Tháinig an saol idir mé féin agus mo bhlog. Tá sé beagnach seachtain ó scríobhas focal anseo. Bhí brú oibre orm an tseachtain seo chaite go dtí go raibh fíor pian sa tóin agam ó bheith os chomhair mo ríomhaire. Ansin, mar luach saothair, bhí an deireadh seachtaine thar barr. Do thuirling cairde ó áiteanna éagsúla orm anseo Dé hAoine. Ar dtús, na ceoltóirí Randal agus Roger atá ar chamchuairt cheoil faoi láthair. Tá Randal ina chónaí i
Chuaigh mise,
De gnáth ní tharlaíonn all nighter mar sin ach ar Deireadh Seachtainí na Gaeilge!
D’imigh na fir cheoil tráthnóna Sathairn ar aghaidh chuig a gcéad gig eile i bPennsylvania an oíche céanna agus bhí lá ciúin ag an dream eile againn anseo ag léamh na bpáipéir agus ag bailiú fuinnimh. ……….ansin ceolchoirm cheoil traidisiúnta eile tráthnóna Dhomhnaigh le Joanie Madden agus Jerry O’Sullivan. Ceoltóirí eile den scoth!
Anois, ar ais ar an gnáth saol atáim: cad faoin ngalar éin seo?


