Friday, September 30, 2005

Gadaithe agus Cothromaíocht

Bhí cur síos sa pháipéar inniu faoi Councillor ó Pháirtí an Daonlathais i mBrooklyn, bhí sé os chomhair na cúirte ansin de dheasa airgid breise a bhfuair sé ó fear gnó sa cheantar sin, níos mó ná an méad atá ceadaithe i gcúrsaí polaitíochta na tíre seo. Fuair sé timpeall $7000 breise agus chaith sé go h-iomlán é ar chostasacha an toghcháin. Ar aon nós, níor éirigh go maith leis sa chúirt agus fuarthas ciontach é, mar ba cheart dó. Anois tá sé i mbaol téarma ocht mbliana sa phríosún.
(Cé atá sa phost District Attorney i mBrooklyn agus i coinne mo dhuine sa chúirt ná an polaiteoir a bhí ina choimhlinteoir sa toghcháin céanna……………Hmm.)

Rud eile, tuigim go bhfuil rialacha éagsúla idir polaiteoirí agus “gnáth” daoine gnó ach cad faoi an méid airgid a goideadh ó Tyco agus Enron…………….Ní fheadar cén fhad a bheidh ar D. Kozlowski a chaitheamh i bpríosún, níl sé sin socraithe fós, ach tá sé ráite go mbeadh idir ocht agus fiche bliain á chaitheamh aige. Ní fheadar cé mhéad mhilliúin a ghoid sé……..na céadta, timpeall $150,000,000……….Beidh sé suimiúil féachaint ar an difríocht idir na téarmaí a fhaigheann an bheirt acu.

Chaith mé uair nó mar sin le Br Ó Cuinn inné. Luaigh mé é san alt thíos "Foinse Eolais" (14ú Méan Fómhair) Tá sé i dtigh Bhanaltrais anois agus i bhfad níos fearr. Tá plean aige dul ar ais chuig a theach féin in aice choláiste Iona, Dé Sathairn.

Fuair mé freagra ó

Máirín Mhic Dhonnchadha
Oifigeach Poiblíochta RnaG
"...

Maidir le craoladh 'podcasting', tá forbairtí ar na bacáin ag RTÉ faoi láthair. Is ar chlár amháin 'Quantum Leap' atá an triail dírithe faoi láthair mar a mhínítear san eolas a fuair tú féin. Is ag braith ar thorthaí na dtrialacha atá forbairt le déanamh ar an modh craolta seo...."

Sin a bhfuil.


Wednesday, September 28, 2005

Get Smart

Fuair Don Adams bás an tseachtain seo. B’é an aisteoir a bhíodh i bpáirt Maxwell Smart ar an gclár teilifíse ag deireadh na ‘60s, Get Smart. An chéad spoof ar shraith James Bond, agus é réamhtheachtaire ar Austin Powers…………..

Bhí stíl dáiríre aige sa ról, le labhairt go géar, a chuid focal a giortú agus cuma dáiríre air i gcónaí ach ní raibh sé in ann rud ar bith a dhéanamh i gceart. Dhéanadh sé praiseach de gach uile jab i ngan fhios dó féin, agus bhíodh air a chomhbhádóir Agent 99, bean álainn ar ndóigh, é a shábháil tar éis gach eachtra sheafóideach.

Ní chuimhin liom aon clár ón sraith seo ach amháin an ceol agus an deireadh. Ag an deireadh bheadh Maxwell ag siúil trí roinnt doirse sleamhnáin i halla fada, sinn ag féachaint air ag teacht chugainn. Bhíodh na doirse ag dúnadh ina dhiaidh agus é ag siúil go tapaigh, ansin níor dhún an ceann deireanach in a dhiaidh. Os rud é gur bhleachtaire é bheadh a fhios aige nár dhún na doirse sin taobh thiar de…. Casadh sé agus ar ais leis an fhadhb a réitigh. Ar ndóigh chomh luath agus a bhí sé ar ais ag na doirse dhúnfadh siad gan choinne ar a shrón. Is cuimhin liom ag feitheamh ar an píosa sin gach seachtain le gliondar..

