Bhí mé sa bhanc inniu agus bhuaileas le seanfhear a bhí sa scuaine liom. Bhí póstaer mór ón American Red Cross le feiscint ann agus chas an seanfhear chugam agus dúirt, “Ná tabhair aon airgead dóibh siúd, ní fheicfidh tú saighdiúir ón tarna cogadh domhanda nó Korea ag tabhairt airgid chucu riamh” Cén fáth? a d’iarr mé air, (tá eagla orm go bhfuilim ag éirí i mo “Méabh Binchy “ faoi láthair ag teacht ar scéalta gach aon áit. Níl éinne slán!) “Bhuel” a dúirt mo dhuine, “Nuair a bhí na cogaí sin ar siúil tháinig an American Red Cross chugainn le caife agus doughnuts, ach, bhí orainn íoc astu, 10c an ceann acu, agus sinn lenár saolta ar an líne dár tír.” Leis sin a mhínigh sé, “ní bhféadfá cinnte cad a dhéanann siad leis an airgead.”
Bhí an seanfhear seo an deas agus cairdiúil agus fós tar éis na mblianta, ghoill an eachtra seo go dtí an croí air.
Ag imeacht amárach go
Thursday, September 15, 2005
....de ghlór múisiamach.
Wednesday, September 14, 2005
Foinse Eolais
Chaitheas cúpla uair ag an deireadh seachtaine ag obair sa phobal cultúrtha i Fleá na nGael, i
Bhí mo chóip den chéad eagrán de “Sloinnte Gaedheal is Gall” le Pádraig de Bhulbh (1923) liom agus le sin bhíos inniúil ar eolas a thabhairt dóibh faoina n-ainmneacha áirithe.
Inné thugas cuaird ar cara agam atá san ospidéal le seachtain anuas. Bhuaileas le Br. Cathal Ó Cuinn, ó Inis Díomáin, Co. an Clár, timpeall naoi mbliana ó shin nuair a thosnaigh mé ag caint sa Ghaeilge anseo i Nua Eabhrac, bhí sé 84 bliana d’aois ag an am san. Bhí a fhios agam díreach gur obair an tsaoil a bhí i gceist ár dteanga a bheith agam. Bhíos páirteach le grúpa comhrá beag, triúr againn, agus an nós againn ag an am san teacht le cheile oíche sa seachtain. Tháinig Br.Ó Cúinn chugainn agus cé go raibh eagla orm focal a rá os a comhair ar dtús ní fada go raibh mé ag caint go compordach leis. Thug sé tacaíocht dúinn agus leis sin cuireadh teacht agus úsáid a bhaint as an leabharlann i gColáiste I,
Tá súil agam go mbeidh sé ar ais ar a sheanléim le gairid arís.
Monday, September 12, 2005
Snowball sábhailte?
Bhíos ag smaoineamh ar mo pheataí féin agus chomh deacair a bheadh an cinneadh iad a thréig i mo dhiaidh dá mbeadh orm éalú mar sin, gan rud ar bith liom ach na héadaí a bheadh orm. Is sean madra í Cara anois, tagann sí gach áit liom agus codlaíonn sí ina leaba féin in aice mo cheannsa, agus na cait,…. tá siad bliain go leith anois. Is cat mór maorga é Púca. Tá Banba, a dheirfiúr, i bhfad níos lú agus ní bheidh sí mór riamh mar tá bac uirthi. Ní féidir léi siúil i gceart de dheasca rud éigin cearr lena guaillí agus tá cuma bacach uirthi i gcónaí. Tugann Páraic “Hopalong” uirthi, mo phiscín bocht! (Cheapfá óna cuma nach bhfuil sí ach piscín fós.) Tá leaba acu sa cistin ach uair éigin i rith na hoíche tagann an bheirt acu aníos ar mo leaba agus bíonn siad ansin, lán compordach gach maidin ar mo chosa.
Wednesday, September 07, 2005
Let Them Eat Cake………
Ansin chonaic mé an rud céanna sa NY Times inniu leis an gceannlíne
I'm hoping this was somehow out of context?.......agus nach bhfuil an bhearna thuisceana chomh leathan sin, ach tá eagla orm go bhfuil.
Tá na scéalta ag teacht amach.
