanaí, agus creid nó ná creid bhí ceann amháin acu Absence of Pulse. Táim fós ag gáire faoin gceann sin…….. Tá féith grinn ag gach duine sa dream seo agus iad uile deisbhéalach mar sin is minic a bhímid inár dtrithí agus sinn le cheile.

Ar aon cuma oíche aréir in ionad teacht le cheile i bpub agus a bheith ag screadaíl thar fuaimeanna na nglórtha eile an oíche iomlán, rinneamar iarracht blas úr a chur ar ár n-imeacht le cruinniú i seomra deas compordach, an seomra coitinn, i Tigh na hÉireann, thíos bhaile i NYC. Nílim a rá nach bhfuilimid claon chun am a chaitheamh sa phub, mar níl se sin fíor ar chor ar bith agus ar ndó sin a tharla ag deireadh na h-oíche aréir, (agus a tharlaíonn gach uair ) ach do bhí cuspóir eile againn an tréimhse seo chomh maith. Bhí sé ar intinn againn tamall a chaitheamh ag ceiliúradh scríbhneoirí na Gaeilge agus cad é an tslí is fearr é sin a dhéanamh ach ag cur beocht arís ina bhfocail in ionad iad a fhágáil tréigthe ar leathanaigh, i leabhair, ar ár seilfeanna uilig. Mar sin oíche aréir bhí léitheoireachtaí ón dtuaisceart agus ón deisceart, gearr scéalta, filíocht ón 18ú 19ú agus ón 20ú aoiseanna agus do bhí léitheoireacht dhráma Lasair Choille le Caitlin Maud agus Micheal Hartnett againn chomh maith, Oíche bhreá agus comhluadar iontach!

Wednesday, October 01, 2008

Sruth na Smaointe

Tá difríocht mhór idir na hÉireannaigh agus na Meiriceánaigh!
Bhuel, go mór mhór déarfainn, idir mná na hÉireann agus mná an Mheiriceá…(Ní mise i m’eolaí cáilithe maidir le fir na hÉireann,) nó an é lucht na teanga agus lucht an Bhéarla?.......ach feicim go mbíonn sé an-deacair dúinne, mná mo ghlúinsa ar aon cuma, (mise ach go h-airithe!) moladh a ghlacadh, ní fheadar cén fáth, tá sé inmheánach i gcuid againn is dócha, inár bpaiteolaíocht? Mhol cara mé le déanaí, bhí sé dáiríre ach in ionad an moladh san a ghlacadh cheapas nach raibh i gceist ach plámás. Bhíos mícheart áfach. Bíonn sé níos nádúrthaí dúinne moltaí a chaith uainn le greann, in ionad iad a ghlacadh le buíochas. Cén fáth? An é go gceapaimid nach bhfuil moltaí tuillte againn ariamh? Sinn ag ceapadh go bhfuil cuspóir ceilte in ionad ionracas ag baint leo?…….. Nó an gceapaimid nach gceart é moltaí a ghlacadh ar chor ar bith, go mbíonn an dochair ann i gcónaí go mbaineadh sé sin le mórchúis?..... Agus nach peaca an uabhair é sin? Fiú nach mbímid ag smaoineamh ar na seacht gcinnpheacaí marfacha ró mhinic……(cad iad arís?)

Tarlaíonn rud cosúil le sin nuair a bhíonn buíochas féinig i gceist. Bíonn sé deacair dúinne buíochas a ghlacadh chomh maith, mar, nach ceart é a bheith cabhrach? mar sin níl rud as an gnáth é cabhair a thabhairt do dhuine mar bhíonn sé uaidh nó uaithi. Níl dul as, níl rogha againn ann. Is rud inmheánach é………..

Tagann an meon amach i gcaint ansin, fiú i slite simplí, mar shampla an nós seo:
”GRMMA”
“Ná h Abair é”
“Ach ba mhaith liom a rá : “GRMA” duit”….
”Ní gá”

I mBéarla.

