Tuesday, May 17, 2005

Níl saoirse gan smacht?

Tosaím ag obair ar mo ríomhaire díreach tar éis a seacht ar maidin, fanann mo mhadra Cara Wags, liom san oifig i rith an lae, rud ana dheas go mór mhór sa geimhreadh, (cuirim mo mhéarchosa fuara uirthi agus í ina codladh faoi mo dheasc.) Tar éis lóin ag meán lae téim amach ag siúl lei ar feadh daichead nó caoga nóiméad nó mar sin. Bíonn an aclaíocht uainn ag an am sin tar éis an chuid is mó den mhaidin inár suí. Anois os nós é seo bíonn Cara ag chur brú orm ó 12:15 nó mar sin, is féidir léi an clog a leamh nó tá clog inmheánach ana mhaith inti. Tosaíonn sí ag damhsa timpeall na hoifige agus ag caoineadh agus ag rith go dtí an doras agus faoi dheireadh ní bhíonn an tarna rogha agam ach dul amach léi saghas síochána a fháil. Ní gá dom an doras a oscailt chun í a scaoil amach léi fhéin, ní théann sí......................nó téann sí má bhíonn gnó le déanamh aici agus ansin tagann sí díreach ar ais ag déanamh a cuid geáitse……….. Bíonn sí níos measa nuair a tharlaíonn rud a chuireann clár an lae amach an fhuinneog. Inné mar shampla bhí orm dul le Eoghan (14) thíosbhaile go dtí The Dept of Homeland Security in aice le City Hall i ndeisceart Manhattan . Ghlacamar an traein ag a 7 rn go dtí Grand Central agus ansin an Subway, bhíomar thíosbhaile ag a naoi. Bhí cruinniú eagraithe agam ann ag 9:30 rn agus mar sin bhí an t- am againn Starbucks a fháil……. Le teacht breithlá 14 bliana d’aois bíonn ar gach páiste le carta glas sna SAM ceann nua a fhail agus a mhéarloirg a chur i gcomhad an roinn seo, DHS. Bíonn sé níos fearr é seo a dhéanamh gan mhoill go mór mhór ó 9/11…….. trioblóid san Aerfort a sheachaint. (Rud atá ar eolas agam ón trioblóid a bhí againn in Aerfort BAC cúpla bhliain ó shin agus Eimhín níos mó na 14 gan carta nua.) Ar aon cuma bhíomar ann agus is deacair an rud é freastal ar do chruinniú gan ana chuid drochíde teangan ó na fostaí! Ar dtús taobh amuigh den foirgneamh bíonn líne ann agus beirt i mbun an líne ag béicigh ar an scuaine, ag féachaint ar na cáipéisí srl ag chur brú ar daoine bogadh ansin a rá do dhaoine eile a dhéanann an rud céanna “Did I tell you to move?!” ansin taobh istigh duine amháin ag glacadh na málaí agus ag dul trí gach rud atá ann, duine eile na cótaí, gach rud trí an gléas x-ray, sinn trí an metal detector, duine eile ag déanamh frisking, duine eile ag tabhairt féachaint millte orainn agus a rá “Get your stuff, hurry up, move away NOW ” Phew! Síocháin ar feadh nóiméad agus sinn ag dul suas an escalator. Duine eile ag feitheamh orainn ag béic “Cell phones? “ “Ta ceann agam” a dúirt go soineanta. “Get it off right now!” ansin síos an bealach agus duine eile agus í ag béic “Cell phones off NOW” ………….“Tá a fhios againn” a dúirt mé….ansin súile nimhneacha orm…………Bhí sé go deas ag deireadh teacht isteach sa seomra ceart agus ár scíth a ligint, leabhar agamsa agus ar ndóigh IPod ag an stócach a bhí liom. Bhí uair againn ag feitheamh ar ár oibrí oifigiúil féin, fear an deas, béasach agus cneasta, rud a chur ionadh ar an mbeirt againn. Bhí gach rud in ord againn agus ní rabhamar leis ach deich nóiméad no mar sin agus ansin amach linn trí an zoo taobh amuigh dá oifig. Sílim go bhfuil nasc aisteach idir easpa smacht agus drochiompar …..bhí siadsan ar an gcéim is isle as ord leis an smacht beag a bhí acu orainn sa scuaine agus bhaineadar an taitneamh dar liom as brú a chur orainn. Ar shlí bhaineamar sult as, ag éisteacht leo agus ag gáire le chéile faoi a drochbhéasaí ach chonaic mé seanchúpla ann an uair deireanach agus iad gan béarla agus sílim go raibh eagla orthu roimh na bithiúnaigh seo. Thángamar thar n-ais abhaile díreach mar bhí orm a bheith san oifig agus ní bhíonn suim ag Eoghan tamall a chaitheamh sa chathair. Bhí fonn cupán tae agus ceapaire orm ach faraor, ní raibh sos agam, bhí Miss Wags ar tí dul as a meabhair, bhí sé beagnach a dó a chlog!

1 comment:

Anonymous said...

This is very informative. I hope to see more in the near future