Ghortaigh mé mo dhroim inné. Bhíos ag obair le cara agam ar maidin sa seomra na Gaeilge i leabharlann Uí Riain i gcoláiste
Is léir go bhfuil díomá trasna na tíre le frithghníomhú an rialtas chuig an stoirm. Chonaic mé Tom Delay ar an teilifís aréir ag iarraidh an locht a chur ar chomhlachtaí tarrthála
Tá coirp fós san uisce nimhiúil gan trácht ar na cinn atá taobh istigh tithe. De réir dealraimh fuair roinnt mhaith seandaoine bás mar ní rabhadar in ann imeacht ón gcathair (nó ní raibh fonn acu bogadh; de gnáth bíonn deacrachtaí le seandaoine bogadh óna dtithe in ainneoin comhairle) agus le sin, ní rabhadar in ann dul suas ar díonta a dtithe.
Tuesday, September 06, 2005
Marbhshruth Katrina
Deacair dom a bheith ag smaoineamh níos mó ar mo thréimhse ar laethanta saoire chomh fada is atá na daoine bochta ó
Bhí an scéal ag dul in olcas an tseachtain iomlán. Bhí daoine fós ag fáil bháis Dé hAoine?? agus nuair a chonaic mé na seandaoine tinne timpeall an t aerfort, griangraf a bhí ar chéad leathanach an NY Times Dé Sathairn, tháinig ana bhrón agus fearg orm ar a son. Bhíodar scriosta, gan éadaí ar chuid acu fiú…ach amháin éadaí an ospidéil… Sna SAM an lá atá inniu ann agus gan modh shábháilte acu?
Nuair a bhí seans ag an dream sa Dome bogadh go
Bheadh croí crua briste ag smaoineamh air................Tuigim an fhadhb ó thaobh na tarrthálaí ach ag an am céanna theip an córas, bhí sé lag agus déanach, agus sin an fáth go bhfuair ana chuid bás agus go bhfuil saolta an méideanna eile scriosta amach is amach anois.
Bíonn daoine a rá, cén fáth nár imigh gach duine ón gcathair cúpla lá roimh ré? Bhuel ni bhíonn an t-airgead ag gach uile duine imeacht agus íoc as seomra óstlainne srl. Ní bhíonn carranna acu. Ní bhíonn costas bhus acu fiú……….. ní bhíonn na h-acmhainní céanna ag gach duine. Cén fáth go bhfuil sé sin chomh deacair a thuiscint?
Is fuath liom
Sunday, September 04, 2005
Bun os cionn sa New River. W Virginia
Wildwater
Bíonn na h-easanna idir leibhéal a trí agus leibhéal a cúig de gnáth san abhainn seo agus chuir mé féin agus Eoghan ár n-ainmneacha síos dul ar turas rafta na habhann…….Turas lae a bhí i gceist ó 8 r.n. go dtí 3i.n. agus bhíomar ag súil leis. I rith na hoíche roimh ré d’éirigh leibhéal na habhann go dtí go raibh na easanna go léir idir leibhéal a ceathair agus a cúig. Bhíos féin ag eirí neirbhíseach ach drogall orm a bheith i mo sicín…….. Nior léigh mé an sliocht atá thuas go dtí deireadh an lae...... ach ag tús ár dturas bhuaileamar “Surprise” le ionadh!!!……..Cheapas gur éagadh mé gan dabht. Thiteamar sa pholl go hobann, ansin an tháinig an tarna tonn orainn, suas leis an rafta san aer agus iompaíonn béal faoi……. Bhíos faoi an rafta agus é bun ós cionn agus ag gluaiseacht gach treo.
Ní fheadar conas a dheineas é ach rug mé greim ar phíosa téide ar thaobh an rafta agus dáiríre choimeád mé greim an fhir báite ar siúd. Bhí Eoghan agus an foireann uilig as mo radharc. Tháinig mé aníos ansin in aice an rafta agus an uisce dár gcaitheamh gach áit.
Tar éis nóiméad nó dhó chonaic mé gach duine eile píosa beag i bhfad ón rafta, bhíomar trí an eas ansin agus ar ais le cheile roimh i bhfad. Ní raibh seans agam éalú as an turas áfach agus ní raibh sé seo ach an chéad eas! Ar aghaidh linn chuig ár mbás, dar liom, ach cé go raibh snámh eile againn d’éirigh linn teacht slán agus an scéal a insint.
Wednesday, August 31, 2005
The New River Gorge, West Virginia.



Tá Eimhín le feiscint anseo ag kayaking sa New River an tseachtain seo chaite.
