Monday, November 09, 2009

Peata Lae

…agus mé ag siúil ar maidin.... ag gabháil buíochas chuig na déithe uile as ucht an peata lae seo; Dia na gaoithe ar dtús, agus é ag cogarnach trí géaga lom na gcrann, trí na cairn duilleog agus iad ag brioscarnach fúm, an corr duilleog eile ar snámh go leisciúil go talamh; Dia an tsolais ansin, ag spalpadh lonrachais agus teas bog orm óna príomh oibrí, an ghrian, ansin Dia an uisce, foinse na beatha, uisce folláin taiscumar mo cheantair ag lapadaíl go ciúin ar mo thaobh. Bím ar neamh go minic gan bogadh ró fhada ón tigh…

Ansin go hobann do bhuail diúracán dearcáin anuas ar mo chloiginn bocht mé.

Cén teachtaireacht a bhain leis an síol suaithe spadhrúil seo?
Níor ghabh mé buíochas chuig Dia na gcrann? an í an fhadhb?
Nó an raibh cúis níos achrannaí taobh thiar an t-ionsai?
Ab é diúracán as na Flaithis!?

Wednesday, October 28, 2009

Léas Lag



Níl na nótaí is déanaí anseo ar an mblog ar chor ar bith. Bhuel is cuma, ní dóigh liom go raibh rud ar bith suimiúil le rá agam…cúpla focal faoi cúrsaí eacnamaíochta…nó easpa cúrsaí eacnamaíochta mar a tharla.


Inniu agus sinn ag teacht chuig deireadh na míosa tá an aimsir go holc anseo i Nua Eabhrac, tá sí fuar agus fliuch agus go dona. Tá na duilleoga ag titim aníos go tapaigh anois agus na crainn ag iarraidh iad uile a chrith uatha agus teacht ar cead dul a codladh ar feadh tamaillín. Tá tuirse orthu tar éis bliana eile ag tabhairt scáth dúinn agus ag glanadh an t-aer dúinn agus ag tabhairt bheith istigh do gach saghas ainimhí.Tá sos tuillte acu.

D’oscail mé mo dhoras tosaigh cúpla nóiméad ó shin Cara a ligint amach, tá sé ró fhliuch domsa dul léi, stop mé sa phóirse, an madra i m’aice. Chonaic mé díreach go raibh ceithre fia os mo chomhair, eilit amháin, oisín mór ó anuraidh agus péire oisín eile, óg go leor. Bhíodar ag ithe sa bhfearthainn faoi foscadh na ndaracha. Chas na hocht súil inár dtreo, a súile móra ag féachaint orainn, ag feitheamh orainne. Ní fhaca Cara iad, ní rabhadar ach fiche cúig throigh uainn, déarfainn, ach ag an am céanna ní bhíonn amharc ró mhaith aicise le déanaí le fionna na súile. Níor bhog aoinne againn, bhí a fhios aige cara go raibh rud éigin beo ansin ach ní fhaca sí iad, bhí a srón ag preabadh!! Chas sise a cheann ón taobh clé go taobh dheis go mall.
Chroch aga san aer!
Níor bhog aoinne eile againn, ní raibh le cloisint ach deora boga na fearthainne ar na duilleoga fliucha fágtha. .. Ansin go hobann, bhog duine des na hoisíní óga. Rinne sé pocléim bheag, chonaiceamar uile a bhratach geal d’eireabaill. Stop sé, d’fhéach sé ar a mham le náire, chaith sise sracfhéachaint air gan bogadh, ansin chas sí a súile thar n-ais chugam agus iad a rá…féach ar an nglagaire sin, ní thuigeann sé faic…
Chonaic Cara iad uile anois, léim sí sios céim nó dhó ina dtreo ón bpóirse go tapaigh, dearúd déanta aici gur seanmhadra atá innti. Stop sí ansin agus d’fhéach sí ar an gclann. D’ardaigh an eilit a súile suas chun na bhfhlaitheas. Chas sí agus do threoraigh sí a chlann as radharc taobh thiar stoic mhóra na gcrann gan mhoill, a mbratacha geala ag croith slán linne. D’fhan cara ag féachaint ina ndiaidh, léas na tóraíochta imithe uaithi cheana, lig sí osna faoiseamh aisti féin agus do shiúil sí go mall amach cúpla slat chun pingin a chaitheamh, ansin isteach léi arís chuig a leaba bog tirim.

Monday, October 12, 2009

Cearta Teangan: De Réir a Cheile a Thógtar na Caisleáin

Bhí Micheal Flanagan, dlíodóir ó Bhéal Feirste, ag caint oíche aréir i Glucksman Áras na hÉireann faoin gcúis chúirte a theip le déanaí i dtuaisceart na hÉireann. Seo na sonraí:
Bhí fear ag iarraidh teacht ar cheadúnas na dí i gcomhair ócáide san ionad Cultúrtha, agus ó ba rud é go raibh Gaeilge aige bhí suim aige an t-iarratas a chur isteach trí mheán na Gaeilge.
Ní bhfuair sé cead é sin a dhéanamh.
Bhí an freagra diúltach seo bunaithe ar acht dlí ó 1737…… ón am sin bíonn ar gach ní sa chuairt na tíre a bheith trí mheán an Bhéarla. Nuair a theip air an t-iarratas a chur isteach as Gaeilge d’oscail seans dó agóid i gcoinne an tsean dlí seo agus as sin athrú a dhéanamh ar stádas na Gaeilge i dtuaisceart na hÉireann….b’fhéidir, nó ar a laghad ceist na teangan a aithint ansin…… Cúis samplach is dócha a dtabharfaí ar…

Cad é an scéal sa Bhreatain Bheag agus in Albain? Bhíodar faoin rialtas céanna i 1737 mar a bhí Éireann fhéin….! Níl trioblóid ag cainteoirí dúchasacha a dteanga a úsáid más maith leo i gcúrsaí oifigiúla na dtíortha san, is cosúil go raibh leasú ar an Acht céanna. (Welsh Language Act 1993: Gaelic Language (Scotland) Act 2005)

Sin an scéal go simplí, fad is a dtuigimse é. Tuilleadh eolais anseo faoin Acht 1737 féin agus faoin breithiúnas anseo.