Bhíodh cluiche Get Smart againn ach ní raibh seans é a imirt ach ó am go cheile. Bhíodh an nós againn dul amach ag tiomaint tráthnóna Dhomhnaigh Sunday Drivers a thugadh ar daoine mar sinn ag an am is dócha! Amach linn de gnáth go iarthar Luimnigh agus teach mo sheanmháthair, ach, anois is arís, dá mbeadh ceiliúradh mór de shaghas éigin againn, mar shampla Chéad Chomaoineach nó rud mar sin, théimis go Aerfort na Sionna, féachaint ar na eitiltí ag tuirling anuas nó ag imeacht áit éigin. Boladh aisteach na hola san aer, turasóirí ag dul timpeall le málaí móra. Bhíodh béile againn sa bhialann a bhíodh ann, High Tea a thugtaí ar an mbéile sin . Bhí sé an deas ar fad. Ach an rud b’ansa dúinn ná seans Get Smart a imirt. Bhíodh doirse sleamhnáin ag an Aerfort ag an am sin nach raibh, dar linne, aon áit eile sa domhan, ach amháin ar an gclár teilifíse seo. Bhí dhá ceann agus b’fhéidir rith tri an chéad péire agus ansin d’osclódh an péire eile os do chomhair amach!! Chaitheamar alán ama ag súgradh mar seo.........Bhí draíocht ann……….

Tuesday, September 27, 2005

Podchraoladh ag RTE

Tá sé ráite go mbeidh Podchraoladh ag RTE gan mhoill, Raidio a h-aon ach go háirithe.
Fuair Páraic an email seo leanas ó RTE inné agus chuireas féin ephoist díreach chuig RnaG ag iarraidh comórtas a chothú eatarthu…………!
Dear Paraic,

Our initial podcasting trials will begin shortly, in
conjunction with our science series "The Quantum Leap"
(Thursday's @ 8pm / http://www.rte.ie/radio1/quantum/)
The first few weeks will be a test period, before a
wider launch later in the Autumn. The programme will
announce when the trials will begin so you might like
to tune in over the next few weeks.

In time we hope to be able to offer a more widespread
podcasting service to listeners, but the exact time
frame for this will depend on how these trials go so
you can stay tuned for more information or check out
our website at http://www.rte.ie/radio/av.html for
further updates.

Thanks for your interest.

Best wishes
RTE Radio 1

Tá súil agam go mbeidh comhaid le fáil sa slí chéanna, Podcasts, ó RnaG gan moill ar bith. Bheadh sé ana mhaith dúinne atá lonnaithe thar lear…………..Bíonn deacrachtaí agam na comhaid a FTP ón suíomh le déanaí. Sílim go bhfuil athrú déanta acu ar an suíomh agus bíonn díomá orm. Anois tá orm a bheith ceangailte le mo ríomhaire nuair a bhím ag éisteacht ar RnaG agus is fuath liom é sin, níl le fáil ann ach beoshruth. Is leor an ceangal idir mise agus mo rhíomhaire cheana féin i rith an lae agus go dtí seo bhíos in ann na comhaid a glacadh anuas agus éisteacht orthu ar m’ iPaq (PC Póca) agus mise ag gluaiseacht aon áit, ag siúil le Cara, ar an traein go Manhattan…..srl
Tá an chead ghlúin eile d’Ipod ar an margadh anois agus gheobhaidh mé ceann…….
Bíonn daoine áirithe ag cur brú ar RnaG go rialta faoi PodChraoladh, féach ar an Imeall. …
Faigheann an roth díoscánach an ola……..

