Friday, May 13, 2005

The Early Bird

Tá na héin an gnóthach ar fad anseo agus is aoibhinn liom iad ach amháin anois bíonn an fhuinneog ar oscailt agam i rith na hoíche agus tosaíonn mo chairde ag canadh go luath, álainn ach bhíos i mo dhúiseacht ar maidin ag ceathrú tar eis a cúig!!!! Ach nílim ag gearán, bainim an taitneamh astu. Inné chonaic mé Baltimore Oriole, ceann le sciatháin an uair seo, agus péire lon dubh. Lon le sciathán dearg a bhí anseo, sin an ceann firinscneach, agus a bhean agus ceann donn uirthi. Ní bhíonn na héin seo ró fhlúirseach, nó ní fheiceann tú iad ró mhinic má bhíonn siad anseo. Bíonn cúthail orthu i gcomparáid le na cinn eile, snagairí daracha, housetits, house finches srl. Beidh na lasair coille le feiscint go luath tá súil agam. Is minic a bhraithim uaim éin na hÉireann nach bhfuil againn sa tír seo. Is iad an spideog agus an smólach na cinn is mó a bhraithim uaim anois is arís, gnáth éin in aon gairdín thall ansin ach anseo is fear mór go leor é an spideog agus níl amhrán na spideoige aige, dar liom….is éan eile é cé go dtugtar Spideog air. Níl cuma bhródúil na spideoige Éireannach air ar chur ar bith ach an oiread. Ní fhaca mé smólach riamh anseo cé go bhfuil ceann ab ainm The Hermit Thrush áit éigin.

2 comments:

Conn said...

An fíor go bhfuil an Spideog Mheiriceánach níos mó ná an éan Éireannach?

Hilary de Bhál, bean Mhic Suibhne said...

Is fíor agus mar a duirt mé ní bhíonn an cuma céanna air. Tá an ceann mheiricánach i bhfad níos mó, mar is meiricánach é!..... idir naoi agus aon orlach déag. Cosúil le smólach, ach ar ndoigh bíonn an smólach anseo i NY níos lú ná an ceann in Eirinn.....mar a deirtear anseo "Go Figgur!"