An mbíonn aon rud simplí sna cuairteanna? Ní bhíonn riamh, in aon tír! Bíonn córais iontu agus bíonn ar chách leanúint leo. B’fhéidir nach féidir leis an gcuairt i dtuaisceart na hÉireann athrú nó leasú a dhéanamh ar an 1737 Acht mar níor chuireadar i ndlí é, dá bharr sin níl siad freagracht as…….Cúis bholscaireachta is dócha a dtabharfaí ar…

Ach féach ar stair na teanga. Tosnaíodh ag labhairt an teanga Béarla in Éirinn de dheasca cúrsaí riarachán na tíre, tháinig brú ar an teanga ón rialtas ar dtús. Bhí tuismitheoirí páirteach gan dabht, mar ní raibh sé soiléir dóibh go mbeadh todhchaí mhaith os a gcomhair nó os comhair a bpáistí gan Bhéarla, b’shin í an fhírinne. Ar dtús sa Saorstát bhí postanna do Gaeilgeoirí le fáil sa státseirbhís, múinteoirí in áireamh ach b’shin é ……go dtí deireadh an chéide seo caite nuair a d’éirigh le Raidió na Gaeltachta agus Tg4…ansin bhí postanna sa mheán cumarsáide, sa deisceart agus i dtuaisceart na tíre. De réir a cheile……

Bronnadh stádas oifigiúil ar an teanga Ghaeilge mar teanga na hEorapa i 2007. Ba mhór an t-aitheantas seo ina saol fada angarach agus bhí sé tuillte go mór aici. Faoi láthair aithnítear an teanga mar teanga oifigiúil na hEorpa gach áit sa Eoraip ach amháin i dTuaisceart na hÉireann….an é sin ceart?

Friday, October 09, 2009

Ócáid Suimiúil Oíche Amárach i NYC

Tá a fhios ag gach duine le suim sa teanga nach teanga oifigiúil í i dtuaisceart na hÉireann. Ní raibh an teanga fiú ina ábhar teagaisc sna scoileanna poiblí ansin go dtí le déanaí ach anois is féidir í a fhoghlaim i scoileanna agus ollscoileanna áirithe. Bíonn ceist na teanga gar do chúrsaí polaitíochta in Éirinn i gcónaí, is trua san ach sin mar atá. Sílim gur gcuireadh tús leis an gceangal seo i 1366 sa chéad Statute of Kilkenny!
Níl sonraí an Conradh Aoine an Chéasta maidir leis an teanga ar eolas agam go fóill agus tá súil agam go mbeidh an easpa eolais seo réitithe tar éis na hócáide seo.
Beidh an ócáid ag tosnú ar a seacht a chlog.
Glucksman
Ireland House, NYU.
# .5 Ascaill a Cúig, in aice le cearnóg Washington.
Tá sé saor in aisce agus fáilte mhór roimh gach duine le suim sa teanga.

Is Binn Blas na Saoirse

Scríobh mé an píosa thíos níos luaithe sa seachtain nuair a bhí mé gafa sa chuairt mar choisteoir. Cé go raibh an áthas orm leis an WiFi i gcillín na gcoisteoirí, ní raibh cead íoslódáil againn ann. Socraíodh an cás sa deireadh agus scaoileadh amach sinn. Bhí an tréimhse thar a bheith suimiúil sa deireadh áfach.

Bhuel táim fós beo!
Bíonn mo shaol ana ghnóthach na laethanta seo gan mórán ama saor agam, brón orm a rá. Tosaíonn na ranganna Gaeilge gach bliain i mí Deireadh Fómhair, ansin bíonn laethanta na Gaeilge ar siúl in áiteanna difriúla a ghlacann Satharn anois is arís. Mar sin, le mo ghnáth phoist, ranganna Gaeilge i rith an lae agus oíche amháin, Sathairn na Gaeilge, club leabhair… agus araile, gan trácht ar mo ghrá geal peata, mo mhadra Cara, mic ag teacht agus ag imeacht, bíonn mo dialann lán! Agus is fearr lán nó folamh a deirimse …..ach le déanaí fuaireas dualgas eile agus gan capall a dhéanamh den scéal táim ag ceapadh go bhfuil cúraimí an tsaoil ag iarraidh níos mó ná fiche ceathar uair sa lá a ghlacadh uaim!
Roghnaíodh mar choisteoir mé i gcás cuairte Dé Luain agus anois seo liom gafa sa chuairt i White Plains NY gan cead éalú go dtí go bhfuil an cás críochnaithe. Ní féidir liom scríobh faoin gcás áirithe anseo ach is féidir cúpla focal a scríobh faoin gcóras! Ar dtús tá áthas an domhan orm go bhfuil Wifi anseo, is féidir leis na coisteoirí le ríomhairí glúine acu teagmháil a choimeád lenár ngnáth saolta fad is atáimid i dtolglann na gcoisteoirí….Inné chaitheamar an lá iomlán anseo. An lá iomlán. An lá iomlán. Bheinn imithe bán gan Wifi agus cúpla leabhar, tá teilifís anseo ar ndóigh ach ní féidir liomsa féachaint ar an mbosca sin thar deich nóiméad de ghnáth mura scannán atá i gceist. Bhíos ag labhairt faoin lá amaideach seo le cara liom aréir agus ‘sé a dúirt seisean ná dá mbeadh ar na dlíodóirí agus na breithiúna íoc as na coisteoirí ar an leibhéal a d’íoctaí astú féinig b’fhéidir nach mbeadh an méid sin ama curtha amú acu ag caint.
Níos mó ar ball.

