Tuesday, May 24, 2005

An Iomarca Luais

Rud amháin atá orm a rá faoin turas go New Hampshire ná níl smacht luas le feiscint ar na bóithre móra ar chor ar bith. Ní fhaca mé fiú póilín amháin. Bhí ionadh orm mar i NY bíonn siad taobh thiar gach tor agus faoi na droichid ar na interstates agus parkways. Bíonn ort a bheith airdeallach an t-am ar fad ticéad luais a sheachaint. Chuala mé nach mbíonn an córas sin acu i NH, Live Free or Die agus chonaic gurb í an fhírinne. Bhí mé ag gluaiseacht go tapaigh, dar liom, ag idir 75 agus 80 míle fán gcéad agus mise an duine ba mhoille ar an mbóthar! Cheap mé ag an am gur rud iontach é a bheith saor ón smacht. Inné chuala mé scéal a athraigh mó thuairim faoi luas ar na mbóithre. Bhí m’aintín, duine álainn, ina suí i bheith istigh bhus trasna an bhóthair ón ospidéal i gClonskeagh BAC tráthnóna Dhomhnaigh, timpeall a ceathair. Bhí sí tar éis cuairt a thabhairt ar m’uncail atá san ospidéal sin. Go tobann tháinig carr Phóilín timpeall an chúinne ag déanamh go tapaigh, is cosúil go raibh na soilse ar siúil agus sirens roaring. Sleamhnaigh an carr ar chraiceann fliuch an bhóthair as smacht go díreach aniar aduaidh uirthi. Is dócha nach raibh seans ar bith aici bogadh nó aon rud a dhéanamh agus í ina suí ansin. Bhí bangharda ag tiomaint agus bangharda eile sa charr léi. Cuireadh amach an scéal go raibh sise ag dul trasna an bhóthair ach de réir fianaise agus forensics bhí sí ina suí, cheapfá slán sábháilte, sa bheith istigh sin. Tá m’aintín gortaithe go dona, i gcontúirt bháis ó shin.
Tá a fhios agam go bhfuil rud amháin fíor, má thagann sí tríd an t-uafás seo ní bheidh sí riamh arís mar a bhí sí. Riamh arís a aghaidh dathúil, ná a corp díreach ard, ná a dearcadh leathan ar an saol.

2 comments:

Anonymous said...

A Hilary

chuala féin an scéal (i gCill Mhantáin atáim). Dibirthe ó shin ag tubaist eile le bus scoile agus 5 básaithe. Beidh mé ag guí ar son d'aintín agus d'iobairtigh uile an tslad ar bhoithre na hÉireann.

Aonghus

Hilary de Bhál, bean Mhic Suibhne said...

Grma, a A. Chuala mé an drochscéal eile agus chonaic na griangraif….tubaiste uafásach gar do Kentstown. Sílim nach bhfuil ar na páistí crios a caitheamh agus iad sna busanna scoile. Is dócha dá mbeadh an riail ann fós féin nár chaithfidís iad. An bhrónach ar fad. H