Le bheith macánta b’é teacht ar an abha seo cuspóir an turais ón dtús. Tá suim nach beag ag Paraic, Eimhín agus
Is abha mór le rá í i stair an uisce fhiáin agus ní raibh a fhios agam go raibh sí chomh dainséarach go dtí go bhfaca mé na easanna agus nuair a chuala mé torann na n-easanna.
Tá an droichead seo dochreidte, uair amháin sa bhliain bíonn parachuting, bungy jumping agus a leithéid uaidh………
Monday, August 29, 2005
Iar Virginia

Bhí orainn stop i gcomhair lóin áit éigin agus os rud é go raibh an léarscáil agamsa roghnaigh mé Clifton Forge, san Allegheny Mts.
Is fearr liom fanacht ó na sreangshiopaí móra, más féidir, bíonn siadsan mar a gcéanna gach áit. Le sin bhíomar ar thóir áit deas áitiúil .....
Faraor, tháinig ciúnas orainn agus sinn ag tiomaint timpeall an bhaile seo. Bhí gach ré foirgneamh dúnta agus cuma bhróin ar na sráideanna. Bhí fógraí crochta ag tabhairt tacaíochta chuig “ Ár mbuachaillí in
Bhí díomá orainn, ag féachaint ar na foirgnimh. B’éigin dúinn imeacht gan $ a fhágáil inár ndiaidh.
Ar dhul ar ais dúinn thánamar ar Pizza Hut in aice an príomhbhóthar Interstate 64
Saturday, August 27, 2005
Go Charlottesville, Va.
Is cuimhin liom gur bhaineas taitneamh as féachaint ar The Waltons i lár na 70’s. Go dtí sin bhíodh dhá phictiúr agam faoi na SAM. Ceann amháin, na buachaillí bó, an tarna ceann, na cathracha móra, mar LA agus NYC. Bhí na scéalta ó na
D’fhanamar sa Boars Head Inn, óstlann ar bhruachbhaile
D’éirigh go maith linn ann agus fuaireamar dhá bosca. An oíche sin thánamar ar The Downtown Grille, so-bhlasta!
Thursday, August 25, 2005
Ansin cúpla lá i Washington.
Bíonn fonn ar Chlann tSuibhne i mbia maith i gcónaí agus bhí an t-ádh linn teacht ar McCormick and Smicks lárbhaile ar ascaill a K. Ní bhíonn an cúigear againn le cheile ró mhinic le déanaí agus is aoibhinn linn bia blasta agus chomhrá cliste. Ach is minic agus sinn le cheile a leanann comhrá na bhfear ar aghaidh mar phaidir chapaill faoi innill carranna nó gluaisrothair.
Bhíomar ar lóistín in óstlann ghalánta eile…The Hilton, i bPennsylvania Ave. (Buíochas arís le na pointí arda a tá bailithe ag Paraic de bharr a chuid turais gnó.) Tá sí suite cúpla chéad slat ón Tigh Bán ach ansin ní dheachamar ar chor ar bith.
Chuamar chuig The Museum of the American Indian. Bhí an ealaíon agus an t-eolas a bhí acu ar fheabhas agus ar ndóigh cad faoi na Incas? Bhí a gcuid ailtireacht i bhfad níos fearr ná ailtireacht na Spáinnise! Bhí sé thar a bheith suimiúil dar liom, cé gur theip ar gach duine eile sa chlann fanacht leis an bhfreastalaí go dtí deireadh a camchuairt.
Ba Hopi í siúd, agus go dtí seo ní raibh a fhios agam cé chomh tábhachtach agus atá an t-eolas fola seo dóibh. Faigheann treibheanna áirithe liúntais ar leith nach bhfaigheann gach uile treibh. Bíonn na liúntais seo bunaithe ar na seana conartha. Dúirt sise go raibh cead aici mar dhuine 100% Hopi dul chuig aon ospidéal sa tír agus aire a fháil gan cheist. Ní thugann an rialtas an cead seo duit muna bhfuil 25% dod chuid fola Hopi. Ach bíonn ar an treabh féin an phróifíl ciníche (racial profiling?) nó an tomhas fola seo a dhéanamh.Faoi láthair, a dúirt sí, bíonn daoine ag iarraidh a bheith páirteach leo sa treibh Hopi nach bhfuil 25% dá gcuid fola Hopi……Good God!