Thursday, September 24, 2009

Éist le Seo, Greann na nGiúdach


Fuair mé an leabhar seo Éist le Seo, Greann na nGiúdach le Gabriel Rosenstock (foilsithe ag Coiscéim) le déanaí agus is comhluadar breá é ar an traein nó ar bhus nó ait ar bith!
Trí Cheist
Chuaigh an fear seo isteach in oifig dlíodóra. D’fhiafraigh sé den dlíodóir cén costas a bhainfeadh le trí cheist.

“ €150” arsa an dlíodóir
”Ábhairín daoir, nach bhfuil?”
”Tá. Agus an tríú ceist?”

Tuesday, September 08, 2009

Aingil na Faire


Is ansa liom an píosa ealaíne seo. Rinne Fra Angelico timpeall 1430 é. Bhíodh cóip de sa sean tigh againn. Fuair mo thuismitheoirí mar bhronntanas bainise é, agus crochadh ar fallaí difriúla é le linn m'óige. Tá an pictiúr fós ag mo mháthair ina háit chónaithe cé nach bhfuil mórán spáis sna seomraí beaga atá aici anois. Choimeád sí an ceann seo maraon le grianghraif agus cuid bheag dá troscáin.
Aingeal Teachtaireachta a bhí san Aingeal Gabriel an lá sin, is dócha go ndéanfadh teachtaireacht téacs an beart an lá atá inniu ann…. nó an mbíonn aingil inár dtimpeall i mbréagriocht? Cinnte faoi láthair baineann an focal Aingeal le cailíní óga, sciatháin orthu i ndrámaí na Nollag nó bhalcaisí Oíche Shamhna. Nó baineann an focal le mná gnéisiúla i mbolscaireachtaí Victoria’s Secret. Ní bhaineann an focal níos mo le teachtaireachtaí fireanna! Cloistear anois is arís é mar ainm na bhfear i gcultúr na Spáinne.
Cad faoi Aingil na Faire? Nuair a bhí ceann agamsa agus mé óg (bhíos cinnte go raibh..) ní raibh mé cinnte ab iad fir nó mná a bhí i gceist, ach cheap mé ar shlí gur ceann fireann a bhí agam cosúil le Gabriel sa phictiúr sin a bhí againn. Ach i ndáiríre níor bhain gnéas ar bith leo siúd, (Cheap cara liom ar scoil go rabhadar mar mhná rialta; go raibh trí inscne ann, fir, mná, agus nuns, agus seans maith, dar léi, nach raibh in aingil ach mná rialta nach maireann! Níor aontaigh mé léi. Bhí a fhios aici go raibh na sagairt fireann áfach…)
Ar aon nós nuair a thugas faoi deara go raibh Aingeal na Faire agam féin ní raibh mé ró shásta, saghas spiaire! An féidir éalú uaidh? Ní féidir, a deirtí liom go ceanúil, mar beidh sé i gcónaí leat, ag coimeád súil ort. …i gcónaí?
Chaithinn am sa seomra ranga ag smaoineamh ar na haingil a bhíodh sa seomra beag sin linn, fiche cúig cinn ar a laghad....An rabhadar ar snámh os ár gcinn thuas ansin, agus cad a bhí idir lámha acu siud thuas ansin? An rabhadar ag léamh leabhar agus ag ithe na bhfíonchaor cosúil leis na gréagacha ársa, gan obair bhaile nó litrithe nó rud ar bith le déanamh acu ach a bheith ina n-aingil leisciúla? Agus iad sa bhaile linn chomh maith! Sos ar bith uathu. Ní bhfuaireas cabhair ar bith ó mo cheannsa nuair a bhrú ceann de na buachaillí béal dorais mé ón bhfalla os comhair a thí. An maistín tíoránach bricíneach na nglún cnapach sin!

Do bhíodh an nós agam ag an am san píosa léitheoireachta a dhéanamh ar mo leaba nuair a bhíodh m’obair bhaile déanta agam ar an mbord mór thíos staighre. Uain dom teacht le cheile le mo chairde, An Cúigear Cáiliúil le Enid Blyton, sraith leabhar le cosc orthu ón leabharlannaí scoile, ní fheadar fós an fáth, cúis amaideach na laethanta san déarfainn. Ach is cuimhin liom ag rith ar nós na gaoithe, trí chéim le cheile, suas an staighre agus doras mo sheomra a dhúnadh le preab chomh tapaigh agus b’fhéidir liom chun iarracht éalaithe ó m’aingeal píosa. Ansin, agus an doras slán dúnta roimhe bheadh níos mó le déanamh…. Léimfinn gan moill ar bith thar mo leabasa agus ansin thar ceann mo deirféarsa na cuirtíní a dhúnadh ar eagla go n-eitleodh sé go cúl an tí ar an bpointe. Bheadh orm a bheith cúramach nach raibh bearna ar thaobhanna na gcuirtíní - seans dó gliúcaíocht isteach orm. Osna faoisimh ansin uaim, saor uaidh- an spiaire úd. Tamall agam féin seal a chaitheamh le cairde mo shamhlaíochta, Julian, Dick, Ann, George agus an té is tábhachtaí, Timmy an madra, agus mistéir eile le réitigh againn.