“Thank you very much”
”You’re welcome” ag glacadh an buíochas, gan stró!

B‘fhéidir go bhfuilim i m’aonar. Ach is minic a cheapaim go noctaíonn teanga carachtair an phobail a labhraínn í.


Monday, September 29, 2008

Paul Newman



Tá sé neamhbhásmhar dúinne ar shlí, beimid in ann féachaint ar a aghaidh dathúil aon uair mar Butch Cassidy, Cool Hand Luke srl….agus bhí sé fós dathúil nuair a d’éirigh sé sean. Bhíos ag smaoineamh ar sin inniu agus mé ag caitheamh rudaí ina n- áiteanna cuí sa chistin…. laethanta m’óige nuair a cheap mé féin agus mo dhruifear gurb é an fear is dathúla ar an domhan! Dhúisíos ó na smaointe sin le preab an fhóin agus ise a bhí ann. Bhí an bheirt againn inár ndéagóir ag deireadh na seachtóidí nuair a bhí Paul Newman i mbarr a réime agus do bhí póstaer aicese ar falla ár seomra ag an am san. “Bhí sé i gcónaí dathúil” a dúirt sí inniu…… cosúil lenár n-athair féin a cheapas, dathúil go lá a mbásanna. Is cuimhin liom go raibh ionadh orainn agus sinn óg go rabhadar chomhaois chomh maith! Dad agus Paul Newman………Aisteoir den scoth é, ní hamháin nuair a bhí sé óg áfach. Chonaic mé The Verdict blianta ó shin agus cheapas go raibh sé go breá agus táim díreach tar éis é a chur ar mo liosta NetFlix chun é a fheiscint arís. Tá Charlotte Rampling sa scannán seo agus is aisteoir an éirimiúil í dar liom.

Monday, September 22, 2008

An Chéad Lá Fhómhair, 2008

Tosaíonn an Fómhar go h-oifigiúil inniu, an 22ú lá de mhí Meán Fómhair. Tagann filíocht san aer nuair a casann na séasúir, dar liom. Inniu tá ciúnas san aer, gach rud séimh. Tá sé tirim agus geal lasmuigh, níor chuala mé trácht ar stoirm ag teacht... cuma socraithe ar an spéir. Níl sé te, ach bíonn sé fionnuar sa mhaidin le tráthnónta grianmhara. Tá na laethanta brothallacha imithe uainn anois.

Is cosúil go bhfuil fianna an cheantar seo in ann Gaeilge a léamh agus bíonn siad in ann teacht ar an suiomh seo i slí éigin..... ní rabhardar ró shásta liom le déanaí agus mé ag gearán fúthu anseo....…Tá roinnt céimeanna chuig ár ndoras tosaigh, (sé cinn,) áit a bhfuil soithí móra phlanda suite agam, ceann ar dheis agus ceann eile ar chlé. Táimid lonnaithe anseo le trí bhliain déag anuas agus bíonn na soithí seo saor ó na fianna i gcónaí…………go dtí an tseachtain seo chaite, suas na céimeanna leo oíche éigin agus ghlacadar smailc nó dhó ó gach soitheach.

Maidir leis an toghcháin, ní dóigh liom go bhfuil ceist ar bith fágtha anois idir na páirtithe agus cúrsaí eacnamaíochta na tíre i bpraiseach ag an rialtas poblachtach. Ní féidir leo an locht a chaitheamh uathu an t-am seo cé go ndéanfaidh siad iarracht is dócha. Is trua go dtagann saint isteach san áireamh i gcónaí nuair nach mbíonn smachta de shaghas éigin i bhfeidhm. Imíonn moráltacht nó eitic as an bhfuinneog. Is trua.

Inné bhí droch scéal ar an NY Times faoi saint san LIRR (Long Island Railroad) a chur déistin orm.

Táim ag súil le dul ag siúil am lóin in aer úr an Fhomhair