Sunday, September 25, 2005

Slattery’s Travel….Not

Tá eitilt socraithe agam dul go Éireann ag deireadh Mí D. Fómhair. Fuair mé ticéid le American Airlines ar phraghas réasúnta mí ó shin. Cé gur gcuireas mo shuíochán in áirithe le AA beidh mé ar eitilt Aer Lingus óir is le AA cuid bheag des na suíocháin sin……agus, an rud is tábhachtaí, is minic a bhíonn na suíochán céanna níos saoire trí AA ná trí Aer L., rud atá fíor an uair seo. Chaithfidh mé seachtain i Luimneach agus ansin trí lá i gcathair Corcaí ag Féile na Samhna. Táim ag súil leis!

Tá plean ag cara agam ó NYC teacht i gcomhair na deireadh seachtaine i gcathair Corcaí, fuair sise a ticéad eitilte ó Slattery’s Travel, díreach ó JFK go dtí Aerphort Chorcaí. …….. Bhí an-áthas uirthi nuair a chuala sí go raibh eitiltí díreach ag Slattery’s Travel agus chuir sí a suíochán in áirithe tamall ó shin chomh maith.

Anois tá sí tar éis ephoist a fháil ón diabhal Slattery’s a rá go bhfuil an seirbhís sin ó JFK go cathair Corcaí curtha ar ceal acu de dheasca costais na hola. Beidh a cuid airgid ar ais ar a cárta aici ach cén maitheas?…….Anois beidh uirthi suíochán a fhail ar AA nó Aer Lingus agus beidh siadsan i bhfad níos daora ná an costas mí ó shin………(agus ar ndóigh beidh sí ag teacht isteach go Airphort na Sionna.)
Ní féidir le custaiméir athrú plean a dhéanamh gan phionós! Tá an díomá uirthi le Slattery’s, ise agus alán daoine eile is dócha.

Fada access for Steve

Steve,
Just a quick change in your settings and the fadas are at your fingertips. Bob Burke (in Seattle) gave me this info years ago, táim ana bhuíoch díot a Bhob. I think I was on Win 98 at the time and I’ve adjusted the settings on every machine since then with no probs.

On XP
Start/Control Panel/Regional and Language Options/Language Tab/Details/Default Input Language…set this to English(us)-International/Installed services….Keyboard-United States -International.

Now any time you need a fada hit the key first. (single quote, single inverted comma) á é í ó ú . Á, É.

Soon you will not need to think about it at all.
for some odd reason I need to use the keystoke system, which you mentioned, for Í, Ó, Ú. Rarely enough, buíochas le Dia. See details below for those.

Should you actually need the single quote character just hit it and then the space bar and it will pop up.

Keystroke System

All sorts of characters may be accessed through the character map, this is the keystroke code system you mentioned.

Start/Programs/Accessories/System tools/Character map.

Select any character you need and the keystroke code will pop up bottom right.

For à, the keystroke is alt +0224.

This means keep the alt key down with the left hand and type in 0224 on the keypad on the right. ( not using the numbers across the top of the keyboard)

The character map codes are handy but I would never use that system for writing in Irish, (apart from I, O, U as so far I have no other option,.......there's no escaping some tricky characters) I would go out of my mind after the first sentence or two with all that coding and would never write a thing.
Mush easier to just adjust the keyboard settings.

Others may be able to enlighten us with their methods?
I’d like to solve the I O U thing, though at this stage I don’t need to think before typing alt +0211.

Thursday, September 22, 2005

Cáin ar ais? Bíonn drogall ar na Canadians í a thabhairt…..

Tá sean taithí agam le TaxBack agus a leithéid in aerphort na Sionna agus bíonn sé éasca go leor cáin a fháil ar ais, dar liom, nuair nach bhfuil tú i do chónaí in Éirinn ach tar éis airgid a fhágáil i do dhiaidh ann, rud nach ndéanann ró mhinic faoi láthair.