Arbh é rian an neamhspleáchais a bhí le feiscint agus mé ag iarraidh cor a chur ar m’aingeal?…. Is dócha! Cinnte! Ar ndóigh!
Nó seans go raibh dochar buan déanta aige dom… ;)

Monday, August 24, 2009

Scléip na Súl

Glacier National Park

Bláir i Montana

Tar éis slán a fhágáil le mo chairde uile nua i mButte bhailigh mé liom ó thuaidh agus ba í Great Falls mo chéad cheann scribe eile. Chonaic mé buachaillí bó ar a gcapaill ag obair lena beithígh sna páirceanna ar mo bhealach. Níl mórán i Great Falls caithfidh mé a rá, is maith liom an t-ainm ach faraoir níl fiú eas amháin fágtha ansin ó thús na céadta seo caite, níl le feiscint ar an abha mhór (Missouri) anois ach sraith dama. Ach rud amháin a shábháil an chathair seo domsa ná an t-ionad léirmhíniúcháin Lewis and Clarke. De ghnáth bím sásta eolas a fháil amach dom féin ach ní raibh puinn eolais agam faoi L agus C ach a n-ainmneacha agus creatlach dá scéil. Chaitheas tráthnóna breá ag foghlaim fúthu anseo agus ag foghlaim faoi na Blackfoot Indians chomh maith. Bhíodh sochaí shibhialaithe shuimiúil acu siúd agus ba mhaith liom níos mó a fhoghlaim fúthu amach anseo.

Ag dul díreach ó thuaidh arís i dtreo Canada an lá dár gciunn chuaigh mé trí saghas bláir-machairí folmha amach is amach nár bhraitheas riamh. Is cuimhin liom nuair a bhíos óg agus ag taisteal ó Luimneach go Baile Átha Cliath gach samhradh sa charr, do bhíodh ionadh orm i gcónaí ag féachaint amach an fhuinneog ar an gCurragh i gCill Dara mar ní fhaca mé a leithéid riamh sa Mhumhain, ach ní leanann sé ach cúpla míle agus b’shín é. Ach scéal eile i Montana, d’éirigh mé míchompordach ag féachaint ar an machaire cothrom seo, ní raibh deireadh leis. Diabhal tigh le feiscint…Amach as an gcarr liom cúpla uair chun fógraí staire a léamh, bhí gaoth the ag séideadh trasna an mhachaire a ghlac mo chuid gruaige go cothrománach mar bhrat sa ghaoth agus duine nó ainmhithe beo ní fhaca. Aisteach. Bhíos i dtearmann na Blackfeet ag an am seo agus is dócha go raibh na machairí lán le Buffalo uair amháin blianta ó shin.

Ar aghaidh liom ó thuaidh go Glacier National Park agus chaitheas cúpla lá ansin, ag siúil, ag marcaíocht, ag bádóireacht (i mbáidín). Ní fhaca mé radhairc mar na cinn a chonaic anseo riamh i mo shaol. Fágadh gan focal mé. Scléip na súl. Ní féidir a mhíniú i gceart an mothúchán a tháinig orm san áit seo agus ní dhéanann na grianghraif an jab ach oiread cé go nglacann siad thar n-ais ansin mé. D’fhanas anseo sa lake McDonald Lodge agus molaim go mór an lóistín, simplí go leor i gcomparáid le hóstlanna na laethanta seo ach suimiúil domsa ó thaobh ailtireachta de…tógadh i 1914 mar thigh príobháideach é nuair nach raibh bóthar ar bith ann thuas anseo agus bhíodh ar na cuairteoirí teacht i mbáid. Fiú inniu tá an cúl doras fós ar thaobh na sráide agus an doras tosaigh ar thaobh an locha.


Thugas cuairt ar Whitefish, baile beag bunaithe ar gnó turasóireachta ar iarthar na páirce. Tá cuma an iarthair fós le feiscint ar an mbaile seo agus ba mhaith liom í cé nach bhfuil mórán ar siúil ansin ach siopadóireacht! Go Kalispell ansin liom agus caitheas oíche amháin ansin agus ó dheas ar thaobh Flathead lake go Bigfork agus bhaineas Missoula amach an oíche céanna. Bhí an turas ó Bigfork go Missoula ana dheas trí tearmann na ndaoine dúchasaigh eile. Chonaic mé buachaillí bó le heallaí mairteola. Bhaineas an National Bison Range amach ansin, ceantar droimneach réchnocach tarraingteach dar liom. Chaitheas an oíche dheireanach i Missoula, bhí spraoi i lár na cathrach an oíche úd agus fuaireas amach go mbíonn oíche spraoi acu gach Déardaoin sa samhradh. Bhí daoine bailithe ar thaobh na habhann, bhí ceol beo ann, bia agus deochanna de gach saghas le fáil, ana mhaith do thurasóir mar mise agus do mhuintir na cathrach. D’éirigh comhrá idir mé féin agus siopadóir amháin agus dúirt sé liom nach cathair an iarthair níos mó í Missoula. “B’fhearr le Missoula gan a bheith ina chathair an Iarthair”dar leis…. “Ní thuigim” a dúirt mé leis…”nach bhfuil sí suite in iarthar na tíre?” “Ni thuigim ach oiread ach sin mar atá” a dúirt sé liom. Níor thuigeas é seo i gceart.