Bhí brón orm é seo a chloisint, go bhfuil orthu am a chaitheamh ar cúrsaí mar seo nuair atá fadhbanna níos mo acu ar na caomhnú Indiach dar liom, easpa oideachais, nó caighdeán maireachtála ró íseal, srl agus an gus bainte as codanna móra díobh fós……. Ní hé an scéal céanna roimh na Seminoles, ní fhaigheann siadsan aire saor in aisce sna hotharlanna, níor shínigh siadsan conradh riamh!
Bhíodh breis agus 500 teanga acu uair amháin, anois níl le cloisint ach fuílleach teangan. Ní raibh ceangail ar bith idir na teangacha seo nó idir na treibheanna fiú (Ba shin fíricí nua dom chomh maith) agus mar sin le galar, gunnaí, Bíoblaí agus drochchonartha ba léir nach raibh seans acu a gcultúir éagsúla a choimeád beo.
Monday, August 22, 2005
An teas i Maryland
Ar dtús bhuaileamar Baltimore, Maryland, tráthnóna Dhomhnaigh agus cé go raibh “plean” againn féachaint timpeall na háite bhí se ró the a bheith lasmuigh ag siúil……105 F nó 40.5 C. Bhí ár n-óstlann The Renaissance ana ghalánta ar fad agus í os comhair an Inner Harbor ach ní raibh sé compordach dul aon áit ar an gcé leis an teas sin, bhí radharc bhreá ó m’fhuinneog ar na longa arda áfach! Ach b’fhearr linne fanacht taobh istigh agus sinn ag léamh…ach cheapas nach raibh sé sin ceart ar ár gcéad lá!…. ar ais linn sa chart agus ó dheas go
Saturday, August 13, 2005
An Sean Scéal Arís…
Bhaineas féin an taitneamh as mo sheal sa Ghaeltacht, tá na hamhráin a bhí againn fós i mo cheann. Chaithimis gach oíche a bhí tirim taobh amuigh ag spaisteoireacht timpeall na háite, théimis amach fuinneog ár seomra codlata agus bhuailimis lenár gcairde as tigh eile. D’fheicimis, leis an solas laistigh, na múinteoirí go léir sa phub ag ól. Is cuimhin liom oíche amháin ag féachaint orthu agus an dream againne taobh thiar na toir lasmuigh agus sinn ag caitheamh pot. (Bhí sé seo deireadh na 70’s agus gnáth nós ag an am sin! Agus ar ndóigh bhí an stuif ana lag ar fad.) Bhí deirfiúr duine againn ar an ollscoil i UCC agus os rud é nár bhain sise sult ar bith as a tréimhse sa Ghaeltacht bhí brón uirthi ag fágáil slán linn agus sinn ag imeacht…”You poor things” a dúirt sí, “take this“ ba ise ár bhfoinse! Cheapaimis go rabhamar chomh dána! Agus go raibh an dream óg eile ag ól ana sheanfhaiseanta ar fad. Anois an mhalairt, anseo i NY is iad an dream seanfhaiseanta a mbíonn ag caitheamh an stuif sin. Is léir go bhfuil siad uile níos mó na caoga cúig bliana d’aois agus fós ag smaoineamh ar na ‘60s. Aging Hippies mar a déarfá!
Ar ais go dtí an Ghaeltacht, bhíodh ana chraic le fáil ag na céilithe, thit gach uile duine i ngrá, an chuid is mó againn don chéad uair. Bhí mo ghrágheal rua ó Chathair Chorcaí agus theip orm anois teacht ar a ainm…….. Ach peata a bhí ann! Agus scéal Anna san Irish Times... bhí síse ag caint faoin nGaeilge, ag rá gur tháinig a cuid Gaeilge ar ais chuici gan trioblóid ach amháin níor scríobh sí fiú abairt amháin sa teanga ina halt. Dúirt sí nach mbíonn uain aici an teanga a labhairt ina gnáth saol in Éireann. Cloisim é sin go minic agus sílim nach bhfuil ann ach leithscéal, is uirthi féin atá an locht mar níl fíor suim aici sa teanga. Más féidir liomsa an teanga a labhairt i NY tuige nach féidir léi agus daoine mar í rud ar bith a dhéanamh ar a son in Éirinn? Is ar an duine aonar an uain a chruthú agus ansin í a chothú.......Bíonn daoine áirithe i gcónaí ag caint faoin teanga in ionad ag caint sa teanga.