Ansin nuair a bhíos i gCanada chuireas ceist na cánach amach agus chuala gur féidir í a fháil ar ais, cé nach raibh cáipéisí ar bith sna siopaí fúithi.
Ansin agus mise ag sínim mo theacht san aerfort chuireas an ceist amach arís….. Dúirt an freastalaí
“You want your tax back??” i nglór dochreidte. “Ní féidir leat an mála a chur isteach mar sin, nuair a tá tú críochnaithe leo siúd tar ar ais anseo………”
Fuair mé treoracha uaithi go oifig Customs a bhí thíos staighre. Ba chosúil go mbeadh orthu siúd scrúdú a dhéanamh ar mo shonraí uile agus má bhíonn siad oiriúnach stampa a cur orthu. Ceart go leor agus ar aghaidh liom………..Ansin bhí an t-ádh orm gur bhuaileas le fear ón aerfort a bhí san elevator, bhí ionadh air go raibh mise agus mo chara ag dul thíos….ní théann éinne thíos ansin ró mhinic de réir dealraimh.
Thug seisean treoracha eile dúinn leis an iarfhocal agus sinn ag imeacht uaidh.
“but there probably won’t be anyone in that customs office,” Cad a dhéanfaidh mé ansin muna bhfuil? “Just pick up the phone and they’ll send somebody, if they aren’t on lunch”

Ní raibh duine ar bith ann agus chuireamar glaoch orthu. Tar éis deich nóiméad nó mar sin tháinig fear chugainn gan fuadar ar bith. D’fhéach sé ar na sonraí agus dúirt nach raibh cúpla ceann oiriúnach mar ní raibh breis agus $50 orthu, sin riail nach raibh ar eolas agam roimhe. Bhí cúpla ceann eile ceart go leor. Cheap mise go dtabharfadh seisean an t-airgead dom díreach ansin ach bheadh sé sin ró shimplí. Bheadh orm cáipéisí a líonadh isteach agus iad a chur sa phost ó mo bhaile féin. Cas sé uainn agus é ag imeacht go tapaigh………
”Fan nóiméad ach cén cáipéisí? A d’fhiafraigh mise air. “Na cáipéisí sin ar an seilf” a fhreagra agus d'imigh.
Fuaireas na cáipéisí cearta agus táim díreach tar éis iad a líonadh isteach, tá orm na sonraí agus fiú an boarding pass a chur sa phost. Bhí orm dul ag iascaireacht i mbosca bruscair na hoifige teacht ar an boarding pass sin. Ansin chonaic mé sa chló beag nach mbeidh ach cáin an rialtais, an cháin níos lú, ag teacht ar ais, ní bheidh cáin na cúige léi……….Ní féidir cáin na cúige a fháil ar ais ar chor ar bith.
Beidh sí ag teacht ar ais chugam i gceann ceithre mhí.
$24.71 Canadian!
Wow….. Beidh oíche go maidin agam le sin.

Wednesday, September 21, 2005

Laissez Les Bons Temps Rouler!

Tá na strip joints ar oscailt arís i New Orleans!

Bhuel, trí cinn acu de réir an NY Times. Tá na deochanna ar phraghsanna an-íseal chomh maith na fir oibre a mhealladh isteach. (muna dhéanann na damhsóirí cúis?) Ní raibh trácht áfach ar na h-ollmhargaí sa pháipéar, níl siadsan chomh tábhachtaí is dócha.

Chuala mé go leor Fraincise ag an deireadh seachtaine cé nach raibh mé thíos ansin i New Orleans, ó thuaidh a bhíos in Ottawa, ag freastal ar an deireadh seachtaine na Gaeilge a bhíonn ar siúil ansin go bliantúil.