Thar n-ais i Nua Eabhrac anois agus ag smaoineamh ar an turas iontach seo. Chaitheas oíche aréir ag féachaint ar Lonesome Dove, an scannán breá bunaithe ar leabhar a scriobh Larry McMurtry (atá leite agam fadó..), agus ag smaoineamh ar an sean saol san Iarthar Fiáin.

Wednesday, August 19, 2009

Montana na Spéire Móire? Ní hea, Montana an Aeir Úir

Poll fágtha i mButte

Ní gá dul go California chun teacht ar Gleann an Bháis mar tá sé bogtha anseo go Nua Eabhrac an tseachtain seo. Táim díreach thar n-ais ó thuras 10 lá i Montana an Aeir Úir agus bhuail an t-aer te tais an chósta iar mé díreach sa chloigeann agus mé ag teacht amach ón aer aisteach an eitleáin. Inniu tá sé breis agus 93 chéim anseo i lár na coille gan trácht ar an tais atá leis….cheapfá go bhfuil sé níos teo fós agus an méad taise sin san aer.

D’fhreastalíos ar An Rírá i mButte, ansin chaitheas tamall ag taisteal ó thuaidh trí príomh chathair Montana, Helena, go Glacier National Park, ansin thar n-ais ó dheas liom trí Whitefish, Kalispell, Big Fork agus sa deireadh Missoula. Bhaineas an taitneamh as an taisteal agus beidh cúpla focal agam faoi thar an tseachtain seo chugainn.

Is í An Rírá ná féile mhór an tsamhraidh faoi choimirce The Montana Gaelic Cultural Society. Leanann sí thar dhá lá go leith i gcathair Butte i lár an tsamhraidh le seacht mbliana anuas. Is í cuspóir na féile seo ná airgead a bhailiú chun ionad cultúrtha a bhunú amach anseo.

Bhí an t-ádh dearg orm a bheith páirteach sa Rírá i mbliana, bhaineas sult as gach nóiméad sa chathair chairdiúil seo agus táim fíor bhuíoch as an gcuireadh a bhfuaireas ó Lorretta Lynde, uachtarán an chumainn. Ba í seo mo chéad chuairt ar Montana agus cé nár éirigh liom an chluain mhuimhneach a chur ar bhuachaill bó an uair seo, (de dheasca easpa buataisí, cinnte )… b’fhéidir go n-éireoidh liom amach anseo… (Tá na bhuataisí cearta agam anois, fuaireas iad ag deireadh na saoire, ochón ní raibh aon am fágtha agam!)

Cuireadh fáilte Uí Cheallaigh roimh gach uile chuairteoir i mButte, idir óg is aosta, lucht oibre na féile, turasóirí agus cuairteoirí. Tháinig na sluaite isteach dé hAoine agus i bhfad níos mó Dé Sathairn. Tuismitheoirí lena bpáistí ag baint suilt as an bhféile mhór seo an chuid is mó acu agus atmaisféar mar lá ‘le Pádraig a bhí inti. Bhí imeachtaí ar siúl in áiteanna difriúla taobh istigh limistéar ceithre shráid nó mar sin sa sean chathair. Bhí an príomh bóthar dúnta roimh trácht agus an tslí plódaithe le daoine agus margaí sráide, agus ar ndóigh gach saghas spraoi (maraon le paidreacha i gcoinne na fearthainne.) Cuireadh tús le himeachtaí na féile maidin dé hAoine le ceardlanna difriúla, ranganna Gaeilge ar ndóigh ina measc! Lean an lá le ceol; Dublin Gulch, banna cheoil áitiúil, Gráda ó Ghaillimh, Evans & Doherty, The Elders, The Irish Descendants…, Rince le The Tiernan Dancers agus The Trinity Dancers, agus áthas orm a rá nach raibh comórtas eatarthu ach taispeántais, Scannáin; Butte America, agus Scéal ar Butte le Breandán Feiritear, Scéalaíocht le Batt Burns agus i bhfad níos mó a bhaineann le cultúr na nGael agus na nGael-Mheiriceánach. Bhí an lá thar a bheith gnóthach agus spraiúil leis agus an tarna lá mar a gceanna nó níos gnóthaí féin déarfainn!

Is mór an teagmháil atá idir formhór na muintire Bhuitte agus a gcultúr, ‘sé sin cultúr na nGael i gcás an chuid is mó acu de réir dealraimh agus bród domhain orthu, chomh domhain leis na mianaigh féin, as stair a gcathair. Ní raibh an scéal go hiomlán agam roimh an turas seo agus d’fholaimíos ana chuid fad is a bhíos ansin. Chonaic arís chomh tábhachtach agus atá ionannas pearsanta muintir na tíre seo, b’fhéidir an tréith ceanna ar fud na cruinne nuair a bhogann daoine óna bhfréamhacha?

