Tuesday, September 27, 2005

Podchraoladh ag RTE

Tá sé ráite go mbeidh Podchraoladh ag RTE gan mhoill, Raidio a h-aon ach go háirithe.
Fuair Páraic an email seo leanas ó RTE inné agus chuireas féin ephoist díreach chuig RnaG ag iarraidh comórtas a chothú eatarthu…………!
Dear Paraic,

Our initial podcasting trials will begin shortly, in
conjunction with our science series "The Quantum Leap"
(Thursday's @ 8pm / http://www.rte.ie/radio1/quantum/)
The first few weeks will be a test period, before a
wider launch later in the Autumn. The programme will
announce when the trials will begin so you might like
to tune in over the next few weeks.

In time we hope to be able to offer a more widespread
podcasting service to listeners, but the exact time
frame for this will depend on how these trials go so
you can stay tuned for more information or check out
our website at http://www.rte.ie/radio/av.html for
further updates.

Thanks for your interest.

Best wishes
RTE Radio 1

Tá súil agam go mbeidh comhaid le fáil sa slí chéanna, Podcasts, ó RnaG gan moill ar bith. Bheadh sé ana mhaith dúinne atá lonnaithe thar lear…………..Bíonn deacrachtaí agam na comhaid a FTP ón suíomh le déanaí. Sílim go bhfuil athrú déanta acu ar an suíomh agus bíonn díomá orm. Anois tá orm a bheith ceangailte le mo ríomhaire nuair a bhím ag éisteacht ar RnaG agus is fuath liom é sin, níl le fáil ann ach beoshruth. Is leor an ceangal idir mise agus mo rhíomhaire cheana féin i rith an lae agus go dtí seo bhíos in ann na comhaid a glacadh anuas agus éisteacht orthu ar m’ iPaq (PC Póca) agus mise ag gluaiseacht aon áit, ag siúil le Cara, ar an traein go Manhattan…..srl
Tá an chead ghlúin eile d’Ipod ar an margadh anois agus gheobhaidh mé ceann…….
Bíonn daoine áirithe ag cur brú ar RnaG go rialta faoi PodChraoladh, féach ar an Imeall. …
Faigheann an roth díoscánach an ola……..

1 comment:

Conn said...

Díreach é, a Hilary!

Réabhlóid atá sa phodchraoladh dár ndóigh don té ar mian leis a chuid cláracha "imeallacha" féin a dháileadh - ach creidimse go bhfuil deis an-mhór anseo dos na meáin traidisiúnta chomh maith. Agus ní amháin chun éisteóirí a fháil thar lear: táimse in Éirinn agus táim in ann comhartha FM RnaG a fháil - ach níl amanta craolta na gclár is ansa liom in oiriúint dom in aon chor.

Dála an scéil - tá gléas seinnte RealMedia soghluaiste agam anois: mo fón nua Nokia 6680. Faraoir níl an cárta cuimhne mór a dhóthain chun níos mó ná cúpla clár raidió a stóráil - ach tá cárta 512MB á cheannach agam dó. Tá súil agam go gcuirfidh RnaG a gcuid cláracha ar fáil i bhfoirm MP3 - ach mura ndeineann, ar a laghad beidh córas eigin agam chun éisteacht leo!

Beir Bua!