Chuaigh ceathrar againn ó Nua Eabhrac agus bhuaileamar le cairde ó Kinston agus Montreal ann. Chaitheas féin Dé hAoine sa chathair le cara agam ag siopadóireacht mar shroiceamar ar maidin tar éis eitilte uaire ó NYC .(Tá an Can$ ana íseal!) Tá siopaí galánta sa By Market agus bhí sé go breá ach an aimsir. Sa deireadh bhí orainn bheith istigh ón bhfearthainn a fháil sa phub The Heart and Crown (ainmníodh de bharr an “Claddagh” de réir dealraimh…tá an suíomh sin dírithe ar na turasóirí ach caithfidh mé a rá go raibh an pub ana mhaith, ar ndóigh bhíomar inár dturasóirí...........b'fhearr liom nuair a bhíonn an rogha agam ceol nó ciúnas a bheith ar suíomh....)
Ansin amach linn go dtí an t-ionad. Is dócha go raibh timpeall daichead páirteach agus ba dheas iad an t-ionad, an bia agus an comhluadar. ‘Sea, do bhí ár “Bons Temps” féin againn cé nár bhfaca mise aon damhsóirí téisiúla. Cad í an Ghaeilge ar strip joint? Ní fheadar an raibh ceann nó dhó sa Ghaeltacht fadó.

Thursday, September 15, 2005

....de ghlór múisiamach.

Bhí mé sa bhanc inniu agus bhuaileas le seanfhear a bhí sa scuaine liom. Bhí póstaer mór ón American Red Cross le feiscint ann agus chas an seanfhear chugam agus dúirt, “Ná tabhair aon airgead dóibh siúd, ní fheicfidh tú saighdiúir ón tarna cogadh domhanda nó Korea ag tabhairt airgid chucu riamh” Cén fáth? a d’iarr mé air, (tá eagla orm go bhfuilim ag éirí i mo “Méabh Binchy “ faoi láthair ag teacht ar scéalta gach aon áit. Níl éinne slán!) “Bhuel” a dúirt mo dhuine, “Nuair a bhí na cogaí sin ar siúil tháinig an American Red Cross chugainn le caife agus doughnuts, ach, bhí orainn íoc astu, 10c an ceann acu, agus sinn lenár saolta ar an líne dár tír.” Leis sin a mhínigh sé, “ní bhféadfá cinnte cad a dhéanann siad leis an airgead.”
Bhí an seanfhear seo an deas agus cairdiúil agus fós tar éis na mblianta, ghoill an eachtra seo go dtí an croí air.
Ag imeacht amárach go Ottawa. Beidh deireadh seachtaine na Gaeilge ar siúil ansin. An scéal agam an tseachtain seo chugainn.

Wednesday, September 14, 2005

Foinse Eolais

Chaitheas cúpla uair ag an deireadh seachtaine ag obair sa phobal cultúrtha i Fleá na nGael, i Danbury Ct.. Chuir Seán Ó Fianaí an pobal seo le cheile ar son AOH Danbury agus d’iarr sé orm a bheith páirteach. Bhí jab simplí go leor agam, dá mbeadh suim ag daoine a ainmneacha a chaitheamh sa Gaeilge ar lipéad bhí orm an fhoirm Ghaelach a scríobh amach ar an lipéad ar a son. Chuala mé trácht faoin ngníomhaíocht seo ag feiseanna na ndamhsaí srl ach ní bhím páirteach os rud é nach maith liom feiseanna den tsóirt sin……..Cheapas go mbeadh sé ciúin go leor mar sin bhí úrscéal i mo mhála agam. Mon Dieu…an mhalairt a bhí. Bhí scuaine mhór ós ár gcomhair amach an t-am ar fad! Bíonn ionadh orm i gcónaí nuair a bhraithim chomh tábhachtach is atá nasc an chultúir leis an dream seo. Bhí an chuid is mó acu roinnt ghlúine óna sinsear gaelacha, de réir sin bhí an nasc lag iontu, go mór mhór an nasc maidir leis an teanga agus bhí siad lán sásta lena lipéad. Chuir ceisteanna áirithe ionadh orm…..What is the Irish for Sean? ….! What is the Irish for Jessica? Agus chomh sásta is a bhí duine amháin, Arthur an t-ainm a bhí air, ag imeacht le Art ar a lipéid……..

Bhí mo chóip den chéad eagrán de “Sloinnte Gaedheal is Gall” le Pádraig de Bhulbh (1923) liom agus le sin bhíos inniúil ar eolas a thabhairt dóibh faoina n-ainmneacha áirithe.