Is cathair shuimiúil í ó thaobh staire agus suíomh; tá sí suite i bhfásach ard atá míle in airde, agus is compordach an cuma atá uirthi agus sléibhte arda uimpi. Tá an chathair gearrtha idir an seana bhaile Uptown, atá níos airde ná an chuid eile ar a dtugtar The Flats. Feictear na seana fhoirgnimh uile in Uptown, cuid acu anois ina bhfothraigh folmha, brón orm a rá, ach fós féin labhraíonn siad a scéalta féin go ciuin, scéalta bunaithe ar an saol atá thart. Tá cuid eile acu ag tarraingt anála arís le athdheisiú ó fhuilleamhóirí a thuigeann an chathair seo agus meon na ndaoine. Níl cúrsaí eacnamaíochta ró shláintiúil anseo ó bhog na comhlachtaí mianadóireachta ón gcathair timpeall 1982. B’iad na príomh fostóirí anseo ó lár na naoú haois déag agus le tús mianadóireachta sloc oscailte i 1952 bhí sé soiléir go raibh athrú mór os comhair muintir Bhuitte. Le himeacht an chomhlachta is mó fágadh poll mór salach i lár na cathrach agus 10,000 míle na dtollán faoi chathair Butte nach bhfuil níos mó ná seacht míle cearnach! Tá na tolláin i sraitheanna faoin mbaile. Rinneadh ceann scribe turasóireachta as an bpoll mór seo le déanaí agus bhí alltacht orm é a fheiscint…tá sé ana mhór ar fad! poll an ifrinn i ndáiríre agus é lán le huisce nimh. Tá ar an mbaile a fíoruisce a choimeád slán ó nimheanna an phoill mhóir seo. (Nach bhfuil ar an gcomhlacht mianadóireachta sotalacha an fhadhb seo a réitigh? Níl ceist at bith faoin locht…)

Cé gur fágadh an poll mór seo fágadh rud eile chomh maith, braitear spiorad an mharthanóra i sráideanna Uptown. Braitear é ar an Rírá, teacht le cheile le mór mhuinín as todhchaí na cathrach seo de bharr a spiorad féin. Seans ann go dtagann léas den spiorad céanna trí na haoiseanna ó fhuil na hÉireannaigh a d’aistrigh ó Chorca Dhuibhne, iarthar Chorcaí agus áiteanna eile in Eirinn fadó ag lorg rud éigin goidte uatha aige baile… dóchas sa todhchaí.

Tuesday, August 04, 2009

Tae… aon duine?

Seo liom maidin inné agus mé lán sásta, mo New York Times os mo chomhair agus tae na maidine réidh..d’ardaigh mé mo chupán ach mo bhrón thugas fé deara go raibh drochchuma ar an tae. “” Damn, tán diabhal bainne géar” aduirt liom féin nuair a bhraitheas rudaí beaga ag snámh ar dhromchla an tae “is dócha gur fhág fear éigin sa tigh seo taobh amuigh ón gcuisneoir é uair éigin inné, tipiciúil…ní féidir leo fiú rud chomh simplí a dhéanamh ná an bainne a chur thar n-ais sa bhfuacht nuair a bhíonn sé breis agus 80 céim sa chistin! bloody hell, tá a fhios acu nach bhfuil mórán níos tábhachtaí sa saol ná braon bainne úir sa mhaidin don cupán tae nó don cupán chaife, go háirithe cupán na máthar” Bhíos cinnte go raibh a fhios acu faoin bhfíric seo mar is minic a chloistear olagón eile maidir le ganntanas na feola báine ”is dócha nach rabhadar sa bhaile go dtí lár na hoíche nó níos déanaí fós, na bowsies, agus bhí orthu cereal a chaith siar roimh dul chun na leapacha…” cloistear é seo nuair nach bhfuil braon bainne, úr nó géar, ann ar chor ar bith sa mhaidin cé go raibh leath galún slán ann agus mé ag dul i mo luí…

…Bhíos ar tí é a chaith sa doirteal díreach nuair a bhraitheas rud éigin eile, boladh deas úr... ciotras? ….D’fhéach mé ar an gcuntar agus chonaic go raibh sú na seadóige agam ansin in ionad an bhainne!! (Tá na cartáin beagnach mar an gcéanna …. tá cosúlacht eatarthu nach bhfuil? .. os comhair duine bocht? fós ina codlatán ag breacadh an lae? ag fulaingt ó easpa caffeine ach go háirithe... )

Bhlaiseas an tae. Hmm…go deas. Blaiseadh eile. Slog!
Bheadh sé seo an-deas abair tráthnóna te, le roinnt torthaí, sú talún b’fhéidir, a cheapas liom féin. An bhfuil blais úr aimsithe agam? Tae Seadóige? An mbeidh gnó nua agam amach anseo? Ainm branda Hilary’s Own mar shampla…nó .....

Rud amháin eile: Bhí na fir óga soineanta ….an uair seo.

Wednesday, July 29, 2009

Trádáil i mBaill

Bhí ionadh orm a léamh faoin gceannach, breabaireacht agus cleachtais éillitheacha i New Jersey an tseachtain seo chaite, na scannail uile atá ráite sa mheán chumarsáide (más féidir na scéalta sin a chreidiúint, níl siad ach cúisimh fós.) Ach an ceann a chuireann isteach go mór orm, (a chuireann déistin orm leis an fhirinne a rá,) ná an trádáil mí dleathach i mbaill, sa chás seo trádáil na nduán. (Tá a fhios againn uile go bhfuil trádáil ann, nach bhfuil ceisteanna fiú faoi conas a bhfuair Steve Jobs a ae nua, ach ní raibh sé mí dleathach sa chás sin, bhí sé in ann úsáid a bhaint as an gcóras aisteach agus an t-ádh leis go raibh sé in ann ceann a fhail gan stró de bharr a chuid saibhris.)
Níl an margadh seo as an ngnáth faoi láthair, is féidir le mná óga a n-uibheacha agus fir a síolta a dhíol. Is féidir broinn a fháil ar cíos ó mháthair ionaid ar feadh naoi mí…má bhíonn an t-airgead agat... Maidir leis na duáin, nach féidir linn maireachtáil le ceann amháin? Agus faigheann an deontóir orgáin pá maith.. nach bhfaigheann? Cad faoi súile anois? Coirne ó éinne?