Ag imeacht amárach ar turas seachtaine go Washington, Virginia agus W.Virginia sa charr, an cúigear againn le cheile i gcarr amháin, ní tharlaíonn é sin go minic, ach le ceathrar tiománaithe anois………fuair
Tuesday, August 09, 2005
RPI agus T léine
Trying to get the hang of this tee shirt folding.........
Monday, August 08, 2005
‘Sé mo laoch…
Ba iad ionracas, fírinneacht, agus crógacht an duine aonair, téamaí an scéil…. Agus eisean ina sheasamh in aghaidh na sluaite ar son a thuairimí féin, crógacht ann a bheith féinlárnach ach gan a bheith féinspéiseach. Bhí Howard féinlárnach ach cineálta roimh an domhan mór. Bhí a chaighdeán féin aige agus ní raibh sé i gcomórtas le éinne ach amháin é féin. Dála an scéil is fiú an leabhair a léamh ma bhíonn suim i bhfealsúnacht Oibiachtúlachta agat.
Cheapas ag an am go mbeinn i dtrioblóid le mo thuismitheoirí ach bhí m’argóintí agam agus ní raibh plean agam bogadh…….ach dála an scéil ní raibh trioblóid ar bith, bhí ionadh orm ach dúradar OK, is leatsa an cinneadh sin…
Ní raibh a fhios agam ag an am ach cé go raibh creideamh láidir acu bhíodar amhrasach faoin gcléir nár bhfuaras amach go dtí go raibh mé i bhfad níos sine.
Anois tá orm teacht ar sampla eile ó mo shaol féin ach níl sé éasca!
Táim ag léamh Harry Potter and the Halfblood Prince anois, laoch eile agus baint níos mo aige siúd le saol an chine dhaonna ná Howard Roark, cé go asarlaí é ! Go dtí seo tá an ceann seo níos fearr ná an ceann deireannach sa sraith.
Friday, August 05, 2005
Oícheanta teo an Lúnasa
Bhí fear ag leagadh anuas crann ard i ngairdín mo chomharsa Dé Chéadaoin. Obair rúnda a bhí ar siúl mar níl cead na sean chrainn a leagadh anuas gan saghas cheadúnais ó rialtas an bhaile! Seanchrann darach a bhí i gceist. Go hobann tráthnóna Chéadaoin chailleamar ár n-aibhléis, níl sin ach tús an scéil.
Chonaic mé ó m-oifig go raibh rírá ar siúil taobh amuigh ar an mbóthar. Nuair a tháinig an crann anuas bhuail ceann dá ghéag ar líne tacaíochta an cuaille aibhléise atá ar an mbóthar idir ár dtithe. Bhris an cuaille. Bhí na línte aibhléise ag damhsa ar an mbóthar. Tháinig an briogáid dóiteáin ar dtús. Dhúnadar an bóthar.
Tháinig an comhlacht aibhléise, cúig trucail an mhór. Chuireadh ord isteach ar cuaille nua srl.
Sa deireadh bhí 31 tithe gan aibhléis ar feadh beagnach 12 uair ach bhíomar gan aibhléis beagnach 24! Níos mó ná éinne eile. Chailleamar ár ceangail idirlín agus teilifíse agus ar ndóigh ár fón chomh maith. Bhí bataire mo cellfón marbh ag an am agus anois ní raibh mé in ann aon rud a dhéanamh leis, agus ochón d’éirigh sé an te an tráthnóna sin agus bhíomar gan AC go dtí tráthnóna inné……..bhí sé idir 95 agus 100 céim F.
Monday, August 01, 2005
Féach orm! Nach bhfuil mé ar an taobh istigh?


Bhí orainn slán a fhágáil le Mailte, ar dheis, buanchara Céin maidin Sathairn, chaith séisean agus na cailíní, Becky agus Brittney oíche Aoine linne agus ansin bhí bricfeasta againn taobh amuigh diner i Katonah. Dhéanadh an ceathrar acu gach rud le cheile. Ghlac mé an pictiúr deas seo cúpla noiméad roimh na deora.............. Tá post ag athair Mhailte i
Chaitheas tráthnóna Shathairn i
Bhí Alt greannmhar san New York Times inné faoi na rudaí truamhéalacha a dhéanann daoine áirithe agus iad ag iarraidh a bheith “páirteach” lena dreamanna is faiseanta maidir le laethanta saoire, nó b fhéidir lena dreamanna is saibhre agus a laethanta saoire!