Inné thugas cuaird ar cara agam atá san ospidéal le seachtain anuas. Bhuaileas le Br. Cathal Ó Cuinn, ó Inis Díomáin, Co. an Clár, timpeall naoi mbliana ó shin nuair a thosnaigh mé ag caint sa Ghaeilge anseo i Nua Eabhrac, bhí sé 84 bliana d’aois ag an am san. Bhí a fhios agam díreach gur obair an tsaoil a bhí i gceist ár dteanga a bheith agam. Bhíos páirteach le grúpa comhrá beag, triúr againn, agus an nós againn ag an am san teacht le cheile oíche sa seachtain. Tháinig Br.Ó Cúinn chugainn agus cé go raibh eagla orm focal a rá os a comhair ar dtús ní fada go raibh mé ag caint go compordach leis. Thug sé tacaíocht dúinn agus leis sin cuireadh teacht agus úsáid a bhaint as an leabharlann i gColáiste I, Iona College, New Rochelle, mar is ansin atá bailiúchán na leabhar gaelaigh mór le rá uile aige. Tar éis cúpla bhliain bhí cúigear againn ag teacht le cheile go rialta sa leabharlann ag phlé leabhair agus ag iarraidh píosaí gramadaí aisteacha a thuiscint agus a leithéid. Is minic a bhíodh na freagraí ag Br Ó C nó ag ár gcara Barra Ó Donnabháin, nach maireann….Foinse eolais dúinn an bheirt acu. Chailleamar ár gcara dílis Barra ó ailse dhá bhliain ó shin, d’imigh cara eile uainn de dheasca brú oibre bliain go leith ó shin agus bíonn beirt againn fós ag déanamh ar an leabharlann go rialta, uair amháin sa seachtain más féidir linn, agus tamall ag caitheamh ann ag obair ar leabhar éigin nó ag caint le Br OC (agus bíonn na freagraí fós aige………)…. Bhí sé soiléir dó go rabharmar dáiríre inár gcuid staidéar. Thug sé mórán leabhair dom i rith na blianta, an ceann atá luaite thuas ina measc, na foclóirí uile; O Dónaill, de Bhálraithe, Dineen, McCionnaith. Aisling Ghéar, leabhair gramadaí agus roinnt eile, úrscéalta sa seana chló agus sa nua chló. D’éirigh sé tinn ar a bhreithlá an tseachtain seo chaite agus é 93 bliana d’aois, 75 dóibh caite aige i ngluaiseacht na mBráithre Críostaí agus sílim breis agus 50 acu i Nua Eabhrac. Bhí cuma ana mhaith air inné, áthas orm a rá, ag caint sa Ghaeilge linn mar is gnách, cóip aige don Kerryman agus The Clare Champion ar a thaobh!
Tá súil agam go mbeidh sé ar ais ar a sheanléim le gairid arís.

Monday, September 12, 2005

Snowball sábhailte?

Bhí saghas pairilise orm ón tseachtain seo chaite. Ní ó mo dhroim, tá sé sin i bhfad níos fearr, buíochas le Ibuprofen, ach ó na scéalta brónacha a bhí le cloisint ó dhubh go dubh ar an raidió agus ar an teilifís faoi dídeanaithe Katrina. Ansin bhí dinnéar agam le cúigear banchairde oíche Aoine agus fuaireas an t eolas ó duine acu go raibh Snowball sábháilte. Sin madra an bhuachalla a luaigh mé cúpla lá ó shin. Tá súil agam go bhfíorscéal é, ní chuirfinn aon rud thar lucht na bpáipéar níos mó a dhíol.
Bhíos ag smaoineamh ar mo pheataí féin agus chomh deacair a bheadh an cinneadh iad a thréig i mo dhiaidh dá mbeadh orm éalú mar sin, gan rud ar bith liom ach na héadaí a bheadh orm. Is sean madra í Cara anois, tagann sí gach áit liom agus codlaíonn sí ina leaba féin in aice mo cheannsa, agus na cait,…. tá siad bliain go leith anois. Is cat mór maorga é Púca. Tá Banba, a dheirfiúr, i bhfad níos lú agus ní bheidh sí mór riamh mar tá bac uirthi. Ní féidir léi siúil i gceart de dheasca rud éigin cearr lena guaillí agus tá cuma bacach uirthi i gcónaí. Tugann Páraic “Hopalong” uirthi, mo phiscín bocht! (Cheapfá óna cuma nach bhfuil sí ach piscín fós.) Tá leaba acu sa cistin ach uair éigin i rith na hoíche tagann an bheirt acu aníos ar mo leaba agus bíonn siad ansin, lán compordach gach maidin ar mo chosa.