Tháinig na droch scéalta luaite thuas amach agus mé ag léamh Never Let Me Go le Kazuo Ishiguro. Is í Kathy, bean óg, atá ag insint a scéal féin sa leabhar seo, saghas cuimhní cinn….. Saolaíodh i bhfeirm clónála í agus tá a fhios aici ón dtús nach bhfuil i ndán dí agus dá cairde ach a mbaill a dheonadh uair éigin sa todhchaí, ach tá siad chomh hóg nach dtuigeann siad an t-eolas sin. Tá mná chúraim ann ach níl grá idir na páisti agus na daoine fásta seo. Ní ionadáin na dtuismitheoirí atá iontu mar sin ní mhothaíonn na páistí tuistechúram riamh agus ní thuigeann siad teagmháil domhain an ghrá, ach tuigeann siad cairdeas agus meas, oideas ghrá?
Tá cúpla leabhar dá chuid Kazuo Ishiguro leite agam cheana agus is scríbhneoir suimiúil é, fiú in ábhar ficsean eolaíochta mar seo. Cuireann sé a lámha boga go muirneach timpeall muineál an léitheora agus i ngan fhios dó, bíonn sé gafa i ngreim an scéala gan mhoill. (Sin a tharlaíonn domsa ar aon nós)
Féachann Isiguro ar na ceisteanna uile a bhíonn againn inár ngnáth saolta trí shúile na daoine óga seo, nach bhfuil acu ach saolta gearra gan slí éalú.
An cheist a thagann aníos ná dá mbeadh a fhios agat nach raibh ach mí, seachtain, cúpla lá fágtha agat ar an saol, cad ba cheart a dhéanamh leis an am gearr luachmhara sin?

(tuilleadh eolais anso is é an t-eagrán Kindle atá i gceist anso, níl nasc beo chuig an ghnáth leabhar faoi láthair)

Tuesday, July 21, 2009

Bhuel...

Bhuel, bhí sé i ndán dom…chomh luath agus a scríobh mé an teideal sin inné bhí a fhios agam go mbeadh aiféala orm gan mhoill….Seo liom anois agus fearthainn te an tsamhraidh ar chuairt, scamaill ag sá isteach ó gach treo. Spéir throm lagbhríoch glas ag crochadh os cionn na crainn báite. Seans teacht suas le mo chuid oibre is dócha, hmm…. cé go bhfuilim sásta go leor le beagán luais anois is arís.

Monday, July 20, 2009

Thar n-ais i dTír na Gréine.

Bhí saoire bhreá agam in Éirinn. Bíonn sé i gcónaí go deas tamall a chaitheamh sa bhaile, cé go bhfuilim lonnaithe anseo le fada anuas, agus, chun an fhirinne a rá, tugaim sa bhaile ar Nua Eabhrac chomh maith anois. (Déanaim athrú go huathoibritheach ar mo chuid cainte nuair a thuirlingíonn an t-eitleán, ní bhím ar vacation níos mó, bím ar holiday srl.)

Chaitheas an chuid is mó de in iarthar an Chláir, an Dún Beag, bhíos ansin ar feadh ocht lá agus ansin bhailigh mé liom go baile Átha Cliath ar feadh dhá lá.
Tháinig sean cara liom agus a hiníon ar turas chugam ar an gcéad Domhnach, thar abhainn na Sionainne leo sa seana bhád farantóireachta go Cill Rúis. Chaitheamar an tráthnóna sin ag caint agus ag féachaint ar an gcath mór idir Roger Federer agus Andy Roddick. Chaitheamar laethanta ár n-óige ag imirt leadóige i Limerick Lawn Tennis Club fadó fadó!! Bhí an bheirt againn ar thaobh an Mheiriceánaigh ach bhí mo mháthair ar thaobh an Swiss! Bhí an aimsir go deas ag tús na seachtaine, chuaigh mé ar turais lae go Leacht, Sráid na Cathrach, Cill Rúis agus Cill Chaoi.

D’fhreastal mé ar bhainis mo neacha Aoife agus a grá geal Eoin i nDún Beag,Contae an Chláir, chomh maith. Cóisir a lean trí lá, ar a laghad, b’fhéidir níos mó do dhaoine áirithe! Bhí gach rud go hiontach ar fad agus soiléir gur bhain cách sult ana mhór as an tréimhse. Bhí cuma aingil ar Aoife, ní nach ionadh mar is meabhróg álainn go smior í agus tá an t-ádh dearg le hEoin, dar liom! Bhí a gcairde go léir i láthair don deireadh seachtaine iomlán agus an chraic i bhfad níos mó ná nócha de réir dealraimh! Tharla go raibh an aimsir go hainnis amach is amach laethanta na bainise. Bhí sí chomh h-olc gur ábhar grinn a bhí inti! Fiáin! Níor chuir sí amach ná isteach ar an mbrídeog. Bhíomar suite i bhfoirgneamh galánta, sáil, sómasach ar rinn an club ghailf in aice na Tráigh Bháin agus gach uile dhuine ar a sáimhín só.

Thursday, July 02, 2009

Lár an tSamhraidh

Bhí mé ag smaoineamh ar Michael Jackson le déanaí, aisteach an saol agus an deireadh a bhí aige. Beidh na scéalta ag teacht tamall eile déarfainn. Bhaineas féin an taitneamh as a chuid cheoil, i bhfad níos mó ná féachaint air le blianta beaga anuas, an créatúr.

Tá rud éigin cearr le mo ríomhaire an tseachtain seo. Ní fheadar cad é go fóill, tá sé ar saghas “go slow” seans gur bhris víris isteach in ainneoin Norton.

