Thursday, September 22, 2005

Cáin ar ais? Bíonn drogall ar na Canadians í a thabhairt…..

Tá sean taithí agam le TaxBack agus a leithéid in aerphort na Sionna agus bíonn sé éasca go leor cáin a fháil ar ais, dar liom, nuair nach bhfuil tú i do chónaí in Éirinn ach tar éis airgid a fhágáil i do dhiaidh ann, rud nach ndéanann ró mhinic faoi láthair.

Ansin nuair a bhíos i gCanada chuireas ceist na cánach amach agus chuala gur féidir í a fháil ar ais, cé nach raibh cáipéisí ar bith sna siopaí fúithi.
Ansin agus mise ag sínim mo theacht san aerfort chuireas an ceist amach arís….. Dúirt an freastalaí
“You want your tax back??” i nglór dochreidte. “Ní féidir leat an mála a chur isteach mar sin, nuair a tá tú críochnaithe leo siúd tar ar ais anseo………”
Fuair mé treoracha uaithi go oifig Customs a bhí thíos staighre. Ba chosúil go mbeadh orthu siúd scrúdú a dhéanamh ar mo shonraí uile agus má bhíonn siad oiriúnach stampa a cur orthu. Ceart go leor agus ar aghaidh liom………..Ansin bhí an t-ádh orm gur bhuaileas le fear ón aerfort a bhí san elevator, bhí ionadh air go raibh mise agus mo chara ag dul thíos….ní théann éinne thíos ansin ró mhinic de réir dealraimh.
Thug seisean treoracha eile dúinn leis an iarfhocal agus sinn ag imeacht uaidh.
“but there probably won’t be anyone in that customs office,” Cad a dhéanfaidh mé ansin muna bhfuil? “Just pick up the phone and they’ll send somebody, if they aren’t on lunch”

Ní raibh duine ar bith ann agus chuireamar glaoch orthu. Tar éis deich nóiméad nó mar sin tháinig fear chugainn gan fuadar ar bith. D’fhéach sé ar na sonraí agus dúirt nach raibh cúpla ceann oiriúnach mar ní raibh breis agus $50 orthu, sin riail nach raibh ar eolas agam roimhe. Bhí cúpla ceann eile ceart go leor. Cheap mise go dtabharfadh seisean an t-airgead dom díreach ansin ach bheadh sé sin ró shimplí. Bheadh orm cáipéisí a líonadh isteach agus iad a chur sa phost ó mo bhaile féin. Cas sé uainn agus é ag imeacht go tapaigh………
”Fan nóiméad ach cén cáipéisí? A d’fhiafraigh mise air. “Na cáipéisí sin ar an seilf” a fhreagra agus d'imigh.
Fuaireas na cáipéisí cearta agus táim díreach tar éis iad a líonadh isteach, tá orm na sonraí agus fiú an boarding pass a chur sa phost. Bhí orm dul ag iascaireacht i mbosca bruscair na hoifige teacht ar an boarding pass sin. Ansin chonaic mé sa chló beag nach mbeidh ach cáin an rialtais, an cháin níos lú, ag teacht ar ais, ní bheidh cáin na cúige léi……….Ní féidir cáin na cúige a fháil ar ais ar chor ar bith.
Beidh sí ag teacht ar ais chugam i gceann ceithre mhí.
$24.71 Canadian!
Wow….. Beidh oíche go maidin agam le sin.

3 comments:

solasdubh said...

Blag deas agat, maith thú! Tá mé i mo chónaí in Éirinn, agus tá mo chuid Gaeilge níos measa ná do chuid féin!

Anonymous said...

Dia dhaoibh, a Hhilary agus a Sholasdubh :)

Nil a lan Gaeilge agam :( ach taim abalta e a leamh cuid mhaith.

I don't know if I got that right but what I was trying to say was that I don't speak a lot of Irish but I can read it fairly well.

Anyway, I would like to know how to write a fada on the computer, and I understand you have to type different sets of numbers into your keypad for capital A fada, small a fada, E e, I i, etc.

Also, can you tell me how to write a French A with an 'accent grave,' like a fada in reverse?

Hilary, I'd appreciate it very much if you could explain it all to me :) You have a lovely blog here and I visit quite a bit. My Irish is getting better, slowly but surely.

Thanks for any help.

Steve

Hilary de Bhál, bean Mhic Suibhne said...

A Sholasdubh, a chara, (nó a Sholasdhuibh? an bhean tú?)
Grmma agus tá fáilte romhat cuairt a thabhairt aon uair.
(oops…rud beag amháin….....os rud é go gceapaim i gcónaí go bhfuil an buidéal leath lán…….….táim ag súil gurb ag comhlánú atá tú!!)
olc, níos measa , is measa!!!!
Ádh mór,
H