Wednesday, September 07, 2005

Let Them Eat Cake………

Tá sé ráite gach áit ar an idirlíon go ndúirt Barbara Bush agus í in Houston "What I’m hearing is they all want to stay in Texas. Everyone is so overwhelmed with the hospitality. And so many of the people in the arena here, you know, were underprivileged anyway so this (she chuckled)--this is working very well for them." Audio here

Ansin chonaic mé an rud céanna sa NY Times inniu leis an gceannlíne

Barbara Bush Calls Evacuees Better Off”


I'm hoping this was somehow out of context?.......agus nach bhfuil an bhearna thuisceana chomh leathan sin, ach tá eagla orm go bhfuil.

Tá na scéalta ag teacht amach.

Ghortaigh mé mo dhroim inné. Bhíos ag obair le cara agam ar maidin sa seomra na Gaeilge i leabharlann Uí Riain i gcoláiste Iona, tháinig pian orm sa charr ar an mbealach abhaile. Chaith mé cúpla uair san oifig ach sa deireadh bhíos ag obair ar an ríomhaire agus mé i mo sheasamh. Chuireas deireadh ar an lá oibre. Ansin chaitheas an tráthnóna sínte amach ag féachaint ar roinnt irisleabhair a bhí agam tamall, dhá chóip Time Magazine, The Economist, agus The Irish Times, Sept 3, a bhí díreach tar éis teacht sa phost, agus ar ndóigh, an NY Times………agus ag féachaint ar CNN. Bhí sé go breá ach an phian……..
Is léir go bhfuil díomá trasna na tíre le frithghníomhú an rialtas chuig an stoirm. Chonaic mé Tom Delay ar an teilifís aréir ag iarraidh an locht a chur ar chomhlachtaí tarrthála New Orleans. Tá sé ag iarraidh smacht a chur ar an damáiste anois. Ansin chuala mé scéal triúir mhacléinn ó Duke University. Chuadar ina gcarr féin go N.Orleans gan chuireadh gan chead, agus thosnaigh siad ag tabhairt na síob, go Baton Rouge, do daoine a bhí ceaptha i ngaiste ann, chonaiceadar 50 bhus scoile ag imeacht ó N.Orleans folamh? Tá na scéalta ag teacht amach anois.
Tá coirp fós san uisce nimhiúil gan trácht ar na cinn atá taobh istigh tithe. De réir dealraimh fuair roinnt mhaith seandaoine bás mar ní rabhadar in ann imeacht ón gcathair (nó ní raibh fonn acu bogadh; de gnáth bíonn deacrachtaí le seandaoine bogadh óna dtithe in ainneoin comhairle) agus le sin, ní rabhadar in ann dul suas ar díonta a dtithe.