Beidh mé ag imeacht amárach go dtí an Dún Beag i gcontae an Chláir le haghaidh seachtaine, beidh bainis mo neachta ann ag deireadh na seachtaine seo chugainn, ansin baileoidh mé liom go Baile Átha Cliath agus plean a bheith thar n-ais i Nua Eabhrac lár mí Iúil. Níl mo mhadra ró mhaith le déanaí agus tá drogall orm í a fhágáil ach níl dul as agus ar a laghad beidh sí ag fanacht sa bhaile, níl gach duine ag taisteal.

Tá súil agam go mbeidh seans agam lá nó dhó a chaitheamh thuas sa Catkills ag an bhFéile i mbliana, feicfidh mé. Seo blaiseadh de ón bhliain seo chaite. Bhí an tréimhse ghearr a chaitheas ann go breá.
Bain sult as.

Monday, June 22, 2009

Báite i Nua Eabhrac

Táim beagnach báite anseo i Nua Eabhrac.
Táim imithe bán leis an diabhal fearthainn.
Ní tharlaíonn é seo ach amháin nuair a bhím in Éireann gach samhradh!

Tá sé ag cur go trom ó oíche dé Chéadaoin an tseachtain seo chaite, gan an ghrian a fheiscint ó shin ach an cor nóiméad agus í ag déanamh na bhfolachán.

Tá na rósanna sa ghairdín ina bpraiseach.
Thit nead mhór na seangán thíos an simléir sa chistin.
Tá planda na piobair dearga agus glasa ag snámh sa ghairdín.
Táim ag éirí leisciúil leis!
Braithim ualach na scamall dorcha ar mo ghuaillí laga.

Níl puinn fuinnimh agam!
Ochón.

Tuesday, June 16, 2009

Ar an Tráigh in Oregon.



Luaigh mé an tréimhse ghearr a chaitheas in Oregon le déanaí. Chaith ceathrar againn tráthnóna an deas ag spaisteoireacht ar an tráigh seo. Dé Domhnaigh a bhí ann agus tráthnóna geal grianmhar leis, ba thrua go raibh an tráigh chomh plódaithe sin….ba bhreá liom dul thar n-ais uair éigin níos ciúine!!!!!!!!!!!!!!!!!!!!!!!!!!!!!!!!!

Thursday, June 11, 2009

Nollaig 2009!


Nollaig 2009?? Yikes... An bhfuil tú as do mheabhair a Hilary?? An bhfuilim as mo mheabhair??????
Níl Mí na Samhna buailte linn go fóill, gan trácht ar Lúnasa fiú.

Bhuel má tá ealaíontóir óg sa tigh tá sé in am a bheith ag smaoineamh ar Nollaig 2009.
Fuair mé nóta le déanaí ó Breandán Ó Caollaí, leas Ard-Chonsail na hÉireann anseo i NYC agus chuir sé in iúl dom go bhfuil comórtas ar bun ag Glór na hÉireann faoi láthair na gaeilgeoirí óga thar lear a aithint. Tá spriocdháta de na cártaí a bheith san Ambasáid na hÉireann Washington roimh 31 Meitheamh 2009. Seo daoibh na sonraí uile:

Sliocht as litir Ghlór na nGael:

Le tacaíocht ón Roinn Gnóthaí Eachtracha, Aonad na nÉireannach Thar Lear, thosaigh Glór na nGael comórtas bliantúil i 2005, Global Gaeilge, le haitheantas a thabhairt don obair a dhéantar thar lear leis an Ghaeilge a chur chun cinn.
Tugann an comórtas spreagadh agus moladh do na grúpaí sin atá ar fud an domhain in obair fhorbartha na Gaeilge cheana féin agus síneann sé lámh an mhuintearais i dtreo grúpaí Éireannacha nach bhfuil an Ghaeilge ar a gclár oibre acu go fóill.
I gcomhair le hocht hambasáid Éireannacha, agus mar fhorbairt ar an chomórtas Global Gaeilge, ba mhaith linn comórtas cártaí Nollaig a eagrú do 2009. Ag tús Dheireadh Fómhair 2009, i gcomhair le gach ambasáid roghnófar an trí chárta is fearr ón tír ina bhfuil an ambasáid suite. Beidh duaischiste iomláin de €4,000 ag an gcomórtas seo Comórtas Deartha Cártaí Nollag roinnte thar an ocht n-ambasáid, .i.e., €500 do gach tír.

Ba mhaith le Glór na nGael cuireadh a thabhairt d’Ambasáid na Stát Aontaithe comhoibriú linn agus muid ag reáchtáil an chomórtais seo.

Mar atá ráite thuas, beidh Glór na nGael sásta €500 a bhronnadh ar bhuaiteoirí an chomórtais mar seo a leanas; 1 áit €250, 2 áit €150, 3ú áit €100.

Critéir:
• Caithfidh na beannachtaí ar na cártaí bheith trí mheán na Gaeilge
• Caithfidh na hiontrálaithe bheith ina gcónaí taobh amuigh d’Éirinn
• Caithfidh na cártaí bheith ag an Ambasáid roimh 31 Meitheamh 2009 agus moltaí an Ambasáide ag Glór na nGael roimh 17 Iúil 2009.
• Bronnfar an duais ar na buaiteoirí ag ócáid cheiliúradh Ghaeilge i ngach ambasáid roimh 1 Nollaig 2009.
• Roghnóidh Glór na nGael an trí chárta is fearr ón ocht dtír agus foilseoidh Glór na nGael iad, más féidir.