Taobh istigh an teideal amhránaíocht ar an sean-nós bíonn stíleanna difriúla le chloisint. Chuala mé ó amhránaí iontach as Tír Chonaill lá, Máire Ní Cholm, nach bhfuil san amhránaí ar an sean nós féin ach saghas soitheach chun na hamhráin a thabhairt uatha atá imithe uainn, ó na laethanta atá i bhfad thart, go glúine eile agus go bhfuil sé tábhachtach nach nochtfadh na hamhránaithe a mothúcháin phearsanta riamh. Tuigim é sin ar shlí, agus míníonn sé cén fáth nach bhfeictear lámha an amhránaí ar an sean-nós ag bogadh timpill, nó mothúcháin ar a aghaidheanna mar a fheictear i gcás an amhránaí comhaimseartha, nó amhránaí cheoldrámaíochta. Ní aisteoirí iad.
Ach ní dóigh liom go gciallaíonn sé sin nach bhfuil mothúcháin an amhránaí féin tábhachtach ar chor ar bith. Sílim go bhfuil an mhalairt fíor, tagann mothúcháin chuig an lucht éisteachta trí fhocail an amhráin agus an tslí in a gcoimeádann an t-amhránaí smacht ar a ghuth agus smacht ar an amhrán ag an am céanna. Abair mar shampla saothar Iarla Ó Lionaird, déarfainn go bhfuil teagmháil dhomhain aige le hábhair na n-amhrán go léir a chanann sé, agus is minic nuair a bhím ag éisteacht leis ní hamháin go gcloisim na focail ach braithim na focail, nó braithim na mothúcháin atá taobh thiar na focail. Ní fheadar an iad mothúcháin Uí Lionaird féin iad nó mothúcháin an chumadóra ag teacht tríd?
D'fhreastailíos ar cheolchoirm Úi Lionaird oíche Shathairn seo chaite anseo i NYC san Irish Arts Center. Bhí sé go hiontach ar fad agus sílim go bhfuil eisean duine de na hamhránaithe is fearr a oibríonn san aicme seo. Bhí an sár phíobaire Ivan Goff in éineacht leis agus ba léir gurb asarlaithe an bheirt acu. Comhoibriú a bhí ar bun acu, Masters in Collaboration an t-ainm atá ar an sraith seo a bhunaigh Mick Moloney ceithre bliana nó mar sin ó shin. Bhí an amharclann lán go doras agus cuma ar chách gur bhaineadar sult as an gceolchoirm. Ní fheadar an raibh Gaeilge ag mórán acu áfach, níor chuala mé í agus ní mé an ndearna sé aon difríocht, cad a gceapfá? Bhaineas féin sult as gach amhrán, ach níos mó suilt as iad atá ar eolas agam sílim agus mé ag canadh go ciúin leis (- ag cur isteach ar mo chomharsa is dócha.) Ach an fhadhb mhór í nuair nach dtuigeann na héisteoirí an teanga ar chor ar bith, an féidir leo sult a bhaint as na hamhráin? Tá súil agam - ach ni fheadar.