Tuesday, September 06, 2005

Marbhshruth Katrina

Deacair dom a bheith ag smaoineamh níos mó ar mo thréimhse ar laethanta saoire chomh fada is atá na daoine bochta ó New Orleans i gcruachás.
Bhí an scéal ag dul in olcas an tseachtain iomlán. Bhí daoine fós ag fáil bháis Dé hAoine?? agus nuair a chonaic mé na seandaoine tinne timpeall an t aerfort, griangraf a bhí ar chéad leathanach an NY Times Dé Sathairn, tháinig ana bhrón agus fearg orm ar a son. Bhíodar scriosta, gan éadaí ar chuid acu fiú…ach amháin éadaí an ospidéil… Sna SAM an lá atá inniu ann agus gan modh shábháilte acu?
Nuair a bhí seans ag an dream sa Dome bogadh go Texas ní raibh cead acu a gcuid peataí a thabhairt leo. Samhlaigh ar an mbuachaill bocht tar éis na seachtaine uafásach sin sa Dome lena pheata beag agus ansin gan cead an madra beag a thabhairt leis. Chualamar ar an raidió faoi a chuid caoineadh ar son Snowball a bhí fágtha ar an gcosán agus an bus ag imeacht………
Bheadh croí crua briste ag smaoineamh air................Tuigim an fhadhb ó thaobh na tarrthálaí ach ag an am céanna theip an córas, bhí sé lag agus déanach, agus sin an fáth go bhfuair ana chuid bás agus go bhfuil saolta an méideanna eile scriosta amach is amach anois.

Bíonn daoine a rá, cén fáth nár imigh gach duine ón gcathair cúpla lá roimh ré? Bhuel ni bhíonn an t-airgead ag gach uile duine imeacht agus íoc as seomra óstlainne srl. Ní bhíonn carranna acu. Ní bhíonn costas bhus acu fiú……….. ní bhíonn na h-acmhainní céanna ag gach duine. Cén fáth go bhfuil sé sin chomh deacair a thuiscint?
Is fuath liom Jesse Jackson agus eisean ar a bandwagon anois a rá go raibh ciníochas taobh thiar den tubaiste……. Theip Fema agus tá an locht orthu siúd go bhfuil an méad seo daoine bochta i gcruachás inniu.

Sunday, September 04, 2005

Bun os cionn sa New River. W Virginia

Wildwater West Virginia: “The New River/ Difficulties: Look out for the first rapid, Surprise. From the top it looks like an ordinary riffle, but half way through paddlers realize they are in a funnel and all of the water is converging toward a mountainous double wave. There is a hole between the first regular wave and the second curler wave. This is too much water at higher levels and the rapid should be snuck on the left”

Bíonn na h-easanna idir leibhéal a trí agus leibhéal a cúig de gnáth san abhainn seo agus chuir mé féin agus Eoghan ár n-ainmneacha síos dul ar turas rafta na habhann…….Turas lae a bhí i gceist ó 8 r.n. go dtí 3i.n. agus bhíomar ag súil leis. I rith na hoíche roimh ré d’éirigh leibhéal na habhann go dtí go raibh na easanna go léir idir leibhéal a ceathair agus a cúig. Bhíos féin ag eirí neirbhíseach ach drogall orm a bheith i mo sicín…….. Nior léigh mé an sliocht atá thuas go dtí deireadh an lae...... ach ag tús ár dturas bhuaileamar “Surprise” le ionadh!!!……..Cheapas gur éagadh mé gan dabht. Thiteamar sa pholl go hobann, ansin an tháinig an tarna tonn orainn, suas leis an rafta san aer agus iompaíonn béal faoi……. Bhíos faoi an rafta agus é bun ós cionn agus ag gluaiseacht gach treo.

Ní fheadar conas a dheineas é ach rug mé greim ar phíosa téide ar thaobh an rafta agus dáiríre choimeád mé greim an fhir báite ar siúd. Bhí Eoghan agus an foireann uilig as mo radharc. Tháinig mé aníos ansin in aice an rafta agus an uisce dár gcaitheamh gach áit.
Tar éis nóiméad nó dhó chonaic mé gach duine eile píosa beag i bhfad ón rafta, bhíomar trí an eas ansin agus ar ais le cheile roimh i bhfad. Ní raibh seans agam éalú as an turas áfach agus ní raibh sé seo ach an chéad eas! Ar aghaidh linn chuig ár mbás, dar liom, ach cé go raibh snámh eile againn d’éirigh linn teacht slán agus an scéal a insint.